ENGLISH

NUACHTLITIR



Cad a dhéanann hEalaíona i gcleachtas Oideachas cuma mhaith? Léigh faoi na próisis agus comhpháirtíochtaí taobh thiar thionscadail reatha tarlú ar fud na hÉireann.


Finding our Way


Maidir leis an tionscadal
Treoirlínte: (Áirigh le do thoil peirspictíochtaí an ealaíontóra agus an mhúinteora, agus nuair is féidir, na leanaí freisin)

Inis scéal do thionscadail dúinn – céard faoi a bhí sé? Cé a bhí páirteach ann? Cén chaoi ar thosaigh tú?

Ealaíontóir
Tugadh cuireadh do Ghaelscoil Uí Fhiaich ag iarraidh ar mhúinteoir oibriú i gcomhpháirt le Damhsóir Cónaithe Roinn Froebel don Bhun- agus Luath-Oideachas. Roghnaíodh an scoil seo mar gheall ar an obair atá ar bun aici le fada an lá leis an gCoiste Socrúcháin Scoile Roinn Froebel don Bhun- agus Luath-Oideachas in Ollscoil Mhá Nuad. Thacaigh Tríona Stokes, Comhordaitheoir na Cónaitheachta, le bainistiú agus le riar an tionscadail ón tús ar fad.

Ghlac Tracey Kirrane, a mhúineann daltaí Rang a Dó sa Ghaelscoil, leis an gcuireadh agus socraíodh cruinniú. Ón tús, ba léir go raibh Tracey ar bís faoin tionscadal agus go rabhamar beirt ag tnúth go mór le bheith ag obair air agus le gach a bhféadfaí a bhaint amach leis.

Nuair a thug mé cuairt ar an nGaelscoil, chuaigh dealbh Éisc Joe Bulter ar aghaidh na scoile i gcion go mór orm. Rinneadh an obair sin mar chuid den scéim Céatadán don Ealaín thart ar thrí bliana roimhe sin. Bhí an dealbh sin mar spreagadh chun an saothar damhsa a fhorbairt.

Ba é aidhm an tionscadail ná roinnt torthaí cruthaitheacha a chruthú idir gach duine a bhí ag obair air. Shamhlaigh mé go léireodh an saothar seo comhthéacs an tionscadail, na próisis chruthaitheacha agus an fhoghlaim a bhí ag tarlú idir gach duine a bhí ag obair air.

I measc na dtorthaí cruthaitheacha sin bheadh taibhiú damhsa comhtháite (mic léinn agus leanaí ag damhsa le chéile) agus gné scannáin. Theastaigh uaim freisin go mbeadh na modhanna doiciméadúcháin agus na haschuir mar chuid den obair dheiridh. I measc na n-aschur sin bheadh agallaimh thaifeadta, dialanna, ábhar machnaimh (scríofa agus le hábhair ealaíne) agus grianghraif.

D’eagraigh mé féin agus Tracey seisiúin sheachtainiúla gach maidin Déardaoin sa scoil do na leanaí. Leagadh síos na seisiúin le haghaidh uair an chloig.

Chuaigh beirt mhac léinn as Roinn Froebel don Bhun- agus Luath-Oideachas in Ollscoil Mhá Nuad in éineacht liom ar bhonn rothlú. Is é an ról a bhí acu a bheith rannpháirteach mar dhamhsóirí agus a gcaidreamh féin a fhorbairt leis na leanaí. Bhí baint acu freisin leis an gceardlann a phleanáil agus a mheas in éineacht liomsa. Ghlac siad róil ghníomhacha, éagsúla ar láimh ó thaobh tascanna damhsa sa ghrúpa a stiúradh ach freisin lean siad na leanaí agus d’fhoghlaim siad uathu. Bhí an chothromaíocht sin ina gné thábhachtach dár gcur chuige comhoibríoch. Theastaigh am agus spás uainn go léir a bhí rannpháirteach chun rudaí a fhoghlaim ó dhaoine eile, agus chun oibriú lenár gcomhghleacaithe ar an tionscadal.

Múinteoir
Tháinig duine de na múinteoirí ar scoil chugam ag fiafraí díom an mbeadh suim agam páirt a ghlacadh i dtionscadal damhsa le hOllscoil Mhá Nuad. Bhí a fhios aige go raibh spéis mhór agam i gcúrsaí damhsa agus ceoil. Is maith liom sosanna a thabhairt do leanaí i mo rang chun deis a thabhairt dóibh bogadh thart agus tá an damhsa go breá ar an gcaoi sin.

