Caolaigh de réir réigiúin
Caolaigh le Foirm Ealaíne
Caolaigh le leibhéal na Scoile
Tionscadal Staire 100 Bliain – Leanaí ina dtaighdeoirí
Tionscadal comórtha cruthaitheach is ea an tionscadal staire 100 bliain ina bhfuil leanaí agus múinteoirí as 10 scoil in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann ag glacadh páirt i nDeich mBliana na gCuimhneachán, trí ghníomhaíocht taighde agus trí ghníomhaíocht chruthaitheach a dhéanamh i dteannta le healaíontóir gairmiúil agus scríbhneoir gairmiúil. Tá an tionscadal déanta i gcéimeanna chun taighde faoi stiúir na leanaí a chuimsiú, ag féachaint ar eachtraí polaitiúla i gcoitinne an deich mbliana 1912-22 ó thaobh na staire áitiúla agus stair mhuintire.
Seolfar an foilseachán Stair 100 Bliain i Meán Fómhair 2016.
Is é sprioc an tionscadail:
- Tacú le bealach oibre ina bhfuil leanaí páirteach agus iad ina dtaighdeoirí gníomhaíochta laistigh dá bpobal féin agus a thugann aitheantas do luach na n-ealaíon chun constaicí cultúir a shárú.
- Foilseachán leabhar comórtha ar leith a dhéanamh chun oidhreacht a chur ar fáil a chuireann cuimsiú leanaí i gcomóradh, agus cumhacht ghuth an linbh chun cinn chun aghaidh a thabhairt ar thuiscintí daoine fásta.
- Aird na leanaí a dhíriú ar dheich mbliana na gcuimhneachán, trí thaighde faoi stiúir na leanaí agus trí ghníomhaíocht chruthaitheach in éineacht le healaíontóir gairmiúil agus scríbhneoir gairmiúil a bheith ann.
- Miotais agus tuiscintí a bhfuil glacadh leo go forleathan a cheistiú faoi imeachtaí staire ó 1912-22, agus an cultúr ciúnais a bhaineann leis na himeachtaí sin a bhriseadh.
Cé a bhí páirteach ann?
Tá an tionscadal faoi bhainistiú Chomhpháirtíocht Foilsitheoireachta Kids’ Own agus i gceannas air, i gcomhar le hIonad Oideachais Chill Chainnigh, Ionad Oideachais na Carraige Duibhe, Ionad Oideachais Bhaile Átha Cliath Thiar, Ionad Oideachais Luimnigh, agus Bord Oideachais agus Leabharlann Bhéal Feirste. Tá 10 mbunscoil ó thuaidh agus ó dheas d’Éirinn i gceist a oibríonn in éineacht le Ann Donnelly, ealaíontóir agus Mary Branley, scríbhneoir. Tá an tionscadal maoinithe ag Ciste Athmhuintearais na Roinne Gnóthaí Eachtracha.
I measc an 12 bhunscoil bhí;
- Scoil Náisiúnta Pholl na bhFia Thiar, Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe
- Scoil Náisiúnta Leathaí, Dún Geanainn, Co. Thír Eoghain
- Scoil Náisiúnta Inse Chór, Baile Átha Cliath 10
- Hazelwood Integrated PS, Béal Feirste
- Scoil Náisiúnta Lios na Fuinseann, Caisleán an Chomair, Co. Chill Chainnigh
- Gaelscoil na bhFál, Bóthar na bhFál, Béal Feirste
- Scoil Náisiúnta an Choinicéir, Old Pallas, Co. Luimnigh
- Holy Rosary Primary School, Béal Feirste
- Scoil Náisiúnta Naomh Iósaf do Bhuachaillí, Carraig Mhachaire Rois, Co. Mhuineacháin
- Scoil Náisiúnta Naomh Bríd, Baile Átha Cliath 4
Cén chaoi ar thosaigh tú?
Thosaigh céim a haon den tionscadal le céad chruinniú múinteoirí, ina raibh múinteoirí ó scoileanna, ó thuaidh agus ó dheas, Ann Donnelly, ealaíontóir & Mary Branley, scríbhneoir, agus ionadaithe ó eagraíochtaí comhpháirtíochta ann. Ba é aidhm an chruinnithe spás a chur ar fáil do mhúinteoirí a bhí rannpháirteach sa tionscadal le teacht le chéile chun an tionscadal a phlé agus chun é a phleanáil.
