ENGLISH

NUACHTLITIR



Cad a dhéanann hEalaíona i gcleachtas Oideachas cuma mhaith? Léigh faoi na próisis agus comhpháirtíochtaí taobh thiar thionscadail reatha tarlú ar fud na hÉireann.


Clár Rannpháirtíochta Ealaíne don phobal darb ainm ‘Dublin Ships’


Inis scéal do thionscadail dúinn – céard faoi a raibh sé? Cé a bhí páirteach ann? Cén chaoi ar thosaigh tú?

Scríobh Cliona Harmey é seo le hionchur ó chomhoibrithe cruthaitheacha agus ó mhúinteoirí ar an tionscadal

Ó tharla gur mise an t-ealaíontóir a bhí ag forbairt an tionscadail ealaíne phoiblí Dublin Ships (arna choimisiúnú ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath) bhí mé ag iarraidh go mbeadh tionscadal rannpháirtíochta ar siúl le linn don saothar ealaíne a bheith ar siúl. Ba obair ealaíne poiblí sealadaí é Dublin Ships a cruthaíodh trí chóras faisnéise leictreonach beo (AIS) a dhéanann rianú ar áiteanna na long agus iad ag teacht isteach go Calafort Bhaile Átha Cliath agus ag dul amach as an gCalafort. Taispeánadh ainmneacha na long is déanaí a tháinig isteach agus a d’imigh as Calafort Bhaile Átha Cliath ar dhá scáileán mhóra LED ag Droichead Scherzer gar do Dhroichead Samuel Beckett thar thréimhse naoi mí. Bhí baint ag na bríonna agus ag na tréithe fileata in ainmneacha na long leis an saothar ealaíne, lena n-áirítear tagairtí do thrádáil mhuirí, do lastais, do phearsana stairiúla agus d’áiteanna i gcéin.

Rinneamar cinneadh in éineacht leis na coimisinéirí, Ruairí Ó Cuív agus Liz Coman, chun tabhairt faoi obair le páistí ina gcónaí go háitiúil a d’fhéadfadh a bheith ag féachaint ar shaothar ealaíne go laethúil, le linn na tréimhse sínte ama.

Rinneamar teagmháil le triúr daoine nuálacha a raibh taithí acu, an t-ealaíontóir Martina Galvin, an t-oideoir amharc-ealaíne Katy Fitzpatrick agus an fealsamh Aislinn O’Donnell chun tabhairt faoi obair ar an tionscadal. Bhí caidrimh ag na daoine ar fad leis an scoileanna sa cheantar idir chaidrimh reatha agus chaidrimh san am a caitheadh agus bhí eolas acu ar fad ar an láthair. Ba é an creat tosaigh dár bpleanáil chun bealaí éagsúla a fháil chun cur ar chumas na scoláirí freagairt do na smaointe a d’eascair as an saothar ealaíne. Dhearamar sraith de cheithre sheisiún grúpa ranga trí phleanáil chomhoibríoch foirne agus trí chomhrá reatha, lenar cuimsíodh úsáid a bhaint as plé ó bhéal, rudaí a dhéanamh go teagmhálach, obair leabhair nótaí agus turas allamuigh eispéireasach.

Martina Galvin, Ealaíontóir

Ó tharla go raibh mé i láthair sa phlé fealsúnach sna seomraí ranga, agus go raibh mé chomh tógtha leis na páistí maidir leis na cuairteanna ar an gcalafort, bhí mé in ann a fháil amach cé hiad na rudaí le díriú orthu sna ceardlanna sna seomraí ranga.  Cé gur mhol mé do na páistí a gcuid saothar ealaíne poiblí féin a chruthú don chalafort, bhí go leor snáitheanna a d’fhéadfaí a mhéadú ar bhealach ealaíonta agus cruthaitheach.

Cén chaoi ar forbraíodh na smaointe agus cén chaoi ar oibrigh na daoine óga, an t-ealaíontóir agus an múinteoir le chéile?

