ENGLISH

NUACHTLITIR



Cad a dhéanann hEalaíona i gcleachtas Oideachas cuma mhaith? Léigh faoi na próisis agus comhpháirtíochtaí taobh thiar thionscadail reatha tarlú ar fud na hÉireann.


Úlla Beag


Outdoor painting

Scéal ár dtionscadail ón múinteoir – Denise:

Labhair mé le Lynn i mí na Samhna 2014 chun comhoibriú léi ar rang ealaíne a fhorbairt le haghaidh ECCE in Úlla Beag ina gcumhdófaí go leor disciplíní ealaíne; péinteáil, priontáil, ag obair le foirm thríthoiseach agus scileanna ceardaíochta éagsúla d’fhonn cur chuige teagaisc níos iomlánaíche a sholáthar maidir le scileanna réamhléitheoireachta, réamhscríbhneoireachta agus réamh-mhatamaitice.

Bhain mé an-sult as a bheith ag obair le Lynn toisc gur thosaigh an bheirt againn leis na tuairimí agus leis an éiteas céanna – nach mór dúinn go léir níos mó athchúrsála a dhéanamh agus féachaint ar úsáid a bhaint as seanrudaí. Is iontach mar is féidir leat róbat a dhéanamh as bosca rísíní agus uaireanta an chloig spraoi agus súgartha a chruthú do leanaí. Tríd an bpróiseas sin, is féidir le leanaí a mbréagáin féin a chruthú agus is iontach an chumhacht agus an mhuinín a fhaigheann siad as úsáid a bhaint as seanrudaí.

Mar gheall ar an úsáid atáthar a bhaint as meáin amhairc mar mhodh teagaisc chun scileanna réamhléitheoireachta, réamhscríbhneoireachta agus réamh-mhatamaitice a fhorbairt bíonn an fhoghlaim ar chaighdeán níos airde agus níos iomlánaíche in Úlla Beag.

Scéal ár dtionscadail ón ealaíontóir – Lynn:

Mar ghrúpa, d’oibrigh na leanaí ar phíosaí móra – ag priontáil, ag péinteáil agus ag déanamh colláisí agus bhog siad timpeall ar an bpíosa, agus d’úsáid siad a gcolainn ar fad nuair a bhí siad ag péinteáil. Thug na gníomhaíochtaí go léir deiseanna dóibh a gcuid scileanna mínluaileacha a láidriú. D’fhoghlaim siad conas oibriú le chéile mar ghrúpa, rud a d’fhorbair caidrimh piaraí agus ba leo féin an saothar a chruthaigh siad.

I measc na dtionscadal eile bhí siad ag obair le marla; ag déanamh potaí méaraithe agus babhlaí as papier mâché, ag díriú ar fhoirm a chruthú lena gcuid lámha ar bhealach difriúil. Rinneamar monaiphriontaí anuas ar seanchiarsúir naíonán, rud a bhí an-éifeachtach agus tapa agus bhí deis ann iniúchadh a dhéanamh: d’oibrigh roinnt acu, níor oibrigh roinnt eile.

Labhraíomar faoi na hiarrachtaí ar theip orthu agus ar an bhfáth ar theip orthu – an iomarca péinte, gan dóthain péinte agus bhaineamar triail as arís. Bhí an-fhonn ar chuid de na leanaí fuáil a thriail mar sin rinneamar cúpla greim fhada shimplí trí phriontáil agus ciarsúr naíonán. Bhí ionadh orm chomh maith is a thóg an t-ábhar a bhí sa chiarsúr naíonán an phéint agus chomh héifeachtach is a bhí sé. D’oibrigh sé go maith leis an aoisghrúpa seo mar dhromchla le priontáil air.

