Scoláire S
Thug Múinteoir Wright chuig Gailearaí agus Stiúideonna Bharra an Teampaill muid, áit ar bhuaileamar le Andreas Kindler agus le Jean, agus ansin thug siad timpeall an fhoirgnimh muid. D'inis Andreas dúinn faoi cad a dhéanann sé agus conas a oibríonn sé le solas. Dúirt sé go dtiocfadh sé chun na scoile agus go ndéanfaimis tionscadal le chéile.
Maria Wright Slattery, Múinteoir Ealaíne
Tháinig Gailearaithe Bharra an Teampaill go dtí muid leis an smaoineamh faoi chónaitheacht ealaíontóra, a bheadh ag obair le scoláirí/scoileanna sa cheantar áitiúil. Thosaigh ár scoláirí ag obair le Andreas Kindler von Knobloch faoin chlár oideachais Creative Generations. Tá Creative Generations á mhaoiniú go flaithiúil ag Banc Ceannais na hÉireann. D'oibrigh na scoláirí i gcomhar chun saothar ealaíne nua a chruthú a bhain le tírdhreach ailtireachta na scoile agus a chruthaigh spás speisialta do scoláirí na hIdirbhliana.
Cén chaoi ar forbraíodh na smaointe agus cén chaoi ar oibrigh na daoine óga, an t-ealaíontóir agus an múinteoir le chéile?
Jean Mann, Coimeádaí Oideachais Creative Generations
Cuireadh tús leis an gcónaitheacht nuair a chuaigh na scoláirí ar cuairt chuig Stiúideo Andreas i nGailearaí agus Stiúideonna Bharra an Teampaill leis an áit a n-oibríonn sé a fheiceáil, chun léargas a fháil ar a mhodhanna, ar a spreagadh agus ar a inspreagadh mar chleachtóir ealaíon. Ba as sin a forbraíodh caidreamh, a lean ar aghaidh sa scoil, áit ar roinn Andreas na rudaí is tábhachtaí a spreagann a chuid oibre leis na scoláirí, agus le chéile, rinne an t-ealaíontóir agus na scoláirí saothar comhoibritheach a chuimsigh roinnt de na téamaí agus den phlé sin.
Andreas Kindler von Knobloch, Ealaíontóir
Don chéad seisiún d’oibríomar le cúig fhoirm bhunúsacha gheoiméadracha Phlatóin agus d’úsáideamar iad mar inspioráid chun dearadh a cheapadh. Ag obair i ngrúpaí rinne na scoláirí múnlaí as cairtchláir ag baint úsáide as bunphrionsabail na solad platónach, foirmeacha a dhéantar as gnéithe comhshleasacha. Ansin roghnaíomar an múnla is fearr mar an plean bunúsach don struchtúr deiridh níos mó. Ag baint úsáid as uirlisí agus ábhair bhunúsacha ar nós casúr, druilirí, tairní, scriúnna, ceangail cháblaí, sraithadhmaid agus píosaí adhmaid 2×1, thógamar struchtúr bunaithe ar gheoiméadracht an triantáin chomhshleasaigh. Tríd an bpróiseas tógála sin d'fhoghlaim na scoláirí cuid de na scileanna is féidir a chur i bhfeidhm ansin chun nach mór aon struchtúr beag a thógáil.
Scoláire H
Rinne Andreas cur i láthair PowerPoint dúinn chun spreagadh a thabhairt dúinn agus nod a thabhairt dúinn faoin méid a bhí beartaithe aige a dhéanamh linn. Ansin rinneamar múnla den struchtúr a bhí beartaithe againn a dhéanamh ag baint úsáide as cairtchlár. Tar éis cinneadh a dhéanamh maidir leis an struchtúr, thosaíomar ag baint úsáide as triantáin adhmaid, tairní, scriúnna agus ábhair eile.
Scoláire S
Rinne Andreas cur i láthair PowerPoint dúinn agus d’inis sé dúinn conas is féidir linn a bheith ag útamáil le triantáin chun cruth a dhéanamh ó na healaíontóirí agus ón ailtireacht a spreagann eisean.
Maria Wright Slattery, Múinteoir Ealaíne
Ar dtús thug an grúpa cuairt ar Andreas ina spás oibre i nGailearaithe Bharra an Teampaill. Do roinnt de na scoláirí, ba é seo an chéad uair acu bualadh le healaíontóir gairmiúil, a spás oibre a fheiceáil nó fiú cuairt a thabhairt ar ghailearaí agus b’iontach an taithí é sin dóibh. As sin, i ndiaidh dóibh cuid d’obair Andreas a fheiceáil, tháinig sé ar cuairt chun na scoile agus cuireadh tús leis an obair chruthaitheach leis an ngrúpa. D’éascaigh agus stiúir Jean an comhrá leis an ngrúpa, rud a chabhraigh le rudaí a choinneáil ar an mbóthar ceart. Thug na scoláirí Andreas agus Jean ar thuras timpeall na scoile agus cuireadh tús leis an bpróiseas chun spás a chruthú dóibh féin. Próiseas cumasaithe a bhí ann do na scoláirí nuair a tugadh úinéireacht dóibh ar an tionscadal agus léirigh siad aibíocht agus scileanna réitithe fadhbanna. Thaitin atmaisféar comhoibríoch an tionscadail seo leis na scoláirí agus liom féin ó thús go deireadh.
