ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag Blag 1 – Anna Newell, Amharclannóirí do na Luathbhlianta agus do Leanaí ag a bhfuil Riachtanais Chasta


Image copyright - I AM BABA - Neil Harrison Photography

Cóipcheart íomhá - I AM BABA - Neil Harrison Photography

Anna Newell
Creidiúint na híomhá – El Porter McCullough

Anna Newell ar dhuine de phríomhamharclannóirí na hÉireann do luchtanna féachana óga agus cruthaíonn sí eachtraí faoi leith amharclainne do leanaí, do na luathbhlianta agus do pháistí/daoine óga a bhfuil riachtanais chasta acu.

Chruthaigh sí an chéad BabyDay riamh ar domhan, thug sí amharclannaíocht do pháistí agus daoine óga a bhfuil deacrachtaí troma agus iomadúla foghlama acu isteach go hÉirinn, agus chabhraigh sí le hamharclann do leanaí a thosú san Afraic Theas.  Cuireadh a cuid saothar do luchtanna féachana Luathbhlianta ar fáil ar shé mhór-roinn.

Is iad luchtanna féachana na seónna atá mar bhonn agus mar inspioráid leo ag gach ceann de chéimeanna a gcruthaithe agus tá nasc daonna i gcroí na léirithe.​

Buaiteoir an Tonic Theatre Award 2017 - do “mhná a bhfuil an amharclannaíocht á hathrú ó bhonn acu”

Iomaitheoir i mbabhta ceannais an Ella Stewart Award 2016 - “d’amharclannóirí a bhfuil a gcuid oibre le/do dhaoine óga i ndiaidh tionchar ollmhór sóisialta a bheith aici”.



Céard. Cén chaoi. Cén fáth.

Tá cuimhne ghrinn agam ar an áit a raibh mé ar an 12 Márta 2020. Bhí mé ag tabhairt cuairt ar an bhfoireann aistritheoirí ag deireadh tríú seachtain na camchuairte 10-seachtaine de mo sheó do leanaí ‘I AM BABA’ agus socraíodh ár bpuball beag bídeach álainn i mbálseomra sách galánta i mBaile Átha Troim. Agus an tríú seó curtha dínn, fógraíodh an dianghlasáil. Chaitheamar an seit agus na feistis ar ais isteach sa stóras a bhí agam gan mórán cúraim – bhí a fhios againn nach mbeadh ann ach cúpla seachtain.

Tá a fhios agam.

Don chéad dhá mhí eile bhí mé caillte, agus tréaniarracht ar bun agam smaoineamh faoina ndéanfainn agus faoin gcaoi lena dhéanamh.

Ach thuig mé ansin nár bhain sé le ‘céard’ nó ‘cén chaoi’ ach le ‘cén fáth’.

Agus ‘BLISS’, an chéad seó a rinne mé go speisialta do pháistí a bhfuil riachtanais chasta acu, á chruthú agam, bhí roinnt comhairliúchán cruthaitheach ar bun agam i seomra ranga, agus thar na laethanta sin nocht na páistí seo dom a bhfuil i gceist leis an amharclannaíocht dar liomsa – duine amháin ag nascadh le duine eile. Sin é. Agus gurb é mo phost é na coinníollacha is fearr a chruthú don nasc sin.

Agus do mo chuid luchtanna féachana, is iad na coinníollacha is fearr ná gur eispéireas beo atá ann.

Ag croí mo shaothar ón tús ar fad bhí an nasc freagrach beo agus cumas riachtanach ó dhúchas le dul in oiriúint agus athrú ó phointe amháin go pointe eile.  Agus thuig mé gurbh é a bhí le déanamh ná an tsolúbthacht réamhshocraithe seo a thabhairt go leibhéal eile ar fad...

A bhuíochas le tacaíocht iontach maoinitheoirí, ionad, luchtanna féachana agus ealaíontóirí agus níos mó ná beagáinín áidh, d’éirigh liom dul ar camchuairt bheo le mo shaothar ar feadh 8 seachtaine i samhradh, fómhar agus geimhreadh 2020.

Agus sna céad chúpla blag eile, inseoidh mé daoibh faoi céard a rinneadh agus conas a rinneadh é.


https://youtu.be/YlYDLJ3VpAQ

 

 

Foilsithe

19/2/2021

Foirmeacha Ealaíne

Amharclann

Leibhéal

Na luathbhlianta

Réigiún

Cill Mhantáin