ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 1 - Jean Tormey, Léiritheoir Luathbhlianta & Teaghlach sa Tate Modern & Tate Britain


Foscríbhinn íomhá Early Years Open Studio, Íomhá – Stiúideo Oscailte

Jean Tormey

 

Is Léiritheoir chlár acmhainní, imeachtaí agus tionscadal Luathbhlianta agus Teaghlach sa Tate Modern agus Tate Britain do pháistí faoi chúig bliana d’aois, 8-14 bliana d’aois, agus do luchtanna féachana idirghlúine í Jean Tormey. Tá sí ag obair ar chláreagrú Teaghlach i ndánlanna ón mbliain 2008. Mar chuid dá cleachtas, oibríonn sí le healaíontóirí, luchtanna féachana agus comhghleacaithe in Tate le hábhar agus gníomhaíocht a fhorbairt trínar féidir breathnú ar pháistí agus ar theaghlaigh éagsúla mar chuairteoirí comhionanna agus luachmhara de chuid Tate. Tá Jean ag obair i réimse na foghlama dánlainne ó bhí 2005 ann, mar inteirn i Nua-Eabhrac agus mar léiritheoir foghlama i ndánlanna éagsúla i Learpholl, Cill Chainnigh agus Londain.

Spreagadh do Chlár Luathbhlianta agus Teaghlaigh Tate – cur chuige Reggio Emilia

“Ní saoránach an todhchaí an páiste; is saoránach é ó rugadh é agus is ionann é agus an saoránach is tábhachtaí mar léiríonn sé agus tugann sé leis ‘na nithe féideartha’... is sealbhóir é, sealbhóir cearta, luachanna, cultúir...anseo agus anois. Is orainne an fhreagracht thraidisiúnta ní hamháin maidir leis seo a dheimhniú, ach le comhthéacsanna cultúrtha, sóisialta, polaitiúla agus oideachasúla a chruthú atá in ann glacadh le páistí agus plé lena gcumas ó thaobh cearta daonna a thógáil.” Carlina Rinaldi, In Dialogue with Reggio Emilia: Éisteacht, Taighde a dhéanamh agus Foghlaim

 Nuair a thosaigh mé mar Léiritheoir Luathbhlianta agus Teaghlach in Tate, bhain formhór mo thaithí le cláreagrú teaghlach dírithe ar pháistí 5-12 bliain d’aois, lenar áiríodh páistí faoi chúig bliana d’aois mar chuid de ghrúpa idirghlúine, nó mar chuid de ghrúpa inar díríodh an ghníomhaíocht ar thuismitheoirí go príomha, agus an tuiscint ann go raibh fáilte roimh luathbhlianta.[i]

D’fhoghlaim mé faoi chlár Luathbhlianta agus Teaghlaigh Tate – cur chuige Reggio Emilia[ii] – ó Thionólaí an chláir, Susan Sheddan[iii], agus trí obair ar an gclár táim i ndiaidh foghlaim faoi na féidearthachtaí a bhaineann leis an dánlann a úsáid mar shuíomh tábhachtach foghlama agus cumarsáide don aoisghrúpa seo go sonrach.

Cuireann naíscoileanna agus scoileanna páistí beaga Reggio áiteanna ar fáil do pháistí idir 0-6 bliana d’aois agus meascán de scoileanna bardais, stáit, poiblí agus príobháideacha atá i gceist leo. Tá sé mar aidhm ag na scoileanna a bpobal a dhéanamh páirteach i gcomhairliúchán rannpháirteach maidir le gnéithe uile a reatha, a bheith trédhearcach agus roinnte sa chur chuige seo, téagar agus guth a thabhairt do chearta páistí, tuismitheoirí agus múinteoirí, agus caighdeán saoil na bpáistí sa chathair a fheabhsú go ginearálta. Bíonn oideolaí, múinteoir, atelierista agus cócaire i ngach ionad. Bíonn páistí agus tuismitheoirí bainteach i rith gach ionaid, a bhaineann go dlúth lena chomhthéacs. Tá an próiseas maidir leis an gcaoi a ndéanann daoine cumarsáid agus cathain a dhéanann siad í fíorthábhachtach do rith cuíchóirithe an ionaid.

