ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 3 – Anna Newell, Amharclannóirí do na Luathbhlianta agus do Leanaí ag a bhfuil Riachtanais Chasta


Image credit: Anna Newell - Fish and family

Anna Newell
Creidiúint na híomhá – El Porter McCullough

Anna Newell ar dhuine de phríomhamharclannóirí na hÉireann do luchtanna féachana óga agus cruthaíonn sí eachtraí faoi leith amharclainne do leanaí, do na luathbhlianta agus do pháistí/daoine óga a bhfuil riachtanais chasta acu.

Chruthaigh sí an chéad BabyDay riamh ar domhan, thug sí amharclannaíocht do pháistí agus daoine óga a bhfuil deacrachtaí troma agus iomadúla foghlama acu isteach go hÉirinn, agus chabhraigh sí le hamharclann do leanaí a thosú san Afraic Theas.  Cuireadh a cuid saothar do luchtanna féachana Luathbhlianta ar fáil ar shé mhór-roinn.

Is iad luchtanna féachana na seónna atá mar bhonn agus mar inspioráid leo ag gach ceann de chéimeanna a gcruthaithe agus tá nasc daonna i gcroí na léirithe.​

Buaiteoir an Tonic Theatre Award 2017 - do “mhná a bhfuil an amharclannaíocht á hathrú ó bhonn acu”

Iomaitheoir i mbabhta ceannais an Ella Stewart Award 2016 - “d’amharclannóirí a bhfuil a gcuid oibre le/do dhaoine óga i ndiaidh tionchar ollmhór sóisialta a bheith aici”.



Freagair. Athshamhlaigh. Athcheangail.

B’ionann an chéad chaibidil eile de mo chuid eachtraí amharclainne an samhradh seo caite agus athshamhlú (nó, de réir dealraimh, trí athshamhlú éagsúla) mo sheó SING ME TO THE SEA. Cruthaíodh sa bhliain 2018 SING ME TO THE SEA, agus is éard atá ann, eachtra shona uisce do pháistí agus do dhaoine óga a bhfuil riachtanais chasta acu, eachtra lán le hamhránaíocht i gcomhcheol, easanna beaga, cruinneoga snasta agus éisc dhea-dhathach a cruthaíodh le go bhféadfaí é a léiriú i linnte hidriteiripe le triúr taibheoirí agus triúr ball den lucht féachana, gach duine acu le compánach fásta – agus gan duine san uisce! [https://www.annanewell.ie/work/sing-me-to-the-sea/}

Dúirt mé riamh gurb é atá i gcroí mo chuid saothar ná go bhfuil siad solúbtha, go bhfuil siad freagrúil, agus go n-athraíonn an lucht féachana iad an t-am uilig.  Agus le linn shamhradh 2020, b’éigean dom i ndáiríre dul i ngleic leis an gceann sin agus an tsolúbthacht agus freagrúlacht sin a thabhairt chuig leibhéal eile ar fad.

Mar sin, leis an uafás tacaíochta (agus solúbthachta) ónar maoinitheoirí agus páirtithe ionaid, chruthaíomar leagan talamh tirim sa bhaile den seó.  Agus fuaireamar veain champála ar cíos.  Ar feadh trí seachtaine i Lúnasa 2020, thiomáineamar timpeall Bhaile Átha Cliath, Chontae na Mí, Cheatharlach, agus Chontae Chill Mhantáin, agus thugamar an seó linn chuig teaghlaigh ina gcuid gairdíní agus cabhsaí féin.  Chanamar sa bháisteach, stán fir an bhainne orainn, bhailigh páistí fiosracha na comharsanachta timpeall – agus bhí deis iontach againn nascadh lenár luchtanna féachana san áit a raibh siad féin.

Níos déanaí sa samhradh, thugamar an leagan talamh tirim seo chuig Baboró International Festival agus léiríomar an seó i suíomh draíochtúil ghairdíní Óstán Ardilaun.  Agus cé nach raibh acu cúpla seachtain caite acu sa téarma ba dhúshlánaí ina saol, cheapfá, tháinig na scoileanna speisialta ina sluaite – ní hamháin gur díoladh amach léirithe na scoileanna, ach bhí orainn tuilleadh acu a chur ar siúl!

Agus ansin, go han-spéisiúil ar fad, chuaigh foireann iontach na linne snámha in St. Gabriel's School & Centre i dteagmháil agus dúirt siad gur mhaith leo triail a bhaint as.  Mar sin, agus muid i mbun amhránaíochta agus maisc aghaidhe agus scáthláin orainn, agus ag cloí le Treoirlínte Aeróabaice Fisiciúla, bhíomar ar ais san uisce.

https://youtu.be/flKkRBjLJzo

D’imir na heachtraí nach rabhthas ag súil leo a cruthaíodh mar gheall go raibh orainn athchruthú, athshamhlú agus bealaí a aimsiú le hathnascadh lenár luchtanna féachana le linn na tréimhse seo a raibh fad agus scaradh i gceist léi, d’imir siar tionchar ollmhór orm.

Agus spreag sé sin seó iomlán nua don bhliain 2021.  Tá níos mó maidir leis seo i mo bhlag deiridh.



Foilsithe

20/4/2021

Foirmeacha Ealaíne

Amharclann