ENGLISH

NUACHTLITIR



Cad a dhéanann hEalaíona i gcleachtas Oideachas cuma mhaith? Léigh faoi na próisis agus comhpháirtíochtaí taobh thiar thionscadail reatha tarlú ar fud na hÉireann.


An Chomhpháirtíocht idir Múinteoirí agus Ealaíontóirí (TAP) Tionscadal - Donal of Dunamase and the mighty boar of Ballyfriar


Image copyright TAP - Teacher Jennifer Buggy collaborating with pupils at Sacred Heart Primary School, Portlaoise, Co. Laois as part of a TAP with artist Joanna Parkes

Cóipcheart Íomhá TAP - Múinteoir Jennifer Buggie ag obair i gcomhar le scoláirí i mBunscoil an Chroí Ró-Naofa, Port Laoise, Co. Laoise mar chuid de TAP leis an ealaíontóir Joanna Parkes

Tionscnamh ar leith de chuid na Roinne Oideachas agus Scileanna is ea An Chomhpháirtíocht idir Múinteoirí-Ealaíontóirí chun tacú leis na healaíona san oideachas i mbunscoileanna agus iad a fheabhsú. Tá Cúrsa Samhraidh Forbartha Gairmiúla Leanúnaí agus clár cónaitheachta ina gcuid de phríomhshruth obair na Roinne Oideachais agus Scileanna anois agus tá Cúrsaí Samhraidh (laethanta Saoire Pearsanta Breise) saor in aisce, atá ceadaithe ag an Roinn, ina gcuid de agus ag feidhmiú i ngach ceann den 21 Ionad Oideachais lánaimseartha in Éirinn. Áirítear deiseanna maoinithe le haghaidh Ealaíontóirí Cónaithe leis an tionscnamh ina n-oibreoidh múinteoirí agus ealaíontóirí rannpháirteacha le chéile i mbun comhshaothair sa Scoil i rith na bliana acadúla a leanas.

Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo.

Inis scéal do thionscadail dúinn – Céard a spreag é? Cad faoi é? Cé a bhí páirteach ann? Cén chaoi ar thosaigh tú?

Bhí trí ghné lárnach inár gcomhpháirtíocht; múinteoir atá ina sheandálaí, éascaitheoir dráma ar aoibhinn leis scéal drámatúil a fhí, agus rang de dhaltaí spreagúla i rang a trí. Is éascaitheoir dráma í Joanna a bhfuil an t-uafás taithí aici agus a bhí ag obair i réimse an Dráma Oideachasúil le blianta fada. Is múinteoir fuinniúil í Jenny a raibh gairm aici i seandálaíocht agus bhíodh sí ag plé le cúrsaí amharclannaíochta agus drámaíochta don óige.

Joanna Parkes, Cleachtóir Drámaíochta 

Agus mé ag ullmhú mo sheisiúin dráma, dírím ar scéal a chruthú, scéal a fhorbraíonn le linn roinnt seachtainí trí phróiseas dráma. Nuair a chruthaítear scéal insinte ar an mbealach seo, fágann sé gur féidir caitheamh go speisialta le gnéithe an scéil a bhfuil suim faoi leith ag na páistí iontu, rud atá in ann ionchuir na ndaoine ar fad a bhí páirteach a thabhairt chun solais, mar sin, ba dheis iontach é an tionscadal seo chun taithí Jenny agus mo thaithí féin a chur le chéile chun tabhairt faoi fhiontar comhoibríoch.

Jennifer Buggie, Múinteoir

Tá dúil mhór agam sa stair, sa tseandálaíocht agus sna healaíona, dá bhrí sin rinneamar cinneadh scéal an dráma a bhunú ag an séadchomhartha i nDún Másc. Bhí an fothrach feiceálach sin mar ardán iontach chun scéal draíochtúil chomh maith le mo thaithí proifisiúnta a fhí isteach le suim áitiúil agus le háilleacht. Ba é toradh na hiarrachta, ocht seachtaine d’eachtraíocht, d’insint dhrámatúil agus de mhachnamh meabhrach. Rinneadh é seo ar fad le linn dúinn a bheith ag plé leis an scéal seo; scéal ar thugamar ‘Donal of Dunamase and the mighty boar of Ballyfriar’ air.

[léigh tuilleadh]

Cén chaoi ar forbraíodh na smaointe agus cén chaoi ar oibrigh na daoine óga, an t-ealaíontóir agus an múinteoir le chéile?

