ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Acmhainní Foghlama Chester Beatty don tSraith Shóisearach


The Chester Beatty Library - Schools Training

Leabharlann Chester Beatty - Oiliúint Scoileanna

Chester Beatty 
Acmhainn ar líne

Tá Roinn Foghlama agus Oideachais Chester Beatty tar éis dul i gcomhar le Foireann Oideachas Reiligiúnach na Sraithe Sóisearaí chun roinnt acmhainní foghlama don churaclam oideachais reiligiúnaigh, ag baint úsáid as saothair ealaíne óna gcuid bailiúchán idirchreidmheach mar phointe tosaigh.

Tá an comhshaothar seo mar thoradh ar thaighde na hiarsmalainne agus an fhorbairt atá déanta aici ar a clár scoileanna ilchultúrtha (a seoladh i Márta 2020).

D’fhreastail múinteoirí oideachais reiligiúnaigh ón tSraith Shóisearach ar chúrsa forbartha gairmiúla leanúnaí i mí an Mhárta 2020, le féachaint cén chaoi a bhféadfadh siad oibriú le bailiúcháin ilchreidmheacha Chester Beatty. D’fhoghlaim rannpháirtithe faoi na príomhchreidimh agus bhreathnaigh siad ar earraí creideamh-bhunaithe i gceacht láimhseála bunaithe ar earraí.

Sheol The Chester Beatty suíomh gréasáin nuashonraithe i mí na Nollag 2021. Tá leathanach nua Scoileanna air chesterbeatty.ie/learning/schools-page/ lena n-áirítear leathanach faoi leith le haghaidh Churaclam Oideachas Reiligiúnach na Sraithe Sóisearaí. Féadfaidh múinteoirí agus scoláirí foghlaim faoi na gnéithe áirithe a bhaineann leis an gcuraclam nua trí bhailiúcháin dhochreidte na hÁise Theas agus na hEorpa. Dírítear go háirithe ar roinnt príomhghnéithe, amhail forbairt eolais, scileanna, meonta agus luachanna lena bhféadfaidh daoine óga tuiscint níos fearr a fháil ar an reiligiún agus a thábhachtaí is atá sé don saol, do chaidrimh, don tsochaí agus don domhan mór. Tá an cúrsa seo bunaithe ar thrí shnáithe nasctha: Creideamh a Chur in Iúl, Ceisteanna a Fhiosrú, agus Ár Luachanna i mBun Gnímh

Féadfaidh múinteoirí agus scoláirí breathnú ar Ways of Seeing II anseo – acmhainn atá dírithe ar na príomhchreidimh atá le feiceáil i mbailiúchán Chester Beatty, in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann chesterbeatty.ie/assets/uploads/2021/10/CBL_WaysofSeeing2_Junior_Cycle_RE_Resource.pdf

Cruthaíodh é den chéad uair le cúnamh ó Intercultural Education Service of Northern Ireland agus Ulster Museum, tá an acmhainn nuashonraithe ag teacht le curaclam nua Oideachas Reiligiúnach na Sraithe Sóisearaí.

Moltar Ways of Seeing II a úsáid leis na taispeántais PowerPoint seo thíos do mhúinteoirí, ina ndírítear ar roinnt téamaí, Turais ina measc: Ioslam, Ceiliúradh: Hiondúchas, Parabail: An Chríostaíocht, Imirce: Giúdachas, Nós Maireachtála bunaithe ar an Am atá Thart: An tSean-Éigipt agus Cruthú: Cosúlachtaí idir Ioslam, an Chríostaíocht agus an Giúdachas, féach chesterbeatty.ie/learning/schools-page/junior-cycle-religious-education/2-3-stories-narratives-religious-non-religious/.

Le haghaidh tuilleadh eolais nó le breathnú ar na hacmhainní téigh chuig chesterbeatty.ie/learning/schools-page/.

Foilsithe

31/1/2022

Foirmeacha Ealaíne

Foirm il-ealaíne

Leibhéal

Iar-Bhunscoile

Réigiún

Ar fud na tíre