Forbraíodh an tionscadal rannpháirtíochta le tionchar ó cheithre scoil ar gach taobh den Life. Mar sin, ba mhór an chabhair go raibh eolas ag go leor de na scoláirí ar an saothar ealaíne maidir le plé a chruthú agus chun smaointe a phlé le linn don tionscadal a bheith ar siúl.

Ba é an plé le hAislinn agus le Katy a chuir tús leis an tionscadal, ina ndearnadh iniúchadh ar an bhféidearthacht do go leor foirmeacha éagsúla ealaíne agus ba thábhachtach an chéim a bhí ann chun spreagadh a thabhairt do dhaoine cuimhneamh agus labhairt go hoscailte ag tús an tionscadail. Chomh maith leis sin, cuimsíodh leis an gcéad chuid den tionscadal, samhlú agus smaoineamh ar na heilimintí infheicthe agus dofheicthe de theicneolaíochtaí comharthaí agus cumarsáide atá inár dtimpeall go laethúil. Bhí sé seo mar chrann taca do líníochtaí teibí as sin amach.

Chuathas ar thuras allamuigh chuig an gcalafort le linn na céime tosaigh den tionscadal le Martina Galvin and Charlie Murphy, Bainisteoir Cumarsáide de chuid Chuideachta Phort Bhaile Átha Cliath. D’fhág an chuairt go raibh na daoine óga in ann féachaint taobh thiar de bhallaí na háise a bhí ina gceantar agus bhí siad in ann na hoibríochtaí sa seomra rialúcháin a fheiceáil. Ba bhuaicphointe spreagúil eispéireasach é an chuairt ar an gcalafort. Bhí sé de dheis ag grúpa amháin bád farantóireachta darb ainm “Carribean Princess” a fheiceáil le linn don bhád a bheith ag teacht isteach cóngarach dóibh agus an grúpa sa seomra rialúcháin. Tá an scoil áirithe seo os comhair an chalafoirt agus bíonn trácht loingseoireachta le feiceáil go minic i gcéin ó fhuinneoga na scoile ón taobh eile den abhainn.

D’oibrigh na páistí leis an amharc-ealaíontóir i ndiaidh an phlé seo chun cuimhneamh ar smaointe tosaigh le haghaidh a gcuid saothar ealaíne féin. Cuimsíodh leis seo, go leor freagraí samhlaíocha, agus luadh eispéiris agus turais i gcuid acu. Cuimsíodh le moltaí eile, saothar ealaíne do thriúr damhsóirí, páirc scátála mar shaothar ealaíne, saothar ealaíne bunaithe ar thréimhse na dineasár, chomh maith le saothar ealaíne a dhearfaí d’áiteanna ar leith.

Choinnigh na daoine óga leabhair nótaí don tionscadal chun a gcuid smaointe a bhreacadh síos agus chun a dtaighde a bhailiú. Rinne mé féin agus Martina plé ar bhealaí a n-úsáideann ealaíontóirí leabhair nótaí leis na páistí. Thugamar roinnt samplaí dár leabhair nótaí féin linn chun iad a thaispeáint dóibh. Bhí sé simplí na leabhair nótaí a úsáid ach má bhí, bhí an mhodheolaíocht an-éifeachtach, agus chuidigh sé leis na scoláirí tuiscint a fháil ar ghníomhaireacht agus ar iarracht phearsanta maidir leis an tionscadal.

D’úsáideamar grianghraif a rinne Martina a thaifeadadh sna seomraí ranga mar leideanna chun cuimhne na scoláirí agus plé a spreagadh maidir lena dtaithí ar an gcalafort agus chun an t-eispéireas a bhí acu nuair a bhí siad sa chúlra a thabhairt chun cuimhne.

