ENGLISH

NUACHTLITIR



Cad a dhéanann hEalaíona i gcleachtas Oideachas cuma mhaith? Léigh faoi na próisis agus comhpháirtíochtaí taobh thiar thionscadail reatha tarlú ar fud na hÉireann.


Artful Dodgers


'Materials' (c) Fingal County Council Arts Office

Inis scéal do thionscadail dúinn – céard faoi a bhí sé? Cé a bhí páirteach ann? Cén chaoi ar thosaigh tú? Cén chaoi ar fhorbair sé?

Artful Dodgers Collaborative

Clár uathúil oideachas ealaíon sna luathbhlianta é Artful Dodgers a thosaigh i Meán Fómhair 2013 agus atá fós ag forbairt in dhá sheirbhís naíolann pobail i bhFine Gall i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath. Ba iad na healaíontóirí Jackie Maguire agus Naomi Draper a thosaigh an clár agus cúnamh acu ó Julie Clarke in Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall, Coiste Contae Cúram Leanaí Fhine Gall, Naíolann Pobail Ros Eo, Naíolann Pobail Little Learners agus ón Ollamh Carmel O’Sullivan agus ón Ollamh Nóirín Hayes ón nGrúpa Taighde Oideachas Ealaíon, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath (AERG).

Tá sé mar aidhm ag an gclár seo spás ealaíonta taiscéalaíoch, cruthaitheach agus spraíúil a chur ar fáil do leanaí le forbairt agus fás; Tionchar na rannpháirtíochta seo ar luathfhorbairt na leanaí a fhiosrú, le béim ar leith ar scileanna litearthachta agus uimhearthachta; agus tógáil ar chumas na n-oideachasóirí luathbhlianta chun ceol agus amharc-ealaíona a leabú ina suíomhanna.

Ghlac foireann an tionscadail le samhail an ealaíontóra chónaithigh do Chéim 1 áit a raibh an bheirt ealaíontóra suite sna seirbhísí ar bhonn seachtainiúil tar thréimhse dhá sheachtain déag.  Gach seachtain, chuir siad ceardlann ceoil agus amharc-ealaíon ar fáil i gcomhar leis an bhfoireann sa dá ionad.  Bhí samhail an ealaíontóra chónaithigh suntasach sa mhéid is go raibh na healaíontóirí leabaithe sna suíomhanna, a chuir ar chumas na n-ealaíontóirí, múinteoirí luathbhlianta agus leanaí caidreamh a thógáil agus aithne a chur ar a chéile thar imeacht aimsire. I rith na tréimhse cónaitheachta d’oibrigh na healaíontóirí go dlúth leis na leanaí agus leis na múinteoirí luathbhlianta sa dá shuíomh, áit ar fhiosraigh siad domhan an cheoil agus na n-amharc-ealaíona le chéile.

Tugadh le fios sa mheasúnú ar Chéim 1 (2013) gur tháinig athruithe ar phleanáil agus ar stíl oideolaíoch na múinteoirí luathbhlianta thar an tréimhse dhá sheachtain déag.  D’éirigh a dteanga níos machnamhaí agus cuimsíodh réimse níos leithne agus níos saibhre ábhar ina gcleachtas; bhí níos mó fianaise ar ghníomhaíochtaí faoi threoir na leanaí agus deiseanna spraoi gan struchtúr fad is a mhair an staidéar.Tugtar le fios sna sonraí gur breisíodh scileanna sóisialta, comhoibritheacha agus cumarsáide na leanaí.  Bhí fianaise thar imeacht aimsire ar fheabhas ar fhéinrialáil, ar athghlaoch agus ar athchuimhne, agus ar aird ar ghníomhaíochtaí. Anuas air sin, spreagadh taiscéalaíocht agus fiosracht na leanaí agus mar thoradh air sin breisíodh stór focal agus dianseasmhacht na leanaí sna gníomhaíochtaí.