Bhí cruinniú agam le Tríona agus le Lisa ar scoil agus mhínigh siad an próiseas iomlán dom. Ar an bpointe boise bhí a fhios agam gur tionscadal suimiúil agus spleodrach a bheadh anseo. An lá céanna phléamar cén t-eolas a chaithfí a sheoladh chuig tuismitheoirí na leanaí agus shocraíomar go ndéanfaimis seisiúin uair an chloig gach maidin Déardaoin.

Ar an gcéad seisiún a raibh Lisa linn, rinne sí cleachtaí gluaiseachta leis na leanaí. Bhí na leanaí an-tógtha leis ón tús agus bhí a fhios agam as sin amach go mbainfidís sult as an turas a bhí os ár gcomhair. Tar éis dóibh filleadh ar an rang tar éis an tseisiúin sin bhí na leanaí ar bís agus b’fhada leo go mbeadh an chéad seisiún eile ann.

Mac léinn
Louise Young
Ag tosú amach dom ba dheacair liom an píosa críochnaithe a shamhlú, ach de réir mar a bhí an struchtúr agus an scéal níos soiléire tháinig an taibhiú féin le chéile i bpíosa breá damhsa.

Mac léinn
Claire Casey
Bhí fonn orm a bheith páirteach sa tionscadal mar cheap mé go dtabharfadh sé dúshlán dom agus go gcuirfeadh sé ar mo chumas a bheith páirteach i rud éigin nua ar fad dom. Bhíodh fonn orm i gcónaí a bheith páirteach i rudaí in éineacht le leanaí lasmuigh den ghnáthshocrúchán agus tá ríméad orm go raibh mé páirteach sa tionscadal seo.

Cén chaoi ar forbraíodh na smaointe agus cén chaoi ar oibrigh na daoine óga, an t-ealaíontóir agus an múinteoir le chéile?

Ealaíontóir
Forbraíodh na smaointe trí obair a rinneadh le chéile agus a rinne gach duine as féin agus damhsa agus machnamh i gceist thar 13 seachtaine. I measc shraitheanna an tionscadail bhí siad seo a leanas:

1.    An obair imscrúdaithe a rinne mé féin sa stiúideo agus cruinnithe pleanála le Tríona Stokes;
2.    Seisiúin leis na leanaí (faoi stiúir Tracey agus/nó an ealaíontóra)
3.    Seisiúin leis na mic léinn (á n-éascú ag na mic léinn féin nó faoi stiúir an ealaíontóra)
4.    Ceardlanna comhtháite leis na leanaí agus na mic léinn le chéile. Bhí siad sin ar siúl ar scoil le líon beag mac léinn. Bhí ceardlanna ar siúl freisin ar Champas Ollscoil Mhá Nuad. Bhí trí cheardlann/chleachtadh leis an ngrúpa iomlána. Ina measc sin bhí rang 30 leanbh agus seisear ábhar oide a bhí tógtha le gné taibhithe an tionscadail. Bhí na seisiúin sin ar siúl san Ollscoil agus tacaíocht acu ó Choiste Cónaitheachta Damhsa Roinn Froebel don Bhun- agus Luath-Oideachas agus ó líon mór de chúntóirí mic léinn;

Is eiseamláir d’fhorbairt an tsaothair í an chomhpháirtíocht le Laura Thornton, a spreag mé chun ár n-iniúchadh comhoibríoch ar an líne a dhoimhniú.
Is léachtóir le healaín in Froebel í Laura Thornton. Thug sí tacaíocht dom chun m’uirlisí ealaíonta a leathnú sa phróiseas imscrúdaitheach seo. D’úsáid mé an corp agus ábhair ealaíne inár n-imscrúdú ar an líne.

