ENGLISH

NUACHTLITIR



Cad a dhéanann hEalaíona i gcleachtas Oideachas cuma mhaith? Léigh faoi na próisis agus comhpháirtíochtaí taobh thiar thionscadail reatha tarlú ar fud na hÉireann.


Learning About Learning


Full concentration (c) Helen Barry

Comhthéacs

Bunscoil chomhoideachais DEIS (an Roinn Oideachais agus Scileanna) í Dominican Primary School (DPS). Tá 18 ndalta i rang na Naíonán Sóisearach, agus tá dháréag díobh ag foghlaim Béarla mar theanga bhreise.  Tugann scoileanna DEIS aghaidh ar riachtanais oideachais leanaí agus daoine óga ó phobail faoi mhíbhuntáiste agus tugtar tús áite dóibh. Díríonn DPS ar oideachas an duine iomláin. Tá sé d’aidhm aici deiseanna a chur ar fáil do gach páiste chun a lánacmhainneacht a bhaint amach, ach réimse leathan deiseanna a thabhairt dóibh a fhorbraíonn a bhfás agus a bhféinmhuinín ina n-iomláine.

Tá an t-ealaíontóir Helen Barry lonnaithe sa scoil trí DLR Primary Arts de chuid Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin a thacaíonn le clár ealaíontóra chónaithe fhadtéarmach ina mbíonn 24 uair theagmhála thar thréimhse ceithre go cúig mhí. Leathnaíodh é seo tríd an gclár cónaithe Artist at Work i Leabharlann DLR LexIcon ina bhfuil Helen lonnaithe faoi láthair. Is féidir siúl chomh fada léi ón scoil agus tugann sé seo 14 uair theagmhála bhreise sa scoil agus i Seomra Tionscadail DLR LexIcon.

Achar Ama

Thosaigh an t-ealaíontóir i DPS i mí na Samhna 2014 agus leanfaidh sí ar aghaidh go dtí mí na Bealtaine nó mí an Mheithimh 2015. Casaimid le chéile go seachtainiúil sa scoil de ghnáth agus bíonn cuid de na seisiúin i DLR LexIcon.

Ár bhFís: Foghlaimímid trí dhéanamh agus foghlaimímid óna chéile. Úsáidtear cur chuige páistelárnach atá á threorú ag an bpáiste ina leith seo a leanas:

  • Scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi a bhfoghlaimíonn leanaí trí idirphlé cruthaitheach uirlisí oideolaíocha a úsáidtear sa seomra ranga agus cinn nua a shainaithint agus a chruthú.
  • Deis a thabhairt do pháistí réimse leathan ábhar agus teicnící ealaíne traidisiúnta agus neamhthraidisiúnta a úsáid den chéad uair agus iad ag fiosrú cé hiad féin agus céard atá sa domhan mórthimpeall orthu.
  • An fuinneamh, na breathnóireachtaí agus na smaointe a thabhairt le chéile chun saothar ealaíne a chruthú le chéile.

Taifead

Tacaíonn DLR Primary Arts le foghlaim, le breathnóireacht agus leis an taithí le blag. Cuirfidh na páistí, an t-ealaíontóir agus an múinteoir leis an mblag. Tabharfaimid cuireadh do dhaoine eile a dtuairimí faoin bpróiseas a thaifead agus an tionchar atá á imirt aige ar na páistí, ar an múinteoir/na múinteoirí agus ar an ealaíontóir trí phríomhoide na scoile, tuismitheoirí, múinteoirí agus foireann na leabharlainne agus na hoifige ealaíne. Táimid ag úsáid cur chuige ildisciplíneach agus beimid in ann caint ó bhéal, an focal scríofa, fuaimeanna agus íomhánna agus íomhánna gluaisteacha.

An Múinteoir

Mar mhúinteoir ranga i scoil DEIS airím go bhfuil sé tábhachtach páirt a ghlacadh agus oibriú i gcomhar le daoine eile san oideachas chun cuimsiú sóisialta a chur chun cinn do na páistí a mhúinim. Tá DLR Primary Arts (tionscadal cleachtóra chruthaithigh) agus ceardlanna Artist At Work le Helen ag cur taithí iontach a chuireann lena saol ar fáil do na páistí agus domsa mar mhúinteoir.  Tá saineolas Helen agus a léargas ealaíonta mar ealaíontóir tar éis mo dhearcadh féin faoin oideachas ealaíne a athrú, go háirithe sna luathbhlianta.

