ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 2 - Máire O’Higgins, Múinteoir Iar-bhunscoile


Image (c) Abbey Theatre

íomha (c) Abbey Theatre

Máire O’Higgins

Is múinteoir agus Príomhoide Cúnta í Máire O’Higgins i gColáiste Pobail Lorcáin, Baile Átha Cliath 1.​​ Chomh maith leis sin, comhordaíonn sí comhpháirtíochtaí don Choláiste agus is í Séiplíneach na scoile í. Tá Máire 26 bliain ag obair i lár na cathrach thoir thuaidh. Sular éirigh sí ina múinteoir, d'oibrigh sí mar aisteoir agus Stiúrthóir Amharclannaíochta.

Is scoil dara leibhéal CDETB DEIS Banda 1 é Coláiste Pobail Lorcáin i lárchathair thoir thuaidh Bhaile Átha Cliath. Is scoil chomhoideachais í le 430 scoláire agus foireann de 48. Tagann scoláirí ó gach cearn de cheantair faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch i mBaile Átha Cliath chun freastal ar an scoil. Is scoil phríomhshrutha muid. Cuirimid Cláir Scoláireachta Ealaíon, Sacair, Cispheile agus Acadúla ar fáil.

Sa chéad cheann dá sraith blaganna, pléann Máire maoiniú, comhpháirtíocht agus doiciméadú mar chuid den den Chlár um Dhéanamh Amharclannaíochta agus Saoránachta le hAmharclann na Mainistreach.



Luan an 7 Samhain 2016

Níor thosaigh obair an tionscadail sa seomra ranga go fóill agus bhuail splanc thuisceana mé i rith an deireadh seachtaine. Sheol mé WhatsApp chuig Anna agus Michelle inar mhol mé óráidí Fhorógra na scoláirí a iompú ina TED Talks do na cuir i láthair deiridh i mí an Mhárta 2017. Thaitin an smaoineamh go mór leis an mbeirt acu.

Is é an rud is fearr a bhaineann le bheith ag obair le comhpháirtí lasmuigh den scoil ná gur féidir leis an gcomhpháirtí an t-am a bheith aici uaireanta chun taighde a dhéanamh ar ghnéithe de thionscadal. Tá Anna chun imscrúdú a dhéanamh ar conas is féidir le scoil TED Talks a reáchtáil. Labhróidh sí freisin le Kate Canning, Bainisteoir Amharclann an Mhuilinn, chun féachaint an bhfuil sí tógtha leis an smaoineamh seo.

Cuireann Gill ó Scoil Aisteoireachta an Gaiety tús lena cuid oibre le Michelle agus leis na ranganna Ealaíon an tseachtain seo.

Máirt an 8 Samhain 

Comhpháirtí féideartha nua dár dtionscadal – scríbhneoir cónaithe….

Fuair go leor daoine bás sa phobal áitiúil ina bhfuil ár scoil lonnaithe. Ba thréimhse dheacair í seo do scoláirí agus do mhúinteoirí agus do bhaill foirne eile. Sa chomhthéacs brónach seo bhí forbairt iontach againn. Chuireamar Amharclann Óige ar bun anuraidh le cabhair ón gCumann Náisiúnta Drámaíochta don Aos Óg. Reáchtáil Carol Rooney, duine dár Múinteoirí Drámaíochta, grúpa beag spreagúil Amharclannaíochta don Aos Óg. Léirigh siad píosa tochtmhar in Amharclann Sheáin Uí Chathasaigh, an Port Thoir, Baile Átha Cliath 3. Tháinig Tony Bates ó Jigsaw agus Phil Kingston ó Amharclann na Mainistreach chun é a fheiceáil agus shíl siad gur léiriú cumhachtach a bhí ann. Mhothaigh gach duine dúinn a d’amharc air mar an gcéanna. Phléigh an píosa a ceapadh le daoine óga agus le meabhairshláinte. I mbliana chuir John Dunne, múinteoir Drámaíochta eile, an dara grúpa amharclannaíochta don aos óg ar bun. Tá dhá ghrúpa amharclannaíochta don aos óg rathúil anois againn. Buaileann siad le chéile tar éis na scoile ar an gCéadaoin. Thug Oifig Ealaíon Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath​ ​deontas tionscnaimh dúinn chun cabhrú linn tús a chur le hAmharclann na nÓg. Bhunaíomar coiste agus tháinig céimí de chuid ArtsTrain, Ceri O’Hagan, ​linn chun cabhrú linn Amharclann na nÓg a reáchtáil. Inné bhí mé ag labhairt le ​​hOifigeach Ealaíon Cathair Bhaile Átha Cliath Ray Yeates.​ Bhí lúcháir air faoi rath agus fás na n-amharclann don aos óg. Mhol sé go mb'fhéidir gur mhaith lenár scoil breathnú ar chónaitheacht do scríbhneoir. Cheap mé gur smaoineamh iontach a bheadh ann dúinn fáilte a chur roimh scríbhneoir isteach sa scoil ar feadh tréimhse ionas go bhféadfadh sé nó sí breathnú ar an gcaoi a bhfuilimid agus cé muid féin agus ansin saothar a chruthú as seo. Má éiríonn linn maoiniú a fháil ón Oifig Ealaíon agus scríbhneoir cónaithe oiriúnach a aimsiú, is gníomh muiníne a bheidh ann don fhoireann fáilte a chur roimh an scríbhneoir chuig a ranganna agus chuig an seomra foirne. Sílim go mbeadh sé go hiontach. I mo thuairimse, chomh maith, dá mbeadh an scríbhneoir ag cuimhneamh ar an tionscadal Forógra atá á dhéanamh againn le Scoil Aisteoireachta an Gaiety, d'fhéadfadh na smaointe a thagann chun cinn don scríbhneoir a bheith oiriúnach go deas i bpíosa taibhithe mar chuid den chomhdháil ar oideachas in Amharclann an Mhuilinn i mí an Mhárta 2017. Beidh mé ag casadh le Ray Yeates sna seachtainí amach romhainn.