Léirigh an t-aiseolas ó na múinteoirí ar an lá a sceitimíní faoin tionscadal, chomh maith lena bhfaitíos agus lena n-imní, ó thaobh tacaíocht a thabhairt do na leanaí le próiseas taighde agus a bheith ar an eolas faoin gcéadfacht pholaitiúil a bhí i gceist;
“Ní mhúintear ach stair na Breataine do na daltaí i mo scoil. Táim ar bís faoi chuid de stair Thuaisceart Éireann a mhúineadh do na leanaí, go háirithe laistigh dá gceantar féin. Foghlaimíonn leanaí an-chuid faoi stair na Breataine ach níor thug siad cuairt ar shuíomhanna na n-eachtraí staire seo. Agus iad ag foghlaim faoina stair áitiúil féadfaidh leanaí comparáid a dhéanamh idir an t-am sin agus an t-am i láthair.
“Bhí mothú dearfach ann de scoileanna a bheith ag obair le chéile mar chuid de ghrúpa, agus cúnamh ó scríbhneoir agus ó ealaíontóir acu.”
“Timpeallacht atá lán le stair atá thart ar ár scoil in Inse Chór/ Cill Mhaighneann. Táim ar bís tús a chur leis an tionscadal agus chun féachaint ar, 1. Cén léamh atá ag na leanaí ar na heachtraí a phléitear, agus 2. Conas a fhéadfar é a nascadh le stair phearsanta/ áitiúil, agus conas a fhéadfar é a chur i gcomparáid lena dtaithí ar an domhan sa lá atá inniu ann – dearcadh na súile soineanta.”
Cén chaoi ar forbraíodh na smaointe agus cén chaoi ar oibrigh na daoine óga, an t-ealaíontóir agus an múinteoir le chéile?
Ní bhaineann an obair seo leis na fíricí agus leis na scéalta a nochtadh amháin, cé go bhfuil roinnt acu thar a bheith spéisiúil agus tá fiúntas leo: thar aon cheo eile, ba ghá an tionscadal a bheith faoi stiúir na leanaí. Bhí seiftiúlacht an-mhór ag teastáil ó gach duine a raibh baint aige leis, ós rud é gur minic nach mbíonn an t-ábhar ar fáil ar bhealach a bhfuil sé éasca teacht air, go háirithe i gcás leanaí níos óige nó ina gcás siúd arb é an Béarla an dara teanga acu. Ba é ról an scríbhneora agus an ealaíontóra ná tacú leis na leanaí agus leis na múinteoirí lena gcuid taighde, agus iad a spreagadh chun dul isteach níos doimhne sa stair áitiúil agus i stair a muintire.
Mary Branley, Scríbhneoir
Rinne na leanaí taighde ar an bhfíoreolas staire trí mhodhanna agus foinsí éagsúla a úsáid. In dhá scoil go dtí seo dhírigh an rang ar fad ar eachtraí a bhain le háit, i.e. Frithdhúnadh 1913 i mBóthar Haddington Bhaile Átha Cliath, Lámhach Chluain Eois i 1922 (ina bhfuil ról mór ag an teorainn a bunaíodh le déanaí ann), agus teacht dhídeanaithe na Beilge i Muineachán, i gCarraig Mhachaire Rois. Agus na scéalta seo á n-ullmhú le foilsiú, d’oibrigh an leanbh, an múinteoir, an t-ealaíontóir agus an scríbhneoir le chéile chun an scéal a insint ó bhéal, thras-scríobh an scríbhneoir an scéal, thugamar spléachadh eile ar an scéal ar mhaithe le cruinneas, críochnúlacht, tuilleadh sonraí agus comhthéacs. A luaithe agus a thángthas ar chomhréiteach faoin scéal scríofa, roghnaigh na leanaí na híomhánna nó na gnéithe den scéal ar theastaigh uatha léaráidí a dhéanamh díobh. Chiallaigh an cineál comhoibre seo gur baineadh leibhéal níos airde eolais amach, agus gur roinneadh é, agus gur baineadh leibhéal ard úinéireachta amach i gcás téacs agus léaráidí araon. Ba é ról na ndaoine fásta tacú leis na leanaí lena ngné den scéal, in áit na leanaí a threorú i dtreo ar leith.
Dalta ó Scoil Náisiúnta Naomh Iósaf do bhuachaillí, Carraig Mhachaire Rois
“Bhí an chuid obair i gceist idir taighde a dhéanamh, an t-idirlíon agus na leabhair a chuardach agus líníochtaí a dhéanamh. Ba cheart go mbeadh sé iontach ar fad ag an deireadh chun féachaint ar an méid a rinne na gasúir eile”.
