ENGLISH

NUACHTLITIR



Cad a dhéanann hEalaíona i gcleachtas Oideachas cuma mhaith? Léigh faoi na próisis agus comhpháirtíochtaí taobh thiar thionscadail reatha tarlú ar fud na hÉireann.


The Big Bang


An tOllphléasc: Clár Meantóireachta Cumadóra Óig

Ceapadh Brian Irvine, de bhunadh Bhéal Feirste, Cumadóir Cónaithe Ghlúin an Cheoil Shligigh i Meán Fómhair 2012. Choimisiúnaigh agus sheinn an Cheolfhoireann Shiansach Náisiúnta, Ceoltóirí Aireagail Mhoscó, Fondúireacht Roald Dahl, Sesame Street, Channel 4, RTÉ agus BBC TV, Ceoldráma Náisiúnta na Breataine Bige, Opera Theatre Company Ltd. agus Comhairle Contae Cheatharlach, i measc go leor eile, saothar Bhriain go fairsing. Chomhoibrigh sé le réimse ealaíontóirí idir Séamus Heaney, a bhásaigh, agus Snow Patrol. Rinne an Scéim Per Cent for Art Clár an Chumadóra Cónaithe a chistiú mar Choimisiúnú Ealaíne Poiblí.

Ba é cúram Bhriain saothar nua a chruthú a sheinnfeadh daoine óga i Sligeach agus, ba thábhachtach dó oibriú le líon daoine óga ó Shligeach i gClár Meantóireachta Cumadóra Óig. D’iarr na coimisinéirí, Coiste Stiúrtha Ealaíne Poiblí de chuid Sheirbhís Ealaíon Chomhairle Contae Shligigh ar an ngné seo den chlár. D’oibrigh seisear cumadóirí óga le Brian óna mbunláthair ag Caifé Óige Foróige i mbaile Shligigh ‘The Crib’ ó Dheireadh Fómhair 2012 ar aghaidh, agus thug cúigear díobh a saothar chun críche a sheinnfidh lucht a bpiaraí ar stáitse i gcomhthráth le cumadóireacht féin Bhriain, agus seo dúinn an tOllphléasc.

Ba shárghníomhaíocht thábhachtach an tionscadal don uile dhuine a raibh baint acu leis.  Tá an t-ádh ar Ghlúin an Cheoil Shligigh go bhfuil acu tallann, tiomantas, fuinneamh agus díocas ár gcumadóirí óga, na ceolfhoirne agus an chóir agus, dar ndóigh, a gceannasaithe agus a múinteoirí. Tá saibhreas ceoltóirí agus deontóirí ag Sligeach, a bhfuil oideachas ceoil á éascú acu, i dteannta le Glúin an Cheoil, i measc dhaoine óga Shligigh, an chéad ghlúin eile de cheoltóirí, múinteoirí agus lucht féachana.

Spotsolas


Ealaíontóir(í):

Brian Irvine
Ceapadh Brian Irvine, a rugadh i mBéal Feirste, mar Chumadóir Cónaithe Ghlúin an Cheoil i Sligeach i mí Mheán Fómhair 2012. Choimisiúnaigh agus léirigh eagraíochtaí éagsúla saothar Brian go forleathan, an Cheolfhoireann Shiansach Náisiúnta, Moscow Chamber Players, Fondúireacht Roald Dahl, Sesame Street, Channel 4, RTÉ & BBC TV, Welsh National Opera, Opera Theatre Company, Glúin an Cheoil, Cill Mhantáin agus Comhairle Chontae Cheatharlach i measc neart eile. Chomhoibrigh sé le réimse leathan ealaíontóirí, ón bhfile clúiteach Seamus Heaney nach maireann go Snow Patrol.

www.brianirvine.co.uk


Múinteoir(í):

Múinteoir Ceoil agus Stiúrthóir Cóir í Emma Purcell le hIarbhunscoil na Gráinsí, Co. Shligigh agus le Cór Ógra Pobail Shligigh; Múinteoir Ceoil agus Stiúrthóir Sóisearach Cóir í Edel Murray le Coláiste na nUrsalach, Sligeach; Is í Niamh Crowley Stiúrthóir Acadamh Ceoil Shligigh.


Eile:
(Coimeádaí, gníomhaireacht):

Music Generation Sligo

Is cuid de chlár náisiúnta oideachas ceoil do pháistí agus do dhaoine óga a thosaigh an Líonra Ceoil í Glúin an Cheoil  Shligigh. Tá an clár á chómhaoiniú ag U2, Cistí na hÉireann, an Roinn Oideachais agus Scileanna, agus Comhpháirtíocht Oideachas Ceoil Shligigh. Tá Glúin an Cheoil Shligigh á bainistiú agus á maoiniú go háitiúil ag Bord Oideachais agus Oiliúna Mhaigh Eo, Shligigh agus Liatroma, ag Comhairle Chontae Shligigh, ag Ionad Oideachais Shligigh, ag Coiste Cúram Leanaí Chontae Shligigh, ag Cranmore Regeneration agus ag an earnáil cheoil áitiúil. Ó 2011 i leith, d’fhorbair Glúin an Cheoil Shligigh samhail chun aghaidh a thabhairt ar rochtain páistí agus daoine óga ar theagasc agus ar léiriú uirlisí agus gutha ina bpobail féin.


Brian Irvine

Ealaíontóir(í)

Brian Irvine

Múinteoir(í)

Edel Murray

Emma Purcell

Niamh Crowley


Foirmeacha Ealaíne

Ceol & Fuaim

Leibhéal

Bhun & Iar-bhunscoile

Scoil/Grúpa

Grange Post Primary School, Ursuline College


Rannpháirtithe

200


Réigiún

Sligeach

Aois/Rang

10-15


Dátaí

Cumadóir Cónaithe Meán Fómhair 2012 go Samhain 2013


Naisc


Ceannaireacht Ghníomhaireacht

Sligo Music Generation


Comhpháirtithe eile

Sligo Academy of Music

Príomhthéamaí / línte fiosrúcháin

Cumadóireacht – cumadóir gairmiúil i mbun meantóireachta do chumadóirí óga. Léiriú – cór agus ceolfhoireann.


Snáitheanna Curaclaim

Cumadóireacht & Léiriu


Taighde nó foilseacháin ábhartha

Clár faisnéise ar leathanach baile musicgenerationsligo.com



After years of studying and performing music, this piece, entitled SPACE, is my personal contribution to music. I have tried to express my idea of space through the notes and rhythm: an infinite void of peace, mystery, danger and wonder.

Ferdia Durkin, cumadóir óg

Big Bang. Image (c) Brian Farrell

Big Bang. Image (c) Brian Farrell

Big Bang. Image (c) Brian Farrell

Big Bang. Image (c) Brian Farrell

Big Bang. Image (c) Brian Farrell

(c) Brian Farrell