ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Guest Blogger: Naomi Cahill Creative Associate for Creative Schools & Director of Bespoke Productions – Blog No.4


Image copyright Naomi Cahill - Puppetry

Oibríonn Naomi Cahill mar Chomhlach Cruthaitheach do na Scoileanna Ildánacha agus is í bunaitheoir agus stiúrthóir Bespoke Productions. Is múinteoir drámaíochta cáilithe í a bhfuil taithí aici i mbunscoileanna, i meánscoileanna agus in oideachas aosach agus, i dteannta leis sin, d’oibrigh sí le daoine a bhfuil riachtanais speisialta acu agus le daoine fásta atá faoi mhíchumas intleachtach. Bhain Naomi céim amach i Léann na Drámaíochta agus an Téatair i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Chomh maith leis sin, chuir sí Ard-Dioplóma Ealaíon in Oideachas Drámaíochta i gcrích agus bronnadh ‘An Ghnóthachtáil Acadúil is Airde’ ó Scoil Ceoil agus Drámaíochta Laighean. Stiúrann Naomi cúrsaí drámaíochta trí Bespoke Productions in Éirinn agus ar an gcoigríoch, agus dírítear iontu ar mhuinín a fheabhsú, chomh maith le féinmheas agus scileanna cumarsáide a fhorbairt. Stiúir sí leagan nua-aimseartha de ‘Romeo & Juliet’ le déanaí in Teatro Re Grillo, Licata, sa tSicil. Tá taithí ag Naomi ar bheith ar stáitse agus i scannáin, agus taitníonn léi a taithí a roinnt lena cuid scoláirí. Tá an-áthas uirthi a bheith ag obair mar Chomhlach Cruthaitheach do Clár na Scoileanna Ildánacha.

Scoileanna Ildánacha: Léargas ar Thionscadal na Scoileanna Ildánacha: Scoil Náisiúnta Bharrach Rua - Blag 4

Tá mo scoileanna ag céim an-spreagúil de Thionscadal na Scoileanna Ildánacha. Tá na pleananna á gcur i bhfeidhm sna scoileanna ar fad. Cheap mé go mbeadh sé spéisiúil ag an gcéim seo léargas a thabhairt ar an tionscadal go dtí seo i gceann amháin de na scoileanna a bhfuil mé ag plé leo: Scoil Náisiúnta Bharrach Rua. Tá an scoil suite ar leithinis Ó Bána agus tá tránna áille agus tuath thart timpeall uirthi. Tá 176 scoláire cláraithe sa scoil agus tá ionad cainte agus teanga inti. Tá an t-ádh dearg ar an scoil, de bharr go bhfuil an t-uafás daoine áitiúla agus ball foirne sa scoil atá sásta glacadh le smaointe agus le tionscadail nua. Déanann na tuismitheoirí a ndícheall chun an t-oideachas is fearr a thabhairt dá bpáistí agus tugann siad spreagadh dóibh páirt a ghlacadh sna healaíona. Tá an-áthas ar chách sa scoil a bheith páirteach i dTionscadal na Scoileanna Ildánacha i mbliana agus tá ríméad orthu go nglacfar leo arís an bhliain seo chugainn. Is léir go bhfuil siad an-tógtha leis an tionscadal agus tá siad ag baint an leasa is fearr as an deis iontach seo. Chuir mé go leor ama ar leataobh don tionscadal agus bhí sé de dheis agam a bheith i láthair sna cruinnithe i dteannta na mball foirne agus na scoláirí ar fad. Tá croífhoireann sa scoil ag obair ar an tionscadal lena gcuimsítear: Comhordaitheoir na Scoileanna Ildánacha, beirt bhall atá ina múinteoirí ar an bhfoireann agus ealaíontóir áitiúil amháin: Eilbhe Donovan.

Puipéadóireacht:

Bhí an t-ádh ar na scoláirí ar fad na scoile freastal ar léiriú ‘Dowtcha Puppets’ le ‘Listen Janey Mac’ sa scoil. Tugadh an deis seo dóibh chun iad a spreagadh a gcuid saothar féin a chruthú. Is gnólacht speisialtóireachta puipéad é‘Dowtcha Puppets’ atá bunaithe i gCorcaigh. Tháinig siad chuig an scoil agus rinne siad trí léiriú dá seó do ghrúpaí ranga éagsúla. Insítear sa scéal faoi charactar darb ainm ‘Janey Mac’ agus faoina coileán a dtugtar ‘Pepper’ air. Is mian leo ciorcal draíochtach liag a chruthú i ngairdín cúil le haintín leo darb ainm Megan agus tugtar siar sna blianta iad, agus iad ag iarraidh a chéile a aimsiú agus ag iarraidh dul abhaile. Gné amháin de thionscadal na Scoileanna Ildánacha is ea an tábhacht le bealaí a fháil inar féidir na healaíona/cruthaitheacht a nascadh agus a úsáid chun feabhas a chur ar ábhair eile a mhúineadh. Thaitin an phuipéadóireacht leis na scoláirí agus léiríodh ‘Dowtcha Puppets’ sa seó agus cuireadh stair Chorcaí agus stair na hÉireann i láthair do na scoláirí freisin. Thaitin an t-eispéireas go mór leis na scoláirí:

