ENGLISH

NUACHTLITIR



Cad a dhéanann hEalaíona i gcleachtas Oideachas cuma mhaith? Léigh faoi na próisis agus comhpháirtíochtaí taobh thiar thionscadail reatha tarlú ar fud na hÉireann.


Tenderfoot


Tabhair achoimre ghearr ar scéal do thionscadail – Céard faoi é? Cé a bhí páirteach ann? Cén chaoi ar thosaigh sé?

Veronica

Cuireadh tús le Tenderfoot in Amharclann The Civic i dTamhlacht naoi mbliana ó shin. Theastaigh ó Bhríd Dukes, Stiúrthóir Ealaíonta The Civic, clár a fhorbairt a thabharfadh deis do scoláirí idirbhliana páirt a ghlacadh in ealaín na hamharclannaíochta. Cuireann Tenderfoot @ The Civic, an máthairchlár, deis ar fáil gach bliain do 45 scoláire as ocht scoil dhifriúla foghlaim faoin amharclann go praiticiúil. Feidhmíonn Tenderfoot ar shamhail printíseachta.  Foghlaimíonn scoláirí tríd an obair. Foghlaimíonn siad faoin amharclann faoi threoir oibrithe gairmiúla na hamharclainne. Gach bliain scríobhann grúpa scoláirí, thart ar 16 dhuine de ghnáth, drámaí bunaidh don ardán. Léirítear cuid de na drámaí sin ansin agus féadfaidh scoláirí rogha a dhéanamh dul i mbun aisteoireachta, dearadh cultacha, páirt a ghlacadh sa mhodúl scannán don amharclann, nó féadfaidh siad a bheith ag obair mar chuid den fhoireann bainistíochta ardáin.  Cuirtear an léiriú deiridh i láthair do dhá lucht féachana ar leith. Lucht féachana ginearálta amharclainne agus lucht féachana de phiaraí na scoláirí. Tá freagairt lucht féachana na bpiaraí don saothar, saothar a rinne daoine ar comhaois leo, tar éis a bheith dochreidte. Bíonn leibhéal suntasach rannpháirtíochta mar thoradh air. Tá Tenderfoot @ The Civic á reáchtáil den naoú bliain anois.

Is féidir samhail Tenderfoot a chruthú in áiteanna eile agus is é Tenderfoot @ The Garage, faoi stiúir Niamh Smyth ón CMETB, an chéad leagan eile de. Freastalaíonn Tenderfoot @ The Garage ar scoileanna i réigiún an Chabháin / Mhuineacháin. Ghlac cúig scoil páirt ann an chéad bhliain agus béim faoi leith ar an scríbhneoireacht. Scríobh scór scoláire drámaí bunaidh don ardán. Aithníodh cúig cinn de na drámaí sin go poiblí i sleachta cleachta in amharclann The Garage. Bhí dhá chineál lucht féachana ann – gnáthlucht féachana amharclainne agus lucht féachana piaraí.

Sarah Doyle / Pobalscoil an Teaghlaigh Naofa, Ráth Cúil

Bhí an t-ádh liom a bheith ag obair i Ráth Cúil nuair a bunaíodh clár Tenderfoot den chéad uair. Bhí mo scoilse i measc ceann de na scoileanna i gContae Átha Cliath Theas a roghnaíodh le páirt a ghlacadh ann.

Cén chaoi ar fhorbair na smaointe? Cén chaoi ar oibrigh na páistí, an t-ealaíontóir agus an múinteoir le chéile?

Veronica:

Ritear Tenderfoot ar shamhail printíseachta. Foghlaimíonn na scoláirí le saineolaithe ina réimse féin, mar shampla, éascaíonn scríbhneoirí gairmiúla foghlaim na scoláirí faoi scríobh don ardán. Tugtar struchtúr do na scoláirí inar féidir leo a smaointe cruthaitheacha féin a chur in iúl agus a chur i láthair. Ní dhéantar cinsireacht ar na scoláirí. Is féidir leo scríobh faoi ábhar ar bith. Féadfaidh siad leas a bhaint as foirm ar bith. Is é prionsabal treoraithe mheantóirí Tenderfoot a chur ar chumas na scoláirí an leagan is fearr dá saothar a bhaint amach.

