ENGLISH

NUACHTLITIR



Cad a dhéanann hEalaíona i gcleachtas Oideachas cuma mhaith? Léigh faoi na próisis agus comhpháirtíochtaí taobh thiar thionscadail reatha tarlú ar fud na hÉireann.


ABC of the Three Muses – Músaem Fíorúil


Mozilla Hibs Exhibition

Féach siar ar an bplé le Comhordaitheoir Rannpháirtíochta Pobail Adam Stoneman, le Comhordaitheoir Oideachais Mhúsaem Hunt, Hannah Bloom agus le hEalaíontóir Jo-Anne Hine mar chuid d’Imeachtaí Réigiúnacha Thairseach 2021.

Féach ar an bplé anseo.

Inis scéal do thionscadail dúinn – Céard a spreag é? Cad faoi é? Cé a bhí páirteach ann? Cén chaoi ar thosaigh tú?

Jo-Anne Hine, Ealaíontóir

Conas a sháraíonn tú dúshláin na dianghlasála chun eispéiris chruthaitheacha a thabhairt chuig páistí scoile agus a chur ar a gcumas ceangal a bhrath le músaeim agus le gailearaithe?

Ag deireadh na bliana 2020, d’ainneoin deacrachtaí an tsaoil le linn dianghlasála, chuaigh páistí ó thrí scoil i Luimneach agus a gcuid múinteoirí i ngleic go cruthaitheach le bailiúcháin músaem, agus chruthaíodar saothair ealaíne dá músaeim fhíorúla féin. Slí ab ea an tionscadal nuálach seo ina bhféadfadh scoileanna comhoibriú le bailiúcháin músaem agus rochtain a bheith acu orthu. Thug sé deis do pháistí dul i ngleic leis na trí bhailiúchán suntasacha i Luimneach ag am a raibh institiúidí oidhreacht chultúrtha agus ealaíon dúnta agus a raibh teorainn á chur ag scoileanna le líon na gcuairteanna ón taobh amuigh ar mhaithe lena bpobail a chosaint.

Mar thúsphointe le haghaidh ABC of The Three Muses, ghlac mé le sainmhíniú ABC mar ‘na fíricí is bunúsaí nó is tábhachtaí a bhain le hábhar ar leith’. Ba tosach an Earraigh a bhí anseo nuair a bhí taitneamh á bhaint againn as sos gairid ón víreas. Tháinig srianta agus dianghlasáil ina dhiaidh sin. Ba le cur chuige nua, agus mé faoi choimirce na cinniúna, a chruthaigh mé ceardlanna a bhféadfadh múinteoirí a sheachadadh ina seomraí ranga.

Chuir ABC of the Three Muses páistí i ngleic le trí bhailiúchán músaeim ar leith i dtrí slí éagsúil, a chuir eispéiris foghlama ar fáil a bhí chomh fíréanta agus a bhféadfaidís a bheith agus na coinníollacha mar a bhí. Thug na páistí freagairt chruthaitheach ar mhacasamhail phriontáilte de shaothair ealaíne ó Ghailearaí Ealaíne Chathair Luimnigh, ar mhacasamhail dhigiteacha 3T de dhéantáin ó Mhúsaem Hunt, agus bosca fíordhéantán ar iasacht a bhí ar iasacht ó Mhúsaem Luimnigh, a bhféadfadh na páistí breathnú orthu, baint leo agus líníochtaí a dhéanamh dóibh.

I slite áirithe, bhí eispéireas níos saibhre ag na páistí ná mar a bheadh faoi ghnáthchoinníollacha. Chuir tréimhse ama sínte an tionscadail, thar chaitheamh téarma iomlán, le hinfheistíocht shuntasach gach rang, rud a chruthaigh timpeallacht shaibhir ina bhféadfaí foghlaim agus cognaíocht mhion a dhéanamh. Mar thoradh air seo, d’ainneoin dúnadh na músaeim agus na ngailearaithe, mhéadaigh braistint rochtana agus úinéireachta na bpáistí ar oidhreacht chultúrtha Luimnigh (a n-oidhreacht chultúrtha féin). Baineadh an méid seo amach trí sheit ceachtanna i stíl cheardlainne, ar déanadh machnamh ar an struchtúr a bhí orthu, a thug cuireadh do pháistí agus dá múinteoirí na fíricí a bhain le déantáin cultúrtha agus stairiúla agus le húinéireacht a chíoradh, a mbeadh cruthú músaem créatúir hibrideacha a d’fhéadfadh maireachtáil i Luimneach sa todhchaí mar cheann scríbe leis