Chuir mé an t-imscrúdú ar an líne i láthair na leanaí agus na mac léinn. Chruthaíomar línte inár gcoirp trí chruth, tharraingíomar línte ag úsáid codanna éagsúla den chorp tríd an spás. Rinneamar staidéar, tharraingíomar agus ghlacamar grianghraif de línte agus de chruthanna ar an dealbh Éisc.
Ó na ‘líníochtaí líne’ thosaigh na leanaí ag labhairt faoi léarscáil a leanúint agus teacht ar thaisce. D’fhorbair plé agus obair spraíúil timpeall ar an smaoineamh sin. Rinneamar rianú agus leanamar ár léarscáileanna tríd an spás.  Labhair na leanaí faoi aistir ghearra agus faoi aistir fhada a raibh siad féin orthu. Chuimhnigh siad ar amanna ar lean siad léarscáileanna nó ar fhéach siad ar a dtuismitheoirí ag leanúint léarscáileanna. Labhair na leanaí faoi dhúshláin agus faoi shrianta a bhféadfadh duine teacht trasna orthu ar an mbealach. Roinneadh aistir a bhí acu i ndáiríre agus cinn a shamhlaigh siad, rinneadh damhsa fúthu agus scríobhadh fúthu.

Spreag Tracey mé chun smaoineamh ar scéal an damhsa. Rinne sí trácht ar scéal a bhfuil cur amach againn go léir air, We’re Going on a Bear Hunt, le Michael Rosen. As sin, ba ghearr go raibh sé níos soiléire cén leagan amach agus socrú a bheadh ar ár scéal/n-aistear. D’éist mé leis an gcuntas a thug Tracey agus leis an gcaoi ar mheabhraigh sí dom an cuspóir a bhí lenár gcuid oibre agus cad a bhí leagtha amach againn dár ndamhsa a chur in iúl go soiléir i gcónaí, agus ba mhór agam é.

Rinneadh forbairt ar an damhsa agus sa deireadh thiar is taibhiú dar teideal Finding our Way, Ag lorg Slí a bhí ann. Léiríodh giotaí d’aistear sa taibhiú. Cuireadh é sin in iúl trí thaibhiú beo damhsa, scannánaíocht agus obair ghrianghrafadóireachta.
Nóta ó chlár an taibhithe,

‘The dance journey reveals the discoveries the performers made throughout the creative process of this project.
With trust and a light heart, we find our way together.’

Is trí dhamhsa, trí scannánaíocht agus trí ghrianghrafadóireacht a léiríonn “Ag lorg slí” giotaí d’aistear.

‘Aistear is ea “bogadh ó áit go háit”.  Cruthaíonn na rinceoirí scéal an aistir trí chomhghníomhaíochtaí simplí maraon le damhsa drámatúil.  Soiléirítear an próiséis cruthaitheach tríd an damhsa. Nochtar na fionnachtain atá aimsithe ag na rinceoirí le linn an aistir cruthaitheach don tionscnamh seo.’

Múinteoir
Phléigh mé féin agus Lisa smaointe le chéile agus tháinig go leor acu go nádúrtha againn ó bheith ag féachaint ar na leanaí sna seisiúin. Toisc gur múinteoir mé, is maith liom struchtúr, mar measaim go dteastaíonn treoirlínte ó leanaí ionas go mbeidh a fhios acu cé leis a bhfuilim ag súil. Bhí a fhios agam go gcaithfeadh céimeanna cinnte a bheith inár ndamhsa agus idirthréimhsí soiléire ionas go mbeadh leanaí in ann a bheith rannpháirteach go héasca sa phróiseas. Smaoinigh mé ar dtús ar an scéal We're Going on a Bear Hunt le Michael Rosen toisc gur léiriú an-soiléir é d’aistear ina raibh codanna aonair. Phléigh mé é le Lisa.

Thaitin an dealbh den iasc lasmuigh den scoil go mór le Lisa. Is as sin a fuair sí an smaoineamh maidir le línte cuartha agus línte díreacha. Múineadh do na leanaí conas bogadh ar bhealaí éagsúla lena n-áirítear treonna agus airde éagsúla, ag úsáid codanna éagsúla den chorp.

Bhí roinnt cruinnithe agam féin is ag Lisa le chéile chun ár smaointe a thabhairt le chéile agus iad a roinnt. Mheas mé go raibh sé thar am againn plean a leagan síos mar bhí lear mór smaointe againn agus is beag seans go mbeifí in ann iad ar fad a chuimsiú i ndamhsa amháin.