Daltaí ó Ghaelscoil na bhFál, Béal Feirste
“Shiúlamar ón scoil go dtí Reilig na Cathrach suas Bóthar na bhFál. Thóg sé cúig nóiméad orainn. Reilig an-sean is ea é. Chonaiceamar uaigheanna ó 1789. Bhí orainn dul go dtí na geataí móra ar dtús a bhfuil dealbha ar an dá thaobh den bhalla ann, d’fhanamar ar an gconair chun teacht ar na huaigheanna.
Ba é buaic an lae dul trí sceacha chun a fháil amach cén uaigh a bhí ann. Chrom duine éigin air chun féitheacha eidhneáin a tharraingt siar ón leac uaighe. Chonaiceamar uaigh atá ann le breis is 200 bliain.
Thángamar ar uaigh Bhíocunta Perrie chomh maith. Bhí sé i bhfeighil ar Harland agus Wolf le linn thógáil an Titanic”
Cé na gnéithe den tionscadal seo a chuir meangadh gáire ort? Cé na gnéithe den tionscadal seo a thug do dhúshlán?
Ann Donnelly, Ealaíontóir
Bhí díograis na leanaí iontach i ngach scoil, thaitin sé liom na fíor-rudaí agus na fíorghrianghraif a fheiceáil, chuir siad siúd beocht sa rud dom féin. Agus thaitin sé liom nuair a chuala mé faoi rud a tharla díreach timpeall an chúinne, agus na sárscéalta agus na sársmaointe a chloisteáil. Fuair Louis as Cill Chainnigh amach ó staraí ar cuairt gurbh í a sheanaintín an chéad bhean a thiomáin carr armúrtha. D’inis leanaí ón rang i Luimneach dom faoi luíocháin ceannaircigh a tharla cúpla páirc ón áit agus faoi sheanaintíní a lámhachadh cóngarach do Lublin sa Pholainn as bheith ina mbrathadóirí de chuid na Gearmáine. Ba mhór an dúshlán dom a chinntiú nach scuabfaí na gearrscéalta iontacha seo as an mbealach faoi shnáithe mhór thábhachtach scéalaíochta.
Mary Branley, Scríbhneoir
Bíonn cuairteanna scoile iontach i gcónaí agus tá sé d'ádh orm gur cuireadh fáilte romhainn cibé áit a chuamar. Ba mhór an spóirt é bualadh le leanaí aonair a fuair amach faoi shaol a sin-seantuismitheoirí, nó daoine muinteartha eile, agus a chuir a n-iontas in iúl faoi bheith ag féachaint ar dhéantáin, ar nós grianghraf, litreacha ó dhíoga Chogadh Domhanda 1 agus paca cártaí imeartha i mbosca álainn fiú. Tugadh an stair chun beatha chun ceangail a dhéanamh le daoine muinteartha, i roinnt cásanna a raibh na hainmneacha céanna orthu agus a bhí orthu siúd nó d’aithneofá as a chéile go soiléir iad.
Ba mhór an dúshlán ceisteanna íogaire na staire féin dúinn, idir bhunú Phoblacht na hÉireann agus bhunú Thuaisceart Éireann. Mar a mhínigh múinteoir amháin “Ní hí an fhírinne amháin atá i gceist sa stair, ach dearcthaí ar na scéalta céanna, ag brath ar d’fhoinsí. Tá tuairimí agus breithiúnais ar na fíricí sin a bhfuil a rian ann sa lá atá inniu ann. Is deacair do leanaí é sin a thuiscint, ach is cuid den phróiseas foghlama iad a gcuid dearcthaí chomh maith.” Ní mór dúinn bheith ar an airdeall faoi cheapa tuisle doicheallacha simplí inste, is nithe iad a choinníonn an status quo ag imeacht go bunúsach. Ní théann siad níos doimhne isteach sna castachtaí a bhaineann le saincheisteanna a d’fhéadfadh a chur faoi deara dúinn, ár ndearcthaí monachultúir féin a cheistiú. Ní raibh am níos fearr ann chun an t-am atá thart a fhiosrú, agus an iliomad foinsí éagsúla atá le fáil anois.
Linda O’Sullivan, múinteoir
“Braithim go bhfuil na leanaí i ndiaidh acmhainn iontach a fhorbairt faoin mbealach a bhféadfaí an stair a thabhairt faoi deara láithreach agus í a thabhairt chun beatha dóibh ón tionscadal seo”.
Cé na léargais ón tionscadail ar fiú a roinnt?