Is iad treoirphrionsabail foghlama Reggio, gur gá do pháistí smacht áirithe a bheith acu ar threo a bhfoghlama, deis a bheith acu foghlaim trí eispéiris an tadhaill, na gluaiseachta, na cloisteála, an amhairc, agus na héisteachta; caidreamh a bheith acu le páistí eile agus ábhair i ndomhan is gá dóibh a bheith in ann a fhiosrú, agus bealaí agus deiseanna gan deireadh a bheith acu iad féin a chur in iúl. Bhí deis agam cuairt a thabhairt ar Reggio Emilia le linn seachtain staidéir in earrach 2014 agus thug mé liom na príomhnithe seo a leanas atá ábhartha do mo chuid oibre in Tate. Léirítear iad seo i luachanna reatha nó ‘nithe neamh-inphléite’ fhoireann an Chláir Luathbhlianta agus Teaghlaigh, is iad sin, an ghníomhaíocht, an fhiosracht, an éagsúlacht agus an oscailteacht.

‘muidne ar an gcaoi is fearr is féidir linn a bheith’: Labhraíonn Carla Rinaldi, uachtarán Reggio Children, faoin óige mar chaighdeán (agus ní céim den saol), agus faoin gcaoi a léiríonn sí ‘muidne ar an gcaoi is fearr is féidir linn a bheith’. Deir sí go mbíonn páistí i gcónaí ag lorg brí agus tuisceana sa domhan – ag léirmhíniú a dtimpeallachtaí le teacht ar fhreagraí sa saol. Glactar leis i gcur chuige Reggio gur breathnóirí treallúsacha agus tuisceanacha iad páistí a bhfuil an cumas iontu comhthéacsanna solúbtha agus timpeallachtaí giniúnacha a líonadh le brí.

Atelier scaipthe: Bíonn atelier (stiúideo) agus atelierista (ealaíontóir stiúideo) i ngach scoil Reggio. Síltear go mbíonn feasacht níos airde ag an ealaíontóir stiúideo ar an gcultúr comhaimseartha, go mbíonn tuiscint acu ar conas ealaín a léirmhíniú, agus go mbíonn peirspictíocht faoi leith acu ar an bhfoghlaim. Is comhchruthaitheoirí iad in éineacht le múinteoirí, scoláirí agus tuismitheoirí a oibríonn ar mhaithe le comhthéacsanna a chruthú le réimse ábhar éagsúil a fhoghlaim – próiseas is féidir a chur i gcomparáid le healaíontóir ag forbairt a chuid oibre ina stiúideo. Bíonn an atelier, meafar don chur chuige Reggio ar an iomlán, go forleathan i spás poiblí na scoile ionas gur féidir le gach duine atá páirteach tionchar a imirt ar an atelier agus teacht le chéile le brí a chomhthógáil.

Comhthaighdeoirí: Ról an mhúinteora mar thaighdeoir in éineacht leis na páistí (le tuismitheoirí agus ealaíontóirí). D’fhéadfadh iniúchadh a dhéanamh le chéile ar theoiricí atá ann cheana féin a bheith i gceist, nó teoiricí nua a fhorbairt agus dul go háiteanna nua foghlama mar thoradh ar iniúchadh. Bíonn tuismitheoirí a rannpháirtí agus is féidir i dtógáil comhluacha.

Loirg na foghlama: Ar mhaithe le taighde a dhéanamh in éineacht le páistí, is príomhphróiseas a úsáideann foirne Reggio í an bhreathnóireacht (ar pháistí agus de chuid páistí) – agus is uirlis a úsáidtear go leanúnach é an tarraingt, rud a léiríonn lorg na foghlama. Forbraíonn an fhoghlaim ghníomhach, dul i gcomhairle le páistí, agus labhairt leo faoina bhfuil tugtha faoi deara acu scileanna smaointeoireachta criticiúla i measc páistí.

Malartú: Bhí an-tionchar ag Lev Vygotsky ar chur chuige Reggio agus ar an tuiscint go dtarlaíonn forbairt síceolaíochta mar thoradh ar naisc agus gníomhartha idirphearsanta agus spraoi i ngrúpaí beaga. Bíonn claonadh ag páistí caidrimh a chruthú agus tabhairt faoi mhalartuithe. Spreagtar seo i scoileanna Reggio trí dhaoine fásta a chuireann a ndearcadh in iúl do pháistí, réidh le dearcthaí na bpáistí a fháil, ag baint úsáid as réimse na ‘100 teanga’ a bhíonn ag páistí, más fíor, de réir Reggio.