Mac léinn
Niamh Jordan
Rud éigin a thaitin go mór liom, ná go raibh forluí ag an bpróiseas damhsa cruthaitheach leis an drámaíocht agus iad fite fuaite ina chéile. Bhí na leanaí ag smaoineamh go cruthaitheach ar feadh an ama, ag aithris ar charachtar uaireanta, agus ag gluaiseacht agus ag damhsa chun a gcuid mothúchán a chur in iúl. Go deimhin, ba ghearr gur thuig mé i rith an phróisis, go bhfuil an oiread scóipe ann é a chomhtháthú ar fud an churaclaim go léir trí dhamhsa cruthaitheach. Tugadh físealaíona isteach sa phróiseas nuair a úsáideadh an dealbh den iasc sa tionscadal seo mar spreagadh don damhsa cruthaitheach.

Leanbh
Tadhg
Cad atá ar eolas agam anois faoi dhamhsa? Is féidir leat rud ar bith a dhéanamh den damhsa.

Cé na gnéithe den tionscadal seo a chuir meangadh gáire ort? Cé na gnéithe den tionscadal seo a thug do dhúshlán?

Múinteoir
Bhí sé iontach a bheith ag féachaint ar na leanaí atá cúthail nó neirbhíseach ag gabháil don tionscadal. Chuir siad a muinín sa phróiseas agus gach seachtain bhí siad ag gabháil dó níos mó agus níos mó. Ba sé an-tábhachtach nach rachadh na seisiúin ar aghaidh rófhada mar go mbíodh na leanaí ag dul ar seachrán agus ní bhainfeadh aon duine tairbhe as seisiún rófhada.

Ealaíontóir
Ba thionscadal dátheangach é. Chuir sé sin idir eagla is ríméad orm. D’oibrigh mé an oiread agus ab fhéidir liom i nGaeilge agus spreag mé na leanaí tacú liom. Ba mhinic liom stopadh agus iompú ar chomharthaíocht choirp nó níos lú cainte a dhéanamh chun cur síos a dhéanamh ar tascanna. Déarfainn go raibh tionchar aige sin ar an gcaoi ar úsáideamar ár gcoirp ar feadh an tionscadail. Níor thuig mé na leanaí/mic léinn nó an méid a bhí le rá ag Tracey i gcónaí. Labhair siad níos moille, agus d’úsáid siad a gcoirp chun cuidiú liom iad a thuiscint. I dtreo chéimeanna deiridh an tionscadail, b’éigean dom níos mó Béarla a labhairt. Ach ba dheas liom gur lean na mic léinn agus na leanaí orthu ag labhairt lena chéile i nGaeilge. Ba bhreá an comhoibriú é.

Mac léinn
Lauren O’Callaghan
Thaitin an chumarsáid idir mé féin agus na leanaí liom thar aon rud eile, go háirithe an Ghaeilge agus is breá liom a bheith ag labhairt i nGaeilge le leanaí. Mhothaigh mé tar éis an tseisiúin go raibh neart cúnaimh tugtha agam, agus mheas mé go raibh caidreamh deas agam leis na leanaí.

Mac léinn
Marie Casey
Ba bhreá an rud é freisin go leor den tionscadal á dhéanamh i nGaeilge toisc go bhfuair mé deis féachaint ar an gcumhacht atá ag an damhsa cruthaitheach agus ar an bhféidearthacht chun damhsa a chruthú in aon teanga.

Ealaíontóir
Ba dhúshlán é sa tionscadal seo na smaointe agus na gluaiseachtaí go léir a chur in ord agus a cheangal le chéile, smaointe a chruthaigh na leanaí agus na mic léinn ina gcuid seisiúin ar leith. D’úsáid mé tascanna cumadóireachta éagsúla chun na damhsóirí a spreagadh lena bhfreagairtí féin ar na gluaiseachtaí a iniúchadh agus díriú isteach orthu. Baineadh cothromaíocht amach leis sin le seichimh múinte agus deiseanna foghlama ag gach duine. Bhain mé leas as coincheap oibre an ‘aistriúcháin’. Iarrann an coincheap seo ort smaoineamh ar conas atá rannpháirtithe ag déanamh rud éigin, ní ar cad atá siad a dhéanamh.  Tá an fhealsúnacht sin lárnach i gcleachtas an chóiréagrafaí Cecilia Macfarlane agus a cuid oibre le Crossover Intergenerational Dance Company in Oxford Shasana. D’fhág sé sin go bhféadfaí mar chuid dár bpróiseas na smaointe go léir a aistriú thar gach corp agus aois. Leis sin caitear teanga a roghnú go cúramach nuair a bhíonn smaointe á leagan amach. Creidim gurb é fíorluach na fealsúnachta agus an choincheapa oibre seo ná go mbítear in ann úinéireacht chomhroinnte a bheith ar an gcóiréagrafaíocht agus go dtugtar cumhacht do rannpháirtithe roghanna a dhéanamh.

