ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 3 - Jean Tormey, Léiritheoir Luathbhlianta & Teaghlach sa Tate Modern & Tate Britain


Jean Tormey

 

Is Léiritheoir chlár acmhainní, imeachtaí agus tionscadal Luathbhlianta agus Teaghlach sa Tate Modern agus Tate Britain do pháistí faoi chúig bliana d’aois, 8-14 bliana d’aois, agus do luchtanna féachana idirghlúine í Jean Tormey. Tá sí ag obair ar chláreagrú Teaghlach i ndánlanna ón mbliain 2008. Mar chuid dá cleachtas, oibríonn sí le healaíontóirí, luchtanna féachana agus comhghleacaithe in Tate le hábhar agus gníomhaíocht a fhorbairt trínar féidir breathnú ar pháistí agus ar theaghlaigh éagsúla mar chuairteoirí comhionanna agus luachmhara de chuid Tate. Tá Jean ag obair i réimse na foghlama dánlainne ó bhí 2005 ann, mar inteirn i Nua-Eabhrac agus mar léiritheoir foghlama i ndánlanna éagsúla i Learpholl, Cill Chainnigh agus Londain.

Blag 3 – Clár na Luathbhlianta agus Teaghlach

Sa tríú postáil blag seo, ba mhaith liom plé a dhéanamh ar an gclár reatha do lucht féachana luathbhlianta ag Tate Modern and Tate Britain a dhéanann machnamh ar stair an chláir agus ar rudaí ‘doshannta’ maidir le gníomhaíocht, fiosracht, éagsúlacht agus oscailteacht – a léiríonn tionchar fhealsúnacht Reggio Emilia.[1]

Trí chlár oscailte a dhearadh le healaíontóirí, tá sé mar aidhm againn gníomhaíocht grúpa éagsúil páistí agus cúramóirí a spreagadh lena bhfiosracht a úsáid le hiniúchadh a dhéanamh ar spás sóisialta na dánlainne le chéile – ealaín agus ailtireacht san áireamh – le brí atá ábhartha dá saolta a chomhthógáil.

Tagann páistí luathbhlianta chuig Tate le tuismitheoirí nó caomhnóirí má tá siad in aonad teaghlaigh nó le hoideoirí luathbhlianta má tá siad lena naíscoil, agus is gá dár gclár dul i gcion chomh mór céanna ar na daoine fásta seo agus mar a théann ar na páistí. Bíonn an-fhonn orainn aitheantas a thabhairt don saineolas agus eolas ó dhúchas a bhíonn ag na daoine fásta seo maidir leis na páistí atá faoina gcúram, agus teastaíonn uainn go dtarraingeodh ár n-acmhainní agus imeachtaí an saineolas seo amach, agus go dtógfaidís air. Cuirimid réimse acmhainní féinstiúrtha is féidir a úsáid go neamhspleách ar fáil do dhaoine le gur féidir leo iad a úsáid ina n-am féin agus ina mbealach féin. Trína n-oscailteacht, is é an aidhm a bhaineann lenár n-acmhainní féinstiúrtha ná spéiseanna, cumais agus spreagthaí faoi leith na gcuairteoirí faoi chúig bliana d’aois a spreagadh.

Sampla de cheann de na hacmhainní seo in Tate Britain is ea ‘Swatch’.[2] Tugadh ‘Swatch’ air mar gheall ar an téarma ‘sampla datha’ (‘colour swatch’) agus is ionann é agus bailiúchán píosaí cairtchláir a bhfuil íomhánna de shonraí na dánlainne orthu (ceann acu a bhfuil uigeacht ardaithe air, ceann eile a bhfuil poll ann trínar féidir breathnú), píosa scáthánach, agus píosa oráiste peirspéacs. Ba í an ealaíontóir Abigail Hunt a d’fhorbair é [3] leis an bhfoireann Luathbhlianta agus Teaghlach breis is 5 bliana ó shin. Tá stair fhada aige leis an gclár.

Ós rud é go bhfuil sé saor ó theanga, céadfach agus tadhlach, tá sé inrochtana do pháistí a bhfuil riachtanais oideachais speisialta acu, agus táthar i ndiaidh é a úsáid go héifeachtach mar uirlis chumarsáide sa dánlann mar chuid de thionscadail do pháistí a bhfuil riachtanais forbartha urlabhra agus teanga acu.[4] Agus an acmhainn á héascú, déanaimid iarracht é a chur ar fáil don pháiste seachas an duine fásta ionas gur féidir leis an bpáiste na híomhánna nó na hábhair a chuireann sceitimíní air/uirthi agus a bheidh mar spreagadh dá n-eispéireas comhchoiteann a roghnú.

 Ní leor acmhainn do go leor teaghlach. Is fearr i bhfad imeacht ag a mbeidh teaghlaigh eile agus ag a gcuirfear níos mó treorach ar fáil, agus fios ag tuismitheoirí/ caomhnóirí go mbeidh a leithéid ann. Bíonn ár n-imeachtaí faoi stiúir ealaíontóirí agus foirne dírithe ar thuismitheoirí/ caomhnóirí nó oideoirí luathbhlianta, agus bíonn sé mar aidhm acu tacú le daoine an muinín a fhorbairt lena gcuid saineolais agus eolais féin ar na páistí luathbhlianta ina gcúram a úsáid chun tacú le heispéireas uathúil faoi stiúir an pháiste.