Bíodh agus go raibh amharc-ealaíon agus smaointeoireacht chriticiúil agus chruthaitheach chun cinn, chuir na ceachtanna i stíl ceardlainne agus na hacmhainní naisc shaibhre le réimsí curaclaim eile, ar nós Béarla agus Stair, ar fáil a bhféadfadh múinteoirí tógáil orthu ina gceachtanna. Mar shampla, i measc na rudaí a bhí sa bhosca déantán a bhí ar iasacht ó Mhúsaem Luimnigh bhí camán a d’úsáid imreoir cáiliúil ó Luimneach i gCraobhchomórtas Iomána na hÉireann 1973. D’úsáid múinteoir amháin an camán chun tús a chur le taighde ranga a chur gnéithe difriúla nigh ó 1973, 2018 agus 2020 i gcomparáid lena chéile.

Rian luachmhar, nach raibh súil agam leis a d’fhág an tionscnamh seo ná forbairt ghairmiúil na múinteoirí. Chuir a gcuid rannpháirtíochta gníomhaí, agus na páistí á threorú acu trí na gníomhaíochtaí, lena scileanna, lena n-eolas agus lena muinín i dtaobh ábhar ealaíne, fad is a bhí a gcuid feasachta i dtaobh cuir chuige teagaisc atá éagsúil óna gcleachtais féin á mhéadú. Tacaíodh go hiomlán le múinteoirí trí rochtain a thabhairt dóibh ar acmhainní lena áiríodh ábhair ealaíne, pleananna ceachta, físeáin a léirigh conas gualach agus uiscedhathanna a úsáid, bileoga oibre, agus cuir i láthair PowerPoint.

Iain Burns, Múinteoir, Scoil Íde

Tugann Scoil Íde cuairt ar Mhúsaem Hunt go rialta chun breathnú ar thaispeántais. Rinne daltaí Rang 4 a bhí agam an bhliain acadúil seo caite Ceardlann Na Three Muses agus rinne rang na bliana seo an ABC of the Three Muses. An spreagadh a bhí leis ná dul i ngleic le healaín agus le healaíontóirí sa cheantar máguaird. Bhí an rang, mise mar mhúinteoir, an scoil, na músaeim agus a bhFoireann Oideachais bainteach leis.

Fionnuala Bromell, Múinteoir, Bunscoil Corpus Christi

Roimh shrianta COVID-19, bhí ár scoilse ar bís cuairt a thabhairt ar thrí mhúsaeim Luimnigh. Shíleamar go mbeadh sé dodhéanta i mbliana. Bíodh sin amhlaidh, bhí áthas an domhain orainn a chloisteáil go rachadh an tionscadal ar aghaidh go fíorúil. Is scoil i Deis banda 1 sinn agus ní gnáthrud a bheadh ann dár ndaltaí cuairt a thabhairt ar mhúsaeim, mar sin táimid fíorbhuíoch as rochtain a bheith ag ár bpáistí ar ealaín agus ar dhéantáin mhúsaeim na cathrach agus le cúnamh Dé músclófar iad tabhairt faoi na healaíona agus taitneamh a bhaint astu.

Cén chaoi ar forbraíodh na smaointe agus cén chaoi ar oibrigh na daoine óga, an t-ealaíontóir agus an múinteoir le chéile?