Martina Galvin, Ealaíontóir

Ba é an ‘leabhar nótaí’ an modh bailithe don tsraith shaibhir ábhar agus smaointe, agus ba bhealach iontach a bhí ann chun saoirse indibhidiúil a thabhairt do na páistí gan a gcuid freagraí agus smaointe a chailleadh. Chuir mé sraith shaibhir agus éagsúil ábhar ar fáil dóibh sna ceardlanna, agus go deimhin, bhí sé an-chabhrach chun iad a bhogadh ó ‘léiriúcháin thraidisiúnta’ go dtí an méid a chonaic siad, chun smaointe samhlaíocha a fhorbairt. Ghlac mé go leor grianghraf de na turais chuig an gcalafort agus bhreathnaigh mé ar an turas arís ach úsáid a bhaint as na grianghraif chun an calafort a thabhairt ar ais sa seomra ranga – rud a rinne cinnte nach rabhamar ag obair ón tús. Mar shampla, bhí leathanach “bolaidh” sna leabhair nótaí agus chuir siad braonta labhandair nó braonta ola féir líomóidigh ar a leathanach ina leabhar nótaí. Bhí baint dhíreach aige seo leis an mboladh ó na stórais ghráin sa chalafort. Bhí iontas mór orainn ar fad gurb é seo an t-aon fhoinse gráin don arán ar fad a dhéantar in Éirinn agus gurb é an grán céanna a ithimid ar fad!!  Chomh maith leis sin, scríobh siad faoi smaointe, mar go ndúirt mé leo gur féidir cuimhneamh ar smaointe agus gur féidir iad a scríobh síos, ní gá go ndéantar iad. D’fhág sé seo go raibh níos mó saoirse cruthaithí ann. Bhí roinnt samplaí ann de fhreagraí éagsúla, agus sílim gurbh é ceann de na rudaí ba shuntasaí faoin tionscadal dom – chuir sé ar chumas na bpáistí próiseas cruthaitheach indibhidiúil a bheith acu gan an gá chun an smaoineamh a chur i gcrích.

Mary Sunderland, múinteoir ó Scoil Náisiúnta do Chailíní, Sráid an tSirriam, Baile Átha Cliath 1

Ba é an rud ba mhó a thaitin liom ná an chaoi ar bhain an tionscadal úsáid as timpeallacht na bpáistí chun eolas a dhéanamh don tionscadal agus chun é a stiúradh. Fuair mé féin agus na páistí taithí ar rudaí nach bhfaighimis taithí orthu go hiondúil agus bhí gach rud in aice láimhe. Cuimsíodh leis seo a bheith ag foghlaim faoi Chalafort Bhaile Átha Cliath agus faoi Longa Bhaile Átha Cliath. Cheap mé gur mhór an spórt é an tionscadal.

Tar éis dúinn cuairt a thabhairt ar an gcalafort, chuir roinnt múinteoirí tús leis an obair thionscadail le linn na ranganna a bhí againn idir an chuairt ar an gcalafort agus na seisiúin ealaíontóra. D’eascair roinnt rudaí teibí agus grafacha suntasacha as fiosrúchán ábhair agus as plé ar rudaí infheicthe agus dofheicthe.

Cad iad na gnéithe den tionscadal a chuir gliondar ort? Cad iad na gnéithe den tionscadal a raibh dúshlán ag baint leo?

Bhí comhráite agus cuir síos na bpáistí ar an gcuairt ar an gcalafort go han-deas ar a fad. Cuimsíodh leis na buaicphointí, boladh láidir gráin á sheachadadh, an seomra rialúcháin é féin, a bheith ag breathnú trí dhéshúiligh ar an bhfarraige, ag caint le duine ar an long a bhí ag teacht isteach, ag labhairt/canadh trí na meigeafóin.

Bhí an t-ualach mór oibre a bhí le déanamh, mar ghné dhúshlánach le linn na gceithre sheisiún leis na héascaitheoirí. Chuir na páistí roinnt mhaith ábhair i gcrích a thaispeáin a smaointeoireacht agus a bhí mar fhreagra ar smaointe agus ar ábhair. Ba phróiseas dúshlánach í an eagarthóireacht agus bhí sé sórt ciotach. Ní rabhamar cinnte ag tús an tionscadail cén bhail a bheadh ar an táirge deiridh, ar bhreathnú siar dúinn, bheadh sé níb éasca orainn dá mbeadh tuairim níos soiléire againn ar an táirge deiridh ag an tús.

Ba chomhoibrithe an-tiomanta agus an-ghníomhach iad an ceathrar múinteoirí le linn an tionscadail. Lean cuid de na múinteoirí ar aghaidh leis an bplé agus smaoinigh siad ar ghníomhaíochtaí breise a bhí ar siúl idir na seisiúin.

