Blag 2 - an Dr Francesca La Morgia, Bunaitheoir agus Stiúrthóir Mother Tongues
Teangeolaí, léachtóir agus taighdeoir is ea Dr Francesca La Morgia. Tá sí ina stiúrthóir bunaidh ar Mother Tongues áit a bhfuil sí freagrach as Foghlaim, Taighde agus Forbairt Bheartais. Bhí sí ina léachtóir le teangeolaíocht i gColáiste na Tríonóide, Ollscoil Uladh, Ollscoil Mhá Nuad agus Ollscoil Reading. Scríobh sí ar cheisteanna a bhaineann leis an imirce, leis an ilteangachas agus le spásanna idirchultúrtha. Tá Francesca ina alumnas ar an dara Scoil Samhraidh de chuid na Scéime Ealaíontóirí sa Phobal ar Éagsúlacht Chultúrtha agus Cleachtas Comhoibríoch (2019).
Tairbhe a bhaint as acmhainneacht chruthaitheach an ilteangachais
Glactar go forleathan leis nach bhfuil aon “slí cheart” ann agus tú do do chur féin in iúl tríd an ealaín toisc go bhfuil an ealaín bunaithe ar na féidearthachtaí cruthaitheacha uile a fhiosrú, agus ní bunaithe ar bhealach réamhshocraithe a leanúint i gcónaí. Nuair a bhíonn teanga, ár bhfoirm uathúil agus fíorchuthaitheach den léiriú daonna, i gceist, creidimid go minic gurb é an “ghnáthshlí” an tslí cheart agus nach féidir linn a bheith inár maistrí ar an ealaín seo ach má leanaimid na rialacha go daingean.
Sa bhlag seo, ba mhaith liom fáil réidh leis an miotas a deir gur gá dúinn a bheith inár saineolaithe chun dul i ngleic le teangacha, agus roinnt smaointe bunaithe ar an tionscnaíocht ‘Language Explorers’ a roinnt.
Is ionann teanga agus cumhacht
Mar a dúirt Frantz Fanon in Black Skin, White Masks, “Bíonn an domhan a chuireann teanga áirithe in iúl ina sheilbh ag aon fhear a bhfuil an teanga sin ina sheilbh aige. An rud atá i gceist againn, éiríonn sé soiléir: tá cumhacht shuntasach ag baint le smacht a bheith ag duine ar theanga.”
Tá teanga, riamh anall, ina stór de thraidisiúin chultúrtha, d’iompraíochtaí agus de chreidiúintí a tugadh síos ó ghlúin go glúin. Thar aon ní eile, bíonn tionchar ag teanga ar an tslí ina mbímid ag smaoineamh, ar an tslí ina n-iompraímid sinn féin, ina sóisialaímid agus ina réasúnaímid. Is ionann teanga agus cumhacht de bharr go mbraithimid nach bhfuil cumhacht againn nuair a bhraithimid nach dtuigtear sinn. Nuair a fheicimid go meastar nach bhfuil an luach céanna ag baint lenár máthairtheanga agus atá le teangacha eile, braithimid in íochtar.
Is ionann teanga agus cumhacht de bharr go mbíonn tú faoi phribhléid má bhíonn scileanna teanga na ndaoine atá i gcumhacht i do sheilbh agat agus, mura bhfuil, is leithcheal atá romhat. Mar sin, conas a athraímid agus conas a thugaimid aghaidh arís ar an dinimic cumhachta seo?
Cé hé an saineolaí sa seomra?