Jo-Anne Hine, Ealaíontóir

Tharla an chéim ullmhaithe i Meán Fómhair agus Deireadh Fómhair 2020 agus Éire ag tabhairt faoi shrianta COVID-19 Leibhéal 3 agus scoileanna ag filleadh go neirbhíseach i ndiaidh tréimhse dúnta ar cuireadh síneadh leis san earrach agus sa samhradh. Agus sábháilteacht na bpobal scoile mar thosaíocht againn, ní rabhthas inniúil dul ar aghaidh le ceardlanna sna scoileanna agus bhí dánlanna agus músaeim dúnta. Tháinig forbairt ar an tionscadal agus athraíodh é ó cheardlann a bheadh á stiúradh ag ealaíontóir go sraith ceardlann faoi threoir an mhúinteora. Chun éascú a dhéanamh air seo, rinne mé taighde agus scríobh mé aonad oibre uathúil a raibh sraith 6 phlean cheachta mar chuid de, a threoraigh an múinteoir ranga agus a dhaltaí chun go bhfiosróidís na bailiúcháin mhúsaeim agus úsáid á bhaint acu as straitéisí smaointeoireacht chriticiúil agus chruthaitheach a mbeadh réimse deiseanna déanta ealaíne mar thoradh air. Chruthaigh mé acmhainní digiteacha chun tacú le heispéiris teagaisc agus foghlama a raibh teacht ag múinteoirí orthu trí Google Drive. Seachadadh ábhair ealaíne chuig gach scoil acu. Trí athchruthú an tionscadail, ghlac na múinteoirí ranga úinéireacht air agus cumasaíodh iad tabhairt faoi. Spreagadh iad na gníomhaíochtaí molta a fhorbairt, a choigeartú nó a athrú sa tslí agus go gcomhlíonfaidís riachtanais a gcuid daltaí, a suimeanna féin agus a n-amscálaí féin dá mhéid agus go bhféadfaidís. Mar fhreagairt ar ghá le folláine mothúchánach na ndaltaí le linn dtréimhse chomh neamhchinnte seo a chur san áireamh, bhí deiseanna do dhaltaí a gcuid mothúcháin a léiriú sna ceachtanna, go háirithe trí cheacht líníochta gualaigh mar fhreagra ar rogha saothar ealaíne an dalta ó Ghailearaí Ealaíne Chathair Luimnigh.

Dhein mé cumarsáid le múinteoirí ag baint úsáide as a rogha modh cumarsáide, glaoch gutháin, Zoom, ríomhphost agus téacsteachtaireachtaí ina measc. D’oir sé seo do mhúinteoirí i dtréimhse a rabhadar fíorghnóthach agus iad faoi strus de bharr iad a bheith ag comhlíonadh a gcuid dualgais i dtaobh COVID-19 agus iad ag déileáil le neamhchinnteacht an tsaoil. I gcás roinnt mhúinteoirí chruthaigh an taithí seo deis forbairt ghairimiúil a dhéanamh i dtaobh a gcuid cuir chuige i dtaca le amharc-ealaín a mhúineadh.

Iain Burns, Múinteoir, Scoil Íde

Forbraíodh na smaointe trí chomhráite leis an bhFoireann Oideachais ag an músaem maidir leis na rudaí a bhí ag teastáil ó scoileanna agus conas a bhféadfaí é a sheachadadh agus cúrsaí mar a bhí. Scríobh an músaem sraith cheachtanna agus chuaigh an rang i ngleic leo le treoir an mhúinteora ranga agus le tacaíocht Fhoireann Oideachais an mhúsaeim. Seoladh ceachtanna chugam trí ríomhphost agus seachadadh ábhair tacaíochta agus acmhainní chuig an scoil. Bailíodh saothar na bpáistí nuair a bhí deireadh leis na ceachtanna agus seoladh bileog mhachnaimh ó na páistí chuig Foireann Oideachais an Mhúsaeim. Bhí fáil agam ar an bhFoireann Oideachais le haghaidh treorach i gcónaí.

Fionnuala Bromell, Múinteoir, Bunscoil Corpus Christi

Bhí sraith cumarsáide le Adam ag Músaem Hunt agus ansin leis an ealaíontóir Jo-Anne agus an próiseas á mhíniú. Ba mise an comhordaitheoir le haghaidh mo scoile, mar sin labhair mé le Jo-Anne ar an nguthán go leor babhtaí, agus an tionscadal agus na hacmhainní á phlé againn. Thug Jo-Anne acmhainní iontacha le haghaidh gach páiste chuig an scoil. Seoladh pleananna ceachta sonracha amach chugainn chun a chur ar ár gcumas na ranganna a mheaitseáil leis na hacmhainní agus na páistí a ullmhú. Bhí nasc chuig Google Drive ag na ranganna ar fad ina bhféadfadh na páistí Jo-Anne a fheiceáil, a treoracha a leanúint agus a smaointe a chloisteáil.

Cén taithí phearsanta a bhí agat ar an tionscadal i dtéarmaí ratha agus dúshlán?

