ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 2 – Anna Newell, Amharclannóirí do na Luathbhlianta agus do Leanaí ag a bhfuil Riachtanais Chasta


Cóipcheart íomhá - Anna Newell

Anna Newell
Creidiúint na híomhá – El Porter McCullough

Anna Newell ar dhuine de phríomhamharclannóirí na hÉireann do luchtanna féachana óga agus cruthaíonn sí eachtraí faoi leith amharclainne do leanaí, do na luathbhlianta agus do pháistí/daoine óga a bhfuil riachtanais chasta acu.

Chruthaigh sí an chéad BabyDay riamh ar domhan, thug sí amharclannaíocht do pháistí agus daoine óga a bhfuil deacrachtaí troma agus iomadúla foghlama acu isteach go hÉirinn, agus chabhraigh sí le hamharclann do leanaí a thosú san Afraic Theas.  Cuireadh a cuid saothar do luchtanna féachana Luathbhlianta ar fáil ar shé mhór-roinn.

Is iad luchtanna féachana na seónna atá mar bhonn agus mar inspioráid leo ag gach ceann de chéimeanna a gcruthaithe agus tá nasc daonna i gcroí na léirithe.​

Buaiteoir an Tonic Theatre Award 2017 - do “mhná a bhfuil an amharclannaíocht á hathrú ó bhonn acu”

Iomaitheoir i mbabhta ceannais an Ella Stewart Award 2016 - “d’amharclannóirí a bhfuil a gcuid oibre le/do dhaoine óga i ndiaidh tionchar ollmhór sóisialta a bheith aici”.



An chaoi ar spreag Spiderman mé an samhradh seo caite

Sa bhliain 2019 (agus braithim anois go bhfuil deich mbliana caite ó shin), chruthaigh mé seó nua do luathbhlianta dár teideal BigKidLittleKid.  Is saothar amharclainne fisiciúil gan focal é do pháistí idir 3 agus 6 bliana d’aois maidir le domhan casta na hiomaíochta idir siblíní.  Cuireadh ar bun den chéad uair é in An Áirc (The Ark) d’Fhéile Amharclannaíochta Bhaile Átha Cliath agus chuamar ar camchuairt go dtí an Mermaid, The Civic agus Draíocht.

Le linn shamhradh na bliana 2020, d’éirigh mé níos cinnte agus níos cinnte faoi mo thiomantas bealach a aimsiú nasc beo a choimeád leis na luchtanna féachana faoi leith atá agam.

Le linn a raibh faoin tráth seo ina sheiceáil isteach sheachtainiúil le mo dheartháir óg, bhí sé ag labhairt faoi leaid éigin i Sasana a ghléas mar Spiderman agus a chuaigh trína shráideanna áitiúla ar nós Spiderman, rud a chuir gliondar as cuimse ar na páistí a raibh orthu fanacht sa bhaile sna chéad seachtainí dianghlasála.

Bhí spéis agam riamh an gnáthrud a dhéanamh iontach agus creidim go mbíonn an deis athraithe agus dóchais le feiceáil má éiríonn leat an tírdhreach a athrú, sa bhrí litriúil.

Mar sin, bheartaigh mé seift.

A bhuíochas leis an gclár Ready Steady Show a chuireann mo phríomhpháirtí léirithe ar siúl sa Civic, aimsíodh ciste beag airgid le leagan Pop-Up Spraoi de BigKidLittleKid a chruthú, a chuireamar ar bun i gcúirt leadóige taobh amuigh de champa samhraidh, i halla ollmhór i gcampa samhraidh eile, agus taobh amuigh de naíscoil.

Ba é an grianghraf ab fhearr liom ón samhradh sin ar fad ná an grianghraf de mheitheal amháin ina suí agus ag breathnú ar an eachtra iontach a bhí ag tarlú ina gclós beag súgartha, agus an dara meitheal, nach raibh cead acu a bheith sa spás céanna leo, ag brú a sróna go tiomanta in aghaidh na fuinneoige, agus ag breathnú go géar ar an seó ar fad.

Bhí sé thar cionn ar fad dúinne mar ealaíontóirí a bheith amuigh ansin arís lenár luchtanna féachana, ag éisteacht le gáire faoi leith páistí a raibh ríméad orthu mar gheall ar scéal nua agus nasc nua.  Bhí sonas inár gcroíthe agus ba bhréag a rá nár goilleadh aon deoir áthais ná dóchais, áthas is dóchas a baineadh amach go crua.



Foilsithe

30/3/2021

Foirmeacha Ealaíne

Amharclann

Leibhéal

Na luathbhlianta