Bhí sé deacair na scoileanna a spreagadh chun páirt a ghlacadh sa tionscadal tar éis shaoire an tsamhraidh, ó tharla go raibh triúr den cheathrar múinteoirí a bhí bainteach ar chead neamhláithreachta agus bhí na múinteoirí nua ag tosú leis na grúpaí ranga. Ní raibh aon taithí ag na múinteoirí seo ar phríomhghnéithe an tionscadail agus bhí sé an-chrua orthu na téamaí a phiocadh suas agus cur leo.

Cé na léargais ón tionscadail ar fiú a roinnt?

Bhí sé an-tábhachtach gur oibríomar i gcomhar leis na cleachtóirí agus leis an múinteoirí tacúla, agus go rabhamar ag tabhairt tacaíocht dá chéile, chuir sé sin an tionscadal rannpháirtíochta chun cinn.

Bhailigh mé an t-eolas a cuireadh i dtoll a chéile i ‘dTaispeántas ar Líne’ inar cuireadh forléargas ar fáil ar chuid de na príomhcheisteanna a rinneamar a iniúchadh. Rinneamar iarracht sampla dár gcur chuige a chur ar fáil, rud a chuireamar le chéile ó thaifeadtaí fuaime mar aon le híomhánna agus líníochtaí a rinne na rannpháirtithe.

Tháinig mé féin agus Liz Coman ar ais chuig grúpa ranga amháin chun an taispeántas ar líne a thaispeáint dóibh agus chun a gcuid aiseolais a fáil. Bhí tionchar an tionscadail soiléir sa chomhrá seo de bharr gur roinn na páistí cuimhní amhairc agus cuimhní ó bhéal ar a dtaithí. Labhair na páistí ar an tábhacht a bhain leis na leabhair nótaí a úsáid mar uirlis chun smaointeoireacht a bhailiú mar thaighde. Nuair a thaispeánamar an taispeántas ar líne do na páistí rinneamar plé ar an gcaoi ar roghnaigh mé na híomhánna agus na píosaí fuaime ó mhéid mór ábhair – a gcuid oibre a eagrú ar bhealach. D’fhéadfaimis an ghné roghnach seo a fhorbairt dá mbeadh am rannpháirtíochta níos faide againn agus d’fhéadfaimis an t-ábhar a eagrú agus é níos dírí leis na páistí.

Ba iad na híomhánna eagraithe dá líníochtaí mar ghearrthóga físe a spreag freagairtí láidre ó na páistí. Spreag sraith chiúin íomhánna dá líníochtaí teibí aird na bpáistí go maith, a bhí ina dtost nuair a chonaic siad an tsraith agus bhí sé ar cheann de na bealaí b’éifeachtaí chun an t-eolas a eagrú chun freagraí a fháil ón ngrúpa agus chun an t-eolas a úsáid sa rang de réir cosúlachta.

Ar athraigh aon cheo mar thoradh ar an tionscadal seo?

I mo thuairim mar ealaíontóir, rinne an tionscadal éascaíocht ar eadráin agus ar phlé maidir leis an saothar ealaíne poiblí le pobal na scoile. Tháinig aiseolas luachmhar ón tionscadal freisin, rud a bhí ina chabhair againn a fháil amach a éifeachtaí a bhí an tionscadal ealaíne poiblí ina iomláine. Ghlac na páistí páirt i gcomhráite le tuismitheoirí nó le seantuismitheoirí faoin obair, rud a bhí ina chabhair againn an obair a eadránú chuig an bpobal níos leithne dúinn freisin.

Ba é an tionscadal rannpháirtíochta a chuir feidhmiú inmheánach an chalafoirt i láthair do na páistí freisin, calafort atá an-ghar dóibh agus ar a bhfuil cáil i measc a bpobail. Ghlac siad páirt dhíreach i bplé faoi na longa a thagann isteach agus a théann amach as an gcalafort, faoin lastas, agus faoi ainmneacha na long.