Sarah Doyle / Pobalscoil an Teaghlaigh Naofa, Ráth Cúil:

Go simplí, bhláthaigh go leor dár scoláirí.  D’fhoghlaim siad go leor scileanna nua agus aimsíodh go leor buanna nach bhfacthas cheana sa scríbhneoireacht agus san aisteoireacht.  D’éirigh siad ar fad níos muiníne agus tá iontaoibh níos mó acu astu féin.  Rinne siad cairde iontacha agus cuimhní den scoth.  Ba chuid de rud speisialta iad agus is beag duine díobh a dhéanfaidh dearmad ar a dtaithí le Tenderfoot.

Cé na gnéithe den tionscadal a chur meangadh gáire ar d’aghaidh? Cé na gnéithe den tionscadal a thug do dhúshlán?

Veronica:

Chuir na daoine óga meangadh gáire ar m’aghaidh. A ndíograis, a rannpháirteachas agus a gcuid oibre. Féadann an obair a léiríonn siad geit a bhaint asainn go minic.  Baintear siar asainn uaireanta.  Nochtar fírinne dúinn uaireanta. Bíonn sé an-spéisiúil an domhan a fheiceáil trína súile siúd.  Agus airím go bhfuil rud éigin tábhachtach ag tarlú sa spás sin ina dtéann daoine óga i ngleic le hobair a bpiaraí.  Spás uathúil is ea seo. Chomh maith leis sin, d’athneartaigh toilteanas agus díograis na múinteoirí ar fad lena mbím ag plé mo mhuinín sa chóras oideachais.  Bliain i ndiaidh bliana bím ag plé le múinteoirí a dhíríonn ar leas a scoláirí go hiomlán.  Is é an t-aon dúshlán mór a bhfuil mé in ann cuimhneamh air ná an troid leanúnach chun maoiniú a choinneáil.

Sarah Doyle / Pobalscoil an Teaghlaigh Naofa, Ráth Cúil

Is breá liom an turas bliantúil gach mí Eanáir chun na drámaí a chruthaigh na scoláirí a fheiceáil.  Nuair a fhágaimse agus a bpiaraí an amharclann, bíonn an méid a bhain a gcomhscoláirí amach tar éis dul i bhfeidhm go mór orainn i gcónaí.  Níor cheap mé go raibh gné ar bith den phróiseas dúshlánach.
Cé na léargais ón tionscadal ar fiú a roinnt? (D’fhéadfadh cuma fhánach a bheith orthu, ach go bhfuil siad suntasach dar leatsa)

Veronica:

Is fiú go mór do dhaoine óga deis a fháil a bheith ag foghlaim i gcomhthéacsanna lasmuigh den scoil agus i mbealaí atá difriúil ón gcaoi a bhfoghlaimíonn siad ar scoil. Gné thábhachtach de Tenderfoot is ea go dtagann gach grúpa ó scoileanna difriúla agus go bhfuil an timpeallacht oibre lonnaithe i dtimpeallacht ghairmiúil ealaíne – amharclann The Civic i dTamhlacht agus amharclann The Garage i Muineachán. Bíonn luach na taithí sin gan chuimse.  Tugann sé deis do na scoláirí sin a bhfuil sé d’ádh orthu páirt a ghlacadh ann léargas nua a fháil orthu féin.

Sarah Doyle / Pobalscoil an Teaghlaigh Naofa, Ráth Cúil:

Cuireann Tenderfoot timpeallacht níos scaoilte ar fáil do na scoláirí chun iad féin a chur in iúl. Uaireanta bíonn codarsnacht mhór idir sin agus timpeallacht na scoile mar go gcaithfimidne, mar mhúinteoirí, srian a chur ar eascaine nó ar ábhar do dhaoine fásta.  Cruthaíonn an taithí sin saoirse agus fuascailt do go leor scoláirí agus cabhraíonn sé go mór le forbairt a bhféinmhuiníne uaireanta.

