ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 1 – Scoláirí agus Baill Foirne Choláiste Marino, Baile Átha Cliath 3


A group of students parade with large art props with a nature theme.

Mary McAteer, iar-Phríomhoide Choláiste Marino mar Mháthair an Dúlra, ar cheann Pharáid 2023.

Students and Staff of Marino College, Dublin 3 – Cathy French & Robin Stewart

Scríobh Scoláirí agus Baill Foirne Choláiste Marino, Baile Átha Cliath 3, na blagphostálacha seo a leanas. Inseoidh siad scéal ‘Creative Minds, Féile Ealaíon agus Chultúir’ le Coláiste Marino. Foghlaim tuilleadh faoina dturas ó na smaointe tosaigh go dtí gur bhain siad a sprioc amach, ag reáchtáil Féile Ealaíon agus Chultúir don phobal, faoi stiúir an phobail.

Is scoil bheag BOO de chuid Chathair Bhaile Átha Cliath é Coláiste Marino. Tá siad ilteangach (37 teanga!), neamh-shainchreidmheach agus is scoil DEIS atá ann. Is cuid bheoga ilchultúrtha d’Ionchathair Thoir Thuaidh Bhaile Átha Cliath, atá ag forbairt go gasta, í abhantrach na scoile.

Faoi stiúir an mhúinteora Gaeilge Joan Lyne (ar Comhlach Cruthaitheach Múinteora leis an gComhairle Ealaíon í), rinneadh Scoil Ildánach de Choláiste Marino in 2022.

In 2023, chuaigh Coláiste Marino, in éineacht le scoileanna agus eagraíochtaí áitiúla éagsúla le scéim Braislí Cruthaitheacha. Tá an tionscadal ar cheann d’fhaighteoirí Dhámhachtain Doiciméadaithe Thairseach na nEalaíon san Oideachas, 2024, léigh an fógra anseo.


Is iad Cathy French, múinteoir Béarla agus BCTE agus Comhordaitheoir ‘Schools of Sanctuary’ Marino, agus Robin Stewart, Leabharlannaí Chlár Scoile na Sraithe Sóisearaí i gColáiste Marino, a scríobh an chéad eagrán.

Seo Coláiste Marino agus léargas ar fhorbairt na Féile Ealaíon agus Cultúir, Creative Minds.

Táimid ag súil go mór le scéal ‘Creative Minds, Féile Ealaíon agus Chultúir’ Choláiste Marino a insint leis an tsraith blagphostálacha seo!

A map showing where Marino College is located.

Is muidne Coláiste Marino, scoil bheag BOO de chuid Chathair Bhaile Átha Cliath. Táimid ilteangach (37 teanga!), neamh-shainchreidmheach agus is scoil DEIS muid. Is cuid bheoga ilchultúrtha den Ionchathair Thoir Thuaidh, atá ag forbairt go gasta, í ár n-abhantrach. Freastalaíonn scoláirí ó theaghlaigh ionchathrach atá sa cheantar leis na glúnta ar an scoil agus is ó theaghlaigh imirceach agus dídeanaí, ó thíortha amhail an tSomáil, an tSiria agus an Úcráin, iad 70% de na scoláirí. I gColáiste Marino tá na scoláirí Éireannacha, nach bhfuil cúlra imirceach acu, ar cheann de na grúpaí mionlach anois.

Cuireann an chruthaitheacht tearmann ar fáil do gach duine dár scoláirí a thagann le chéile le foghlaim san fhoirgneamh liostaithe, ar sainchomhartha é, ar mhórbhealach cáiliúil de chuid Bhaile Átha Cliath, Marglann Marino. Tógadh ceantar Marino 100 bliain ó shin, in 1924, mar thithíocht shóisialta – ‘cathair ghairdíneach’ lán ‘páláis don phobal’ a thóg an Stát nua a bhí ar an ngannchuid.