Sa bhliain a chuaigh thart, sheol foireann Luathbhlianta agus Teaghlach Tate Britain imeacht nua míosúil dar teideal Under 5s Explore the Gallery.[5] Ag tógáil ar fhoghlaim ón gclár thuasluaite, Big and Small, agus ag déanamh aithrise ar leagan amach atá cosúil lenár gclár 8-14 Studio in Tate Modern[6], oibríonn an snáithe seo atá réasúnta nua le healaíontóir éagsúil gach trí mhí agus déantar iniúchadh ar a chleachtas sna dánlanna le teaghlaigh trí mheán roghanna éagsúla saothar ealaíne, spásanna, ábhar agus próisis. Baineann an snáithe seo le timpeallacht na dánlainne mar oideoir, baineann sé leas as eispéireas sóisialta na dánlainne do theaghlaigh, agus cinntíonn sé go bhfuil luchtanna féachana luathbhlianta feiceálach agus soiléir do luchtanna féachana eile.[7]

Snáithe eile is fiú a lua ia ea ár n-imeacht séasúrach d’oideoirí luathbhlianta, Early Exchange.[8] Ag tógáil ar eispéiris roimhe seo maidir le hiarracht a dhéanamh obair le páirtithe ar bhealach cómhalartach cothrom trí chláir ar nós Big and Small agus an Early Years Open Studio[9], tugann an t-imeacht sóisialta seo cuireadh d’oideoirí teacht le chéile, breathnú ar thaispeántas atá i gceist do luchtanna féachana luathbhlianta, agus tabhairt faoi phlé maidir leis na buntáistí agus dúshláin a bhaineann le hobair le páistí luathbhlianta sa dánlann. Chomh maith le bheith ina dheis d’oideoirí fáil amach faoina ndéanaimid, is bealach iontach é dár bhfoireann fáil amach faoi na dúshláin a bhíonn roimh an lucht féachana seo agus fanacht ábhartha don earnáil. Tugaimid cuireadh do na hoideoirí seo filleadh le grúpaí de pháistí faoi bhun 5 bliana d’aois agus a gcuairt féin ar na dánlanna a stiúradh bunaithe ar ár gcomhairle agus ar an méid atá foghlamtha acu ón imeacht seo.

Déanfaidh mé plé i mo chéad bhlag eile ar iniúchadh ar chleachtais na n-ealaíontóirí trínár gclár luathbhlianta.

[1] Tá liostaí cothrom le dáta maidir lena bhfuil ar siúl do theaghlaigh ag Tate ar fáil anseo –

http://www.tate.org.uk/visit/tate-modern/kids-and-families/tips-for-families

http://www.tate.org.uk/context-comment/articles/10-visiting-tips-tate-britain

[2]  Liostaítear Swatch ar shuíomh gréasáin Tate i ndiaidh ár n-acmhainn Teidil, ar acmhainn fhéinstiúrtha pháipéarbhunaithe í a dhíríonn ar chuairteoirí de gach aois –

http://www.tate.org.uk/visit/tate-britain/pick-up-activities-2016

[3]  Is ealaíontóir í Abigail Hunt a n-oibrímid léi arís is arís eile ar ár gclár luathbhlianta agus a bhí ríthábhachtach go dtí seo maidir lena mhúnlú ina staid reatha. Tá tuilleadh eolais faoina cuid oibre ar fáil anseo –

http://www.abigailhunt.co.uk/a.statement

[4]  Mórshampla de seo is ea nuair a úsáideadh mar chuid de thionscadail í don chlár Big and Small, arna mhaoiniú ag an Big Lottery, a raibh tionscadail, imeachtaí agus acmhainní fadtéarmacha ina measc. Is féidir teacht ar thuilleadh eolais agus ar scannán a mhíníonn aidhmeanna agus gnéithe éagsúla an chláir anseo – http://www.tate.org.uk/about/projects/big-and-small.

[5]  Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar an imeacht anseo – http://www.tate.org.uk/whats-on/tate-britain/workshop/under-fives-explore-gallery

[6]  Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar chlár na bpáistí idir 8-14 bliana d’aois anseo – http://www.tate.org.uk/whats-on/tate-modern/workshop/8-14s-studio-performing-bodies.

[7]  Le linn an tsamhraidh d’oibríomar le mac léinn PhD atá ag fiosrú na réimse cleachtais seo in eagraíochtaí éagsúla ealaíon ar fud an RA. http://www.tate.org.uk/research/research-centres/learning-research/in-progress/investigating-value-experiential-creative-play

[8]  Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar an imeacht anseo – http://www.tate.org.uk/whats-on/tate-britain-tate-modern/courses-and-workshops/early-exchange-professional-development.

[9]  Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar an gclár seo arna mhaoiniú ag Údarás Forbartha Londan anseo – http://www.tate.org.uk/whats-on/tate-modern/courses-and-workshops/early-years-studio-programme-tate-modern

Foilsithe

4/9/2017

Foirmeacha Ealaíne

Na hAmharcealaíona

Leibhéal

Na luathbhlianta

Réigiún

Idirnáisiúnta