Levana Courtney / Scoláire Rannpháirteach i Tenderfoot @ The Garage

Go raibh míle maith agaibh as an taithí iontach a thug sibh dom agus as cabhrú liom lena linn.  Bhí an cúpla seachtain seo iontach agus ceapaim go n-aontóidh gach duine liom nuair a deirim gur fhoghlaim mé go leor rudaí nua, go raibh an-chuid spraoi agam agus go ndearna mé cairdeas le go leor daoine nua nach ndéanfaidh mé dearmad go brách orthu. Roimh Tenderfoot ní bheadh sé de mhuinín agam labhairt os comhair slua, mar sin táim an-bhuíoch as an muinín a thug sé dom.

Robert Barrett / Scoláire Rannpháirteach i Tenderfoot @ The Civic

Ba é Tenderfoot buaicphointe na hidirbhliana cinnte. Ní raibh leadrán orm lá ar bith; bhí go leor i gceist, ó thobchumadóireacht san amharclann bheag thuas staighre go gilitín lánmhéide a thógáil. Ba thaithí ann féin é drámaí a fheiceáil ag dul ón gcéim thosaigh choincheapúil in intinn na scríbhneoirí, go dtí na chéad-dréachtaí agus ansin ar aghaidh go dtí léiriú na ndrámaí, cuid díobh ar dhrámaí liom féin iad.

Seoid Ní Laoire / Scoláire Rannpháirteach i Tenderfoot @ The Civic

Forbraíodh mé mar scríbhneoir nuair a scríobh mé A Piece Of Me, ach d’fhoghlaim mé an méid is mó ag breathnú ar an stiúrthóir ag múnlú mo chuid focal ina rud nua, a bhí fisiciúil beagnach agus taobh amuigh díom féin.  Bhí laigí mo chuid scríbhneoireachta thar a bheith soiléir go tobann, mar aon lena láidreachtaí. Is cuimhin liom spléachadh a thabhairt ar an lucht féachana agus mé sa chúlstáitse agus iad a fheiceáil ag freagairt do na focail a scríobh mise agus ag mothú naisc nach bhféadtaí a fháil ó leathanach. Tá sé deacair cur síos sách láidir a dhéanamh ar an tionchar a bhí ag mo chúpla seachtain le Tenderfoot. Ba thaithí é a bhfuil tábhacht saoil ag baint leis nuair a bhreathnaím siar ar mo shaol go dtí seo.

Sarah Hannon / Scoláire Rannpháirteach i Tenderfoot @ The Civic

Thug Tenderfoot mo dhúshlán agus níos mó fós chothaigh sé muinín i mo chuid scríbhneoireachta. Bhí sé ar cheann de na rudaí ba mhó spraoi agus tairbhe a rinne mé agus mé ar an meánscoil agus táim thar a bheith sásta go raibh an deis sin agam, agus thar a bheith buíoch de mhuintir Tenderfoot as an gcumas a bhí ionam a fheiceáil nuair nach raibh mé féin in ann é a fheiceáil, an t-am sin agus fós go dtí an lá atá inniu ann.

Ar athraigh aon cheo mar gheall ar an tionscadal?
Veronica:

Gach bliain, athraíonn a dtaithí le Tenderfoot na scoláirí a ghlacann páirt ann.  Tagann roinnt díobh ar shuim nua.  Éiríonn go leor díobh i bhfad níos muiníne.  I roinnt cásanna aimsíonn roinnt díobh an ghairm a bheidh acu amach anseo.

I gcás na n-ábhar scríbhneora agus aisteora, bíonn dúil níos mó acu i gcónaí beagnach a bheith páirteach lena réimse roghnaithe i ndiaidh dóibh tionscadal Tenderfoot a chur i gcrích. Glacfaidh siad páirt i ndrámaíocht nó i scríbhneoireacht lasmuigh den scoil ina dhiaidh go minic.