Nuair a fhéachaim siar ar an tionscadal anois, bím ríméadach agus mórtasach nuair a chuimhním ar a bheith ag damhsa le Tracey. Sa taibhiú deiridh rinneamar píosa beag damhsa le chéile. Bhí a fhios agam go raibh na leanaí agus na mic léinn agus na múinteoirí ar bís chun mé féin agus Tracey a fheiceáil ag damhsa le chéile. Ach an oiread leis na leanaí agus na mic léinn, bhíomar ag damhsa trínár ‘n-aistear’ freisin.

Mac léinn
Niamh Jordan
Rud a thaitin go mór liom i rith an tionscadail seo ná i rith ceann de na cleachtaí leis na leanaí san ollscoil. Bhí deis agam oibriú le grúpa beag leanaí (cailíní na léarscáile) de réir mar a bhí siad ag cleachtadh a bpíosa sa damhsa. Is cuimhin liom seasamh siar agus a bheith ag féachaint orthu ag cleachtadh agus ag damhsa, agus smaoinigh mé ar chomh breá is a bhí siad in ann oibriú le chéile mar ghrúpa, agus iad ag teacht le chéile chun píosa a chur ar stáitse. D’oscail sé mo shúile toisc go dtuigim anois cé chomh mór is atá gach leanbh sa rang in ann a bheith páirteach i ndamhsa cruthaitheach, mar nach mbíonn sé ag brath ar chumas acadúil in aon chor. Bhí na cailíní ag obair le chéile agus ag brath ar a chéile chun cuimhneamh ar an tsraith agus ar an damhsa a bhí cruthaithe acu féin. B’álainn an rud é a bheith páirteach ann.

Cé na léargais ón tionscadail ar fiú a roinnt? (B’fhéidir go ndéarfá gur cinn bheaga iad seo, ach go bhfuil siad tábhachtach duitse)

Ealaíontóir
Chuir mé romham mar chuspóir pearsanta go dtabharfainn aird mhór ar mo chuid rannpháirtíochta leis na daoine eile.

Agus mé sásta idirghníomhú leis an múinteoir, leis na leanaí agus leis na mic léinn. Rinne mé iarracht an aird chéanna a thabhairt ‘orm féin’ (mo phróiseas agus mo chuid foghlama féin) agus ar na daoine eile. Bhí mé ag iarraidh rud éigin ‘a fháil’ ar an gcaoi chéanna le rud éigin ‘a thabhairt’. Mar sin rinne mé iniúchadh ar chruth a chur ar m’aird féin agus í a leagan amach. Rinne mé é sin trí phíosaí a scríobh i ndialann, tréimhse a chaitheamh sa stiúideo, líníocht agus obair ealaíne, am súgartha dom féin leis an dealbh, cruinnithe le Comhordaitheoir na Cónaitheachta agus trí phlé leis na léachtóirí i Roinn Froebel don Bhun- agus Luath-Oideachas in Ollscoil Mhá Nuad a raibh saineolas acu i réimsí éagsúla (Ealaín, Tíreolaíocht, Ceol agus Gaeilge). Bhuail mé go neamhfhoirmiúil le dealbhóir an Éisc, Joe Bulter, agus chuir mé agallamh foirmiúil air. Chuir mé agallamh freisin ar iar-phríomhoide na scoile Máirín Ní Chéilleachair agus ar an bpríomhoide reatha Neil Ó Tarráin, toisc go raibh athrú ar cheannaireacht na scoile fad is a bhí an tionscadal ag dul ar aghaidh.
Bhí Máirín agus Neil araon gníomhach sa tionscadal. Bhí cruinnithe rialta agam le Tracey agus comhrá gach seachtain trí ríomhphost. Bhí tae agam in éineacht leis na mic léinn agus phléamar conas a d’fhéadfaimis tacú lena gcuid oibre ar an tionscadal agus sin a dhéanamh laistigh de sceideal coláiste an-ghnóthach.

