ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 4 – Anna Newell, Amharclannóirí do na Luathbhlianta agus do Leanaí ag a bhfuil Riachtanais Chasta


Image credit: Anna Newell

Creidiúint na híomhá: Anna Newell

Anna Newell
Creidiúint na híomhá – El Porter McCullough

Anna Newell ar dhuine de phríomhamharclannóirí na hÉireann do luchtanna féachana óga agus cruthaíonn sí eachtraí faoi leith amharclainne do leanaí, do na luathbhlianta agus do pháistí/daoine óga a bhfuil riachtanais chasta acu.

Chruthaigh sí an chéad BabyDay riamh ar domhan, thug sí amharclannaíocht do pháistí agus daoine óga a bhfuil deacrachtaí troma agus iomadúla foghlama acu isteach go hÉirinn, agus chabhraigh sí le hamharclann do leanaí a thosú san Afraic Theas.  Cuireadh a cuid saothar do luchtanna féachana Luathbhlianta ar fáil ar shé mhór-roinn.

Is iad luchtanna féachana na seónna atá mar bhonn agus mar inspioráid leo ag gach ceann de chéimeanna a gcruthaithe agus tá nasc daonna i gcroí na léirithe.​

Buaiteoir an Tonic Theatre Award 2017 - do “mhná a bhfuil an amharclannaíocht á hathrú ó bhonn acu”

Iomaitheoir i mbabhta ceannais an Ella Stewart Award 2016 - “d’amharclannóirí a bhfuil a gcuid oibre le/do dhaoine óga i ndiaidh tionchar ollmhór sóisialta a bheith aici”.



Agus Anois....?

D’imir na heachtraí nach rabhthas ag súil leo a cruthaíodh mar gheall go raibh orainn athchruthú, athshamhlú agus bealaí a aimsiú le hathnascadh lenár luchtanna féachana le linn na tréimhse seo a raibh fad agus scaradh i gceist léi, d’imir siar tionchar ollmhór orm.

Ba léir, i gcás cuid dár lucht féachana, gurbh é an rud a d'oibrigh dóibh i ndáiríre ná seónna a thabhairt go díreach chuig an áit a raibh siad, rud a thug solúbthacht na seónna go leibhéal iomlán nua.

Mar sin, i mbliana, agus inspioráid faighte agam ón aistear agus ón eolas sin, tá seó nua is féidir a léiriú áit ar bith agus dar teideal SWEET DREAMS ARE MADE OF THIS á chruthú agam. I ngairdín, timpeall leaba ospidéil, taobh amuigh de scoil, in ospís – áit ar bith a n-oireann dár lucht féachana. Is éard a bheidh ann, seó fíorbheag pearsanta nach mbeidh i gceist leis ach beirt taibheoirí, fuaimrian séimh draíochtúil, agus feistis áille a dhear an dearthóir faisin Éireannach atá ar thús cadhnaíochta, Rebecca Marsden. Oibríonn Rebecca le teicfaisean freagrúil is féidir a chaitheamh – feistis a lasann mar gheall ar an nasc a dhéanann muid lenár lucht féachana, feistis a dhéanann ní iontach de ghnáthspás. Tá Oifig Ealaíon Chill Mhantáin ag maoiniú na forbartha seo agus cuirfear ar siúl é i mí Iúil agus Meán Fómhair na bliana seo i gcomhairliúchán cruthaitheach le St Catherine’s School, teaghlaigh Chill Mhantáin agus le St Catherine’s Hospice. Le cúnamh Dé beidh camchuairt níos faide i gceist do mo Network For Extraordinary Audiences náisiúnta mar thoradh air seo an bhliain seo chugainn

Agus i láthair na huaire, táimid sa tríú seachtain de chamchuairt 8-seachtaine GROOVE – tarlú réchúiseach faoi anáil na 70idí do pháistí agus daoine óga a bhfuil riachtanais chasta acu, lán le físeáin thumthacha agus comhcheol beo. Agus maisc aghaidhe orainn ar ndóigh.

Is iontach an comhtharlú do GROOVE (a cruthaíodh in 2019 freisin, agus roimh an bpaindéim, mar sin) é go bhfuil amharcghné chomh mór sin ann – fiú agus taobh amháin den phuball in easnamh ar mhaithe le haerú dóthanach a éascú – go bhfuil an meascán d’fhísealaín thumthach agus amhránaíocht bheo le tionlacan a dhéanamh le fuaimrian draíochtúil chomh saibhir sin go bhfuil fuinneamh agus láithreacht aige a bhfuil instinniúlacht ag baint leis, cé nach dtagann sé in áit na ngnáthroghanna tadhlacha a d’fhéadfaimis a chur ar fáil.

Táim i ndiaidh a bheith ag rá gur ‘tarlú’ é GROOVE – is cuimhin liom an sainmhíniú atá ar tharlú na 60/70idí a léamh – go bunúsach, baineann sé le timpeallacht atá á cruthú agus braitheann a dtarlaíonn ina dhiaidh sin go hiomlán ar na daoine a thagann agus ar na rudaí a thugann siad leo.  Sin an spás agus an eachtra a theastaigh uaim a chruthú do GROOVE le mo lucht féachana.

Tá súil agam, mura miste an focal, go n-éireoidh linn na hocht seachtaine timpeall na tíre a chur i gcrích.  Táim an-bhuíoch as gach lá agus don fháilte ollmhór atá na scoileanna i ndiaidh a chur romhainn agus a leanann siad orthu ag cur romhainn sa bhliain is deacra, is dócha, a bhí acu riamh. Is iontach na luchtanna féachana iad.

San ocht mhí dhéag dheireanacha seo, is é an chumhacht a bhíonn ag naisc dhaonna atá i ndiaidh a bheith mar réalta sholais agam, agus is mar gheall air sin, agus ar mo chuid luchtanna féachana, a leanaim liom agus muid ag bogadh ar aghaidh chomh maith agus is féidir linn.

https://youtu.be/0xCdjsQLCfM

Foilsithe

24/5/2021

Foirmeacha Ealaíne

Amharclann

Leibhéal

Na luathbhlianta

Réigiún

Ar fud na tíre