Tá an t-oideachas polaitiúil: Is tionscadal polaitiúil é Reggio, agus is é an aidhm a bhaineann leis, stádas scoileanna luathbhlianta a athrú go náisiúnta san Iodáil, ó stádas mar sholáthróirí seirbhíse go stádas mar ionaid oideachais. Déanann siad tagairt leantach do chearta páistí agus do ‘chearta speisialta’ (seachas riachtanais speisialta) a bhíonn ag roinnt páistí. In Reggio Emilia, bhí ról tábhachtach ag na scoileanna maidir le fáilte a chur roimh phobail imirceacha ón Afraic, ón Meánoirthear, ó Oirthear na hEorpa agus ón tSín, agus iad a dhéanamh páirteach.

‘An chathair a mhúnlaigh ach an chathair a mhúnlú freisin’: Bíonn príomhról ag cathair Reggio sa scoil – luaitear mar phríomhphearsa é agus scoileanna le brath go soiléir sa chathair/ina gceantair áitiúla. Tríd an scoil agus na páistí a thabhairt chuig an gcathair agus an cultúr páistí a dhéanamh níos poiblí, neartaítear comhaontas na scoile lena comhthéacs.

 Sa chéad phostáil eile, pléifidh mé an chaoi a n-imríonn cur chuige Reggio Emilia tionchar ar chlár Luathbhlianta agus Teaghlach Tate.

[1] Is samplaí den ghníomhaíocht seo iad Lá Náisiúnta na Líníochta i nDánlann de Buitléir i gCill Chainnighwww.butlergallery.com/national-drawing-day-2016/ nó Crib Notes i nDánlann Whitechapelwww.whitechapelgallery.org/events/crib-notes-emma-hart-mamma-mia/.

[1] Tháinig cur chuige Reggio Emilia chun cinn i gcathair bheag thuaisceartach san Iodáil, Reggio Emilia, i ndiaidh don Dara Cogadh Domhanda drochthionchar a bheith aige ar an gcathair. Theastaigh ó oideoir físiúil darbh ainm Loris Malaguzzi (1920-1994), in éineacht le tuismitheoirí ón gcomharsanacht “… athrú a thabhairt isteach agus domhan nua níos cothroime agus saor ó ansmacht a chruthú” . D’impigh siad ar dhaoine “a neart a bhailiú agus scoileanna dá gcuid páistí óga a thógáil lena lámha féin.” Thug oideoirí Reggio Emilia, faoi thionchar síceolaithe agus fealsúna luatha ar nós Dewey, Piaget, Vygotsky, Gardner agus Bruner agus le spreagadh ón gcultúr pobal-lárnach a bhí acu cheana féin, thug siad faoi fhoirm nua na foghlama luathbhlianta a chur ar bun do pháistí na cathrach.

Sa bhliain 1963, agus forbairt iontach eacnamaíoch agus shóisialta ag tarlú ar fud na hIodáile, osclaíodh an chéad réamhscoil bhardasach. Ag deireadh na 1960idí, aistríodh oibriú agus maoiniú na scoileanna go rialtas na cathrach. Bhí béim fheimineach i mbunú na scoileanna mar gur chumasaigh sé mná le dul ar ais ag obair agus agus rinne sé iarracht níos mó measa a bhailiú d’oideoirí luathbhlianta, ar freagracht na mban é go hiondúil (go foirmiúil/ go neamhfhoirmiúil). Faoi na 1980idí bhí eolas agus meas ag go leor oideoirí ar mhodh Malaguzzi mar gheall ar thaispeántas sa Modern Museet i Stócólm. Ag an am seo, bunaíodh an Grúpa Náisiúnta d’Obair agus Staidéar ar Ionaid Naíonán san Iodáil.

Sa bhliain 2003, bheartaigh bardas Reggio Emilia córas agus líonra na seirbhísí scoile agus na n-ionad naíonán a bhainistiú le bunú an Istituzione Scuole e Nidi d’Infanzia. Bhí a gcuid clár agus gníomhaíochtaí féin ag scoileanna agus réamhscoileanna bardais, agus thacaigh an earnáil phoiblí leo. Tá sé tábhachtach aitheantas a thabhairt do fhréamhacha polaitiúla an chuir chuige agus dá rannpháirtíocht leantach pholaitiúil ó thaobh bheith i mbun feachtasaíochta maidir leis an tábhacht a bhaineann le tacaíocht rialtasach d’oideachas luathbhlianta.