Jo-Anne Hine, Ealaíontóir

Ar dtús bhí díomá orm nach rachadh na ceardlanna agus na ranganna ar an láthair ar aghaidh mar a beartaíodh. De bharr nach bhféadfainn buaileadh leis na múinteoirí agus leis na páistí go fisiciúil agus a gcuid riachtanais agus a gcuid cumais a mheas agus a phlé, bhraith mé go raibh mé dall ar ghnéithe áirithe agus mé ag tabhairt faoin tionscadal. Nuair a thonaigh mé ag déanamh taighde ar na bailiúcháin agus ag forbairt pleananna ceachta agus acmhainní, tháinig sceitimíní orm de bharr na bhféidearthachtaí a bhain leis an tionscadal. Ba dheacair dom gan ach gníomhaíocht nó dhó a mholadh le haghaidh gach ceacht de bharr saibhreas na mbailiúchán agus na naisc a bhféadfadh a bheith ann leis an gcuraclam agus le réimsí suime. I ndeireadh thiar thall ba rud dearfach é seo a thug cead saor do na múinteoirí agus na daltaí a gcuir chuige maidir leis an gceist fiosraithe nó téama gach ceacht a roghnú. Bhí gníomhaíochtaí fairsingithe san áireamh i ngach ceacht chun freastal ar réimse leathan suimeanna agus cumas. Thuig mé go bhféadfadh sé seo cur as do mhúinteoirí de bharr mhéid an ábhair mholta, mar sin chuir mé in iúl dóibh i mo chuid teagmhálacha seachtainiúla go raibh solúbthacht ann maidir leis an gcur chuige, a bhí fite fuaite sna pleananna ceachta.

Iain Burns, Múinteoir, Scoil Íde

Shíl mé gur beart iontach ab ea é. Bhí na ceachtanna ar ardchaighdeán agus bhí intinní foghlama soiléire, acmhainní fairsinge agus tacaíochtaí ag baint leo. Bhíodar ábhartha don churaclam, iad dírithe go hoiriúnach agus deis idirdhealaithe iontu. Is maith an rud é i gcónaí comhoibriú le gníomhaireachtaí seachtracha a bhfuil fís shoiléir agus tuiscint ar oideachas páistí acu. Féadfaidh sé seo saibhreas a thabhairt chuig seachadadh an churaclaim nach mbeadh ar chumas roinnt múinteoirí a bhaint amach astu féin de bharr fhairsinge an churaclaim. Chruthaigh COVID-19 dúshláin. Bheadh sé go hiontach dá bhféadfadh ealaíontóirí cuairt a thabhairt ar sheomraí ranga agus ceacht ón tsraith a theagasc. Ní fhéadfaí é seo a dhéanamh agus srianta COVID-19 i bhfeidhm.

Deir Kate (Rang 4) gurb é an chuid ab fhearr den tionscadal ná na scéalta faoi na seanrudaí á bhí á choimeád (“the best part of the project was hearing the stories about the old things that we held.”)

Fionnuala Bromell, Múinteoir, Bunscoil Corpus Christi

Ba thaithí iontach é an tionscadal le haghaidh na bpáistí agus le haghaidh na múinteoirí. Bhí an rogha meán, stíleanna agus scileanna thar barr. Léirigh sé dúinne, mar mhúinteoirí, conas ranganna ealaíne a fhorbairt agus gan léim ar aghaidh chuig an táirge deiridh. Is cinnte go gcaithfimid níos mó ama ar an bpróiseas sa todhchaí. Ba é an t-am an t-aon dúshlán. D’fhéadfadh na daltaí níos mó ama a chaitheamh ar gach ceacht. Leanfaimid leis sin anois.

Bhí an t-aiseolas ón ngrúpa paistí seo dearfach. Bhí uathu níos mó ama a bheith acu agus an tionscadal a shíneadh tríd an gcréatúr a dhéanamh as cré. Scríobh Charlie (Rang 5) gur shíl sé féin go pearsanta gurb é an chuid ab fhearr den tionscadal ná na hainmhithe hibrideacha, ach go raibh gach rud go hálainn agus gur thaitin an chuid ar an lá deireanach go mór leis nuair a chonaiceadar camán an laoich Joe McKena, go háirithe toisc an bhua deireanach a bhí acu. (I personally think the best part of the project was the hybrid animals but everything was lovely. Oh, and I love the bit on the last day seeing legend Joe McKena’s Hurley, especially after the final win”).