Tá an cumas ag an ealaín teorainneacha teanga, eacnamaíocha, cultúrtha agus ciníocha a shárú. Tá sé feicthe againn go bhfuil an cumas ag tionscadail chruthaitheacha aontacht shóisialta a spreagadh inár bpobal. Léirthuiscint go bhfuil na healaíona fíor-riachtanach don fholláine, méadú ar rannpháirteachas na scoláirí san fhoghlaim, rannpháirtíocht na dtuismitheoirí a chothú, glacadh leis an éagsúlacht ach eispéiris ionchuimsitheacha a chur ar fáil, glór na n-óg a chur chun cinn, cinnteoireacht níos fearr a chothú, agus bealaí éagsúla chun an domhan a thuiscint a chur in iúl.

Faoi stiúir an mhúinteora Gaeilge Joan Lyne (ar Comhlach Cruthaitheach Múinteora leis an gComhairle Ealaíon í), rinneadh Scoil Ildánach de Choláiste Marino in 2022. Bronnadh €2,000 in aghaidh na bliana ar feadh dhá bhliain orainn, chomh maith le ham leis an gcomhlach cruthaitheach, Heather Gray. Mar gheall ar an gComhlach Cruthaitheach (ár nEalaíontóir Cónaithe anois), cuireadh feabhas as cuimse ar chumas na scoile agus a hacmhainneacht an chruthaitheacht agus malartú cultúir fiúntach a éascú, is comhpháirtíocht fhoirfe í idir baill foirne na scoile, an t-ealaíontóir, na scoláirí agus an pobal.

Rinne Heathar suirbhé i measc na scoláirí agus shainaithin na príomhchuspóirí agus na huaillmhianta a bhí acu: bheith lasmuigh (díreach i ndiaidh Covid a bhí sé sin), bheith gníomhach agus ár n-ilchultúrachas a cheiliúradh. Ba é príomhaidhm ár gcuid oibre mar Scoil Ildánach ná díriú ar an ionchuimsitheacht agus ar an gcomhar, na scoláirí agus na baill foirne a chur ag obair le chéile chun spriocanna comhroinnte a bhaint amach agus an smaointeoireacht chruthaitheach a chothú i ndáil leis na saincheisteanna a imríonn, nó a imreoidh, tionchar ar shaol na scoláirí, amhail an t-athrú aeráide/éagobhsaíocht chomhshaoil, inimirce, buíondeighilt pholaitiúil, meabhairshláinte agus neamhionannas eacnamaíoch. Le Scoileanna Ildánacha tugadh spás comhrá, comhair agus cruthaitheachta dúinn, go bhféadfadh scoláirí ó chúlraí éagsúla teacht le chéile agus oibriú le chéile.

Marino College Creative Schools Logo

Íomhá 1: Lógó Scoileanna Ildánacha 2022 Choláiste Marino

Tar éis clár spraíúil gnóthach a rabhthas ag déanamh agus ag cruthú lena linn, eagraíodh Féile Chultúir agus Féasta Domhanda sa scoil i mí na Bealtaine 2022, imeachtaí a bhí faoi stiúir na scoláirí. Roinneamar bia, ceol agus damhsa as measc na gcultúr inár scoil.

Bhí an-tionchar ag an imeacht sin agus bhí sé an-rathúil, mar sin chinneamar é a mhéadú an bhliain dár gcionn. In 2023 chuir ár bhfoireann iarratas isteach ar €1,500 in aghaidh na scoile, in aghaidh na bliana ar feadh dhá bhliain, agus deonaíodh é. Bhain sé sin le tionscnamh píolótach ón Roinn Oideachais agus Scileanna, Braislí Cruthaitheacha. I mí na Bealtaine 2023, in éineacht leis an bhFéile Chultúir, faoi stiúir na scoláirí, agus le tacaíocht ó bhainistíocht na scoile agus páirtithe leasmhara áitiúla, reáchtálamar Paráid Phobail, arbh é ‘Éagsúlacht agus Bithéagsúlacht’ a téama, agus leis sin cuireadh an fhéile Creative Minds ar an bhfód!

Marino College Student Ambassadors lead a parade with a banner which reads Creative Minds Arts & Culture Festival

Íomhá 2: Ambasadóirí Scoláire Choláiste Marino ar cheann Pharáid 2023.