Agus mé ag obair le gach duine a d’oibrigh ar an tionscadal, d’fhill mé ar cheist a pléadh go minic ar feadh an tionscadail:
‘Cad atá a fhios agat faoi dhamhsa anois?’
‘Cad atá a fhios agam faoi dhamhsa anois?’
‘Cad atá a fhios againn faoi dhamhsa anois?’

B’fhealsúnacht lárnach i mo chuid oibre a bheith ag foghlaim trí chleachtas do mo chleachtas ealaíonta féin ar feadh an tionscadail. D’fhéach mé le muinín a chur san eolas atá ag gach duine aonair ina gcorp féin agus fáilte a chur roimh an eolas sin. Spreag mé é sin ionam féin, sna leanaí, sna mic léinn agus i Tracey. A gcuid féin a dhéanamh de rudaí, mar bhealach chun foghlaim ghrinn a bhaint amach. Rinneamar go léir iniúchadh le chéile agus i spásanna ar leithligh. Choinnigh gach duine dialann agus bhí deis acu an méid a bhí faoi mhachnamh agus faoi bhreithniú acu a roinnt.

Mac léinn, Louise Young
Ó thaobh damhsa mar chuid den churaclam, feictear dom anois go bhfuil an oiread scóipe i gCorpoideachas le haghaidh damhsa lasmuigh de ghnáth-dhamhsaí. Is ealaín é an damhsa agus d’fhéadfaí sraith ceachtanna a chruthú go héasca timpeall ar théama nó ar choincheap, agus é sin a fhorbairt ar feadh cúpla seachtain, ag tabhairt cead a gcinn do na leanaí an damhsa a mhúnlú agus ligean dó forbairt. Is féidir damhsa a chomhtháthú sa drámaíocht freisin mar mhodh éifeachtach, chomh maith le OSPS mar bhealach don duine chun é/í féin a chur in iúl.

Mac léinn, Claire Casey
Bhí sé iontach gur cuireadh moltaí agus smaointe na leanaí san áireamh mar d’fhág sé sin go raibh ról an-tábhachtach acu sa tionscadal iomlán agus go raibh siad mar chuid de ó thús deireadh.

Leanbh
Richard  "Tá damhsa mar a bheadh teanga eile ann, ach is í do cholainn a bhíonn ag caint."

Leanbh
Eoghan "Is breá liom a bheith ag damhsa le gach duine. Tá siadsan go maith agus tá mise freisin."

Ar athraigh aon rud mar gheall ar an tionscadal?

Múinteoir
Feicim athrú suntasach ar mhuinín na leanaí maidir le gluaiseacht agus le damhsa agus freisin an misneach atá acu labhairt amach agus a gcuid tuairimí agus smaointe a roinnt. Nuair a thosaigh roinnt de na leanaí amach bhí drogall mór orthu a bheith páirteach ar fhaitíos go gceapfaí go raibh siad seafóideach. Ach de réir mar a bhí na seachtainí ag dul ar aghaidh bhí siad níos muiníne ina gcuid cumais agus ní raibh an oiread imní orthu faoi cé a bheadh ag faire orthu. D’oibrigh na leanaí go han-mhaith ina gcuid grúpaí agus b’iontach na ceannairí grúpa a bhí i gcuid acu.

Ar mhaidin an taibhithe bhí na leanaí ar bís agus roinnt acu cineál neirbhíseach. Bhí a fhios acu i gcónaí nach raibh a leithéid de rud ann is botún a dhéanamh agus mura ngabhfadh rudaí de réir mar a bhí leagtha amach go bhféadfaidís leanúint orthu ar aon nós. Chuir siad iontas mór ar a dtuismitheoirí sa taibhiú agus d’fheicfeá chomh mórtasach is a bhí siad as a gcuid leanaí.

Taispeánadh físeán den taibhiú ag tionól scoile iomláine. Bhí na leanaí faoi dhraíocht ag an méid a chonaic siad agus bhí mo rang chomh mórtasach as an méid a bhí bainte amach acu.

Bhí mé thar a bheith ríméadach gur ghlac mé páirt sa tionscadal seo agus is cinnte go molfainn d’aon rang / scoil a bheith rannpháirteach i dtionscadal damhsa sa todhchaí.