“B’iontach an seó puipéad a fheiceáil sula ndearnamar ár gceann féin”. (Scoláire)

“Bhí an suíomh agus na fearais stáitse thar cionn chomh maith leis an gcaoi ar léirigh siad na puipéid agus iad i bhfad uainn-bhí an scéal an-ghreannmhar go deo”. (Scoláire)

“Bhí sé aisteach a bheith ag obair taobh thiar den stáitse puipéad. Chuir an soilsiú barr feabhais ar an léiriú. Bhí an seó thar cionn ag léiriú na caoi a ndeachaigh na carachtair chuig diminsean eile. (Scoláire)

Guth na nDaoine Óga:

Mar a luaigh mé cheana cuirtear béim thábhachtach ar ‘Ghuth na nDaoine Óga’ i dTionscadal na Scoileanna Ildánacha. Tugadh an deis dom ag tús na bliana ceardlann a dhéanamh le grúpa scoláirí (agus bhí ionadaithe i ngach rang). Chas mé leis na grúpaí ranga agus leis na múinteoirí ar fad freisin chun tuiscint níos fearr a fháil ar spéiseanna ealaíne/cruthaitheacha na scoláirí. Téimid i gcomhairle le Grúpa Comhairleach na Scoláirí do na Scoileanna Ildánacha’ go rialta agus pleananna á ndéanamh againn. Fuaireamar spreagadh as féachaint ar léiriú ‘Dowtcha Puppets’, grúpa scoláirí (ó na ranganna ar fad) a d’oibrigh lena múinteoir drámaíochta Annemarie chun a bpíosa réitithe féin de sheó puipéad a scríobh. Bhí sé de dheis ag na ranganna eile puipéid mhaide a dhéanamh agus seónna puipéad a léiriú a bhí ceangailte le scéalta béaloidis do na scoláirí eile. Bhí an t-ádh dearg ar na scoláirí an deis a bheith acu oibriú le healaíontóir mór le rá freisin: Eilbhe Donovan chun a bpuipéid taois aeir féin a chruthú. Is léir óna n-aiseolas gurb iad na páistí a stiúrann an próiseas:

“B’iontach an spraoi a bhí againn - bhíomar i gceannas ar an méid a bhíomar ag iarraidh a dhéanamh. Bhí go leor ama i gceist ach b’fhiú é nuair a chonaiceamar an táirge deiridh. Ba mhaith linn tuilleadh ama a bheith againn chun oibriú air!” (Scoláire i Rang a Cúig)

“Rinneamar an obair ar fad”. (Scoláire i Rang a Trí).

“Bhí cead againn ár scéal féin a dhéanamh, agus ár gcarachtair féin a chruthú”. (Scoláire i Rang a Trí)

“Bhí sé de rogha againn an mbeadh caint ag ár gcarachtair nó nach mbeadh e.g. ba é ár gcaisleán an reacaire a bhí againn. Bhaineamar úsáid as rudaí nach labhraíonn go hiondúil agus thugamar guth dóibh”. (Scoláire i Rang a Trí).

“Chuireamar fuaimeanna isteach ann. Ligeadh cead dúinn féin cinneadh a dhéanamh faoi gach rud e.g. Bhí posóid agam agus níor fholáir go mbeadh aon dath faoi leith uirthi - bhí cead agam mo rogha rud a dhéanamh”. (Scoláire i Rang a Trí)

“Bhí cead againn dul thart agus oibriú i ngrúpaí beaga. Ní raibh aon phíosa eolais ceart ná mícheart agus bhí sé an-taitneamhach a bheith in ann fearais stáitse a úsáid”. (Scoláire i Rang a Trí)

“Bhíomar ag obair le chéile agus ní rabhamar ag easaontú lena chéile - gáirí ar fad a bhí inár gcomhluadar”. (Scoláire i Rang a Dó)

“Bhí cead againn aisteoireacht a dhéanamh ar na carachtair - agus iad a léiriú agus ceol a chur leis”. (Scoláire i Rang a Dó)

“Bhí sé deacair gach duine a chur ag obair as lámha a chéile agus muid ag déanamh na bpuipéad”. (Scoláire i Rang a Dó)

“Rinneamar na puipéid tar éis an lae scoile le chéile”. (Scoláire i Rang a Dó)

“Bhí cead againn ár scéal féin a dhéanamh, agus ár gcarachtair féin a chruthú”. (Scoláire i Rang a Trí)

“Bhí sé de rogha againn an mbeadh caint ag ár gcarachtair nó nach mbeadh e.g. ba é ár gcaisleán an reacaire a bhí againn. Bhaineamar úsáid as rudaí nach labhraíonn go hiondúil agus thugamar guth dóibh”. (Scoláire i Rang a Trí).