Joanna Parkes, Cleachtóir Drámaíochta 

D’fhorbair an insint áirithe seo ar feadh ocht seachtaine nuair a thug mé cuairt ar an scoil agus nuair a thosaigh mé ag obair le Jenny agus rang a trí dá cuid ar feadh nócha nóiméad gach seachtain. Thosaigh an scéal san am i láthair nuair a thosaigh an rang amach mar sheandálaithe a ghlac páirt i dtochailt sa suíomh stairiúil i ag Dún Másc.  Ag obair go cúramach agus go haireach ar an tochailt shamhailteach, d’aimsigh na cailíní déantáin ársa ón naoú céad. Le linn na coicíse ina dhiaidh sin, rinne na cailíní na nithe a raibh siad ag súil le fáil ar an tochailt ansin, agus cuireadh na nithe céanna isteach in insint an scéil

Jennifer Buggie, Múinteoir

Chuaigh mo rang ar aistear iontach siar sna blianta go dtí 814CR (an Chomh-Ré) agus chuig Dún Másc trí mheán an dráma. Thar ocht seachtaine d’oibríomar le chéile mar pháistí, mar ealaíontóir agus mar mhúinteoir chun íomhá phobal na ndaoine seo, a saol laethúil agus a n-údair imní a shamhlú. Roinneadh na páistí i sé ghrúpa teaghlaigh: na Potadóirí, na Fíodóirí, na Draoithe, na hOibrithe Miotail, na Feirmeoirí agus Muintir Cheannaire na Fine. Agus na cailíní ag déanamh staidéir ar stair, d’fhorbair siad a n-eolas cúlra ar scileanna gach teaghlach ina saol laethúil sa dún; ansin le linn dóibh a bheith ag baint úsáid as tobchumadh le grúpaí beaga agus leis an rang ar fad, i bplé idirbheartaíocht róil, múinteoir i ról agus i míme bhí siad in ann craiceann a chur ar a róil agus doimhneacht a chur lena gcarachtair.

Joanna Parkes, Cleachtóir Drámaíochta 

Chuidigh tumoideachas na hinsinte saibhre leis na páistí aithne mhaith a chur ar na carachtair. Cuireadh ceannaire a bhfine darb ainm Dónal in aithne dóibh, a iníon neamhghnách agus spreagúil Alfric, agus a cuid col ceathracha Tadhg agus Tuan. Fuair siad tuiscint ar na príomhcharachtair sin agus ar na heachtraí suntasacha ina saol. D’úsáid Jenny a scileanna drámatúla go tairbheach agus í ag déanamh pháirt an tSeanchaí, chuir sí a rang faoi dhraíocht ach cuntas dinimiciúil agus scáfar a thabhairt ar an gcath iontach idir Ceannaire na Fine agus an torc allta.

Jennifer Buggie, Múinteoir

Bhí mé an-sásta leis an gcaoi ar éirigh an rang gafa ar fad leis an scéal trí na carachtair a chruthaigh Joanna, carachtair a d’fhorbair an rang. Ghlac an rang go hiomlán lena gcuid ról mar chomhaltaí na Fine, ar nós a bheith ag réiteach fadhbanna, ag glacadh páirte i ndíospóireachtaí agus ag fáil réiteach lena linn. Thug mé faoi deara gur bhain siad sásamh as a bheith ag glacadh páirt Alfric, an iníon fhuinniúil. Nuair a bhreathnaíomar siar ar an dul chun cinn ina dhiaidh, thug na cailíní faoi deara go raibh sí mar eiseamláir dhearfach dóibh mar gur thaitin a spreacadh agus a fisiciúlacht leo. Thug siad faoi deara gur thaitin sé i bhfad níos fearr leo a bheith ag foghlaim faoi chúrsaí staire trí thumoideachas i scéal ach róil na ndaoine san am a caitheadh a ghlacadh le fáil amach cén chaoi a raibh an saol laethúil.

Fuair siad léargas fíor faoin méid atá athraithe, ach chomh maith leis sin thug siad faoi deara nár athraigh daoine ná a n-údair imní chomh mór sin ó 814 go 2014. Nuair a bhailigh mé na páistí le chéile arís in 2018, ag ullmhú dóibh an bhunscoil a fhágáil, labhair na cailíní ar an gcaoi ar chuidigh a ndráma leo féinmhuinín a bheith acu féin, tuiscint a fháil ar a chéile agus oibriú mar chuid d’fhoireann. Bhí cuimhne gheal chaolchúiseach acu ar an obair seo, agus chuir sé lena saol.

Cén taithí phearsanta a bhí agat ar an tionscadal i dtéarmaí ratha agus dúshlán?

