ENGLISH

NUACHTLITIR



Cad a dhéanann hEalaíona i gcleachtas Oideachas cuma mhaith? Léigh faoi na próisis agus comhpháirtíochtaí taobh thiar thionscadail reatha tarlú ar fud na hÉireann.


Finding the Common Thread


In 2022, bhí Tionscadal PD na Comhpháirtíochta Idirnáisiúnta idir Múinteoirí agus Ealaíontóirí (I-TAP-PD), ‘Finding the Common Thread’ mar cheann de bhuaiteoirí Dhámhachtain Doiciméadaithe na Tairsí.. Féach ar fhíseán doiciméadaithe an tionscadail anseo.

 

Inis scéal do thionscadail dúinn – Céard a spreag é? Céard faoi a raibh sé? Cé a bhí páirteach ann? Cén chaoi ar thosaigh tú?

Breeda Kenny, Múinteoir

Is féidir liom brioscarnach an phátrúin lása i lámha mo mháthar a chloisteáil go fóill. Ba ghníomhaíocht laethúil í an lásadóireacht i mo theachsa. Rinne mo mháthair, Eileen Mc Mahon, lása Charraig Mhachaire Rois don chuid is mó dá saol, mar sin nuair a mhol Vera (an t-ealaíontóir) na scileanna déanta lása a thabhairt isteach i mo rang don tionscadal áirithe seo, cheap mé gur bealach iontach é seo chun ómós a thabhairt do chruthaitheacht mo mháthar. Bhí uirlisí, patrúin agus ábhair lása mo mháthar ar fad agam i ndiaidh a báis in 2011. D'fhoghlaim mé le lása a dhéanamh agus mise i mo dhéagóir agus anois ba mhian liom an teicníc a mhúineadh do mo chomhpháirtí ealaíontóra, Vera. Ar an ábhar gur tamall maith é ó rinne mise lása, thosaigh mé trí dhul i dteagmháil le Mary Shields, cara le mo mháthair ón am atá thart ar lásadóir í. Ba dheas uaithi dul siar ar theicnící liomsa agus thug sí comhairle dom faoin gcaoi is fearr le daltaí bunscoile a chur ar an eolas faoi Lása Charraig Mhachaire Rois. Is múinteoir bunscoile í Mary atá ar scor í féin agus mar sin bhí an léargas a bhí aici ar an obair sárluachmhar.

Vera McEvoy, Ealaíontóir

Bhain an fhoghlaim faoi theicnící agus stíl Lása Charraig Mhachaire Rois, agus ag cleachtadh na ngreamanna lása féin, le cuid mhór de m’ullmhúchán ar dtús (mar ealaíontóir) don tionscadal. Tá céimeanna éagsúla leis an bpróiseas lásadóireachta agus éagsúlacht de ghreamanna atá sonrach le Carraig Mhachaire Rois Lása a theastaigh uaim a bheith eolach orthu.

 

Cén chaoi ar forbraíodh smaointe agus cén chaoi ar oibrigh na daoine óga, an t-ealaíontóir agus an múinteoir le chéile?

Breeda Kenny, Múinteoir

Ar an gcéad dul síos, shuigh Vera agus mise ag mo bhord cistine agus phleanálamar an chaoi a dtabharfaimid faoin tionscadal lasadóireachta. Chaith mé an lá i gcuideachta Vera agus á cur ar an eolas faoi na teicnící a úsáidtear i lása Charraig Mhachaire Rois. Nuair a thuig Vera an próiseas, shocraíomar ansin le chéile an chaoi a ndéanfaimis an próiseas a chur in oiriúint chun é a dhéanamh intuigthe do na daltaí i Rang a Sé. Ba ag an bpointe sin freisin a d'aontaíomar úsáid a bhaint as ábhair dhaite (eangach agus organsa) seachas na hábhair bhána thraidisiúnta. Bhraitheamar go mbeadh sé sin níos tarraingtí do na daltaí.