Scéal ár dtionscadail ó na leanaí:

Chonaiceamar neart samplaí d’aiseolas ó leanaí nuair a thugamar faoin tionscadal seo:

Is maith liom a bheith ag déanamh litreacha ar an mbealach seo.” (Mike)

Sin é an méid a bhí le rá ag Mike faoi Charranna a dhéanamh as C; Tithe as T agus Hata as H. Bhí deacrachtaí ag Mike litreacha a fhoghlaim agus iad a mheabhrú go dtí gur thosaíomar ag cruthú ceangal idir na litreacha agus gnáth-ábhar inár saol, a rinneamar i bhfoirm pictiúr. Mar dhuine a chuireann oideachas ar leanaí tuigeann tú go bhfoghlaimíonn leanaí ar bhealaí éagsúla agus cé go n-oibríonn teagasc na foghraíochta trí amhráin agus rainn go maith d’fhormhór leanaí ní rud é a oibríonn do gach leanbh. Ar cheann de na rudaí is tábhachtaí mar oideachasóir tá an tuiscint sin a aithint agus modh nua teagaisc a aimsiú chun an leanbh a chumasú.

“Ní maith liom nuair a ghreamaíonn an gliú de mo mhéara ach tá mé ag iarraidh mo bhabhla a dhéanamh agus mar sin beidh gliú orm ach ansin beidh babhla agam.” Smaointe Mary ar theicníc an papier mâché.

“Is cuma liom má chuirim an tsnáthaid i mo mhéar táim ag iarraidh crios a fhuáil agus feicim níos fearr anois cá dtéann an tsnáthaid agus ní chuirim i mo mhéar í níos mó!” (Imogen)

“Is maith liom é seo a dhéanamh mar scaití titeann an scuab péinte uaim” Oscar (2 1/2), ag insint dúinn gur fearr leis baitíní cadáis a úsáid nuair a bhíonn sé ag péinteáil pictiúir.

“Táim iontach ag déanamh róbat.” (Charlie)

“Chuir mé poll i mo phictiúr agus bhí orm tosú arís mar gur chuir mé an iomarca uisce air.” (Amelia)

“Bím suaimhneach ionam féin nuair a bhím ag péinteáil.” (Thaidhg)

“Meascaim dearg agus gorm le haghaidh corcra. Uaireanta cuimhním conas oráiste a dhéanamh freisin sin buí agus dearg ach scaití déanaim dearmad agus bíonn orm dathanna difriúla a mheascadh le chéile.” (Eibhe)

“Is breá liom a bheith ag priontáil le scuaba fiacla. Is seanscuaba iad ar ndóigh, ní cinn nua.” (Saoirse)

Is mar seo a bhí na laethanta ealaíne: Ullmhaíodh an seomra agus na hábhair (Lynn); Plé i ngrúpa leis na leanaí – ag breathnú siar ar an rang roimhe seo; ag breathnú siar ar an obair a cuireadh i gcrích. (Tá tábhacht leis sin ó thaobh leanúnachais de agus ionas go bpróiseálfaidh na leanaí faisnéis ag an aois seo.) Ag fáil faoi réir – Naprúin orthu agus plé leis na leanaí faoin gceacht ealaíne a bheidh ar siúl.

Tar éis teicnící a fhoghlaim ó Lynn, tosaíonn na leanaí ag baint triail as rudaí agus ag cruthú, agus faigheann siad cúnamh ó Lynn agus ó Denise nuair a theastaíonn sé. Críochnaíonn roinnt leanaí roimh an gcuid eile mar sin faigheann siad deis a gcéad eachtra eile a chruthú agus tugtar am nó treoir do na leanaí eile lena gcuid oibre a chur i gcrích.

Plé deiridh leis na leanaí, a threisíonn na ceachtanna atá foghlamtha – cad a thaitin leis na leanaí nó cad a d’athróidís don chéad uair eile. Arís is rud an-tábhachtach é sin chun tacú le scileanna cumarsáide agus próiseála faisnéise le leanaí ag leibhéal réamhscoile. Tháinig pleanáil chun cinn ina dhiaidh sin – na leanaí ag plé cad a bheidh ar siúl an tseachtain dár gcionn. Ag an deireadh, glanann gach duine suas le chéile.