Braithim go bhfuil sé tábhachtach béim a leagan ar an líon mór páistí atá ag foghlaim Béarla mar theanga bhreise sa rang, a chruthaíonn dúshlán ann féin domsa mar mhúinteoir agus a chuireann frustrachas dá chuid féin ar an páistí.  Mar gheall ar an bpróiseas ealaíonta a bhaineann le gach seisiún, bíonn na páistí ar fad, beag beann ar a gcumas agus ar a gcúlra, in ann a smaointe féin a chur in iúl, comhoibriú agus cumarsáid a dhéanamh lena gcomhscoláirí agus le daoine fásta, agus a n-uathúlacht a chur in iúl i dtimpeallacht foghlama dhearfach.  Tá na seisiúin le Helen ag cur modh iontach cumarsáide ar fáil do na páistí agus ag laghdú a bhfrustrachas teanga ag an am céanna, a ligeann dá n-inniúlacht agus dá muinín fás agus forbairt.

Bíonn an úsáid a bhaineann Helen as prionsabail Aistear, a threoraíonn a cleachtas agus a seisiúin, páistelárnach agus á dtreorú ag na páistí go hiomlán. Comhtháthaítear an Litearthacht, OSPS agus teanga mhatamaiticiúil chomh maith le snáitheanna na nAmharc-ealaíon.

Na Páistí

Ba mhaith leo siúd a dtuairimí agus a dtaithí féin ar a n-obair ar na tionscadail a roinnt...

“Rinne mé féin agus Angeline caisleán,” Zhya, 5 bliana
“Is maith liom Leabharlann LexIcon mar go ndearnamar rudaí ann,” Holly, 5 bliana
“Bhí spraoi leis na tiúba, rinne mé droichead,” Amanda 5 bliana
“Bímid ag gearradh agus ag déanamh rudaí go minic,” Daivik, 4 bliana
“Is maith liom stuif a bhailiú agus rudaí a dhéanamh,” Alma, 5 bliana
“Bíonn Helen ag spraoi linn,” Brooke, 4 bliana.

An tEalaíontóir

WE ARE

I observe
I listen
I watch
I am open
I am inspired
We talk
We plan
We ask
We make
We are challenged
We are patient
We are open
We explore
We build
We stick
We poke
We cry
We laugh
We reflect
They argue
We learn
We support
We are creative
We give
We work
We struggle
We are honest
They are brutally honest
I am exhausted
We are energetic
We get more help
We are synergetic
We are content
We are inspired
WE ARE.

Helen Barry 2015

Dán é ‘We Are’ a léiríonn an méid a tharlaíonn le linn mo chleachtais chomhoibríoch agus tugann sé bunús na teanga a dhéanann an cur síos is fearr ar mo mhodheolaíocht. Tá mo mhodheolaíocht agus mo chur chuige i leith obair chomhoibríoch le páistí luathbhlianta cosúil le Aistear: Creatchuraclam na Luath-Óige. Táim tar éis an curaclam a léamh go forleathan freisin ag díriú ar shraith luath na bunscoile.  Creidim go bhfuil modheolaíocht agus cur i bhfeidhm an teagaisc sa seomra ranga ar aon dul leis an obair agus leis an bpróiseas a tharlaíonn i stiúideonna ealaíontóirí.

Táim ag foghlaim faoin bhfoghlaim, faoin gcaoi a bhfoghlaimímid, agus faoi céard a fhoghlaimímid. Thosaigh mé ag an tús agus táim ag foghlaim leis na páistí, is ise mo mhúinteoirse freisin. Éistim leis na páistí ag baint ciall as teanga trí fhótóinic. Fadú na bhfocal ar nós fly, cat, jump; cruthaíonn siad rithimí áille nuair a fhadaítear iad, agus socraíonn dordán ghuth na bpáistí a dtuin, nuair a choinnítear gach focal ar feadh nóiméad fadaithe. Ba é seo spreagadh an tsaothair atá á chruthú againn le chéile sa scoil agus i DLR LexIcon.

 

 

 

Spotsolas


Ealaíontóir(í):

Helen Barry

Amharc-ealaíontóir í Helen Barry a bhíonn páirteach i gcleachtas le páistí luathbhlianta. Iniúchann siad go leor de na téamaí agus smaointe ar a bhfuil Helen ag obair sa stiúideo i dteannta a chéile trí cheardlanna nuálacha atá páistelárnach. Dá bharr sin tugtar leibhéal ionraice, dúshlán agus spreagtha di a spreagann a hobair stiúideo agus í ag cruthú saothar nua uaillmhianacha leis na páistí.

Tá sí ag breathnú ar an gcaoi a mbíonn tuile agus trá an phróisis chomhoibríoch cosúil leis an rithim agus fuinneamh a theastaíonn chun saothar ealaíne a fhorbairt sa stiúideo ó cuirtear tús leis go gcuirtear an saothar i gcrích.