Bhí an scoil ar fad páirteach, agus bhí flótaí agus prapaí ann a rinne na scoláirí féin agus a rinneadh i gceardlanna a reáchtáil na scoláirí le bunscoileanna áitiúla, faoi threoir Heather agus aoi-ealaíontóirí agus ceardaithe eile ar cuairt. Tar éis na Paráide, d’fhilleamar ar an scoil le haghaidh ceoil, damhsa agus taispeántas ealaíne. Bhí an-dua ag baint leis – dúnadh bóithre, cuireadh busanna ar mhalairt slí! – ach b’fhiú go mór é: b’imeacht suairc é agus mhothaigh gach duine go raibh meas orthu agus páirt acu – is ó chúlraí ‘nach gcloistear go minic’ roinnt mhaith dár scoláirí, agus mar sin bhí deis mar é chun a nglórtha siúd a mhéadú iontach ar fad.

Marino College students

Íomhá 3: Mary McAteer, iar-Phríomhoide Choláiste Marino mar Mháthair an Dúlra, ar cheann Pharáid 2023.

Le haghaidh 2023-2024, bhronn Fondúireacht Chultúrtha na hEorpa €5,500 orainn mar Thionscadal ‘Dúshlán Eorpach’, agus fuarthas maoiniúchán eile ó Oifig Ealaíon Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Ba é an ‘Dúshlán’ a bhí againn in Marino ná cur in aghaidh barúlacha frith-inimirce sa phobal agus an Fhéile Creative Minds a mhéadú chun go mbeadh sí níos mó, níos fearr agus níos ionchuimsithí fós – clúdóidh an dara blagphostáil, a scríobh scoláirí ag a raibh príomhróil cheannaireachta sa tionscadal sin, an próiseas a bhain le forbairt agus baint amach Fhéile 2024. Mar a luadh thuas, is é 2024 cothrom céad bliain ó bunaíodh Marino, agus mar sin tugadh deis uathúil dúinn oibriú go dlúth i gcomhar leis an gCumann Áititheoirí Áitiúil agus réimse leathan grúpaí áitiúla, agus ba é téama Fhéile agus Pharáid 2024 ná “Back to the Future: Marino 100”, iniúchadh ar an 100 bliain atá caite, ceiliúradh ar an lá atá inniu ann, agus samhlú an chéid atá le teacht.

A colourful poster for Marino 100

Íomhá 4: Póstaer Fhéile Marino 100 2024

Bhí ról lárnach ag ár scoláirí i bhforbairt, cur chun feidhme agus meastóireacht an tionscnaimh seo. Gné sheanbhunaithe d’éiteas ionchuimsitheach Choláiste Marino is ea an-aird a thabhairt ar ghlór na scoláirí. Tá an-mheas ar ár scoláirí mar pháirtithe leasmhara; bhí a gcuid glórtha agus rannpháirtíochta ríthábhachtach i ndáil le cur chun feidhme an tionscadail agus an rath leanúnach a bhaineann leis. Chuireamar creatlach coincheapúil ‘Dréimire Rannpháirtíocht na Leanaí’ le Roger Hart i bhfeidhm maidir lenár gcuid oibre ón gcéad lá. Táimid diongbháilte maidir le héisteacht leis na glórtha nach gcloistear uathu rómhinic, agus beart a dhéanamh dá réir, chun timpeallacht a chruthú ina mothaíonn na foghlaimeoirí uile ar a suaimhneas agus iad ag cur a gcuid smaointe agus tuairimí in iúl.

Tá súil againn go raibh an léargas seo ár thús ár dtionscadail spéisiúil – an mhí seo chugainn, is iad ár scoláirí iontacha a bheidh ag labhairt leat. Déanfaidh siad mionchur síos ar an gcaoi ar thosaíomar ag samhlú agus ag cruthú Fhéile Creative Minds 2024: Back to The Future, Marino 100!

Foilsithe

17/12/2024

Foirmeacha Ealaíne

Foirm il-ealaíne

Leibhéal

Iar-Bhunscoile