ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 3 – Daltaí Rang a Trí, Scoil Mhichíl Naofa, Co. Chill Dara


Third Class Pupils, Scoil Mhichil Naofa, Co. Kildare

Scríobh 14 dhalta ó rang a trí i Scoil Mhichíl Naofa, Baile Átha Í, Co. Chill Dara na blagphóstálacha seo a leanas. Bhí siad ag glacadh páirt i dtionscadal Comhpháirtíochta Múinteoir-Ealaíontóir (TAP) ó Mhárta 2021 le cúnamh ón ealaíontóir Tunde Toth agus óna múinteoir ranga Ms. Hourigan. Is é ‘Áit’ téama a dtionscadail agus tá siad ag díriú ar an dúlra agus ar an timpeallacht áitiúil. Tá na daltaí ar bís a ndearcadh ar an gcaoi a bhfuil ag éirí leo a roinnt libh. Go raibh maith agaibh agus tá súil againn go mbainfidh sibh taitneamh as!

 

Tá an tionscadal ar cheann de bhuaiteoirí Dhámhachtain Doiciméadaithe na Tairsí 2021, breathnaigh ar an bhfíseán faisnéise anseo. 




Plátaí a dhéanamh

D’fhéachamar ar chineálacha duilleog atá coitianta in Éirinn ar an gclár. Roghnaíomar duilleog a thaitin linn agus tharraingíomar ar chárta í. Bhí orainn a chinntiú go raibh siad níos mó ná ár lámha.

Ghreamaíomar cúrphlaisteach agus cairtchlár rocach lenár nduilleog. Bhí orainn a chinntiú nach raibh aon phíosaí ag baint dá chéile toisc go raibh dearadh mósáice uainn. Bheadh an duilleog ina pláta le haghaidh priontála. Bhaineamar úsáid as scriú chun uigeacht a chur ar ár nduilleoga trí mharcanna a fhágáil ar an gcúrphlaisteach.

making leaf plate - Third Class Pupils, Scoil Mhichil Naofa, Co. Kildare

Bhaineamar úsáid as aimsitheoirí radhairc chun radharc suimiúil a fháil inár leabhráin dúlra. Tharraingíomar an rud a chonaiceamar inár n-aimsitheoir radhairc ar phíosa cárta agus mhéadaíomar é. Ina dhiaidh seo, ghlaoigh Tunde orainn duine ar dhuine chun ábhair a roghnú le greamú dár bpictiúr. I measc na n-ábhar a úsáideadh, bhí olann, cúrphlaisteach, sreang, píosaí de gheansaí olla, snáth, páipéar mogallach, heiseán, lása, cipíní, páipéar gréiscdhíonach agus go leor rudaí eile. Ina dhiaidh sin d’úsáideamar gliú PVA chun ár n-ábhair a ghreamú den phláta.

making nature plate - Third Class Pupils, Scoil Mhichil Naofa, Co. Kildare

Priontáil 

Thit ár gcéad seisiún priontála amach le linn ár gcéad lae i mbun taifeadta ar Thairseach na nEalaíon san Oideachas mar chuid den dámhachtain doiciméadaithe. Bhíomar an-neirbhíseach i dtosach ach ba ghairid gur mhéadaigh ár muinín agus táimid ar bís sinn féin a fheiceáil san fhíseán. Seo a rinneamar!

Bhaineamar úsáid as aicéatáit, rollóir, dúch blocphriontála dearg, buí, agus gorm chun oráiste a dhéanamh ar ár n-aicéatáit Rollaíomar an dúch ar an duilleog. Fuaireamar bileog páipéir eile agus chuireamar ar an bpláta duilleoige é. Chuimlíomar cúl an pháipéir go bog i ngluaiseacht chiorclach chun a chinntiú gur aistríodh an phéint. Bhaineamar an leathanach go cúramach agus sin sin! Mar a bheadh draíocht ann, bhí an prionta le feiceáil ar an leathanach.

printed leaf - Third Class Pupils, Scoil Mhichil Naofa, Co. Kildare

printing - Third Class Pupils, Scoil Mhichil Naofa, Co. Kildare

[audio m4a="https://artsineducation.ie/wp-content/uploads/2021/08/Collaborative-print-audio.m4a"][/audio]
[audio m4a="https://artsineducation.ie/wp-content/uploads/2021/08/Leaf-print-audio.m4a"][/audio]
[audio m4a="https://artsineducation.ie/wp-content/uploads/2021/08/View-finder-audio.m4a"][/audio]

Rinneamar é seo trí huaire ar pháipéar bán, glas agus gorm. Rinneamar an próiseas seo arís agus úsáid á baint as dúch buí agus gorm ar an dara pláta againn (pláta dúlra) chun dhá phrionta eile a dhéanamh. Chrochamar ár bpriontaí ar líne éadaí sa seomra ranga chun iad a thriomú. Thóg sé timpeall seachtain ar ár bpriontaí triomú agus bhí dúch ar ár bplátaí mí dar gcionn.

Tharraingíomar duilleog ar pháipéar glas nó buí agus ghearramar amach é. D’fhilleamar ár nduilleog ina gceathrúna agus ghearramar amach trí thriantán ar gach imeall. D’osclaíomar ár nduilleog chun pátrún muileata a aimsiú istigh ann. D’úsáideamar Blu Tack chun ár nduilleoga a ghreamú de phíosa cárta millteach fada. D’úsáideamar pócaí déanta as heiseán, éadach agus snáth, cumhdach bolgóideach agus spúinsí Styrofoam chun priontaí a chruthú ar an gcárta agus úsáid á baint againn as blocdhúch.

D’oibrigh gach duine sa rang ar an bpíosa seo i dteannta a chéile. Ba é seo an píosa ab fhearr lenár múinteoir as na píosaí a rinneamar toisc gur oibrigh gach aon duine le chéile. D’fhágamar ár bpíosa le triomú ar feadh an deireadh seachtaine, agus nuair a bhí sé tirim bhaineamar na duilleoga agus bhí iontas orainn na spásanna folmha a fágadh ina ndiaidh a fheiceáil.

Bhaineamar an-taitneamh as an dúch priontála agus as na rollóirí a úsáid. Thaitin an tslí a rabhamar in ann na plátaí a rinneamar sinn féin i seisiúin roimhe sin a úsáid. Bhí sé go hiontach go leor saothar ealaíne a bheith againn ón bpláta céanna. Bhaineamar taitneamh as an leathanach a bhaint ón bpláta toisc go raibh sásamh le baint as an dúch a fheiceáil ag teacht amach ar an leathanach.

Le Seán, Pippa, Tyra agus Ryan

Foilsithe

18/8/2021