Ealaíontóir
Táim in ann a rá anois gur cuireadh le mo chuid uaillmhianta agus m’ionchais i ndiaidh an tionscadail seo. Tugaim faoi deara nuair a labhraím agus nuair a scríobhaim faoin tionscadal áirithe seo, go músclaítear mórtas agus gaisce ionam. Éiríonn diongbháilteacht ionam, airím mo chuid matán ag bogadh ar fud mo cholainne ar fad, ach tá an taobh chlé de mo chliabhrach bog, agus mo chroí ag tnúth agus fáilteach. Creidim i samhail na comhpháirtíochta, an t-ealaíontóir agus an múinteoir, an t-ábhar oide agus an leanbh, an t-ealaíontóir agus an leanbh, etc. Creidim i gcaidreamh a fhorbairt trí rud anaithnid agus ar eolas a admháil. Aithním agus feicim an leanbh, an múinteoir agus an t-ealaíontóir laistigh díom – laistigh dúinn go léir. Is mian liom na gnéithe a bhaineann le gach duine i gcaidreamh a fháil. Táimid féin go fisiceach i gcroílár na comhpháirtíochta – an cholainn. Damhsa gach colainne; damhsa dhá cholainn ag nascadh – ag athrú agus freagairt, ag cur iontaoibhe agus ag fás.
Mar fhreagra ar an gceist, ‘cén freagra a thugaim tar éis an tionscadail seo?’
Deirim,
‘diongbháilteacht leanúint de chomhpháirtíochtaí damhsa a bhunú laistigh dár socrúcháin oideachais. Diongbháilteacht leanúint le mo chuid spéiseanna agus
gá éisteacht agus breathnú, freagairt agus machnamh a dhéanamh.

Mac léinn
Marie Casey
Chonaic mé féin go pearsanta an chruthaitheacht á dúiseacht sna leanaí sa tionscadal damhsa, agus iad ag éirí lárnach don tionscadal féin agus don taibhiú. Mar mhúinteoir, airím níos compordaí ag iniúchadh damhsa le rang (ar an socrúchán is déanaí a bhí agam tar éis an tionscadail damhsa seo shocraigh mé damhsa cruthaitheach a mhúineadh i ranganna Corpoideachais) agus táim níos muiníne go mb’fhéidir amach anseo go mbeinn in ann rang a chur ag obair ar thionscadal mar seo, ag úsáid a dtaithí féin, ag úsáid a dtimpeallachta agus a bpearsantachta féin chun taibhiú beoga, suimiúil agus buan a chruthú le saothar na leanaí mar chuid lárnach de.

Leanbh
Oisín: "Tá gach duine ar domhan in ann damhsa."

Leanbh
Senan "Ceapaim anois go bhfuil spraoi ag baint le damhsa.
Is faoi eachtra mór an scéal."

Leanbh
"gan ainm (ach is féidir liom é a aimsiú)
Déanann tú rudaí iontacha agus cruthanna difriúla ar an mbealach."

Spotsolas


Ealaíontóir(í):

Is damhsóir comhaimseartha agus oideachasóir gluaiseachta í Lisa. Ó 2014 i leith, is í Lisa an Damhsóir Cónaithe i Roinn Froebel don Bhun- agus Luath-Oideachas in Ollscoil Mhá Nuad.  Tá MA aici i dTaibhiú Damhsa Chomhaimseartha ó Dhámh Chruinne Éireann Rince agus Ceol agus Dioplóma Iarchéime i nDamhsa, agus an dá cheann aici as Ollscoil Luimnigh.
Tá punann mór de shaothar comhoibritheach forbartha ag Lisa i raon leathan comhthéacsanna gairmiúla, oideachais agus pobail.  Tá Lisa ina comhstiúrthóir ealaíonta ar Spoken Dance, compántas damhsa comhtháite.  Le déanaí anuas stiúir sí roinnt gearrscannán damhsa le Spoken Dance. Roghnaíodh ‘two’ le haghaidh Light Moves Festival of Screendance in 2015.

Tá an-spéis ag Lisa sa chleachtas comhoibrithe agus i dtógáil caidrimh trí ealaín an damhsa. I mí an Mheithimh 2016, oibreoidh Lisa le Deirdre Corry agus Linda Fearon, damhsóirí faoi mhíchumas atá bunaithe i mBéal Feirste, agus leis an gcóiréagrafaí Sheena Kelly chun saothar nua a fhorbairt.