Bhíomar tar éis staidéar a dhéanamh ar Chaoráin agus Tailte Portaigh sa seomra ranga. Ba chuid den Churaclam OSIE é sin. Bhí na páistí tar éis foghlaim faoi fhlóra agus faoi fhána an phortaigh. Chuir siad tús leis an tionscadal trí na bláthanna agus na hainmhithe is fearr leo ón bportach áitiúil a tharraingt. Ba iad na líníochtaí sin a úsáideadh mar mhóitífeanna sna patrúin lása a d'úsáid na daltaí chun a bpíosaí lása a dhéanamh. Roghnaigh na daltaí an patrún a theastaigh uathu a fhuáil agus roghnaigh siad na hábhair dhaite lena mheaitseáil freisin. Nuair a thosaigh na seisiúin sa rang, d'oibrigh na páirtithe go léir go maith le chéile. Bhí an t-ealaíontóir eagraithe go han-mhaith agus bhí na hábhair go léir réidh le haghaidh gach seisiúin. Ní raibh aon mhoill riamh ar a bheith ag luí isteach ar an obair. Bhí roinnt daltaí ag streachailt le snáth a chur i snáthaidí ar dtús ach chuir Vera snáitheanna ar fáil ag seisiúin ina dhiaidh sin agus chabhraigh sé sin go mór leo. D'athraíomar an próiseas do chuid de na daltaí ionas go mbeadh sé níos éasca dóibh. Rinneamar é sin trí úsáid a bhaint as snáthaidí ar mhéideanna éagsúla agus snáitheanna níos tibhe. Thugamar cuid de phíosaí lása mo mháthar isteach sa rang le haghaidh ceann de na seisiúin agus chuir Vera lámhainní cadáis bána ar fáil do na daltaí ionas go bhféadfaidís iad a láimhseáil agus a scrúdú go cúramach. Thaitin an ghné sin den tionscadal go mór leis na daltaí. Deis iontach a bhí ann chun comhráite a dhéanamh agus scéalta a roinnt idir ealaíontóir, múinteoir agus daltaí.

Bhí na daltaí an-chompordach ag obair leis an ealaíontóir agus leis an múinteoir i rith an ama. Bhídís ag tnúth leis na laethanta nuair a bhíodh Vera ag teacht. Bhí siad cíocrach an dara píosa a thosú nuair a bhí a gcéad phíosa críochnaithe. Rinneadh feabhsuithe suntasacha ar an bhfuáil sa dara píosa a rinne gach dalta. Caitheadh an chuairt dheireanach a bhí ag Vera leis na daltaí ag tógáil grianghraf den obair san fhíor-thírdhreach portaigh. Chan na páistí leagan aoibhinn de “The Bog Down in the Valley O” gan choinne do Vera ar an lá sin. Nuair a d'fhill siad ar an scoil ar an lá áirithe sin freisin, bhain na daltaí sult as císte a bhí déanta ag Vera dóibh. Mhaisigh sí é le reoán i stíl Lása Charraig Mhachaire Rois, a raibh snáithe agus snáthaid ann go fiú.

 

Cén taithí phearsanta a bhí agat ar an tionscadal i dtéarmaí ratha agus dúshlán?

Breeda Kenny, Múinteoir

Bhí an tionscadal áirithe seo an-chóngarach do mo chroí nó bhí ceird thraidisiúnta lása Charraig Mhachaire Rois ina rud a d'fhás mé aníos leis ón óige go dtí gur bhásaigh mo mháthair in 2011. Bhí mé an-sásta nuair a mhol Vera gur chóir dúinn iarracht a dhéanamh na scileanna lásadóireachta a mhúineadh do na daltaí mar gur bhraith mé gur ceird thraidisiúnta í seo nach mór a choinneáil beo agus ag an am céanna bhíomar ag tabhairt ómóis do cheardaíocht mo mháthar agus a scileanna mar lásadóir. Bhí rannpháirteachas na bpáistí i rith an phróisis agus a n-aird ar mo scéalta pearsanta an-fhiúntach agus sásúil domsa mar mhúinteoir. In imeacht na mblianta, shonraigh mé gur dóigh iontach iad scéalta pearsanta le haird na ndaltaí i mo rang a ghabháil. Is bealach éifeachtach é scéal chun cabhrú le daltaí foghlaim agus ciall a bhaint as a ndomhan. Is cúis mhór bróid dom na píosaí deiridh lása atá fuinte ag na daltaí. Tá siad galánta. Tá an cumas ag roinnt daltaí lása a dhéanamh ar chaighdeán an-ard sa todhchaí má chinneann siad é sin a dhéanamh. Tá meas ag gach dalta ar chaighdeán na fíorcheardaíochta. Tá a fhios agam go mbeadh mo mháthair ag iarraidh páirt a bheith aici sa tionscadal.