Scéalta Ratha

Joanna Parkes, Cleachtóir Drámaíochta 

Is é an fáth a raibh an chomhpháirtíocht seo chomh rathúil agus a bhí ná gur thaithí chomhroinnte, chomhoibríoch a bhí ann. Forbraíodh gach gné den phróiseas i gcomhpháirtíocht; ó shamhlú an scéil go dtí an phleanáil agus an seachadadh seachtainiúil, mar sin, bhí fís agus tuiscint chomhaontaithe againn. Ó tharla go rabhamar ar fad chomh bainteach agus ceangailte leis an bpróiseas, nuair a bhí na páistí gafa go maith le fírinne a ndráma nó nuair a bhí “tráth draíochtúil” ann, bhí duine éigin ann le breathnú air, é a roinnt leis agus machnamh a dhéanamh ar an dráma leis.

Jennifer Buggie, Múinteoir

Is aoibhinn liom leathbhádóir a bheith sa seomra céanna liomsa. Is é mioneolas dráma Joanna chomh maith lena cruthaitheacht agus a scil a spreag mé mo chuid scileanna cruthaitheacha féin a fhorbairt agus a roinnt trí mo chuid oibre le páistí. Ba phointe cinniúnach é an tionscadal seo a raibh baint aige le cur chuige mo ghairme ó tharla gur spreag sé mé le breathnú taobh amuigh den seomra ranga. Bhí an chomhpháirtíocht agus an cairdeas atá agam le Joanna rí-thábhachtach don athrú poirt seo. Is aoibhinn liom teagmháil a dhéanamh le daoine gairmiúla taobh amuigh de mhúinteoireacht chun barr feabhais a chur ar thaithí oideachasúil mo chuid daltaí agus ar mo scileanna gairmiúla féin.

Dúshláin

Bhain an dúshlán ba mhó le foghlaim a thaifeadadh, mar go ndíríonn dráma próisis ar rannpháirtíocht. Mothaítear cruthaitheacht agus labhraítear fúithi i dtráth an dráma. Díríonn obair an ealaíontóra agus an mhúinteora ar dheis a chruthú ionas go mbeidh “tráthanna draíochtúla” dinimiciúla ag na páistí. Tá tasc difriúil agus dúshlánach i gceist ansin, a bhaineann leis an bhfoirm ghearrshaolach foghlama a chruthú ansin.

Joanna Parkes, Cleachtóir Drámaíochta 

Ó thús mo chuid oibre, bhí dúshláin uathúla ag dráma próisis maidir le taifeadadh. Dírítear an fhoghlaim ar na mothúcháin agus ar rannpháirtíocht an ama i láthair seachas ar an gcur i láthair, ar an taibhiú agus ar an toradh. Agus an ghrianghrafadóireacht agus an taifeadadh in úsáid, is annamh go bhfeictear ná go gcuirtear trasna tráthanna cumhachtacha an dráma, an scéil agus na foghlama a thagann chun cinn ar nós shochraid Dhónail nó ceapadh Alfric.

Jennifer Buggie, Múinteoir

Taobh istigh den tionscadal bhíomar thar a bheith meabhrach ar “dhofheictheacht” ár gcruthaitheachta agus ár bhfoghlama do chách seachas na daoine a raibh páirt dhíreach acu leis an tionscadal. Chruthaigh sé seo brú mór chun cruthúnas inbhraite agus soiléir a thaispeáint dár gcuid oibre. Phleanáil mé ceachtanna a d’fhorbair agus a rinne píosaí scríbhneoireachta, tógáil, grianghrafadóireacht agus amharc-ealaín. Ní hamháin gur fhorbraíomar ár bhfoghlaim, ach chuireamar cruthúnas chun cinn lena aghaidh freisin. Tharraing an brú le taifeadadh aird an ealaíontóra agus an mhúinteora ó thráth an dráma agus go ról an taifeadóra ón taobh amuigh.

Cén tábhacht a bhain leis an tionscadal duit ar fiú a roinnt?

Jennifer Buggie, Múinteoir

Ag obair le hinsint Joanna dom, d’fhorbair mé clár comhtháite curaclaim atá domhain agus leathan don rang. Chuidigh an cur chuige seo go mór leis na páistí dul i ngleic leis an bhfoghlaim go heolach agus ar bhealach tumtha. Sa chur chuige céanna, cuimsíodh; litearthacht agus scríbhneoireacht Bhéarla, stair, scéalaíocht, amharc-ealaíona, taibhiú agus ceol. De réir mar a chaith siad am amuigh faoin aer ag machnamh go drámatúil faoin scéal (ag déanamh a ndéantáin in Ealaín, ag scríobh an scéil i mBéarla, ag cur a nDialann Dráma i gcrích) rinneadh gníomhairí reatha díobh sa scéal. Chuaigh sé seo i bhfeidhm níos mó orthu ná na ranganna eile a chuireann srian ar mhachnamh dráma go dtí aon cheacht dráma amháin sa tseachtain.