Mary Branley, Scríbhneoir
Rinne Winston Churchill cur síos cáiliúil ar an stair, mar “diabhal de rud amháin sa mhullach ar rud eile.” Tá sé sin fíor agus tá sé sin an-chontráilte chomh maith. Is fíricí iad fíricí, ach níl siad ann leo féin, ar nós suimeanna beaga slachtmhara, amhail 2+2=4. Tá cúiseanna, iarmhairtí, rudaí uafásacha, agus tuilleadh díoltais ann i scéal fada leanúnach cumhachta agus polaitíochta. Ansin tá na gnáthdhaoine ann atá tarraingthe isteach i dtroideanna ar son comhionannais, cearta daonna, córa agus an mhian saol suaimhneach a chaitheamh. Ní haon dóithín é do leanaí an cúram seo a láimhseáil. Ach is fiú go mór é chun an deis a thabhairt do leanaí ceangal a dhéanamh leis an am atá thart agus ciall a bhaint as.
Dalta ó Scoil Náisiúnta Naomh Iósaf do bhuachaillí, Carraig Mhachaire Rois
“Bhí cófra rudaí faoi PJ Cassidy ag mo sheanathair. Bhí sceitimíní orm faoi ós rud é go raibh duine éigin sa mhuintir s’againne in ócáid chomh tábhachtach sin agus bhí an fíor-rud agam a bhí ann 100 bliain ó shin chun a thaispeáint do na buachaillí i mo rang”.
Spotsolas
Ealaíontóir(í):
Mary Branley has been a writer and facilitator with Kids’ Own since 2001. Recent book projects include the 100-year history project (2016), The Kindness Project (2015) the Transition Project (2014), supporting young children in the transition to primary school and Through the Eyes of Traveller Children (2014) with Traveller children from Dungarvan. In 2015 she was awarded an Arts Council Young People, Children & Education Bursary. In 2013, Rebellion in the Village, a collaboration between Mary and 11 and 12 year old Sligo school children was the first novel to be published by Kids’ Own.
Ann Donnelly is a Northern Irish artist working mainly with video and photography, often in response to a sense of place. In both solo practice and collaborative projects, she explores themes of being and belonging and her work has been exhibited internationally.
Múinteoir(í):
David Burgess - Hazelwood Integrated Primary School, Belfast
Sarah Campbell - Holy Rosary Primary School, Belfast
Siobhán Coleman - Laghey Primary School, Dungannon, Co. Tyrone
Conor Doyle - Lisnafunchin National School, Castlecomer, Co. Kilkenny
Una-Meabh Herron - Gaelscoil na Bhfal, Belfast
Gemma Kenny - Inchicore National School, Dublin 8
Natalie Leydon - St Brigid's NS, Haddington Road, Dublin 4
Bernie McCarron - Hazelwood Integrated Primary School, Belfast
Shane McDonagh - Northampton NS, Kinvara, Co. Galway
Catherine McParland - Gaelscoil na Bhfal, Belfast
Linda O'Sullivan - St Joseph's Boys NS, Carrickmacross, Co. Monaghan
Eile:
(Coimeádaí, gníomhaireacht):
Kids' Own Publishing Partnership
Kids’ Own is a children’s arts organisation and publishing house dedicated to providing opportunities for children to develop their own individual creative expression through collaborative artistic processes alongside professional artists. Kids’ Own’s vision is for a society that truly values the arts in the lives of all children and recognises children as strong readers, writers, thinkers and creators; and its mission is to promote and make visible the innate creative capabilities of all children in Ireland.
Ealaíontóir(í)
Mary Branley
Ann Donnelly
Múinteoir(í)
Conor Doyle
Shane McDonagh
Bernie McCarron
Una-Meabh Herron
Foirmeacha Ealaíne
Leibhéal
Scoil/Grúpa
St Joseph’s Boys NS, Carrickmacross, Co. Monaghan, Northhampton NS, Kinvara, Co. Galway, Hazelwood Integrated Primary School, Belfast, Gaelscoil na Bhfal, Belfast
Rannpháirtithe
250 children (10 schools)
Réigiún
Aois/Rang
7-12 years, 3rd-6th Class (P4-P7)
Dátaí
October 2014 - Sept 2016
Naisc
Ceannaireacht Ghníomhaireacht
Kids’ Own Publishing Partnership
Comhpháirtithe eile
Department of Foreign Affairs Reconciliation Fund
"History is not just fact, but perspectives on the same stories, depending on your sources. Then there are opinions and judgments on the facts which we are living with to this day. It's not easy for children to understand this, but their perspectives are also part of the learning process."
Similar Projects
Virtually There
Artist Vanya Lambrecht Ward collaborates with children from Ardfert National School, Tralee, via video conferencing technology.