ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 4 – Daltaí Rang a Trí, Scoil Mhichíl Naofa, Co. Chill Dara


Place - Third Class Pupils, Scoil Mhichil Naofa, Co. Kildare

Suíomh - Daltaí Rang a Trí, Scoil Mhichíl Naofa, Co. Chill Dara

Third Class Pupils, Scoil Mhichil Naofa, Co. Kildare

Scríobh 14 dhalta ó rang a trí i Scoil Mhichíl Naofa, Baile Átha Í, Co. Chill Dara na blagphóstálacha seo a leanas. Bhí siad ag glacadh páirt i dtionscadal Comhpháirtíochta Múinteoir-Ealaíontóir (TAP) ó Mhárta 2021 le cúnamh ón ealaíontóir Tunde Toth agus óna múinteoir ranga Ms. Hourigan. Is é ‘Áit’ téama a dtionscadail agus tá siad ag díriú ar an dúlra agus ar an timpeallacht áitiúil. Tá na daltaí ar bís a ndearcadh ar an gcaoi a bhfuil ag éirí leo a roinnt libh. Go raibh maith agaibh agus tá súil againn go mbainfidh sibh taitneamh as!

 

Tá an tionscadal ar cheann de bhuaiteoirí Dhámhachtain Doiciméadaithe na Tairsí 2021, breathnaigh ar an bhfíseán faisnéise anseo. 




Léarscáileanna a dhéanamh taobh amuigh

Chuamar díreach amach chun ealaín a dhéanamh. Thug Tunde clár fáiscthe dúinn le dhá phíosa páipéir agus mhínigh dúinn céard a bhí le déanamh. Ar an gcéad dul síos, bhí orainn léarscáil a tharraingt ag amharc anuas ar chlós na scoile. Ar an dara dul síos, d'oibríomar i mbeirteanna ag baint úsáid as lorgán radhairc chun spotaí spéisiúla a aimsiú le tarraingt. Bhí sé seo deacair mar nuair a bhí tú ag baint úsáid as an lorgán radhairc bhí ort gan a bheith ag bogadh, tá an clós againne sách mór freisin mar sin bhí sé deacair orainn spás a roghnú le tarraingt.

Nuair a bhíomar amuigh, ghlaoigh an criú scannán orainn inár mbeirteanna go háit chiúin chun agallamh a dhéanamh leo. Cuireadh ceisteanna orainn ar nós:

“Cén ghné ab fhearr a thaitin leat?”

“I do thuairim, céard atá i gceist le healaín?”

“Céard a bhí deacair faoin saothar ealaíne?”

“Inis dúinn faoi Tunde?”

Bhí an-chraic againn leis na hagallaimh fiú go raibh siad cineál ciotach ag an tús. Ba é sin an chéad uair a cuireadh agallamh orainn, mar sin bhíomar sórt cúthaileach ach bhaineamar an-taitneamh as bheith ag caint faoin obair ar fad a rinneamar i mbliana.

Plástar

Bhailíomar ábhair taobh amuigh chun úsáid a bhaint astu le priontáil a dhéanamh. Bhailíomar rudaí ar nós cipíní, duillí, bláthanna, cleití, craobhóige, féar etc. Chuireamar plúr, uisce te agus uisce fuar le chéile chun plástar a dhéanamh. Bhí deis ag gach duine an meascán a mheascadh. Scairdeamar an meascán isteach i gcoimeádáin. Chuireamar na hábhair a bhailíomar taobh amuigh sna coimeádáin agus d'fhágamar iad le triomú. Bhíomar ag súil go mbeadh an plástar crua agus téachta tar éis tamaill ionas go mbeimis in ann é a úsáid mar phláta chun priontáil a dhéanamh, ach nuair a thángamar ar ais ag an rang i ndiaidh an deiridh seachtaine bhí boladh bréan ar fud an tseomra ranga. Faraor níor éirigh lenár bplástar. Ceapaimid go raibh an iomarca curtha againn sna coimeádáin nó b’fhéidir go raibh an iomarca uisce ann. Ní raibh siad crua mar sin ní rabhamar in ann iad a úsáid. Dá mbeimis ag baint triail as seo arís, an chéad uair eile bheadh meascán difriúil againn agus chuirfimis níos lú sa choimeádán nó ina áit sin b’fhéidir go mbainfimis úsáid as cré potaire nó plástar Pháras.

Droichid

An tasc a bhí againn ná droichead a thógáil le nasc a dhéanamh idir an dúlra agus rud éigin de dhéantús an duine. Tugadh cúpla ábhar dúinn chun ár ndroichid a thógáil - páipéar gorm, briogúin, soip agus téip chumhdaigh. D'oibríomar i ngrúpaí beaga chun ár ndroichid a thógáil. Bhí sé deacair orainn áit a aimsiú chun ár ndroichead a thógáil mar ní raibh sé éasca teacht ar áit ina raibh an dúlra agus rudaí de dhéantús an duine le chéile. Thaitin an tasc seo linn mar bhí sé furasta na hábhair a úsáid agus thaitin sé linn freisin a bheith amuigh faoi sholas na gréine ag obair lenár gcairde.

[audio m4a="https://artsineducation.ie/wp-content/uploads/2021/09/Artur-and-fabian-bridges-1.m4a"][/audio]

Bridges - Third Class Pupils, Scoil Mhichil Naofa, Co. Kildare

Ár gcuid machnaimh a thaifead

Sa rang rinneamar fuíoll-leabhar chun caint faoi na ceachtanna a d’fhoghlaimeoir le Tunde agus le Múinteoir Hourigan. Ghreamaíomar pictiúir ónar gceachtanna, ealaín a rinneamar i rith ár dturas fíorúil, scríobhamar achoimre ar na seisiúin agus bhíomar in ann scríobh faoinár smaointe agus faoinár mothúcháin maidir le healaín anseo freisin.

Le Artur, Sochi, Katie agus Renata

Foilsithe

22/9/2021

Leibhéal

Bhunscoile