Blag 4 – Scoláirí agus Baill Foirne Choláiste Marino, Baile Átha Cliath 3


Scríobh Scoláirí agus Baill Foirne Choláiste Marino, Baile Átha Cliath 3, na blagphostálacha seo a leanas. Inseoidh siad scéal ‘Creative Minds, Féile Ealaíon agus Chultúir’ le Coláiste Marino. Foghlaim tuilleadh faoina dturas ó na smaointe tosaigh go dtí gur bhain siad a sprioc amach, ag reáchtáil Féile Ealaíon agus Chultúir don phobal, faoi stiúir an phobail.
Is scoil bheag BOO de chuid Chathair Bhaile Átha Cliath é Coláiste Marino. Tá siad ilteangach (37 teanga!), neamh-shainchreidmheach agus is scoil DEIS atá ann. Is cuid bheoga ilchultúrtha d’Ionchathair Thoir Thuaidh Bhaile Átha Cliath, atá ag forbairt go gasta, í abhantrach na scoile.
Faoi stiúir an mhúinteora Gaeilge Joan Lyne (ar Comhlach Cruthaitheach Múinteora leis an gComhairle Ealaíon í), rinneadh Scoil Ildánach de Choláiste Marino in 2022.
In 2023, chuaigh Coláiste Marino, in éineacht le scoileanna agus eagraíochtaí áitiúla éagsúla le scéim Braislí Cruthaitheacha. Tá an tionscadal ar cheann d’fhaighteoirí Dhámhachtain Doiciméadaithe Thairseach na nEalaíon san Oideachas, 2024, léigh an fógra anseo.
Is iad Cathy French, múinteoir Béarla agus BCTE agus Comhordaitheoir ‘Schools of Sanctuary’ Marino, agus Robin Stewart, Leabharlannaí Chlár Scoile na Sraithe Sóisearaí i gColáiste Marino, a scríobh an chéad eagrán.
Tá lúcháir orainn an ceathrú blag, agus an blag deireanach, den tsraith le scoláirí agus baill foirne Choláiste Marino, Baile Átha Cliath 3 a roinnt. Sa phostáil seo, roinneann Leabharlannaí CSTS Marino, Robin Stewart, na pleananna agus an scéal go dtí seo d’eagrán 2025 d’Fhéile Ealaíon agus Chultúir Creative Minds, agus an chaoi a bhfuil scéal rath an tionscnaimh á roinnt (agus a ndéanfar é a mhacasamhlú go luath tá súil againn) sa bhaile agus thar lear.
Gach bliain, i ndiaidh Fhéile Creative Minds, déantar suirbhé ar scoláirí le féachaint céard iad na rudaí ba mhó a thaitin lú agus ba lú a thaitin leo, agus céard iad na rudaí a d’fhéadfaí a fheabhsú, dar leo. Tá ionchur, léargas agus ceannaireacht na scoláirí ríthábhachtach do rath leanúnach thionscadal Creative Minds, féile a eagraíonn daoine óga do dhaoine óga. Úsáidimid an mhodheolaíocht ó Ladder of Participation de chuid Roger Hart chun scoláirí a chumasú trí leibhéil mhéadaitheacha chumais gníomhaithe. Cuireann an fhoireann ráillí séimhe agus tacaíocht ar fáil dár gcuid scoláirí ionas go seasann siad chun tosaigh agus go ritheann siad lena gcuid smaointe, agus an am céanna cothaíonn an fhoireann a bhforbairt chultúrtha, litearthachta, uimhearthachta, chumarsáide, shóisialta, mhothúchánach agus chruthaitheach. Tagann na haidhmeanna sin go fíormhaith le haidhmeanna agus éiteas níos leithne Thionscadal Taispeána Leabharlainne CSTS, mar sin, oireann sé go mór gur féidir lenár scoláirí a gcruthaitheacht agus léiriú cultúrtha a chur in iúl anseo sa bhaile, agus ár leabharlann mar bhunáit acu.
Táimid ag cur tús freisin le téama agus le cuspóirí fhéile na bliana seo chugainn a iniúchadh agus a phlé, agus ar an gcaoi sin, bhí eagrán 2025 á phleanáil agus á phlé cheana féin i ndiaidh dúinn spriocanna Marino 100 a bhaint amach in 2024. Is é téama Fhéile Creative Minds 2025 ná Global Myths, Local Legends agus déanfar iniúchadh ar an iliomad nasc agus cosúlachtaí atá sa bhéaloideas, miotas agus finscéalta ón lear mór cultúr agus pobal in Marino.
Tá an t-ádh dearg orainn go bhfuil Heather Gray mar ealaíontóir cónaithe againn arís i mbliana, agus níos ámharaí fós, gur éirigh lena hiarratas ar Dhámhachtain Tionscadail maidir le Daoine Óga, Leanaí agus Oideachas de chuid na Comhairle Ealaíon. Thug tacaíocht fhlaithiúil na Comhairle Ealaíon deis dúinn cuid mhór oibre a dhéanamh le réimse níos leithne scoileanna, eagraíochtaí agus ealaíontóirí áitiúla ná mar a rinne riamh!
