ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 3 – Scoláirí agus Baill Foirne Choláiste Marino, Baile Átha Cliath 3


A group of Marino college students in a library making parade props

Scoláirí Choláiste Marino ag réiteach prapaí dá mórshiúl féile

Students and Staff of Marino College, Dublin 3 – Cathy French & Robin Stewart

Scríobh Scoláirí agus Baill Foirne Choláiste Marino, Baile Átha Cliath 3, na blagphostálacha seo a leanas. Inseoidh siad scéal ‘Creative Minds, Féile Ealaíon agus Chultúir’ le Coláiste Marino. Foghlaim tuilleadh faoina dturas ó na smaointe tosaigh go dtí gur bhain siad a sprioc amach, ag reáchtáil Féile Ealaíon agus Chultúir don phobal, faoi stiúir an phobail.

Is scoil bheag BOO de chuid Chathair Bhaile Átha Cliath é Coláiste Marino. Tá siad ilteangach (37 teanga!), neamh-shainchreidmheach agus is scoil DEIS atá ann. Is cuid bheoga ilchultúrtha d’Ionchathair Thoir Thuaidh Bhaile Átha Cliath, atá ag forbairt go gasta, í abhantrach na scoile.

Faoi stiúir an mhúinteora Gaeilge Joan Lyne (ar Comhlach Cruthaitheach Múinteora leis an gComhairle Ealaíon í), rinneadh Scoil Ildánach de Choláiste Marino in 2022.

In 2023, chuaigh Coláiste Marino, in éineacht le scoileanna agus eagraíochtaí áitiúla éagsúla le scéim Braislí Cruthaitheacha. Tá an tionscadal ar cheann d’fhaighteoirí Dhámhachtain Doiciméadaithe Thairseach na nEalaíon san Oideachas, 2024, léigh an fógra anseo.


Is iad Cathy French, múinteoir Béarla agus BCTE agus Comhordaitheoir ‘Schools of Sanctuary’ Marino, agus Robin Stewart, Leabharlannaí Chlár Scoile na Sraithe Sóisearaí i gColáiste Marino, a scríobh an chéad eagrán.

Tá lúcháir orainn an tríú blag sa tsraith le scoláirí agus baill foirne Choláiste Marino, Baile Átha Cliath 3 a roinnt. Sa bhlag seo, déanann an fhoireann agus na scoláirí machnamh ar an gcomhoibriú a bhí ar siúl le linn dóibh Féile Ealaíon agus Chultúir Creative Minds, Marino 100: Back to the Future a phleanáil agus a eagrú, agus labhraíonn siad ar roinnt de na healaíontóirí, grúpaí agus eagraíochtaí lenar oibrigh siad.

Bhí go leor rannpháirtíochta, rannpháirteachais agus comhoibrithe le réimse leathan grúpaí sa phobal i gceist lena raibh ar intinn againn chun ár bhFéile Creative Minds a chur i bhfeidhm. Sa bhlag seo, féachfaimid ar chuid de na daoine agus na heagraíochtaí ar oibríomar i gcomhpháirt leo agus ar an gcaoi ar chuir ár gcomhoibriú leis an scóip agus leis an gcuspóir a rabhamar ábalta a bhaint amach.

Ba é an chéad chomhpháirtíocht, agus an phríomhchomhpháirtíocht, ar tháinig rath na Féile as ná ár n-ealaíontóir cónaithe, Heather Gray, a bheith ag obair linn. Tháinig Heathar chuig an scoil an chéad lá mar Chleachtóir Cruthaitheach i gcéimeanna píolótacha de Chlár Scoileanna Ildánacha na Comhairle Ealaíon. Ba í an spreagadh cruthaitheach taobh thiar den tionscadal, ag treorú scoláirí, baill foirne agus baill phobail sa chruthú agus sa déanamh.

Is foinse síoraí smaointe iontacha agus réitigh fadhbanna í an múinteoir Gaeilge, Joan Lyne, a cheap an Mórshiúl Féile an chéad lá riamh agus ar spreagadh iontach cruthaitheachta í sa scoil. Is í Joan a dhéanann rang Scoileanna Ildánacha na hIdirbhliana a chomhordú anois. Chomhoibrigh ár ranna Ealaíne, Ceoil, Eacnamaíochta Baile agus Riachtanas Speisialta Oideachais go forleathan le healaíontóirí agus ceardaithe ar cuairt chun deiseanna foghlama agus spraoi a éascú do na scoláirí. Tá scileanna eagrúcháin agus cumarsáide Ms French agus Ms Connor thar cionn ar fad agus tá an t-ádh orainn tacaíocht a bheith againn ónár bhfoireann dhíograiseach agus thacúil i gColáiste Marino: bhí gach ball foirne páirteach ar bhealach éigin. Tá moladh ar leith ag dul dár gCúntóirí Riachtanais Speisialta, Teresa, an bheirt Helen, Mary, Grainne, Aisling agus Tamlyn freisin – bhí an phleanáil agus an t-eagrú i bhfad níos éasca mar gheall ar an dea-ghiúmar dothuirsithe a bhí orthu i gcónaí agus mar gheall ar an mbealach iontach a bhí acu lenár scoláirí.