Ba é an rud ba mhó a chuir meangadh gáire ar an mbeirt againn ná an méid mórtais a bhí ag na leanaí as a gcuid oibre leis an ngrúpa agus as a gcuid oibre féin. B’iontach an rud é na leanaí a fheiceáil ag forbairt mar aonad láidir a bhí chomh sásta le tionscadail a ngrúpa is a bhí siad lena gcuid oibre féin – rud a thug deis dóibh braistint féiniúlachta agus muintearais a mhothú laistigh den ghrúpa. Tá na leanaí níos fiosraí faoi rudaí atá timpeall orthu – tá siad ag caint faoina gcuid dathanna ar scoil agus taobh amuigh den scoil agus ag déanamh rudaí nua as seanrudaí.

Ba é an dúshlán ba mhó ná na tionscadail a chur in oiriúint don aoisghrúpa ionas nach raibh na leanaí ag brath rómhór orainne chun cuidiú leo agus nach raibh aon ghá dóibh glaoch orainn i ndáiríre ach nuair a bhí rudaí go hiomlán in aimhréidh – ar nós nuair a bhí an gliú ag greamú a gcuid méar dá chéile!

Léargais éagsúla

•Chuir tionscadail ealaíne ghrúpa fiú amháin ag leibhéal na luathbhlianta ceannaireacht chun cinn laistigh den ghrúpa agus chothaigh siad obair foirne agus ionbhá i measc na leanaí.
•Mar phróiseas teagaisc éascaíonn an ealaín timpeallacht shlán ina dtugtar deis do leanaí teipeadh agus tosú arís – ceacht luachmhar don saol. B’éigean do na leanaí oibriú amach in éindí linn cén fáth nach n-oibríonn rudaí i gcónaí. (e.g. níor cuireadh dóthain péinte air, níor luíodh anuas sách crua le priontáil, ní phriontálfaidh dath buí ar na ciarsúir athchúrsáilte, etc.)
•Tá sé an-tábhachtach foghlaim conas teipeadh agus é a chur díot / réitigh nua a fháil chun an chruthaitheacht a chothú i leanaí agus teacht aniar a mhúscailt iontu. Leis na meáin phriontála chonaic na leanaí go han-tapa cad a d’oibrigh agus cad nár oibrigh agus bhí na torthaí le feiceáil láithreach.
•Is modh den scoth í an ealaín chun foghlaim faoi stiúir leanaí agus pleanáil faoi stiúir leanaí a chothú toisc gur próiseas cruthaitheach í ina raibh na leanaí sásta triail a bhaint as rud ar bith agus ina raibh siad ina máistrí ar a gcinniúint féin!
•Mar thoradh ar an gcomhoibriú sin trí ealaín leis na leanaí taispeánaimid, pléimid agus déanaimid athbhreithniú ar obair a chéile le chéile mar chuid de na ranganna ealaíne. Tugann sé sin deis do na leanaí níos mó a fhoghlaim óna chéile, moladh a thabhairt dá chéile, moladh a fháil óna chéile, ionbhá a bheith acu lena chéile nuair nach n-oibríonn rud éigin, cabhrú níos mó lena chéile. Tá sé sin an-tábhachtach i dtaca le folláine agus leas, féiniúlacht agus muintearas agus ionbhá agus scileanna cumarsáide a fhorbairt lena bpiaraí, le múinteoirí agus le tuismitheoirí.

Athruithe agus forbairtí nua mar gheall ar an tionscadal.

Leathnaíodh an grúpa mar gheall ar an tionscadal agus tá leanaí réamh-ECCE mar chuid de anois. Tá cleachtadh ealaíne comhtháite i gceachtanna laethúla in Úlla Beag.