Le cuidiú le hinbhuanaitheacht na foghlama agus na gcleachtas a forbraíodh i rith chéim a haon, thug an chomhpháirtíocht na hacmhainní riachtanacha chun an dara céim a bhunú. I rith na céime sin, spreagadh na múinteoirí le leanúint leis na healaíona ina gcleachtas agus tháinig na healaíontóirí le hoibriú leis an bhfoireann sa dá shuíomh uair sa mhí.  Choinnigh sé seo móiminteam an tionscadail ag imeacht gan stopadh.  Leagadh béim i gCéim 2 (2014-2015) ar ‘mhalairt chruthaitheach’ a fhorbairt idir na healaíontóirí agus na múinteoirí luathbhlianta trí phróiseas cóimheantóireachta.  Dearadh é chun cleachtas ealaíon a dhaingniú i suíomhanna luathbhlianta, chun timpeallacht chruthaitheach a thógáil agus chun caidreamh a láidriú idir na rannpháirtithe (ealaíontóirí agus múinteoirí luathbhlianta) trí mhachnamh a dhéanamh ar chleachtas agus ar rannpháirtíocht leanaí.

Gné lárnach de chéim a dó ba ea gur thug na healaíontóirí isteach creat ORID leis na múinteoirí luathbhlianta chun measúnú agus machnamh a dhéanamh ar an bpróiseas. Éascaíonn an creat seo comhrá dírithe idir rannpháirtithe d’fhonn teacht ar phointe comhaontaithe nó chun difríochtaí a shoiléiriú. Creath measúnaithe atá in ORID a forbraíodh in Institiúid Cheanada um Ghnóthaí Cultúrtha. Thug an creat guth do gach duine agus chuir sé fianaise mhaith ar fáil chun seachadadh amach anseo a stiúradh agus chun feidhmiú mar bhonn eolais dó.

Moltar i réamh-mheasúnú ar Chéim 2 gur tháinig athruithe ar chleachtas luathbhlianta, i dtéarmaí pleanáil churaclaim, caidrimh le leanaí, leis an bhfoireann agus le tuismitheoirí. Tá cóimheantóireacht i ndisciplíní éagsúla an-chumhachtach go háirithe nuair atá sé bunaithe ar thaithí agus nuair a bhí gach páirtí, sa chás seo ealaíontóirí agus múinteoirí luathbhlianta, rannpháirteach go gníomhach. Thug na healaíontóirí le fios an luach a bhain leis an gcur chuige cóimheantóireachta a bhí mar bhonn agus taca le gach cuairt suímh. Thuairiscigh múinteoirí luathbhlianta tuiscint níos fearr ar fhoghlaim leanaí agus íogaireacht níos fearr maidir le huathúlacht gach linbh. Thuairiscigh siad chomh maith tuiscint dhomhain ar Aistear, creat curaclaim na luathbhlianta agus meas níos mó ar an tábhacht a bhaineann le ‘díriú isteach’ agus freagairt d’iompar leanaí.

De réir mar a d’fhorbair an tionscadal d’éirigh an chomhpháirtíocht níos láidre agus cruthaíodh an tríú céim, an ‘clár rannpháirtíochta tuismitheoirí’. Tá an obair sin fós ar siúl.

Ash Ryan ó Naíolann Pobail Little Learners, Mullach Eadrad
Cé na gnéithe den tionscadal seo a chuir meangadh gáire ort? Cé na gnéithe den tionscadal seo a thug do dhúshlán?

Chuir rannpháirtíocht na leanaí, na foirne agus na dtuismitheoirí meangadh gáire orm. D’fhéachfainn timpeall an seomra a bhreathnaigh anordúil – péint i ngach áit, aghaidheanna agus lámha leanaí leis an iliomad dathanna, tuismitheoirí ar an urlár ag fíodóireacht, an fhoireann ag gáire leis na leanaí – agus bheadh meangadh gáire orm! Ach bhí neart dúshlán ann chomh maith; b’éigean dom smaoineamh arís faoi mo chleachtas teagaisc, i dtéarmaí an smachta a bhí agam ar thorthaí na dtionscadal ealaíne leis na leanaí agus mo mhothúchán féin faoi ‘spraoi míshlachtmhar’.

Cé na léargais ón tionscadail ar fiú a roinnt? Ar athraigh aon rud mar gheall ar an tionscadal?
Tá meon éagsúil ag tuismitheoirí agus ag an bhfoireann ar an gcaoi a dtéann leanaí i ngleic le hábhair ealaíne, i dtosach bhí fadhb le héadaí salacha, ach anois bíonn tuismitheoirí ag súil go bhfágann leanaí agus an chuma orthu go raibh siad páirteach i ngníomhaíochtaí i rith an lae, agus cuireann siad athrú éadaí ar fáil nuair is gá.

