ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 3: Kevin Gaffney Ealaíontóir & Scannánóir


Kevin Gaffney

Is ealaíontóir agus scannánóir é Kevin Gaffney. Tá a chuid saothair i mbailiúchán Áras Nua-Ealaíne na hÉireann agus taispeánadh a shaothar go hidirnáisiúnta i dtaispeántais agus i bhféilte scannán lena n-áirítear: European Media Art Festival (An Ghearmáin, 2016); Out There, Thataway in CCA Doire~Londaindoire (2015); agus an 10ú Féile Imagine Science Film Festival (Nua-Eabhrac, 2017). Bhain sé céim amach i gColáiste Ríoga Ealaíne, Londain in 2011 agus bhain sé máistreacht amach i nGrianghrafadóireacht agus Íomhánna Gluaisteacha, agus bronnadh an chéad Scoláireacht Ealaíne air de chuid Sky Academy Arts d’ealaíontóir Éireannach in 2015. Ealaíontóir cónaithe a bhí ann a bhuaigh gradam UNESCO-Aschberg i gCónaitheacht Chang-dong de chuid National Museum of Modern and Contemporary Art sa Chóiré Theas (2014) agus bronnadh the Kooshk Artist Residency Award air chun scannán nua a dhéanamh san Iaráin (2015).

www.kevin-gaffney.com

Primary School Links

Is clár é School Links á reáchtáil ag Dr Michael Flannery a thugann na scoláirí ó scoileanna áitiúla DEIS isteach in Institiúid Oideachais Marino chun páirt a ghlacadh i dtionscadal amharc-ealaíon.

D’oibrigh mé le daltaí rang 4 ó Bhunscoil Naomh Sheosaimh, a tháinig go IOM le haghaidh ceithre sheisiún a mhair dhá uair an chloig. Ó tharla go raibh na daltaí ag déanamh iniúchadh ar bhia a úsáid i gcúrsaí ealaíne, chuir mé dhá ghearrthóg físe as mo scannáin ar taispeáint ina bpléitear leis an ábhar seo. Itheann ógbhean bláth sa chéad radharc, agus chruthaigh na daltaí a mbláthanna féin trí cholláis agus trí chluichreán de réir an radhairc chéanna.

Sa dara gearrthóg físe a thaispeáin mé, tagann taibheoir amach as cáca milis agus hata torthaí ar bharr a cloiginn, agus thaispeáin mé radharc eile ina gcriathraíonn sí plúr anuas ar a cloigeann féin. Rinne na daltaí a gcuid torthaí, glasraí agus beathaí féin a dhealbhú dá réir seo as a gcuimhne as Mod Roc, a phéinteálfar an tseachtain seo chugainn. Déanfaidh na daltaí cinneadh, dá mba mhaith leo seilbh a ghlacadh ar na hábhair seo chun a hataí agus a bhfeistis féin a dhéanamh, nó dá mba mhaith leo dealbh eile a dhéanamh leo.

Chuir daltaí an ranga agallamh orm idir an dá ghníomhaíocht faoin saol agus faoin obair a bhíonn ag ealaíontóir comhaimseartha:

Dalta: Cén fáth a bhfuil an ealaín tábhachtach dar leat?

KG: Breathnaím ar an ealaín mar a bheadh ceol nó litríocht ann, agus sílim go bhfuil cuairt ar ghailearaí ealaíne nó ar mhúsaem cosúil le dul go dtí an leabharlann. Glactar leis go mbíonn gach duine táirgiúil agus gnóthach i gcónaí, agus ligeann an ealaín dúinn a bheith ciúin agus machnamhach… bealach smaointeoireachta eile atá ann. Ach, an bhfuil sí tábhachtach dar leat?

Dalta: Tá, sílim go bhfuil an ealaín tábhachtach de bharr na ndathanna uilig a chruthaíonn sí i saol an duine.

Dalta: An ndéanann tusa botúin?

KG: Déanaim, an t-am uilig! Chaith mé an t-uafás ama ag déanamh radharc amháin agus mé ag déanamh mo scannáin is déanaí… bhí an rannóg ealaíne ag obair ar an seit ar feadh tamall fada, bhí go leor fearais stáitse ann agus caitheadh go leor airgid. Ach ansin, agus mé i mbun eagarthóireachta thug mé faoi deara nach raibh aon mhaith leis. Ní raibh sé feiliúnach don scannán ar chur ar bith… bhí orm é a ghearradh amach dá bharr, agus is mór an t-údar díomá é sin i gcónaí. Ormsa amháin a bhí an locht!

Dalta: Cá fhad a thógann sé ort scannán amháin a dhéanamh? An mbíonn daoine ag cuidiú leat lena linn?

KG: Bíonn go leor daoine ag cuidiú liom! Ní bhíonn saoi gan locht, agus tá mé sásta go leor leis na rudaí atá mé in ann a dhéanamh go maith, chomh maith leis na rudaí nach bhfuil scil ar bith agam iontu!

Dalta: Cén chaoi a bhfuil a fhios agat má tá rud éigin a chruthaigh tú ar fheabhas amach is amach?

KG: Bíonn sé deacair a rá… déanfaidh tú rud in amanna agus do chroí agus d’anam ann, ach b’fhéidir nach dtaitneodh sé le daoine eile. Agus amanna eile a mhalairt ar fad a bhíonn i gceist. Déanaimse féin iarracht dul le cibé rud a thagann liom go nádúrtha agus gan aon imní a dhéanamh faoin méid a bhíonn daoine eile a cheapadh nó a dhéanamh… ach tuigim nach baileach gur féidir é sin a dhéanamh ar scoil.

Dalta: An mbíonn brú i gceist nuair a bhíonn tú i mbun scannánóireachta le haghaidh gailearaí?

KG: Bíonn, tá go leor brú ag baint leis, rud a chuireann isteach go mór orm ó am go chéile. Ar thaobh amháin, ní mór iarracht a dhéanamh a bheith airdeallach agus dírithe ar a bhfuil tú a dhéanamh, ach tagann an brú proifisiúnta isteach sa scéal luath nó mall. Agus thóg sé píosa maith orm foghlaim cén chaoi le déileáil leis an méid sin.

Foilsithe

30/5/2018

Foirmeacha Ealaíne

Foirm il-ealaíne

Leibhéal

An 3ú Leibhéal

Réigiún

Cathair Bhaile Átha Cliath