Cén taithí phearsanta a bhí agat ar an tionscadal i dtéarmaí ratha agus dúshlán?
Andreas Kindler von Knobloch, Ealaíontóir
Domsa go pearsanta, bhí sé iontach a bheith in ann mo thaithí a roinnt leis an ngrúpa scoláirí seo agus oibriú le chéile chun struchtúr nua suimiúil a chruthú. Ba é an dúshlán ba mhó a bhí ann ná na seisiúin a eagrú ar bhealach a chinntigh go raibh dóthain tascanna agus uirlisí ann do gach duine. Bhí grúpa mór scoláirí ann agus uaireanta bhí sé deacair iad go léir a choinneáil i mbun oibre. Níor éirigh lenár gcéad iarracht leis an struchtúr níos mó. Ach ar cheann de na rudaí ab fhearr faoin tionscadal ná gur fhoghlaim na scoláirí ón teip sin agus d’úsáid siad é mar bhealach chun gluaiseacht ar aghaidh in áit titim ar chúl.
Jean Mann, Coimeádaí Oideachais Creative Generations
Ciallaíonn nádúr comhoibritheach chleachtas Andreas, chomh maith lena chuid scileanna teicniúla agus modheolaíochtaí láidre, go raibh sé an-oiriúnach don fhormáid chónaitheachta. D'fhoghlaim na scoláirí go leor uaidh, ar gach cineál bealaigh. D'fhoghlaim siad modhanna praiticiúla agus teicniúla ach freisin léirshamhlú, réiteach fadhbanna agus buanseasmhacht, chomh maith le hobair foirne agus iad ag tógáil ar scála mór.
Scoláire K
Bhí an struchtúr a bhí beartaithe againn an-dúshlánach mar gheall ar nach struchtúr beag a bhí ann – bhí sé ollmhór agus bhí go leor ábhar ag teastáil chun é a chruthú. Theip orainn uair amháin agus thit an struchtúr mar nach raibh sé láidir go leor agus mar sin rinneamar iarracht arís agus an d’éirigh linn an dara huair agus muid ag obair le chéile.
Maria Wright Slattery, Múinteoir Ealaíne
Mar a tharlaíonn i ngach tionscadal cruthaitheach bhí fadhbanna ann agus thit an tionscadal ina chnap le linn seachtainí 3–4 agus measaim go láidir gurb é seo an áit is mó a d’fhoghlaim na scoláirí agus chomh maith leis sin i reáchtáil an chláir agus é ag dul chun tosaigh. Caithfidh mé moladh a thabhairt do Andreas agus Jean as an gcaoi a ndeachaigh siad i ngleic leis nuair a chaill na scoláirí spéis sa tionscadal. Thug siad an tionscadal ar ais chuig céim an phlé agus an deartha agus chabhraigh/threoraigh siad scoláirí na hIdirbhliana chun gluaiseacht ar aghaidh tríd an lag trá sin.
Cén tábhacht a bhain leis an tionscadal duit ar fiú a roinnt?
Andreas Kindler von Knobloch, Ealaíontóir
Ar cheann de na codanna ba shuntasaí den tionscadal domsa bhí an deis an spéis agus paisean atá agamsa do dhearadh ailtireachta nuálach a roinnt agus a fheiceáil go raibh freagairt dhearfach ag na scoláirí ina leith. Bhí siad an-tógtha le roinnt de na smaointe agus moladh roinnt pleananna uaillmhianacha sna céimeanna pleanála nach raibh indéanta sa deireadh san achar ama a bhí againn. Bhí na struchtúir tacaíochta a bhí i bhfeidhm ionas go mbeinn in ann an chónaitheacht seo a dhéanamh riachtanach. Murach Jean Mann agus an tacaíocht a chuir an scoil agus Gailearaí + Stiúideonna Bharra an Teampaill ar fáil bheadh sé i bhfad níos deacra.
Jean Mann, Coimeádaí Oideachais Creative Generations
Domsa léirigh an chónaitheacht na féidearthachtaí a bhíonn ann má thugtar aire saoirse d'ealaíontóir chun a dtaithí a thabhairt isteach sa seomra ranga, agus ligeann do scoláirí a bheith rannpháirteach sa phróiseas ealaíne.