Thuig Bainistíocht na Scoile, an tIarphríomhoide Mary McAteer (ar scoir) agus an Príomhoide reatha, Lisa Reid, agus an Leas-Phríomhoide, Grainne Cullen, an luach breise a thugann an chruthaitheacht lasmuigh den seomra ranga (ach atá nasctha leis mar sin féin) don scoil, agus thacaigh siad le Heather a bheith ag obair linn sa Chlub Ealaíne gach tráthnóna Chéadaoin. Bhí a dtacaíocht mar phríomhpháirtithe leasmhara riachtanach, mar a bhí tacaíocht an Bhoird Bainistíochta. Bhí Cathaoirleach ár mBoird, an Leas-Ard-Mhéara ar Bhaile Átha Cliath agus an Comhairleoir Cathrach áitiúil Donna Cooney, a chabhraíonn freisin leis an tionscnamh Fáilte áitiúil i bhFionnradharc a eagrú do theifigh, iarrthóirí tearmainn agus imircigh, an-tacúil agus bhí sí linn ar an lá, in éineacht leis an Leas-Ard-Mhéara a bhí ann ag an am, an Comhairleoir Deirdre Heney.

D’oibrigh grúpa Fáilte Fhionnradhairc ar ghréithe ceirmeacha a chruthú in éineacht le scoláirí agus tuismitheoirí a d’úsáideamar ansin chun bia ó chultúir éagsúla a roinnt ag ár bhFéasta agus Bearbaiciú Domhanda. Níorbh fhéidir leis an mbearbaiciú tarlú gan tacaíocht ó Swan Youth Service ar Shráid Uí Dhoinn, a thacaíonn le daoine óga inár gceantar.

Bhí an t-ádh orainn freisin gur glacadh lenár n-iarratas bheith inár mBraisle Cruthaitheach, ar tionscnamh é de chuid na Roinne Oideachais, in éineacht le Scoil Náisiúnta Cailíní Naomh Uinseann de Pól, Scoil Chnoc Chairméal agus Coláiste Iósaif an Fhionnradharc. Mar chuid den chomhoibriú d’oibrigh scoláirí meánscoile le scoláirí bunscoile le linn dóibh a bheith ag cruthú prapaí agus feisteas agus reáchtáil ealaíontóirí seisiúin cheardlainne i ngach ceann de na scoileanna. Maidir le Mórshiúl 2025, tá Heather i ndiaidh ceardlanna a chur ar bun cheana féin i leabharlann CSTS Scoil Chnoc Chairméal inar chruthaigh na scoláirí puipéid den Mhór-Ríoghain, a bheidh ag scoláirí Chnoc Chairméal, agus ag scoláirí ó na scoileanna eile ar fad, i mórshiúl na bliana seo.

Fuaireamar maoiniú flaithiúil ó Dhúshlán na hEorpa de chuid Fhondúireacht Chultúrtha na hEorpa, a chuir ar ár gcumas an fhéile a mhéadú agus a leathnú i mbliain a dó. Mar chuid den tionscadal seo d’oibríomar go han-dlúth ar fad le Cumann Cónaitheoirí Marino, agus le Coiste Marino 100 go háirithe, a rinne imeachtaí ceiliúrtha chomóradh céad bliain an cheantair a chomhordú. Tá an t-ádh dearg ar ár scoil freisin go bhfuil ceann amháin de thríocha leabharlann scoile Stát-mhaoinithe sa tír againn faoi Thionscadal Taispeána Leabharlainne Chlár Scoile an Teastais Shóisearaigh, rud a chuir ar ár gcumas an teagasc agus foghlaim thras-churaclaim a chur i gcroílár ár gcomhoibrithe ar fad agus ceardlanna agus seisiúin a óstáil sa leabharlann, ag nascadh le stoc clóite agus digiteach na leabharlainne.

Mhúin Scoil Damhsa Viva i bhFionnradharc do na scoláirí conas damhsa leis an bhfonn is mó a bhaineann lenár gceantar, Válsa clúiteach Marino, trí cheardlanna sa scoil agus le muintir na háite. Tháinig Léiritheoir Sinsearach RTÉ Junior, Nicky Coghlan, ar lá an Mhórshiúil agus rinne sé podchraoladh a thaifeadadh le scoláirí, agus ghlac grianghrafadóirí de chuid The Irish Times grianghraif iontacha den Fhéile agus den Mhórshiúl freisin, a taispeánadh i leagan clóite agus digiteach an pháipéir.