Tá comhtháthú níos láidre agus ar chaighdeán níos airde d’obair ealaínbhunaithe inár bpróiseas Dámhachtainí Brait Ghlais de chuid an Taisce anois. Tá an brat Uisce againn i láthair na huaire agus táimid ag bailiú ábhar athchúrsáilte faoi láthair chun taispeántas grúpa de shaolré an uisce a chruthú i mí Eanáir, a fhoilseofar mar chuid dár gcur i láthair le haghaidh an Bhrait Ghlais i mí an Mhárta.

Tugtar tuilleadh ama i gcomhair na cruthaitheachta – roimhe seo rinneamar comhtháthú ar go leor obair ealaíne lenár leanaí ach anois tugtar saghas rogha do na leanaí iad féin.

Bhogamar ó thimpeallacht ina mbíodh réiteach i bhfoirm freagartha go dtí timpeallacht foghlama réamhghníomhaí. Is é sin le rá nuair a nascamar foghraíocht agus priontáil amharc-ealaíon i mBliain 1 bhíomar in ann freagairt do chás ina raibh roinnt leanaí ag streachailt i ndáiríre le foghraíocht a fhoghlaim – d’oibríomar le chéile chun tuiscint níos amharc-bhunaithe a chruthú de C. Thug sé sin triúr de na hamharcfhoghlaimeoirí ba mhó ar an leibhéal céanna lena bpiaraí agus ba ghearr go raibh an-fhonn orthu cúrsaí foghraíochta a fhoghlaim. I mBliain 2 is beag difríocht a fheicimid i measc na leanaí toisc gur cur chuige níos iomlánaíche agus níos cuimsithí é, mar sin táimid ag nascadh priontáil amhairc agus teicnící eile ealaíne le foghlaim na foghraíochta.

D’oibríomar ar laethanta ealaíne ar champaí Cásca agus ar champaí Samhraidh agus is breá le grúpaí iarscoile a théann chuig Úlla Beag iad sin.

Príomhthéamaí/Príomhshnáitheanna fiosrúcháin

Conas is féidir linn an ealaín a chomhtháthú inár gcuraclam d’fhonn próiseas teagaisc agus foghlama níos cuimsithí a chruthú trí na rudaí seo a leanas:
•Súgradh agus ealaín a thabhairt isteach san fhoghlaim
•Beocht a chur san fhoghlaim – cuidiú leis na leanaí litreacha agus uimhreacha a fhíorú ar mhaithe le tacaíocht forbartha cognaíche.
•Cuidiú le hamharcfhoghlaimeoirí láidre atá ag streachailt le foghraíocht “na litreacha a fheiceáil, a mhothú, a chruthú”.
•Cásanna a chruthú inar féidir le leanaí dathanna a chruthú – a mheascadh mar chuid d’fhorbairt scileanna réamh-mhatamaitice.
•Tionscadail ó ghrúpaí móra a bhfuil tionchar amhairc níos mó acu do na leanaí a éascú.
•Deiseanna a chruthú le haghaidh foghlaim á stiúradh ag an duine fásta agus ag an leanbh.
•Úinéireacht sa phróiseas a chruthú do na leanaí iad féin.
•Foghlaim a leathnú ón tionscadal seo isteach inár gcuid oibre leis na grúpaí réamh-ECCE (e.g. leanaí idir 2-3.5 bhliain d’aois)

Nuair a rinneamar modhanna prionta amharcealaíon a chomhtháthú in Aistear agus i Síolta fuaireamar deis aghaidh a thabhairt ar an dúshlán a bhaineann le timpeallacht foghlama a sholáthar ina bhfreastalaítear ar na spriocanna foghlama laistigh de Folláine & Leas; Féiniúlacht agus Muintearas; Cumarsáid agus Taiscéalaíocht agus Smaointeoireacht.