Chuir an tionscadal coincheap na bhfoirmeacha éagsúla a d’fhéadfadh a bheith ag saothar ealaíne comhaimseartha i láthair do na páistí. Chomh maith leis sin, chuir an tionscadal ar chumas na bpáistí am agus spás a chur ar leataobh chun cuimhneamh ar fhreagra cruthaitheach faoi chuairt a thabhairt ar an gcalafort, faoin saothar ealaíne a fheiceáil agus faoi thuiscint a fháil ar an gcaoi a ndearnadh é.

Tháinig na héascaitheoirí cruthaitheacha, na múinteoirí agus na baill foirne i gClár Shaothar Ealaíne Bhaile Átha Cliath, na baill foirne in Oifig Ealaíne Bhaile Átha Cliath agus na baill foirne i gCalafort Bhaile Átha Cliath le chéile chun oibriú lena chéile agus chumasaigh sé roinnt foghlama idir piaraí agus tháinig réimse éagsúla saineolais le chéile chun tacaíocht a thabhairt do thaithí na bpáistí.

Spotsolas


Ealaíontóir(í):

Artist- Cliona Harmey

I work primarily with technology and sculpture in a gallery context. My work investigates systems of technology, and infrastructure by engaging directly with its physicality. Dublin Ships was my first major piece of public art.

I have a background in museum and gallery education and I worked for a number of years as a freelance artist & workshop facilitator for the Education and Community Department at IMMA whilst also doing sessional work for a number of community and art organisations. Currently I work as a third level educator in in Fine Art Media at NCAD.

I am increasingly interested in thinking about the different ways of mediating art work for the wider public. This was one of the reasons I felt it was very important to have an engagement project run in parallel to Dublin Ships.

I experienced a concrete example of the benefit of additional levels of mediation this Summer when showing at The Butler Gallery. I worked closely with their education curator Bairbre-Ann Harkin on an artists audio description track for the exhibition which was designed with visually impaired visitors in mind. The project used “discovery” pens a handheld device which the user carries and which allowed visitors to choose between tracks. These tracks included a way finding track (a professional audio describer depicted the physical layout in detail), a gallery information track (title etc visual description of the work) and an artists description track with extra background information about the making of the work. Many visitors to the exhibition remarked on how being able to engage with these extra layers of information really enriched their gallery experience. An example track is online here:

https://soundcloud.com/adiarts/sets/audio-information-for-block

Exhibition details: http://www.butlergallery.com/cliona-harmey-block-receive/

The Butler Gallery  (audio-describe one exhibition every year. The process was facilitated in partnership with Arts & Disability Ireland (http://adiarts.ie/) , with funding from the Arts Council (http://www.artscouncil.ie/home/).


Ealaíontóir(í)

Cliona Harmey

Martina Galvin

Katy Fitzpatrick

Aislinn O’Donnell (philosopher)

Múinteoir(í)

Paul Ryan

Mary Sutherland

Roisín Ní Bhroin

Michelle MacNamee


Foirmeacha Ealaíne

Na hAmharcealaíona

Leibhéal

Bhunscoile

Scoil/Grúpa

St Lawrence’s Girls National School, Dublin, St Lawrence’s Boys National School, Dublin, St Joseph’s National School, Dublin, St Patrick’s Girls National School, Dublin


Rannpháirtithe

100 students


Réigiún

Cathair Bhaile Átha Cliath

Aois/Rang

Fourth – Sixth Class


Dátaí

April 2015-November 2015


Naisc


Ceannaireacht Ghníomhaireacht

Dublin City Council Arts Service


Príomhthéamaí / línte fiosrúcháin

The project engaged with children in response to a public artwork. It explored questions about potential forms of art & public art as well as themes relevant to the work such as technology, infrastructure, philosophy, locality.


Snáitheanna Curaclaim

Visual Art

(STEAM) Science, Technology, Engineering, Arts, Maths


Taighde nó foilseacháin ábhartha



What I loved most was how the project utilised the children's surroundings to inform and lead the project. The children and I experienced things that we never would normally and all of them being on our doorstep.

Mary Sunderland, teacher from St Lawrence’s Girls National School, Sherriff Street, Dublin 1