Cén tábhacht a bhain leis an tionscadal duit ar fiú a roinnt?

Jo-Anne Hine, Ealaíontóir

Cuireann an tionscadal seo slí dhifriúil ar fáil tabhairt faoi amharc-ealaín sa seomra ranga bunscoile. Is aonad foghlama suntasach é seo toisc gur sraith chomhghreamaitheach ceachtanna é a chuireann comhthéacs ar fáil le haghaidh déanamh ealaíne agus freagairt agus bailiúcháin músaeim mar spreagadh. Tá gníomhaíochtaí molta le gach ceacht a cheanglaíonn le réimsí ábhair/eolais difriúla agus mar sin is sampla é den slí inar féidir le healaín a bheith ina meán don fhoghlaim sa Bhéarla, sa Stair, sa Mhatamaitic, sa Tíreolaíocht, san Eolaíocht agus sna Teangacha. Mar sin, cruthaítear trasnú ábhar inar féidir foghlaim traschuraclaim shaibhir bhríoch a dhéanamh. Bhí an tslí inar cuireadh an saothar ar taispeáint mar mhúsaem fíorúil, ag baint úsáid as Mozilla Hubs, ina thoradh an-éifeachtach, nuálach agus mealltach trína bhféadfadh pobail uile scoile idirghníomhú le agus nascleanúint trí spásanna fíorúla chun saothair na ndaltaí a fheiceáil. Thóg Adam Stoneman ó Mhúsaem Hunt na spásanna músaeim fhíorúla dúinn.

Iain Burns, Múinteoir, Scoil Íde

Bhí sé tarraingteach agus ilghnéitheach, dearadh é le hardchaighdeán agus bhí sé ábhartha don churaclam.

Bhainfeadh gach bunscoil tairbhe as dul i ngleic leis an gclár.

Fionnuala Bromell, Múinteoir, Bunscoil Corpus Christi

Tá sé tábhacht dár bpáistí an mhistéir a bhaint ón ealaín agus cuairt a thabhairt ar mhúsaeim. Ní bheadh músaeim mar chuid de ghnáth-thaithí na bpáistí seo, mar sin is iontach an teacht atá acu orthu agus an slí a bhfuil na músaeim seo ar bharr na méar acu a thaispeáint dóibh.

Ar athraigh aon rud i do chuid oibre mar gheall ar an tionscadal?

Jo-Anne Hine, Ealaíontóir

Thug an chianobair deis dul i ngleic leis an teicneolaíocht. De bharr nach raibh mé sa seomra ranga chun smaointe a phlé agus teicnící a thaispeáint, d’fhoghlaim mé físghabháil scáileáin a úsáid chun daltaí agus múinteoirí a chur i ngleic leis an tionscadal.. Feicim cúis na scileanna seo a choimeád agus a fhorbairt i dtionscadail amach anseo, fiú nuair a bhíonn deireadh le srianta.

Iain Burns, Múinteoir, Scoil Íde

Chuir sé léargas difriúil ar fáil ar churaclam na healaíne go háirithe. Bheadh muinín níos mó agam as acmhainní éagsúla a úsáid anois agus ní bheadh aon drogall orm dul i ngleic leis an músaem mar chomhoibrí.

Fionnuala Bromell, Múinteoir, Bunscoil Corpus Christi

D’athraigh. Bheadh dearcadh difriúil againn ar an slí ina gcuirimid ranganna ealaíne i láthair, sheachnóimis na saghsanna píosaí céanna a bheith á chruthú ag gach dalta agus spreagfaimis féiniúlacht. Caithfimid níos mó ama ag forbairt ranganna amharc-ealaíne agus ag teacht ar acmhainní chun tacú leo chomh maith.

Liosta Iomlán na Scoileanna & na Múinteoirí atá Rannpháirteach:

Scoil Ide, Bóthar an Chorrbhaile, Luimneach – Iain Burns

Bunscoil Corpus Christi Maigh Rois Luimneach – Fionnuala Bromell, Diarmuid Hickey, Dympna Gannon, Orfhlaith Prendergast.

