ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blog 2 – Third Class Pupils, Scoil Mhichil Naofa, Co. Kildare


nature in danger - Third Class Pupils, Scoil Mhichil Naofa, Co. Kildare

Third Class Pupils, Scoil Mhichil Naofa, Co. Kildare

Scríobh 14 dhalta ó rang a trí i Scoil Mhichíl Naofa, Baile Átha Í, Co. Chill Dara na blagphóstálacha seo a leanas. Bhí siad ag glacadh páirt i dtionscadal Comhpháirtíochta Múinteoir-Ealaíontóir (TAP) ó Mhárta 2021 le cúnamh ón ealaíontóir Tunde Toth agus óna múinteoir ranga Ms. Hourigan. Is é ‘Áit’ téama a dtionscadail agus tá siad ag díriú ar an dúlra agus ar an timpeallacht áitiúil. Tá na daltaí ar bís a ndearcadh ar an gcaoi a bhfuil ag éirí leo a roinnt libh. Go raibh maith agaibh agus tá súil againn go mbainfidh sibh taitneamh as!

 

Tá an tionscadal ar cheann de bhuaiteoirí Dhámhachtain Doiciméadaithe na Tairsí 2021, breathnaigh ar an bhfíseán faisnéise anseo. 




Ba phlé a chuir tús lenár dtionscadal.

Le linn an chéad seisiúin a bhí againn lenár n-ealaíontóir i bpearsa, rinne muid plé ar chúrsaí dúlra agus ar an bportach go príomha. D’fhoghlaim muid faoi chaonach móna. Tá an caonach móna go maith don timpeallacht mar go dtugann sé ocsaigin dúinn. Bunaithe ar an bplé seo, dhírigh muid isteach ar chúrsaí dúlra dár dtionscadal.

Thug Tunde leabhrán dúinn a mbeadh muid in ann cur leis i gcaitheamh an tionscadail.  Sa leabhrán seo, tharraing muid an áit nó an rud is fearr linn ó thaobh an dúlra de. Tharraing go leor de na páistí coillte, foraoisí, crainn, aibhneacha, láithreacha campála agus easanna. Tháinig muid ar an gcéad dúshlán le linn an tseisiúin seo mar nach raibh cead againn scriosáin a úsáid. Bhain castacht leis seo mar, dá ndéanfá botún, níorbh fhéidir fáil réidh leis mar sin chaithfeá tarraingt os a chionn nó rud éigin eile a dhéanamh de.

Tar éis dúinn ár n-áit dúlra a tharraingt, scríobh muid 3 fhocal le cur síos uirthi.

Bhí plé againn ar an dúlra atá i mbaol. Faraor, bhí muid in ann smaoineamh ar go leor áiteanna agus rudaí sa dúlra atá i mbaol nó i gcontúirt.

Seo a leanas cuid dár smaointe:

  • Dífhoraoisiú: crainn á mbaint.
  • Ró-iascaireacht: go díreach an rud a thuigfeá ón ainm.
  • Truailliú: nuair a chaitear bruscar sa timpeallacht.
  • Tinte foraoise: go háirithe na tinte foraoise san Astráil le gairid
  • Fiach ainmhithe mar fhoinse bia nó mar spórt

Tharraing muid pictiúr den dúlra i mbaol inár leabhrán. Ansin, roghnaigh agus scríobh muid trí fhocal le cur síos ar a raibh tarraingthe againn.

Rinne muid póstaeir faoin dúlra i mbaol. D’úsáid muid ár gcuid scileanna scríbhneoireachta le dul i bhfeidhm ar dhaoine agus iad a spreagadh chun áiteanna agus rudaí sa dúlra a shábháil.

Thaitin sé linn ár leabhráin dúlra a dhéanamh mar go raibh saoirse againn sa mhéid a tharraing muid. Bhí sé spraíúil a bheith ag dathú agus ag tarraingt sna leabhráin.

Postáil le Caoimhe, Igor agus Fabian.

Nature in Danger Poster - Third Class Pupils, Scoil Mhichil Naofa, Co. Kildare

Foilsithe

21/7/2021