Spotsolas


Ealaíontóir(í):

Veronica Coburn

Táimse ag obair san amharclann le breis agus tríocha bliain anuas. Bhí mé i mo bhunaitheoir de Barabbas Theatre Company agus chuaigh mé ar chamchuairteanna go Nua-Eabhrac, Wellington, Londain, an Fhrainc agus an Danmhairg le Barabbas. Dírím ar an scríbhneoireacht anois. Táim ag obair le fada an lá le daoine óga. Bhí mé i mo cheannaire deonach ar Dublin Youth Theatre ar feadh 14 bliana. Bhí mé i mo stiúrthóir ealaíonta ar chláir náisiúnta don National Association of Youth Drama agus rinne siad coimisiúnú orm cúpla uair chun drámaí a scríobh do dhaoine fásta óga. Creidim i gcumhacht mhór athraithe na healaíne. Creidim go bhfuil sé de chumas ag daoine óga ealaín den scoth a dhéanamh. Trí Tenderfoot a fhorbairt tháinig mé ar bhealach le spás a chur ar fáil do dhaoine óga chun sin a dhéanamh.


Múinteoir(í):

Sarah Doyle

Is mise Sarah Doyle. Múinim Béarla do dhéagóirí i bPobalscoil an Teaghlaigh Naofa i Ráth Cúil. Múinim cúrsa Béarla an Teastais Shóisearaigh, cúrsa Béarla na hArdteistiméireachta, cúrsa nua Béarla GSSS, cúrsa Béarla & Cumarsáide na hArdteistiméireachta Feidhmí agus cúrsa Béarla na hIdirbhliana. Baineann staidéar ar an drámaíocht agus léirthuiscint di leis na cúrsaí sin ar fad. Baineann mo chuid scoláirí an-tairbhe go deo as Tenderfoot toisc go bhfuil sé bunaithe go hiomlán ar an drámaíocht.

 


Eile:
(Coimeádaí, gníomhaireacht):

Civic Theatre, Tallaght

The Civic Theatre’s Mission is to mount an artistic and challenging programme of contemporary and classical Irish and international work in Theatre, Dance, Opera and Music for the community of South Dublin county and environs. - Read more.

Cavan & Monaghan ETB

CMETB is an educational authority providing a comprehensive range of full-time, part-time education, training and support services. It aims to provided education for life in an innovative, responsive, caring and flexible learning environment.


Image of Veronica Coburn

Ealaíontóir(í)

Veronica Coburn

Múinteoir(í)

Sarah Doyle

Gabrielle Tuomey


Foirmeacha Ealaíne

Amharclann

Leibhéal

Iar-Bhunscoile

Scoil/Grúpa

Multiple Schools


Rannpháirtithe

45 / 20


Réigiún

Contae Bhaile Átha Cliath

Aois/Rang

Scoláirí na hIdirbhliana


Dátaí

Meán Fómhair 2014 go Feabhra 2015


Naisc


Ceannaireacht Ghníomhaireacht

Civic Theatre Tallaght


Comhpháirtithe eile

Arts Council Young Ensembles Scheme, South Dublin County Arts Office, Cavan & Monaghan Education and Training Board

Príomhthéamaí / línte fiosrúcháin

Cur in iúl pearsanta.  Cruthaitheacht.  Urlabhraíocht chruthaitheach.  Foirm ealaíonta.  An duine óg mar ealaíontóir.


Snáitheanna Curaclaim

Traschuraclaim agus nasc faoi leith leis an mBéarla.


Taighde nó foilseacháin ábhartha



It was a unique experience to see plays, some of which were my own, go from their most conceptual stage in the writers’ minds, to first drafts and then go through production.

Robert Barrett, participating student

Tenderfoot Project, courtesy of Civic Theatre

Tenderfoot Project, courtesy of Civic Theatre

Tenderfoot Project, courtesy of Civic Theatre

Tenderfoot Project, courtesy of Civic Theatre

Tenderfoot Project, courtesy of Civic Theatre

Tenderfoot Project, courtesy of Civic Theatre