Chruthaigh mé ‘Language Explorers‘ chun spás a chur ar fáil do leanaí le héisteacht le scéalta teanga a chéile, chun an chomharsanacht ina bhfuil cónaí orthu a fhiosrú agus chun foghlaim faoi theangacha, faoi fhuaimeanna agus faoi éagsúlachtaí teangeolaíochta. Má bhím ag obair le grúpa leanaí nua, ní féidir liom a rá más cainteoir Gaeilge é duine áirithe nó más cainteoir Polainnise é nó í chomh maith go dtí go mbíonn an comhrá sin againn. Mar sin, bíonn an chéad chéim agam bunaithe i gcónaí ar an gcomhrá bunaidh i measc gach duine sa ghrúpa. Is minic a thosaíonn sé seo le mise ag foghlaim conas gach ainm a rá i gceart, iarracht bheag ar fiú go mór i gcónaí í, i gcás leanaí agus tuismitheoirí araon. Bíonn éagsúlacht idir na ceardlanna sa rang: úsáidimid cluichí idirghníomhacha, déanamh ealaíne, canadh, scéalaíocht, scríobh scéalta agus tuilleadh.
An dúshlán is mó a bhaineann leis an obair seo ná glacadh leis nach bhfuil mórán ar eolas agam faoi theangacha eile, agus nach bhfuil an chumhacht agam cinneadh a dhéanamh cad atá ceart nó mícheart. Mar a ndéanann Phil McCarthy agus Annie Asgard cur síos air san fhíseán seo, chun go mbláthóidh an t-ilteangachas, caithfimid ligean dár bpáistí a bheith ina saineolaithe agus é a threorú.
Acmhainn a úsáidim ná na Podchraoltaí Mother Tongue, a thugann sinn díreach isteach i ndomhan teaghlaigh ilteangacha agus a chuireann go leor pointí plé agus smaointeoireachta ar fáil. Agus iad i mBéarla, tá rochtain ag gach duine orthu, ach cuireann siad deis ar fáil dúinn tumadh gairid i dteanga agus i gcultúr eile a fháil, agus beidh aithne ag go leor leanaí ar na cásanna a ndéantar cur síos orthu. Bíonn sé go hiontach freagairt na leanaí a fheiceáil nuair a bhaintear úsáid as teangacha difriúla nó nuair a chloistear iad sa seomra ranga, agus is dóigh liom go dtugtar achoimre rí-shoiléir air seo in alt Soraya Sobrevia bunaithe ar a cuid taithí.
Nuair a bhím ag labhairt le leanaí níos sine, bainim taitneamh as dán George the Poet Mother Tongue a úsáid toisc go dtéann sé chuig croílár an dúshláin a dtugann go leor daoine óga aghaidh air. Is minic a shileann na deora linn ar chloisteáil freagraí cruthaitheacha na leanaí ar an dán seo!
Is féidir an chuid is mó dár n-obair chruthaitheach a bheith ilteangach má ligimid do theangacha eascairt as ciúnas. Ní hann d’aon phlean ceachta idéalach, toisc gur athrú cuir chuige atá i gceist leis seo go príomha. Is é tasc an duine atá ag éascú na hoibre seo ná a bheith i staid “nach bhfuil an freagra ceart ar eolas aige nó aici”, agus ráiteas soiléir a dhéanamh a fháiltíonn roimh gach teanga. Seans go gceapfá go bhfuil sé seo rí-shoiléir nó iomarcach, ach toisc nach gcuirtear an deis seo ar fáil do leanaí de ghnáth agus nach mbíonn cead acu a scileanna teanga ar fad a úsáid lasmuigh dá dtithe uaireanta, is gá ráiteas intinne soiléir a dhéanamh.
Beidh ort a rá go bhfáiltítear roimh gach teanga sa spás agatsa, agus a thaispeáint i do shlí phearsanta féin go bhfuil tú díocasach dánta agus amhráin ilteangacha a bheith ann, gur mhaith leat comhrá ilteangach a bheith sa chéad dráma eile, go gcuirfidh tú spás cruthaitheach ar fáil go rialta nach gcuirfear aon teanga as an áireamh nó ar an imeall agus nach mbeidh Béarla mar an t-aon tosaíocht ann.
Nuair a chruthaíonn tú spás chun gach teanga a shaoradh agus a úsáid mar uirlis chruthaitheach chumhachtach, tabharfaidh tú faoi deara go ndéanfaidh leanaí an chuid eile, agus go mairfidh an t-athrú a chruthaigh tú i bhfad.