Bunscoil Naomh Anna, Ráth Caola – Kenneth Brown

Spotsolas


Ealaíontóir(í):

Jo-Anne Hine, Ealaíontóir

Is amharc-ealaíontóir agus oideachasóir mé agus bhog mé go hÉirinn le déanaí chun cónaí inti. Creidim go láidir nár cheart eolas a bheith in aonaid stórais aonaracha agus gur féidir na réimsí curaclaim uile a theagasc trí na healaíona, go háirithe sa bhunscoil. Sampla de mo chuid comhoibrithe agus mé i mbun oibre in Cannon Hill Anglican College ná forbairt agus cur i bhfeidhm ábhar ETIME (Eolaíocht Teicneolaíocht Innealtóireacht Maitimitic agus Ealaíona) i gcomhair scoláirí Bhliain a 9, inar oibrigh mé i bpáirt le comhghleacaí a bhí ina múinteoir eolaíochta.

Tá céim mháistreachta san Amharc-ealaín agam agus is Príomh-mhúinteoir teistithe mé. D’oibrigh mé le scoláirí bunscoile, scoláirí meánscoile agus le daoine fásta. D’oibrigh mé le hÚdarás Curaclaim agus Measúnachta Queensland le déanaí mar Phríomhoifigeach Oideachais le haghaidh na hAmharc-ealaíne, ról é seo a raibh oiliúint múinteoirí Amharc-ealaíne maidir le siollabais nua le haghaidh scoláirí na Sraithe Sinsearaí mar chuid de. Chomhscríobh mé téacsleabhar Amharc-ealaíne le haghaidh scoláirí sinsearacha. Bhí mé i m’Uachtarán ar Chumann Múinteoirí Ealaíne Queensland le déanaí agus chruthaigh mé acmhainní i gcomhair Mhúsaem Brisbane, Leabharlann Stáit Queensland agus Dánlann Queensland.


Múinteoir(í):

Liosta Iomlán na Scoileanna & na Múinteoirí atá Rannpháirteach:

  • Scoil Ide, Bóthar an Chorrbhaile, Luimneach - Iain Burns
  • Bunscoil Corpus Christi Maigh Rois Luimneach - Fionnuala Bromell, Diarmuid Hickey, Dympna Gannon, Orfhlaith Prendergast.
  • Bunscoil Naomh Anna, Ráth Caola - Kenneth Brown

Iain Burns, Múinteoir, Scoil Íde

Tá mé ag múineadh le beagnach 20 bliain. Mhúin mé san Eoraip, San Áis agus in Éirinn. Bhí mé ar iasacht leis an CNCM in Éirinn chun oibriú ar athfhorbairt Churaclaim na Bunscoile agus Churaclam nua na Matamaitice.

Tá taithí fhairsing agam ar dul i ngleic le cleachtas comhoibríoch, i Choláiste Mhuire gan Smál ach go háirithe, áit ar oibrigh mé le léachtóir agus ar fhoilsigh mé saothar maidir le modúl leantach ar Fheasacht Tíreolaíochta.

Fionnuala Bromell, Múinteoir, Bunscoil Corpus Christi

Is sealbhóir poist mé i gcomhair na n-Ealaíon Cruthaitheach i mBunscoil Corpus Christi. Táimid mar chuid de chlár na Scoileanna Ildánacha arna maoiniú ag an gComhairle Ealaíon. An bhliain seo caite bhíomar i measc na scoileanna a bhí bainteach leis an gclár ealaíne Better Words le haghaidh E.V.A. D’oibrigh ár bpáistí i bpáirt le healaíontóirí cónaitheacha sa scoil agus thugadar cuairt ar Áras Nua-Ealaíne na hÉireann agus cuireadh deireadh leis an tionscadal le foilseachán inar bronnadh leabhair na bpáistí féin orthu.

Tá baint dlúth agam leis na healaíona mothúchánacha i mBunscoil Corpus Christi, agus léirímid ceoldrámaí móra gach dara bliain a théann chun stáitse in Institiúid Teicneolaíochta Luimnigh. Is buaiteoirí gradaim Bord Gais Energy sinn sa drámaíocht.

Scríobhaimid agus soláthraímid scannáin nuascríofa chomh maith agus bhuamar gradaim Fresh Film trí huaire.