Scoláire D
Bhain mé an-taitneamh as a bheith ag obair leis an bhfoireann ar thionscadal den sórt seo a bhí chomh mór sin.
Scoláire K
B'fhiú an obair foirne rathúil a rinneamar a roinnt mar aon leis an taitneamh a bhain mé as bheith ag déanamh ealaíne trí rud éigin a thógáil.
Scoláire J
Thaitin sé liom a bheith ag obair le druilirí agus casúir.
Maria Wright Slattery, Múinteoir Ealaíne
Seo tionscadal nach mbeadh deis ag scoláirí Shráid Synge taithí a fháil air mar gheall ar chomh mór agus a bhí sé agus an scileanna tógála a bhí i gceist. Thaitin sé go hiontach leis na scoláirí a bheith ag obair le Andreas agus úsáid a bhaint as 'uirlisí na bhfear' mar a thug siad orthu. Cuimsíonn an tionscadal seo an cur chuige praiticiúil a theastaíonn ó scoil Shráid Synge go bhfaigheadh scoláirí na hIdirbhliana. Bhí gach rud a d’fhoghlaim siad óna gcuid leabhar, tomhais i matamaitic, ábhair ó ranganna eolaíochta agus scileanna cumarsáide ón rang Béarla cuimsithe le chéile i ngach seisiún seachtainiúil ar bhealach phraiticiúil agus iad ag obair ar an tionscadal seo.
Taithí iontach foghlama a bhí ann do na scoláirí agus dom féin chomh maith. Tá scoláirí na hIdirbhliana an-bhródúil as a gcochall suíochán a bhfuil baile faighte aige i leabharlann na scoile. Bhí an-chuid foghlaim chruthaitheach i gceist leis an tionscadal seo le Andreas ag léiriú do chuid de na buachaillí conas mar a oibríonn na huirlisí don phróiseas tógála! Bhí foghlaim scileanna saoil mar chuid ríthábhachtach den tionscadal seo agus mar chomhordaitheoir, sin go díreach a bhí á lorg agam do mo scoláirí. Tá sé iontach breathnú siar ar an ngearrscannán agus féachaint ar an gcaoi ar fhás muinín na scoláirí.
Ar athraigh aon rud i do chuid oibre mar gheall ar an tionscadal?
Andreas Kindler von Knobloch, Ealaíontóir
Cuid mhór de mo chleachtas is ea a bheith ag obair le chéile. Bhí an tionscadal seo an-úsáideach domsa mar bhí mé in ann a fheiceáil conas a d’fhéadfainn a bheith in ann an ghné chomhoibríoch sin a leathnú chuig grúpa níos leithne daoine. Ó chríochnaigh mé an tionscadal sin, tá struchtúir eile cruthaithe agam i gcomhar le grúpaí móra daoine agus tháinig sé sin ón taithí seo.
Scoláire D
D'athraigh mo thuairim i leith na healaíne. Roimhe seo, shíl mé gur rud é a dhéanfá i d’aonair, ach le tionscadail níos mó is féidir le gach duine oibriú mar chuid d’fhoireann agus oibriú le chéile.
Scoláire F
D'athraigh mo thuairim i leith na healaíne mar nár cheap mé go rabhamar ag obair ar phíosa ealaíne go dtí deireadh an tionscadail.
Scoláire S
Shíl mé go raibh sé dodhéanta rud éigin mar sin a thógáil, ach thaispeáin an toradh dom go bhfuil mé in ann mo chuid smaointe a fhorbairt agus rud mar sin a dhéanamh.
Scoláire A
Bhain mé taitneamh as an tsaoirse a fuaireamar as an tionscadal seo a dhéanamh.
Scoláire H
Shíl mé gur bhain ealaín le pictiúir agus líníochtaí ach tuigim anois go bhfuil go leor cineálacha ealaíne ann.
Scoláire K
Ar dtús, shíl mé go raibh ealaín leadránach ach nuair a rinneamar an tionscadal seo bhain mé taitneamh as gach rud a bhí mar chuid den tionscadal – agus baineann sé ar fad le healaín!
Maria Wright Slattery, Múinteoir Ealaíne
Ó bheith ag obair ar an tionscadal seo, sílim go mo theagasc féin tar éis éirí níos nuálaí. Níl eagla orm roimh thionscadail mhóra ná úinéireacht a thabhairt do mo chuid scoláirí agus tá muinín agam astu go dtiocfaidh siad féin ar réiteach gan aon ionchur uaimse! Is dócha gur fhoghlaim mé conas muinín a bheith agam as na scoláirí agus as a gcuid cruthaitheachta.
Read less