Tá mo chleachtas ar fad athraithe. Tá tuiscint i bhfad níos fearr agam ar spraoi cruthaitheach agus a naisc le hAistear. Bíonn tuairim níos láidre ag leanaí maidir leis gníomhaíochtaí a chuirimid ar fáil agus bíonn an tsaoirse acu ábhair agus smaointe a roghnú dá saothar ealaíne féin. Bíonn tuismitheoirí níos rannpháirtí sa tseirbhís mar thoradh ar a rannpháirtíocht dhíreach. Go ginearálta, bíonn an-spraoi ag leanaí fad is a bhíonn siad ag foghlaim. Tá stop curtha againn le gníomhaíochtaí grúpa ina ndéanann scór leanbh an rud céanna ó theimpléad. Ní úsáidtear teimpléid sa tseirbhís a thuilleadh. D’éirigh le Artful Dodgers éiteas a chur i bhfeidhm nár éirigh le cúrsa coláiste do mhúinteoirí luathbhlianta ar bith a bhaint amach go dtí seo. Léirigh rannpháirtíocht theagmhálach na n-ealaíontóirí an chaoi a n-oibríonn cur chuige éagsúil i gcleachtas; chonaic an fhoireann na modhanna agus thosaigh siad á n-úsáid go héasca agus tacaíocht acu dá réir.

Debbie Donnelly agus Mary Farrell ó Naíolann Pobail Ros Eo
Cé na gnéithe den tionscadal seo a chuir meangadh gáire ort? Cé na gnéithe den tionscadal seo a thug do dhúshlán?

Nuair a chonaiceamar an taitneamh a bhí á bhaint ag na leanaí as a rannpháirtíocht sa tionscadail chuir sé meangadh gáire orainn ar fad. Thosódh Jackie ag canadh gan choinne agus thug pearsantachtaí Jackie agus Naomi suáilceas agus dearfacht isteach sa seomra ranga a bhí ina thoisc ollmhór i dtaitneamhacht agus rath an tionscadail.

Mar oifigeach sábháilteachta, bhí imní orm faoi shábháilteacht na leanaí fad is a bhí siad ag obair in áiteanna seachas ag a mboird, ar an urlár, le hábhair nár úsáid siad cheana, go háirithe nuair a bhí grúpa mór leanaí againn le chéile. Ag an tús, d’airigh mé beagán míchompordach mar go raibh cleachtadh agam ar obair ar bhealach ar leith.  Bhí imní orm chomh maith faoi spás a fháil do na gníomhaíochtaí ealaíne nua ar fad i gcuraclam a bhí lán cheana féin.  Bhí amhras orm faoi mo chumas féin bheith mar rannpháirtí cumasach sa tionscadal toisc nach ealaíontóir mé.

Cé na léargais ón tionscadail ar fiú a roinnt? Ar athraigh aon rud mar gheall ar an tionscadal?

Tugadh aiseag beatha nua don fhoireann ar fad nuair a d’fhoghlaimíomar bealaí nua teagaisc. Úsáidimid anois frapaí chun scileanna teanga agus tuiscint leanaí ar scéal nó ar ghníomhaíocht ar leith a bhreisiú. D’fhoghlaimíomar chun an t-ualach oibre a roinnt i measc na foirne. Déanaimid am anois le machnamh a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí nuair a bhíonn siad thart. Pléimid na nithe dearfacha agus diúltacha agus ceistímid na bealaí ar féidir linn feabhsú nó rud éigin a sheachadadh nár oibrigh chomh maith sin ar bhealach difriúil an chéad uair eile. Taithí an-fhaisnéiseach agus dearfach is ea an machnamh seachtainiúil chun críoch a chur leis an tseachtain. Mar fhoireann, táimid níos oscailte do rudaí nua a thriail leis na leanaí. Tá a fhios againn go gcuireann an rud atá á dhéanamh againn leis an gcuraclam mar sin bímid níos muiníní faoin gcuraclam a sheachadadh. Níl faitíos orm rud éigin a thugann mo dhúshlán a dhéanamh.