“Chuireamar fuaimeanna isteach ann. Ligeadh cead dúinn féin cinneadh a dhéanamh faoi gach rud e.g. Bhí posóid agam agus níor fholáir go mbeadh aon dath faoi leith uirthi - bhí cead agam mo rogha rud a dhéanamh”. (Scoláire i Rang a Trí)

“Bhí cead againn dul thart agus oibriú i ngrúpaí beaga. Ní raibh aon phíosa eolais ceart ná mícheart agus bhí sé an-taitneamhach a bheith in ann fearais stáitse a úsáid”. (Scoláire i Rang a Trí)

“Bhíomar ag obair le chéile agus ní rabhamar ag easaontú lena chéile - gáirí ar fad a bhí inár gcomhluadar”. (Scoláire i Rang a Dó)

“Bhí cead againn aisteoireacht a dhéanamh ar na carachtair - agus iad a léiriú agus ceol a chur leis”. (Scoláire i Rang a Dó)

“Bhí sé deacair gach duine a chur ag obair as lámha a chéile agus muid ag déanamh na bpuipéad”. (Scoláire i Rang a Dó)

“Rinneamar na puipéid tar éis an lae scoile le chéile”. (Scoláire i Rang a Dó)

Múinteoireacht Chruthaitheach Inbhuanaithe:

Tá sé tábhachtach go bhfuil na healaíona agus na gníomhaíochtaí a dtugann an scoil fúthu a inbhuanaithe agus is féidir. Tá na múinteoirí i Scoil Náisiúnta Bharrach Rua ag foghlaim faoi phuipéadóireacht mar fhoirm ealaíne nua inar féidir leo a fhí isteach ina gcuid múinteoireachta sa todhchaí. Cuireadh ar chumas na múinteoirí taithí agus saineolas a fhorbairt sa réimse cruthaitheach nua seo agus na scileanna a d’fhoghlaim siad a úsáid ar fud an churaclaim go muiníneach. Seo anois roinnt aiseolais ó na múinteoirí faoi na ceardlanna puipéadóireachta.

“Thug sé spreagadh do shealaíocht agus d’obair foirne. Bhí ar na páistí a nguthanna a athrú ionas go bhfeilfidís do na carachtair”. (Múinteoir)

“Bhí níos lú cumhachta againn ar an táirgeadh deiridh. Bhí níos mó scaflála ag teastáil ó na Ranganna Sóisearacha chun beocht a chur sa scéal ach na puipéid a úsáid. Stiúrann na scoláirí sinsearacha na ranganna”. (Múinteoir)

“Ba iad na páistí amháin a stiúir rang amháin - ní raibh ar an múinteoir ach an éascaíocht a dhéanamh. Ghlac na páistí freagracht as agus d’oibrigh siad ar a gcuid scéalta sa bhaile”. (Múinteoir)

“D’oibrigh mise ar an bpuipéadóireacht gan mórán dua, agus ní raibh mé compordach lena linn, ach nuair a moladh an smaoineamh do na scoláirí, ghlac siad freagracht as agus rinne siad é a sheachadadh”. (Múinteoir)

Beochan Íomhá ar Íomhá:

Tá na scoláirí i rang a sé ag foghlaim faoin gcaoi chun a mbeochan íomhá ar íomhá féin a chruthú freisin. Chruthaigh siad píosa beochana iontaí darb ainm ‘Jack and Jill Cycled Down the Hill’ a bhí an-mhaith go deo.

“Bhíomar ar bís. Bhíomar ag súil leis an gceacht, mar go raibh sé éagsúil le haon rud eile a rinneamar cheana. Ní dhearna mise rud ar bith ar nós beochana riamh”. (Scoláire Rang a Sé)

“B’iontach an spraoi a bhí againn ag glacadh grianghraf agus iad uile ag imeacht thart le chéile tar éis é a chur i gcrích”. (Scoláire Rang a Sé)

“Ní raibh sé cosúil le rud le déanamh a thabhairt do dhuine agus a rá leis cén chaoi chun é a dhéanamh. D’fhéadfá do scéal féin a chumadh agus é a chur le chéile cibé bealach a d’fheil duit féin. Cuireadh beocht inár gcuid scéalta trí bheochan”. (Scoláire Rang a Sé)

Leanann na Scoileanna Ildánacha ar Aghaidh:

Bhí ríméad orm an fógra a chloisteáil le déanaí ó na Scoileanna Ildánacha inar tugadh le fios gurb iad na scoileanna a bhfuil páirt acu sa tionscadal a bheidh in ann leanúint ar aghaidh leis an bhliain seo chugainn. Anuas air sin, cuirfear céad caoga scoil eile leis an tionscadal. Tá cúrsaí ag dul ó neart go neart maidir le Tionscadal na Scoileanna Ildánacha. Tá an tionscadal ag imirt an tionchair chéanna ar fud na tíre agus tugtar níos mó aitheantais do thábhacht na n-ealaíon agus na cruthaitheachta i saol na ndaoine óga.

Foilsithe

21/3/2019

Réigiún

Corcaigh