Seo a leanas cuid de na healaíontóirí spreagúla agus inspioráideacha a raibh sé de phribhléid againn obair leo i mbliana: Kerith Ogden, déantóir agus maisitheoir; Mavis Ramazani & Leina Ibnouf ó Cooking for Freedom; Maddy Schmidt, dearthóir agus ealaíontóir; Steven Doody, ár n-iarmhúinteoir adhmadóireachta agus ealaíontóir timpeallachta; Helen Flanagan, ealaíontóir agus scannánóir; Alessandra Azeviche, damhsóir & cóiréagrafaí Afra-Bhrasaíleach; William Ribeir, ceoltóir agus ceannaire ceardlainne banna samba; Sara Serpilli, ealaíontóir agus dearthóir; agus Sinéad Lynch, puipéadóir agus ealaíontóir teicstíle.
Is iontach an deis é ealaíontóirí atá chomh hoilte agus chomh cumasach a bheith ag obair sna scoileanna ar fad atá páirteach sa tionscadal Creative Minds. I ndeireadh na dála, áfach, is iad scoláirí Choláiste Marino, Choláiste Iósaf an Fhionnradharc, Mheánscoil Chnoc Chairméal agus Bhunscoil Chailíní Naomh Uinseann de Pól atá ríthábhachtach do reáchtáil rathúil na n-eispéireas praiticiúla ealaíonta agus cultúrtha cosúil le cruthú prapaí, dearadh feisteas, ceardlanna damhsa agus drumadóireachta, déanamh scannán agus seisiúin ghrianghrafadóireachta, agus gach rud eile. I ndiaidh rath na bliana seo caite, tá scoláirí ón gClub Ealaíne i ndiaidh a bheith ag obair le scoláirí sna bunscoileanna áitiúla. Is iad na trí ghrúpa i Rang a Trí i mBunscoil Chailíní Naomh Uinseann de Pól ar Ascaill Uí Ghríofa na scoláirí is déanaí ar oibrigh siad leo, agus threoraigh siad na daltaí sin le linn dóibh a bheith ag cruthú na bhfeisteas agus na bprapaí a chaithfidh siad i mórshiúl na bliana seo nuair a bheidh siad ag tionlacan na bhflótaí atá á gcruthú in Marino, Coláiste Iósaf agus Scoil Chnoc Chairméal. Áirítear leo seo Baba Yaga agus a teach ar chosa sicín, ón mbéaloideas Baltach, Medusa ó fhinscéalaíocht na Gréige, Dracula, a scríobh údar áitiúil Marino, Bram Stoker, agus a shíltear a bheith bainteach leis an Rómáin, mar is eol do chách, agus Clann Lir, gan ach cúpla ceann a lua!
Táthar i ndiaidh an-spéis a léiriú i dtionscadal Creative Minds agus bímid i gcónaí sásta ár gcuid smaointe agus inspioráidí a roinnt. Bhí deiseanna iontacha againn ár dtionscadail a chur i láthair ag imeachtaí i Roinn an Taoisigh, ag seimineáir agus comhdhálacha gréasáin Fhondúireacht Chultúrtha na hEorpa, i Lárleabharlann Amstardam agus in Ollscoil Cambridge, agus beidh deis againn ár dtionscadail a chur i láthair san am atá amach romhainn ag Comhdháil Chomhpháirteach Bhliantúil Chumann Leabharlann na hÉireann/Institiúid Chairte um Ghairmithe Leabharlainne agus Faisnéise i gCorcaigh agus ag comhdháil Next Library sa Danmhairg.
Tá an tionchar cumhachtach a imríonn rannpháirtíocht in Creative Minds ar oideachas agus ar fholláine na scoláirí ar fad a bhfuil sé de phribhléid againn Sa cheathrú blag (arb é an blag deireanach é), roinneann Leabharlannaí CSTS Marino Robin Stewart na pleananna agus an scéal go dtí seo d’eagrán 2025 d’Fhéile Ealaíon agus Chultúir Creative Minds.obair leo feicthe againn go pearsanta, agus creidimid go paiseanta go bhféadfadh scoil ar bith in áit ar bith an tionscadal seo a athchruthú!
Níor tharla eagrán 2025 d’Fhéile Creative Minds go fóill agus táimid i ndiaidh tosú ag cuimhneamh cheana féin ar a bhféadfadh a bheith i gceist le 2026 – tá gach rud scaoilte go leor go fóill ach tá an chuma air go bhféadfadh Conair Ealaíon Pobail a bheith ar na bacáin, chomh maith le suiteáin spraíúla ón bpobal, don phobal.
Ba mhór an phribhléid é scéal Fhéile Creative Minds a roinnt libh, agus má bhíonn aon cheisteanna agat nó má tá inspioráid á lorg agat, ba bhreá liom cloisteáil uait – níl le déanamh ach nóta a chur chugam ag marinocollege@jcsplibraries.ie. Mar a deirimid i gcónaí, más féidir linne é a dhéanamh, is féidir leatsa.
Foilsithe
30/4/2025