Tuigim nach gá dom ‘tallann’ a bheith agam i gcúrsaí ealaíne ná ceol chun iad a úsáid sa seomra ranga. Tá mé sásta triail a bhaint as rudaí nua agus foghlaim i dteannta na leanaí. Ní chaithimid iomarca ama ar rud mura n-oibríonn sé i gceart, bogaimid ar aghaidh agus bainimid triail as lá eile le rud difriúil. Is é an chomhairle a bheadh agamsa leanúint leis an iarracht agus a bheith eachtrúil.  Níl tú riamh ró-shean le rud nua a fhoghlaim.

An tEalaíontóir Naomi Draper
Cé na gnéithe den tionscadal seo a chuir meangadh gáire ort? Cé na gnéithe den tionscadal seo a thug do dhúshlán?

Chuir an fáilte a fuaireamar gach uair ar thugamar cuairt meangadh gáire orm. Gach seachtain bhí atmaisféar sceitimíneach agus bíse romhainn ó na leanaí, a dtuismitheoirí agus ón bhfoireann. Bhí siad ag fanacht linn i gcónaí, bhí a fhios acu go rabhamar ag teacht.

I rith na cónaitheachta seo, mheas mé go raibh mé mar chuid den suíomh, cuid dá seachtain, cuid den fhoireann! Ceapaim gur tháinig sé seo ó láidreacht an chaidrimh a d’fhorbraíomar leis an bhfoireann a chuir an-fháilte romhainn, a chuir luach ar ár gcuid oibre agus a thacaigh linn. Bhí am againn chomh maith na naisc seo a bhunú, bhú am againn machnamh a dhéanamh le chéile agus nuair a bhíomar in ann a fheiceáil go raibh rud forbartha againn arbh fhiú a choinneáil, thug an oifig ealaíon níos mó ama dúinn chun na comhpháirtíochtaí seo a fhorbairt, le tacú lena chéile trí mhalartú foghlama comhroinnte, agus trínár gcomhpháirtíochtaí a leathnú ionas go mbeadh tuismitheoirí páirteach sa chéim rannpháirtíochta tuismitheora.
Ba dhúshlán a bhí inár gcur chuige i dtosach is dócha, mar gur ghlacamar seilbh ar gach cúinne den naíolann. Ach d’fhéadfá muinín a fheiceáil ag fás le gach cuairt agus de réir mar a tugadh ábhair nua nó spásanna malartacha nua isteach, níor theastaigh aon treoir, bhí na leanaí, an fhoireann agus na tuismitheoirí toilteanach spraoi, triail a bhaint as rudaí agus féachaint cá rachaidís. Bhí sé an-spreagúil féachaint ar mhuinín gach duine ag fás agus breathnú ar an gcaoi ar athraigh agus ar fhorbair ár gcleachtais.

Cé na léargais ón tionscadail ar fiú a roinnt? Ar athraigh aon rud mar gheall ar an tionscadal?

Chuir Jackie an uirlis mhachnamhach ORID faoinár mbráid a bhí ina uirlis thábhachtach chun machnamh agus athrú ríthábhachtach a dhéanamh. Bhí ról lárnach ag ORID chomh maith i bhforbairt ár gcaidrimh lena chéile. Chuir sé ar ár gcumas labhairt go hoscailte agus go macánta faoin méid a tharla agus a chonaiceamar. Chuir sé timpeallacht thacúil ar fáil dom le foghlaim agus chun tuiscint níos fearr a fhorbairt ar bheith ag obair sa chomhthéacs seo. Gné eile de mo chuid oibre a bhfuil suim agam a fhiosrú is ea na spásanna fisiciúla ina bhfuilimid. Cheadaigh an tréimhse chónaitheachta tosaigh den chlár AD dom tástáil agus scrúdú a dhéanamh ar chumas na spásanna i dtéarmaí foghlaim agus forbairt leanaí. Mar aon leis an bhfoireann, d’aimsíomar féidearthachtaí nua do spásanna nár úsáideadh cheana sa naíolann agus d’aimsíomar bealaí chun iad a ghníomhachtú agus a úsáid níos mó.