Tá os cionn 25 bliana taithí ag Helen ar bheith ag obair le páistí agus le daoine fásta trí na healaíona agus trí spraoi cruthaitheach. Spreag a creideamh go bhfuil an chruthaitheacht riachtanach d’fhorbairt oideolaíoch agus mhothúchánach an pháiste í le tionscnaimh éagsúla luathbhlianta a fhorbairt. Fuair Helen sparánacht DÓLO ón gComhairle Ealaíon chun tacú lena cuid oibre in 2013. Áirítear leis na tionscadail atá ar na bacáin forbairt cláir luathbhlianta agus teaghlaigh do sheó a léireoidh DLR LexIcon go luath, Matisse: Drawing With Scissors.

I See You, I Hear You(link)
Seilmide (link)
Practice.ie in 2014 (link)

Other recent residencies include the Muslim N.S. at the Islamic Centre in Clonskeagh and Artist At Work with dlr LexIcon with DLRCC arts office. (link)

www.helenbarry.com


Múinteoir(í):

Joanna McCallig

Is mise Joanna McCallig agus is múinteoir mé i Dominican Primary School i nDún Laoghaire ó 2005 i leith.

Bunscoil chomhoideachais í Dominican Primary School i ndeisceart Chontae Bhaile Átha Cliath. Táim ag múineadh ansin le naoi mbliana anuas. Múinim na Naíonáin Shóisearacha faoi láthair. Chuir mé Máistreacht san Oideachas i gcrích in 2010. Tá spéis ar leith agam in oideachas luathóige.


Eile:
(Coimeádaí, gníomhaireacht):

Dún Laoghaire-Rathdown County Council Arts Office

Chuir Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin tús leis an gClár Ealaíontóirí i Scoileanna i 1994.

Chuaigh an Oifig Ealaíon i gcomhpháirt le hIonad Oideachais na Carraige Duibhe in 2008 chun Clár DLR Primary Arts a sheachadadh ar fud an Chontae. Tacaíonn an Chomhairle Ealaíon leis an gclár seo.

Is é príomhchuspóir an chláir comhoibriú idir Cleachtóir Cruthaitheach gairmiúil (e.g. Damhsóir, Amharc-ealaíontóir, Ceoltóir nó Scríbhneoir) agus múinteoir agus rang bunscoile a éascú ionas go bhfiosrófar an chruthaitheacht sa seomra ranga trí fhoirmeacha éagsúla ealaíne.

Tá na seisiúin forbartha gairmiúla leis na múinteoirí rannpháirteacha a thugtar in Ionad Oideachais na Carraige Duibhe lárnach don chlár seo.

www.dlrprimaryarts.wordpress.com le haghaidh tuilleadh sonraí.


Helen Barry

Ealaíontóir(í)

Helen Barry

Joanna McCallig

Múinteoir(í)

Joanna McCallig


Foirmeacha Ealaíne

Na hAmharcealaíona

Leibhéal

Bhunscoile

Scoil/Grúpa

Dominican Primary School


Rannpháirtithe

18


Réigiún

Contae Bhaile Átha Cliath

Aois/Rang

4/5/6 bliana d’aois - Naíonáin Shóisearacha


Dátaí

Samhna 2014 -


Naisc


Ceannaireacht Ghníomhaireacht

Dun Laoghaire Rathdown Arts Office


Príomhthéamaí / línte fiosrúcháin

Scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi a bhfoghlaimíonn leanaí trí idirphlé cruthaitheach uirlisí oideolaíocha a úsáidtear sa seomra ranga agus cinn nua a shainaithint agus a chruthú.

Deis a thabhairt do pháistí réimse leathan ábhar agus teicnící ealaíne traidisiúnta agus neamhthraidisiúnta a úsáid den chéad uair agus iad ag fiosrú cé hiad féin agus céard atá sa domhan mórthimpeall orthu.

An fuinneamh, na breathnóireachtaí agus na smaointe a thabhairt le chéile chun saothar ealaíne a chruthú le chéile.


Snáitheanna Curaclaim

Cur chuige cosúil le Aistear: Creatchuraclam na Luath-Óige a úsáid chun cruthaitheacht a scrúdú, a nascann le go leor de shnáitheanna an churaclaim.


Taighde nó foilseacháin ábhartha

Aistear: Creatchuraclam na Luath-Óige (CNCM)



I believe that the teaching methodology and application in the classroom runs parallel to the work and process that happens in the artists’ studio. I am learning about learning, how we learn and what we learn.

Helen Barry, an ealaíontóir

Very focused (c) Helen Barry

How to construct (c) Helen Barry

Cut & Drawing (c) Helen Barry

Drawing wall (c) Helen Barry

Sticking (c) Helen Barry

Measuring (c) Helen Barry