I mí Feabhra 2006, osclaíodh an Loris Malaguzzi International Centre in Reggio Emilia d’fhorbairt ghairmiúil agus taighde ar an bhfealsúnacht. Bunaíodh an fhondúireacht go hoifigiúil sa bhliain 2011 ar mhaithe le ‘hOideachas agus taighde chun saolta daoine agus pobail, in Reggio Emilia agus sa domhan a fheabhsú”.

[1] Is féidir níos mó a fhoghlaim faoi thionchar Reggio Emilia ar an gclár in Transforming Tate Learning – http://www.tate.org.uk/download/file/fid/30243.

 [i] Is samplaí den ghníomhaíocht seo iad Lá Náisiúnta na Líníochta i nDánlann de Buitléir i gCill Chainnigh http://www.butlergallery.com/national-drawing-day-2016/ nó Crib Notes i nDánlann Whitechapel http://www.whitechapelgallery.org/events/crib-notes-emma-hart-mamma-mia/.

[ii] Tháinig cur chuige Reggio Emilia chun cinn i gcathair bheag thuaisceartach san Iodáil, Reggio Emilia, i ndiaidh don Dara Cogadh Domhanda drochthionchar a bheith aige ar an gcathair. Theastaigh ó oideoir físiúil darbh ainm Loris Malaguzzi (1920-1994), in éineacht le tuismitheoirí ón gcomharsanacht “… athrú a thabhairt isteach agus domhan nua níos cothroime agus saor ó ansmacht a chruthú” . D’impigh siad ar dhaoine “a neart a tharraingt le chéile agus scoileanna dá gcuid páistí óga a thógáil lena lámha féin.” Thug oideoirí Reggio Emilia, faoi thionchar síceolaithe agus fealsúna luatha ar nós Dewey, Piaget, Vygotsky, Gardner agus Bruner agus le spreagadh ón gcultúr pobal-lárnach a bhí acu cheana féin, thug siad faoi fhoirm nua na foghlama luathbhlianta a chur ar bun do pháistí na cathrach.

Sa bhliain 1963, agus forbairt iontach eacnamaíoch agus shóisialta ag tarlú ar fud na hIodáile, osclaíodh an chéad réamhscoil bhardasach. Ag deireadh na 1960idí, aistríodh oibriú agus maoiniú na scoileanna go rialtas na cathrach. Bhí béim fheimineach i mbunú na scoileanna mar gur chumasaigh sé mná le dul ar ais ag obair agus agus rinne sé iarracht níos mó measa a bhailiú d’oideoirí luathbhlianta, ar freagracht na mban é go hiondúil (go foirmiúil/ go neamhfhoirmiúil). Faoi na 1980idí bhí eolas agus meas ag go leor oideoirí ar mhodh Malaguzzi mar gheall ar thaispeántas sa Modern Museet i Stócólm. Ag an am seo, bunaíodh an Grúpa Náisiúnta d’Obair agus do Staidéar ar Ionaid Naíonán san Iodáil.

Sa bhliain 2003, bheartaigh bardas Reggio Emilia córas agus líonra na seirbhísí scoile agus na n-ionad naíonán a bhainistiú le bunú an Istituzione Scuole e Nidi d’Infanzia. Bhí a gcuid clár agus gníomhaíochtaí féin ag scoileanna agus réamhscoileanna bardais, agus thacaigh an earnáil phoiblí leo. Tá sé tábhachtach aitheantas a thabhairt do fhréamhacha polaitiúla an chuir chuige agus dá rannpháirtíocht leantach pholaitiúil ó thaobh bheith i mbun feachtasaíochta maidir leis an tábhacht a bhaineann le tacaíocht rialtasach d’oideachas luathbhlianta.

I mí Feabhra 2006, osclaíodh an Loris Malaguzzi International Centre in Reggio Emilia d’fhorbairt ghairmiúil agus do thaighde ar an bhfealsúnacht. Bunaíodh an fhondúireacht go hoifigiúil sa bhliain 2011 ar mhaithe le ‘hOideachas agus taighde chun saolta daoine agus pobail, in Reggio Emilia agus sa domhan a fheabhsú”.

[iii] Is féidir níos mó a fhoghlaim faoi thionchar Reggio Emilia ar an gclár in Transforming Tate Learning http://www.tate.org.uk/download/file/fid/30243.

Foilsithe

28/6/2017

Foirmeacha Ealaíne

Na hAmharcealaíona

Leibhéal

Na luathbhlianta

Réigiún

Idirnáisiúnta