Spotsolas


Ealaíontóir(í):

Bhain Naomi Draper (Amharc-ealaín) Baitsiléir Dearaidh amach in NCAD le speisialtóireacht sa ghloine in 2007.  Tar éis clár Erasmus ag Acadamh na hEalaíne, na hAiltireachta agus an Dearaidh, Prág, fuair sí scoláireacht le freastal ar Scoil Gloine Pilchuck, Seattle. In 2011, chríochnaigh sí Dioplóma Iarchéime in Oideachas Ealaíona Pobail in NCAD. Ghlac Naomi páirt i roinnt cláir chónaitheachta i gcomhthéacs pobail agus oideachais. Le déanaí chríochnaigh sí Cónaitheacht LOCIS ag Cónaitheacht Botkyrka sa tSualainn.
“Trí mo chuid oibre tá suim curtha agam sna spásanna a thógaimid timpeall orainn féin agus an chaoi a bhfreagraímid do na timpeallachtaí ina bhfuilimid. Tá suim agam tuiscint a fhorbairt ar an tábhacht a bhíonn ag an timpeallacht agus ag a struchtúr ar fhorbairt, ar fhoghlaim agus ar chruthaitheacht linbh, ag déanamh scrúdú ar struchtúir, ar theorainneacha, ar shrianta agus ar chumais nua na spásanna a bhfuilimid mar chuid díobh. Tugaim faoi thionscadail a dhíríonn ar thurgnamhacht, ar spraoi agus ar phróiseas, ag ceadú do rannpháirtithe roghanna a dhéanamh agus cuireadh a thabhairt dóibh bheith mar chuid den chinnteoireacht a threoródh agus a stiúrfadh ár gcuid oibre le chéile.”

Tá Ard-Dioplóma in Oideachas Ealaíona Pobail ó NCAD, MA i Staidéar Comhionannais ó UCD, BA i Léann na Drámaíochta agus an Téatair agus Staidéar Comhshaoil ó Liverpool Hope University College ag Jackie Maguire (Ceol). Tá sí ina Comhalta Taighde in TCD, ina léachtóir le hOllscoil Mhá Nuad agus ina healaíontóir luathbhlianta.  Spreagann an cur chuige cáiliúil Colourstrings a cleachtas. Cé go n-oibríonn Jackie trí cheol den chuid is mó, spreagann a hoiliúint drámaíochta fhoirmiúil a cleachtas, a chuimsíonn sí mar ghné taibhithe ina modheolaíochtaí oibre. Áirítear i gcúlra Jackie os cionn 15 bliana de bheith ag obair le leanaí in Éirinn agus sa RA, os cionn cúig bliana taithí ag bainistiú naíolann pobail; agus fostaíocht mar Oifigeach Forbartha le Coiste Cúram Leanaí Fhine Gall.


Múinteoir(í):

Ros EO Community Childcare Based in Rush community Centre Main Street Rush, County Dublin, a happy and friendly pre-school for children aged 3-5years.

Little Learners Crèche is a community based childcare service operating in the catchment area of Mulhuddart, Dublin 15. Our aim is to provide a good quality, child centred, affordable local childcare service which will enable parents to avail of employment, training and education opportunities.

The service is provided to people irrespective of their economic religious or ethnic background. We are funded by the Irish Government under the Community Childcare Subvention Scheme and part-financed by the European Union Structural Funds under the National Development Plan 2007-2013. We are managed by a voluntary Management Committee.

Our team consists of five full-time qualified and trained staff, including the Manager and Senior Childcare Worker. The team also currently includes two part time Community Employment Workers and one Special Needs Assistant. We cater for children aged  between 1  and 5 years in our Wobblers, Toddler and Pre School rooms and can cater for up to 54 children in total. The service is open all year round and we offer full day and half day morning and afternoon sessions.