Mar chuid de na himeachtaí ceiliúrtha, faoi théama na hÉagsúlachta agus na Bithéagsúlachta, d’oibríomar le Easy Treesie chun crainn dhúchasacha a chur sa cheantar, ag cur foraois i bhfolach sa chathair. D’oibríomar le Páirceanna Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus chuireamar crainn i bPáirc Fhionnradhairc, ar fhearann Choláiste Iósaif an Fhionnradharc agus ag Aonad Céim Síos an Mater Misericordiae ar Ascaill Bhaile Philib.

A group of students from Marino College stand around an Easy Tressie sign and potted treesScoláirí ó Choláiste Marino ag cur crann i mBaile Átha Cliath le Easy Treesie mar chuid d’Fhéile Creative Minds

Thacaigh AkiDwA, Black & Irish agus East Wall Here for All, chomh maith le Mud Island Community Garden, lenár spriocanna maidir le dúshlán a chur roimh dhearcthaí frith-inimirce agus rinne siad bonn eolais a chur faoi na spriocanna sin. Ar mhaidin na Féile anuraidh, chuireamar fáilte roimh an bhfoireann measúnaithe ó Scoileanna Tearmainn, a bhuail le scoláirí agus leis an bhfoireann agus a bhronn ár stádas mar Scoil Tearmainn orainn.

Is crann taca leanúnach í Roisin Lonergan, Stiúrthóir Cruthaitheach Five Lamps Arts Festival, a roinneann an chuid mhór scileanna, eolais agus teagmhálaithe atá aici linn. Bhí Comhlacht Chalafort Átha Cliath an-fhlaithiúil ar fad lena chuid tacaíochta freisin. Chuir go leor ealaíontóirí agus ceardaithe a tháinig ar cuairt leis na scileanna a chumasaigh ár gcruthú agus déanamh, lena n-áirítear na drumadóirí Samba William Ribeiro agus Simeon Smith, na snáthealaíontóirí Sinead Lynch agus Helen Gaughan agus an t-ealaíontóir Maddy Schmidt, gan ach cúpla duine a lua! Tá an t-ealaíontóir áitiúil Steven Doody in ann ag gach uile rud agus is féidir i gcónaí brath air cabhair agus comhairle a thabhairt.

Theastaigh comhoibriú leis an nGarda Síochána chun bóithre a dhúnadh don Mhórshiúl agus ní fhéadfadh an t-oifigeach teagmhála pobail i Stáisiún Chluain Tarbh bheith níos cabhraí agus chabhraigh leis na maoir a chomhordú ar an lá. Lig Bus Átha Cliath dúinn moill a chur ar bhusbhealach 123 agus chuir Oifig Ealaíon Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus an Chomhairle Cathrach níos leithne tacaíochtaí, maoiniú, comhairle agus spreagadh iontach ar fáil. Bhí orainn Plean Imeachta mionsonraithe agus Measúnú Riosca a chur le chéile d’fhormhór na n-eagraíochtaí sin. Bhí orainn freisin plean mionsonraithe a chur le chéile inar taispeánadh cá háit ar cheart do chách a bheith, cathain, agus céard a bhí le déanamh acu ansin – agus bhí ról sannta ag gach duine sa scoil agus ag go leor daoine lasmuigh den scoil!

A screenshot of a spreadsheet detailing peoples roles during the festivalEagrú Fhéile Choláiste Marino – Ról sainithe agus sceideal saincheaptha aonair do gach duine san fhoirgneamh!

Chuir Scoil Shóisearach Naomh Uinseann de Pól ar Ascaill Uí Ghríofa agus Scoil Naomh Uinseann de Pól sa Trá Thuaidh fáilte roimh scoláirí Marino chuig a seomraí ranga le ceardlanna cruthaitheacha cruthaithe prapaí agus feisteas a reáchtáil lena gcuid scoláirí. Bhí Coláiste Breisoideachas agus Oiliúna Chathail Brugha ar champas na Trá Thuaidh flaithiúil ó thaobh ligean dúinn úsáid a bhaint as a gcuid saoráidí don chruthaitheacht agus don stóráil. Thacaigh Peter O’Toole ó Music Generation leis an roinn ceoil agus rinne an múinteoir Gaeilge, Niamh Murray, an chóiréagrafaíocht a chomhordú. Rinne gnólachtaí áitiúla na himeachtaí ceiliúrtha ar fad a chur chun cinn go bródúil – bhí an pobal ar fad páirteach!

Logos of all the groups and organisations who supported Marino Colleges Creative Minds FestivalAn lear mór grúpaí agus eagraíochtaí a thacaigh le Féile Creative Minds Choláiste Marino

Bhí comhoibriú ar fud ár bpobail ríthábhachtach do rath an tionscadail – tá an oiread sin eagraíochtaí iontacha amuigh ansin ag obair i dtreo na spriocanna céanna a bhaint amach, mar sin, is iontach an rud é teacht ar a chéile agus teacht ar dheiseanna chun obair lena chéile chun tógáil ar ár naisc pobail. Táimid ag ullmhú d’fhéile na bliana seo, arb é Global Myths, Local Legends a téama, agus táimid ag súil go mór le hinsint daoibh faoi inár gcéad bhlag eile!