Úsáideann an t-ealaíontóir Lynn Kenny fuáil le fabraicí agus le hábhar athchúrsáilte, ach is breá léi freisin péint agus páipéar a chur san áireamh ina cuid oibre agus de bharr na dteicnící atá ceaptha aici tá sí in ann gach ceann de na rudaí sin a dhéanamh.

Spotsolas


Ealaíontóir(í):

Úsáideann an t-ealaíontóir Lynn Kenny fuáil le fabraicí agus le hábhar athchúrsáilte, ach is breá léi freisin péint agus páipéar a chur san áireamh ina cuid oibre agus de bharr na dteicnící atá ceaptha aici tá sí in ann gach ceann de na rudaí sin a dhéanamh.

www.lynnkenny.com


Múinteoir(í):

Is múinteoir réamhscoile agus iarscoile í Denise Sheridan. Tar éis di 12 bhliain a chaitheamh i mbainistíocht tionscadal domhanda do chuideachta ilnáisiúnta thóg Denise briseadh chun díriú ar shlí bheatha a bhaint amach di féin ina bhféadfadh sí a bheith ar fáil agus níos mó a dhéanamh dá cuid leanaí, dá teaghlach agus don phobal áitiúil. Bhunaigh sí dá réir sin Úlla Beag mar scoil Ghlas ina soláthraítear Cúram réamhscoile agus iarscoile i dTuath Ó gConaíle, Co. an Chláir. In Úlla Beag oibríonn an fhoireann lasmuigh in éineacht leis na leanaí den chuid is mó. Leanaimid curaclam Aistear bunaithe ar shúgradh as Gaeilge agus ionchorpraímid dea-chleachtas as Montessori; an Ghaeilge do na Luathbhlianta; Scoileanna Foraoise; Waldorf Steiner agus Te Waikiri (Curaclam Luathbhlianta na Nua-Shéalainne).
www.ullabeag.ie


lynn kenny

Ealaíontóir(í)

Lynn Kenny

Denise Sheridan

Múinteoir(í)

Denise Sheridan


Foirmeacha Ealaíne

Na hAmharcealaíona

Leibhéal

Na luathbhlianta

Scoil/Grúpa

Úlla Beag


Rannpháirtithe

18


Réigiún

An Clár

Aois/Rang

ECCE Years 1 & 2 (ages 3-5 years)


Dátaí

Jan-June 2015, Sept 2015-June 2016


Naisc


Príomhthéamaí / línte fiosrúcháin

How can we integrate art into our curriculum to create a more inclusive teaching and learning process by:
•Bringing play and art into learning
•Bringing learning to life – helping the children bring letters and numbers to life for cognitive developmental support.
•Helping strong visual learners who are struggling with phonics to “see, touch, feel, create” the letters.
•Creating scenarios where children can create colours – mixing as part of pre-maths skills development.
•Facilitating large group projects which have more of a visual impact for the children.
•Creating opportunities for shared adult and child-led learning.
•Creating ownership in the process for the children themselves.
•Extending learnings from this project into our work with the pre-ECCE groups (e.g. 2-3.5 year olds)


Snáitheanna Curaclaim

Integration of visual print media into Aistear and Siolta allowed us to meet the challenge of providing a learning environment which meets the learning goals within Well Being; Identity and Belonging; Communication and Exploring and Thinking.



B’iontach an rud é na leanaí a fheiceáil ag forbairt mar aonad láidir a bhí chomh sásta le tionscadail a ngrúpa is a bhí siad lena gcuid oibre féin.

Denise Sheridan, Úlla Beag

Sticking our bumble bees

Year 2 art in education group

Mary sewing

Outdoor painting




Similar Projects

'Materials' (c) Fingal County Council Arts Office

Artful Dodgers

Clár uathúil oideachas ealaíon sna luathbhlianta é Artful Dodgers a thosaigh i Meán Fómhair 2013 agus atá fós ag forbairt in dhá sheirbhís naíolann pobail i bhFine Gall i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath.

Read Article