Eile:
(Coimeádaí, gníomhaireacht):

Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall – Ceanneagraíocht
Tá comhpháirtíochtaí iontacha bunaithe againn le go leor ealaíontóirí agus eagraíochtaí maithe, le blianta beaga anuas, a cheadaíonn dúinn ábhar an tionscadail agus modhanna seachadta a fhiosrú agus a athrú.   Tá torthaí iontacha feicthe againn nuair a tacaíodh le daoine oibriú ar bhealaí turgnamhacha.  Rinneadh tosaíocht do na Luathbhlianta in 2012 nuair a sheolamar ár gClár ‘Now We Are Ready To Start’ .  Ó shin, tá fás tagtha ar ár gClár Luathbhlianta agus anois tá Artful Dodgers agus féile ealaíon Space Invaders ann.   Táimid ag iarraidh níos mó deiseanna a thabhairt do leanaí óga agus dá gcaomhnóirí le teacht le chéile agus bheith páirteach i dtaithí ealaíonta ardchaighdeáin.   Bhí deiseanna Forbartha Gairmiúla Leanúnaí do mhúinteoirí bunscoile ina gcuid lárnach dár gclár oideachais ó 2008, agus is gné ríthábhachtach do dheiseanna Forbartha Gairmiúla Leanúnaí do mhúinteoirí luathbhlianta is ea Artful Dodgers 2013 agus cuireadh leis chun clár féile Space Invaders a chur ar fáil in 2014.  Táimid ag iarraidh cur leis an réimse tacaíochta seo.  Tugadh deis ag seimineár a reáchtáladh i rith Space Invaders 2015 chun cleachtais ealaíon luathbhlianta atá ag teacht chun cinn a roinnt agus a phlé le lucht éisteachta ina raibh acadóirí, múinteoirí, coimeádaithe, ealaíontóirí agus déantóirí beartais. Tá craobhacha an-dearfacha tagtha ón bplé seo agus táimid ag súil leis na comhráite seo a fhorbairt agus le tionscadail a thógáil i gcomhar le daoine eile go luath


Naomi Draper

Ealaíontóir(í)

Naomi Draper

Jackie Maguire

Ros Eo

Múinteoir(í)

Debbie Donnelly

Mary Farrell

Ash Ryan


Foirmeacha Ealaíne

Ceol & Fuaim

Na hAmharcealaíona

Leibhéal

Na luathbhlianta

Scoil/Grúpa

Ros Eo Community Childcare, Rush, Little Learners Community Crèche, Mulhuddart


Rannpháirtithe

100


Réigiún

Contae Bhaile Átha Cliath

Aois/Rang

3-5 years


Dátaí

September 2013 - Ongoing


Naisc


Ceannaireacht Ghníomhaireacht

Fingal County Council Arts Office


Príomhthéamaí / línte fiosrúcháin

Spás ealaíonta taiscéalaíoch, cruthaitheach agus spraíúil a chur ar fáil do leanaí le forbairt agus fás; Tionchar na rannpháirtíochta seo ar luathfhorbairt na leanaí a fhiosrú, le béim ar leith ar scileanna litearthachta agus uimhearthachta; Scrúdú a dhéanamh ar chumas Artful Dodgers mar shamhail chun cumas na n-oideachasóirí luathbhlianta a thógáil chun ceol agus amharc-ealaíona a leabú ina suíomhanna.


Snáitheanna Curaclaim

Aistear, Siolta


Taighde nó foilseacháin ábhartha

Tá an measúnú ar chéim a haon agus ar chéim a dó críochnaithe agus beidh sé ar fáil in alt acadúil atá le foilsiú. Tá measúnú ar chéim a trí ag dul ar aghaidh.



Tá stop curtha againn le gníomhaíochtaí grúpa ina ndéanann scór leanbh an rud céanna ó theimpléad.

Ash Ryan, Little Learners Community Crèche, Mulhuddart

'Colour' (c) Fingal County Council Arts Office

'Shadow Puppets' (c) Fingal County Council Arts Office

'Child and Light' (c) Fingal County Council Arts Office

'Line Drawing' (c) Fingal County Council Arts Office

Jackie with the children (c) Fingal County Council Arts Office

'Materials' (c) Fingal County Council Arts Office

'Another world within this one' (c) Fingal County Council Arts Office




Similar Projects

Room 13 (c) Fingal Arts Office

Room 13

Oibríonn daltaí ó Choláiste Bhríde i mBaile Bhlainséir leis an ealaíontóir Órla Kelly chun na healaíona agus scileanna fiontair a fháisceadh.

Read Article

Full concentration (c) Helen Barry

Learning About Learning

D’oibrigh an t-ealaíontóir, Helen Barry, le Naíonáin ag an mBunscoil Dhoiminiceach i nDún Laoghaire mar chuid de chónaitheacht Artist At Work.

Read Article