Céadaoin an 9 Samhain

Inné bhí seisiún maith ag Gillian Mc Carthy ón GSoA le scoláirí Ealaíon na chéad bhliana.​ Chaith sí uair an chloig leo. Fuair Michelle amach go raibh míthuiscint ann maidir leis an teagmháil a bheadh ag an ealaíontóir leis an rang. Shíl Jill gur dhá uair sa tseachtain ar feadh uair a chloig a bhí i gceist. Shíl Michelle gur uair an chloig sa tseachtain a bhí i gceist. Is é sin an fáth go bhfuil sé chomh tábhachtach go mbeadh cruinnithe pleanála chomh maith le hidirghabhálaí chun maoirseacht a dhéanamh ar an tionscadal sa scoil agus mar bhainisteoir ar an tionscadal go seachtrach. Is é an rud is gá dom tabhairt faoi anois ná dul trí na dátaí a chuir Anna ar Google Drive agus iad a sheiceáil agus ansin na dátaí seo a thabhairt don Phríomhoide don fhéilire scoile ag cruinniú foirne ardbhainistíochta. Ar an mbealach sin is lú an seans go dtógfar scoláirí as an rang le haghaidh gníomhaíochtaí eile nuair a bheidh an tionscadal GSoA ar siúl.

Aoine an 18 Samhain 

Tá Anna tar éis nuashonrú téacs a sheoladh chugam ar smaoineamh TED TALKS. Tá sí ag fanacht le cloisteáil ó TED TALKS chun a fháil amach conas is fearr imeacht TED TALKS EDUCATION a bhunú. Coinnítear mise suas chun dáta ar an tionscadal nuair a fhaighim an téacs ó Anna.

Máirt an 22 Samhain

Sheol Gillian Mc Carthy ríomhphost ag iarraidh ar Michelle Fallon agus a scoláirí Ealaíon taighde a dhéanamh ar na ceisteanna agus na ráitis seo a leanas don tionscadal. Mar a iarradh ag tús an tionscadail téann gach comhfhreagras don tionscadal chuig Michelle, Anna, na healaíontóirí agus mé féin. Ar an mbealach seo, tá a fhios againn go léir conas atá ag éirí le rudaí. Is iad seo a leanas na ceisteanna agus na ráitis taighde a sheol Gillian:-

1 Córas oideachais na hÉireann ó 1917 go dtí an lá atá inniu ann: na hathruithe móra atá tarlaithe le céad bliain anuas.

2 Na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann leis an gcóras oideachais reatha.

3 Cad é fís na Roinne Oideachais don todhchaí? Cén dearcadh a bheadh ag na scoláirí ar chóras oideachais den scoth? Cad iad na hathruithe a dhéanfaidís?

4 Ceisteanna do scoláirí ar spéis leo daoine muinteartha níos sine agus múinteoirí a chur faoi agallamh faoina dtaithí ar scoil:

  • Ar thaitin an scoil leat? Má thaitin sé, cén fáth? Mura thaitin sé, cén fáth?
  • Cad iad na cuimhní atá agat ón scoil? Na cinn mhaithe agus na droch-chinn.
  • Cén aois a bhí agat nuair a d'fhág tú an scoil?
  • Cad é an rud ba thábhachtaí a d’fhoghlaim tú ar scoil?

Sa ríomhphost céanna d'iarr Gillian an bhféadfadh an bheirt againn bualadh le chéile le haghaidh comhrá inniu. Ní raibh muid ábalta é sin a dhéanamh. Tá sé tugtha faoi deara agam thar na blianta go bhfuil sé níos fearr i gcónaí cruinniú gairid a aontú chun an tionscadal a phlé seachas a bheith ag brath ar ‘greim a fháil ar dhuine’. Mar sin, seolfaidh mé ríomhphost chuig Gillian agus molfaidh mé am chun bualadh léi nuair a bheidh sí sa scoil an chéad uair eile.



Foilsithe

20/12/2016

Leibhéal

Iar-Bhunscoile

Réigiún

Contae Bhaile Átha Cliath