ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 1 – Daltaí Rang a Trí, Scoil Mhichíl Naofa, Co. Chill Dara


Third Class Pupils, Scoil Mhichil Naofa, Co. Kildare

Scríobh 14 dhalta ó rang a trí i Scoil Mhichíl Naofa, Baile Átha Í, Co. Chill Dara na blagphóstálacha seo a leanas. Bhí siad ag glacadh páirt i dtionscadal Comhpháirtíochta Múinteoir-Ealaíontóir (TAP) ó Mhárta 2021 le cúnamh ón ealaíontóir Tunde Toth agus óna múinteoir ranga Ms. Hourigan. Is é ‘Áit’ téama a dtionscadail agus tá siad ag díriú ar an dúlra agus ar an timpeallacht áitiúil. Tá na daltaí ar bís a ndearcadh ar an gcaoi a bhfuil ag éirí leo a roinnt libh. Go raibh maith agaibh agus tá súil againn go mbainfidh sibh taitneamh as!

 

Tá an tionscadal ar cheann de bhuaiteoirí Dhámhachtain Doiciméadaithe na Tairsí 2021, breathnaigh ar an bhfíseán faisnéise anseo. 




An tús...

Cuireadh tús lenár dtionscadal i mí an Mhárta le linn na dianghlasála. Chas muid lenár n-ealaíontóir, Tunde, ar líne den chéad uair. Rinne muid dhá sheisiún físghlaoigh trí Google Classroom. Thaispeáin Tunde samplaí dá saothar dúinn agus tháinig muid aníos le roinnt smaointe dár dtionscadal féin.

Rinne muid ár gcéad tasc ealaíne sa bhaile. Tharraing muid léarscáil d’áit agus muid sa bhaile. Tharraing cuid de na daltaí léarscáil d’fhíor-áiteanna, tharraing daltaí eile léarscáil ón tsamhlaíocht. Seo a leanas roinnt smaointe : Léarscáil scoile, Léarscáil síscéil, Léarscáil bunaithe ar chuimhní de laethanta saoire i bPoblacht na Seice, Taobh istigh de theach, an tSeapáin, an Fhrainc, Leagan amach loinge.

 

Nuair a d’fhill muid ar an scoil, lean muid ar aghaidh leis an tionscadail i bpearsa. Bhreathnaigh muid ar fhíor-léarscáileanna de chontaetha, de bhailte, d’áiteanna agus de thíortha. Bhreathnaigh muid ar na siombailí éagsúla ar na léarscáileanna agus rinne muid iarracht ciall a bhaint astu. Rinne muid liosta den mhéid a d’fhoghlaim muid ar an gclár.

Tharraing muid léarscáil lenár dturais ón mbaile go dtí an scoil a léiriú. Ghreamaigh muid píosa fada páipéir bháin don deasc le téip. D’úsáid muid rolla scipéid a bpriontáiltear admhálacha air de ghnáth. Bhí orainn gach rud a fheiceann muid ar ár mbealach chun na scoile a tharraingt. Roghnaigh muid trí dhath agus níor chuir muid dath ar aon rud ar an léarscáil ach amháin na rudaí a raibh na dathanna sin orthu. Rinne muid cur síos ar a gcloiseann muid ar ár mbealach chun na scoile trí shiombailí a tharraingt. Rinne muid an rud céanna do na céadfaí eile, bolaithe a fuair muid, rudaí a d’airigh muid agus rudaí a bhfuair muid blaiseadh díobh.

Thaitin sé linn go leor den pháipéar fada admhálacha a úsáid. Thaitin sé linn na céadfaí a léiriú ar an léarscáil chomh maith, ba rud é nach raibh déanta againn riamh roimhe.  Bhí sé beagáinín deacair ag an tús mar chaithfimis cuimhneamh ar na rudaí ar fad a bhíonn ann gach uair a thagann muid chun na scoile ach d’oibrigh muid amach é.

Postáil le Noelle, Megan agus Linards

 

Foilsithe

30/6/2021

Leibhéal

Bhunscoile