Joanna Parkes, Cleachtóir Drámaíochta 

Mar shaorealaíontóir airím go bhfuil mé liom féin go minic nuair atá mé ag tabhairt faoi mo chuid oibre, mar sin, bhí mé an-bhuíoch deis a bheith agam na ceardlanna dráma a phleanáil agus a sheachadadh le duine éigin eile a bhí chomh dírithe céanna ar an bpróiseas. Chomh maith leis sin, i gcomparáid le tionscadail dráma eile, is éard a chuaigh i bhfeidhm níos mó orainn ná, an chaoi a raibh na páistí níos tiomanta agus faoi dhraíocht ag próiseas an dráma de bharr nádúr traschuraclaim an tionscadail agus an chaoi a raibh daoine chomh tógtha leis le linn na seachtaine scoile. De bharr an ama bhreise agus an fhuinnimh a chaith Jenny leis an bpróiseas sin, taobh amuigh dár seisiúin dráma, bhí deis ag na scoláirí ceangal a bheith acu leis an bpobal ficsin a chruthaíomar agus tuiscint a bheith acu ar na carachtair, agus ar a gcuid deacrachtaí agus ar a roghanna saoil.

Ar athraigh aon rud i do chuid oibre mar gheall ar an tionscadal?

Jennifer Buggie, Múinteoir

Ó thogra 2014 ar aghaidh, d’oibrigh Joanna agus mé féin ar thionscadail ina dhiaidh sin le páistí agus d’fhorbraíomar ceardlann d’oideachasóirí faoi 1916. Bainim úsáid as na scileanna a d’fhorbair mé i gcomhpháirtíocht le Joanna ar feadh mo chuid obair ghairmiúil, le mo leathbhádóirí agus páistí araon. Is mó an t-eolas atá agam ar na healaíona agus ar chruthaitheacht de bharr an tionscadail seo. Creidim go láidir gur cheart go mbeadh taithí ealaíne ag gach páiste a chuireann lena saol. Ach breathnú amach, machnamh a dhéanamh taobh istigh, agus cumarsáid agus ceangal a dhéanamh, féadfaidh ár mbunscoileanna a bheith ina n-ionaid foghlama don leanbh agus don mhúinteoir uile, ina ndéantar riachtanais fhisiciúla, mhothúchánacha agus spioradálta a chur in iúl, a aithint agus a chomhlíonadh.

Joanna Parkes, Cleachtóir Drámaíochta 

Agus mé ag oibriú le Jenny, thug an chomhpháirtíocht seo deis iontach dom a bheith buíoch de bheith ag obair i gcomhpháirtíocht le múinteoir tiomanta agus spreagúil. Teastaíonn am agus acmhainní breise ón obair seo ach de bharr na comhpháirtíochta seo, thug mé faoi deara níos mó ná riamh gur fiú caidreamh láidir comhoibríoch a dhéanamh leis na múinteoirí sna tionscnaimh seo. Tá sé an-soiléir nuair atá comhoibriú tiomanta ann, tá an ceangal agus an rannpháirtíocht níos doimhne agus níos fiúntaí do na scoláirí.

Spotsolas


Ealaíontóir(í):

Is cleachtóir drámaíochta í Joanna Parkes le fada an lá, a d’oibrigh i suíomhanna foirmeálta agus neamhfhoirmeálta oideachais le blianta fada, in Earnáil na Bunscoile, i bhforáil Speisialta Oideachais, in Ollscoileanna 3úleibhéal lena n-áirítear Coláiste na Tríonóide, Institiúid Oideachais Marino agus Rannán For-Rochtana Oideachais in Amharclann na Mainistreach. D’ainmnigh Amharclann na Mainistreach Joanna le bheith mar dhuine den seisear Ealaíontóirí le bheith sa tionscadal píolótach, ag fiosrú Comhpháirtíocht Múinteora/ Ealaíontóra.

D’oibrigh sí i gcomhar le Sarah FitzGibbon chun dhá leabhar acmhainne a dhéanamh do mhúinteoirí ina bhfuil Scéimeanna Dráma atá spreagúil agus dinimiciúil, Step By Step Together – Oideachas Forbartha agus Dráma i seomra ranga na bunscoile, agus Step By Step Educational Drama- Úsáid dráma Traschuraclaim i seomra ranga na bunscoile (D’fhoilsigh NAYD an péire leabhar seo, in 2010 agus in 2006).