Eile:
(Coimeádaí, gníomhaireacht):

Comhthionscnamh le haghaidh na n-ealaíon san oideachais idir Músaem Hunt, Gailearaí Ealaíne Chathair Luimnigh agus Músaem Luimnigh is ea na Three Muses, a seoladh i Samhain 2019. Feidhmíonn sé ar mhaithe le rochtain ar, úinéireacht ar agus taitneamhacht na dtrí bhailiúchán i músaeim Luimnigh a mhéadú agus é dírithe ar amharc-ealaín nua-aimseartha agus chomhaimseartha. Tá ceardlanna, imeachtaí agus acmhainní digiteacha mar chuid den chlár. Maoiníonn Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh agus Músaem Hunt é.


Jo-Anne Hine, Artist

Ealaíontóir(í)

Jo-Anne Hine

Teacher Fionnuala Bromell

Múinteoir(í)

Fionnuala Bromell

Iain Burns

Diarmuid Hickey

Orfhlaith Prendergast

Dympna Gannon


Foirmeacha Ealaíne

Meáin Dhigiteacha

Na hAmharcealaíona

Leibhéal

Bhunscoile

Scoil/Grúpa

Corpus Christi Primary School, Moyross, Limerick, Scoil Ide, Corbally Road, Limerick, St Anne’s Primary School, Rathkeale, Limerick


Rannpháirtithe

92


Réigiún

Luimneach

Aois/Rang

8 -11 bhliain


Dátaí

Bhí na hacmhainní sna scoileanna agus iad réidh le tosú an chéad seachtain de mhí na Samhna, 2020. Seoladh an taispeántas fíorúil i lár mhí na Nollag 2020.


Naisc

Link to the Main Gallery, which introduces the project: hubs.mozilla.com/ExYxDtG/abc-of-the-three-muses-virtual-exhibition/

Link to The Hunt Museum Blog outline of the project

huntmuseum.com/2020/12/15/childrens-imaginations-still-soar-despite-restrictions/


Ceannaireacht Ghníomhaireacht

The Hunt Museum


Comhpháirtithe eile

Limerick City Gallery of Art, Limerick Museum

Príomhthéamaí / línte fiosrúcháin

Bailiúcháin músaeim a iniúchadh mar spreagadh i gcomhair ealaín a dhéanamh, lena n-áirítear créatúr hibrideach a chruthú a bheidh le feiceáil i músaem ranga; na naisc idir rudaí agus a lipéid mhúsaeim a iniúchadh trí smaointeoireacht chriticiúil agus chruthaitheach; breathnú géar a mbeidh líníochtaí agus scríbhneoireacht maidir leis agus mar gheall ar na déantáin mar thoradh air; bailiúcháin a iniúchadh ag baint úsáide as rochtain dhigiteach agus as dul i ngleic le fíor-rudaí go fisiciúil.


Snáitheanna Curaclaim

Ealaín, Stair, Teangacha, Tíreolaíocht, Matamaitic, Béarla, teangacha labhartha agus scríofa.


Taighde nó foilseacháin ábhartha

Brown, A, Hine, J, Peachey, A, Seidel, J, Shead, L, Towers, D 2019, Creative Inquiry, Cambridge University Press, Melbourne.

Limerick City Gallery of Art 1999, Kingdom of Heaven, Gandon Editions, Corcaigh.

The Hunt Museum 2002, The Hunt Museum: Essential Guide, Scala Publishers, Londain.

Uribe, K 2018, ABC the Alphabet of Bilbao Museum exhibition catalogue, Bilboko Arte Ederren Museoa, Bilbao.



Rian luachmhar, nach raibh súil agam leis a d’fhág an tionscnamh seo ná forbairt ghairmiúil na múinteoirí. Chuir a gcuid rannpháirtíochta gníomhaí, agus na páistí á threorú acu trí na gníomhaíochtaí, lena scileanna, lena n-eolas agus lena muinín i dtaobh ábhar ealaíne, fad is a bhí a gcuid feasachta i dtaobh cuir chuige teagaisc atá éagsúil óna gcleachtais féin á mhéadú.

Jo-Anne Hine

researching charcoal use

researching charcoal use

Charcoal drawing in response to paintings from Limerick City Gallery of Art

Charlie Tobin planning page

Contemplating a sweet mould from Limerick Museum

Working with museum labels

Charlie Tobin planning page

 "Deerunk" by Emma Downey