In 2016, fuair Lisa deontas i Rannpháirtíocht Chruthaitheach ó NAPD. Tá Scoil Bernadette i Montenotte, Corcaigh agus Lisa Cahill ag moladh gabháil do thionscadal damhsa chomhaimseartha comhoibríoch faoin téama ‘Ag Damhsa ar fud an Domhain’. Déanfaidh ábhar téamach an tionscadail iniúchadh ar dhamhsa tíre traidisiúnta ó gach cearn den domhan. Tabharfar dúshlán do dhaltaí an damhsa tíre idirnáisiúnta a aithint agus cur síos air agus freagairtí cruthaitheacha a fhorbairt ar gach damhsa tíre.


Múinteoir(í):

Comhordaitheoir na Cónaitheachta Damhsa, Tríona Stokes:

Bhain mé an-sásamh go deo mar oideachasóir as Cónaitheacht Damhsa Ollscoil Mhá Nuad/Roinn Froebel a chomhordú. Ba rud spreagúil agus fuinniúil a bheith i mbun pleanála agus comhoibrithe le Lisa (Cahill). B’iontach an deis dom mar oideachasóir Ealaíon cur le m’Fhorbairt Ghairmiúil Leanúnach. Trí shraitheanna den chlár cónaitheachta a chur i bhfeidhm, bhí sé níos éasca againn mar Roinn caidreamh níos láidre a chruthú lenár scoileanna comhpháirtíochta i gContae Chill Dara.


Eile:
(Coimeádaí, gníomhaireacht):

Roinn Froebel don Bhun - agus Luath - Oideachas a bhfuil cáil uirthi as taithí foghlama faoi leith a dhíríonn ar an mac léinn a chur ar fáil do mhic léinn fochéime agus iarchéime.  Ainmníodh an Roinn i ndiaidh an oideachasóra as an nGearmáin sa 19ú aois, an fear a bhunaigh Kindergarten, Friedrich Froebel (1782-1852).  Mhol sé meas a léiriú don pháiste, foghlaim trí ghníomhaíocht, an timpeallacht a fhiosrú, sult a bhaint as gach cineál áilleachta agus glacadh le buanna gach duine aonair.


Lisa Cahill

Ealaíontóir(í)

Lisa Cahill

Tracey Kirrane

Múinteoir(í)

Tracey Kirrane


Foirmeacha Ealaíne

Rince & Gluaiseacht

Leibhéal

An 3ú Leibhéal

Scoil/Grúpa

Gaelscoil Uí Fhiaich, Co. Kildare


Rannpháirtithe

30 buachaill agus cailín & 12 mac léinn B Ed as Froebel (meascán as Bliain 2, 3 agus 4)


Réigiún

Cill Dara

Aois/Rang

Rang a Dó


Dátaí

Meán Fómhair 2015 go Nollaig 2015, seisiúin sheachtainiúla


Naisc


Ceannaireacht Ghníomhaireacht

Froebel Department of Primary and Early Childhood Education


Príomhthéamaí / línte fiosrúcháin

•    Na prionsabail maidir le ‘damhsa cruthaitheach’ a chomhroinnt agus a fhoghlaim, trí chleachtas, tascanna cumadóireachta spraíúla agus plé;
•    Iniúchadh ar an líne (chuartha agus dhíreach);
•    Scrúdú ar shaothar ealaíne buan ar láthair na scoile;
•    Machnamh a dhéanamh ar théama an turais;
•    Freagairt go fisiceach do thimpeallachtaí nua a chastar ort ar thuras.


Snáitheanna Curaclaim

Corpoideachas – Damhsa
•    an damhsa a iniúchadh, a chruthú agus a dhéanamh;
•    an damhsa a chiallú agus a léirthuiscint


Taighde nó foilseacháin ábhartha

An Introduction to Community Dance Practice le Diane Amans, 2008, A & C Black.

Dance and Age Inclusive Practice le Ruth Pethybridge, 2010, Foundation of Community Dance.

The Art of Dance in Education le Jacqueline M. Smith Autard, 2ú heagrán 2002, Palgrave Macmillan.



Bhí sé iontach gur cuireadh moltaí agus smaointe na leanaí san áireamh mar d’fhág sé sin go raibh ról an-tábhachtach acu sa tionscadal iomlán agus go raibh siad mar chuid de ó thús deireadh.

Mac léinn, Claire Casey

Children from Gaelscoil Uí Fhiaich

Finding Our Way

Students from Froebel Department of Primary and Early Childhood Education