Choimisiúnaigh the Ark í (Ionad Cultúir do Pháistí) chun sraith eispéiris spraíúla idirghníomhacha a fhorbairt do pháistí atá idir 2 agus 4 bliana d’aois, ag úsáid dráma, scéalaíocht agus amharclannaíocht a chuaigh ar aghaidh go háiteanna eile timpeall na tíre.  I mbliana (2018), tá sí ag obair i gcomhar le Joanna Williams (Little Bigtop) maidir le taibhiú idirghníomhach ar bhonn fiosraithe don aos óg darb ainm Whatever the Weather atá le bheith ar camchuairt náisiúnta go dtí naoi nIonad Ealaíne réigiúnach.

Tá sí díreach tar éis Máistreacht a chur i gcrích san Oideachas Luath-Óige in Institiúid Oideachais Marino, ag déanamh taighde ar fhéidearthachtaí atá ag dráma agus ag an scéalaíocht nuair atáthar ag obair le páistí óga.


Múinteoir(í):

Is múinteoir bunscoile í Jenny Buggie i Scoil Shóisearach an Teaghlaigh Naofa (thugtaí An Chroí Ró-Naofa uirthi) i bPort Laoise agus is éascaitheoir ceardlanna í freisin in Ionad Oideachais Laoise agus sa Chlár Náisiúnta Ionduchtaithe do Mhúinteoirí. D’ainmnigh Ionad Oideachais Laoise Jenny le bheith mar dhuine den seisear treoirmhúinteoirí sa Tionscadal Píolótach, ag fiosrú comhpháirtíocht Múinteora/Ealaíontóra. Tá Dioplóma i gCeannaireacht Oideachasúil aici, a dhírigh ar dhrámaíocht sa bhunscoil agus Máistreacht san Oideachas, a d’fhiosraigh féiniúlacht sa mhúinteoireacht. Tá sí díograiseach maidir lena cuid oibre i réimse an oideachais agus is aoibhinn léi bealaí nua a fháil chun spreagadh agus dúshlán a thabhairt do na páistí a mhúineann sí. San am i láthair tá Jenny ag obair le páistí agus le foireann Scoil Shóisearach an Teaghlaigh Naofa trí Thogra Scoileanna Ildánacha na Comhairle Ealaíon.


Ealaíontóir(í)

Joanna Parkes

Múinteoir(í)

Jennifer Buggie


Foirmeacha Ealaíne

Oideachas Dráma

Scoil/Grúpa

Sacred Heart Primary School, Portlaoise, Co. Laois


Rannpháirtithe

36


Réigiún

Laoise

Aois/Rang

Rang a Trí


Dátaí

Meán Fómhair – Nollaig 2014


Ceannaireacht Ghníomhaireacht

Teacher-Artist Partnership (TAP) CPD


Comhpháirtithe eile

Department of Education and Skills (DES), Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht (DAHG), Encountering The Arts Ireland

Príomhthéamaí / línte fiosrúcháin

Foghlaim bunaithe ar fhiosrú, stair, seandálaíocht, scéal, áit, inscne agus féiniúlacht


Snáitheanna Curaclaim

Drámaíocht chun mothúcháin, eolas agus idéanna a iniúchadh d'fhonn tuiscint a chothú

Léirsmaoineamh ar dhrámaíocht

Comhoibriú agus cumarsáid i ndéanamh drámaíochta

Scileanna: Ag obair mar staraí

Stair áitiúil

Scéalaíocht

Pobail luathaoise agus sochaithe ársa


Taighde nó foilseacháin ábhartha

Na hEalaíona san Oideachas Comhpháirtíocht Múinteora/Ealaíontóra



Ach breathnú amach, machnamh a dhéanamh taobh istigh, agus cumarsáid agus ceangal a dhéanamh, féadfaidh ár mbunscoileanna a bheith ina n-ionaid foghlama don leanbh agus don mhúinteoir uile, ina ndéantar riachtanais fhisiciúla, mhothúchánacha agus spioradálta a chur in iúl, a aithint agus a chomhlíonadh.

Jennifer Buggie, Múinteoir

Image copyright TAP – Drama Practitioner Joanna Parkes collaborating with pupils at Sacred Heart Primary School, Portlaoise, Co. Laois as part of a TAP with Teacher Jennifer Buggy.