Is deis a bheidh inár gcomhchinneadh obair na bpáistí a chur ar taispeáint san Ionad Oidhreachta áitiúil chun an dea-obair sa phobal áitiúil a scaipeadh agus tá a fhios agam go bhfuil na daltaí ar bís faoin ócáid seo atá le teacht.

Mar aon le gach gníomhaíocht i scoileanna sa lá atá inniu ann, tá bainistíocht ama ar cheann de na dúshláin is mó. Is cinnte go mbeadh sé iontach an tionscadal a fhorbairt le níos mó greamanna agus teicnící a chur san áireamh murach srianta ama. Mar gheall ar chastachtaí na dteicnící lásadóireachta, bhí sé dúshlánach agus tuirsiúil dul timpeall ar na daltaí go léir chun cabhrú leo leis na deacrachtaí a bhí acu. Ní mór a rá go mbíodh an bheirt againn traochta ag deireadh gach seisiúin.

Vera McEvoy, Ealaíontóir

Tá an-tairbhe ag baint le bheith ag obair le TAP (Comhpháirtíocht idir Múinteoirí agus Ealaíontóirí) le Breeda don tionscadal, do na daltaí agus domsa mar ealaíontóir ar an tionscadal. Tá tuiscint ann go roinntear gach rud faoin tionscadal. Bhí scileanna ar leith á dtabhairt isteach againn i gcomhthéacs ranga bunscoile nach ndearna ceachtar againn roimhe seo. Chabhraigh an iontaoibh agus an mhacántacht a forbraíodh inár gcaidreamh in imeacht na mblianta go mór i rith an tionscadail. Más rud é nach raibh rudaí ag oibriú amach mar a bhí beartaithe againn agus go raibh gá le hathrú treo, ní raibh sin ina fhadhb riamh. Cuireann an tacaíocht seo ar mo chumas mar ealaíontóir a bheith níos muiníní agus mé ag caitheamh ama ar an bpróiseas, gan díriú ar thoradh deiridh. Lean an chomhpháirtíocht atá tógtha againn le himeacht ama ag fás agus ag forbairt go mór. Léiríonn an chomhpháirtíocht seo samplaí d'iontaoibh, muinín, comhoibriú agus obair foirne do na daltaí freisin.

Mo thaithí phearsanta ar an tionscadal i dtéarmaí an ratha agus na ndúshlán; d'fhoghlaim mé go leor faoi theicnící lása Charraig Mhachaire Rois agus a oidhreacht. Ní raibh aon eolas agam air roimh an tionscadal seo. Bíodh is go bhfuil scileanna maithe agam le snáithe agus snáthaid, bhí Breeda an-fhlaithiúil lena cuid ama i rith ár gcéad chruinnithe chun na greamanna ábhartha riachtanacha a thaispeáint dom. Bhain mé an-taitneamh as na píosaí tástála a dhéanamh le Breeda ina teach, ag comhrá agus ag gáire mar a d'fhuamar.

De réir mar a d'fhorbair an tionscadal, is cuimhin liom go sonrach a bheith ag iarraidh na greamanna creimneála bunúsacha a dhéanamh ar bhealach níos éasca, le grúpa beag daltaí, ach nach raibh ag éirí go maith liom. Ba léir go raibh orainn céim siar a ghlacadh agus an tasc a dhéanamh mar a bhí beartaithe ar dtús. Labhair Breeda agus mé féin faoi le chéile, in éineacht leis na daltaí. D'aontaíomar go léir gur gá dúinn dul ar ais agus é a dhéanamh mar ba chóir. B’eispéireas foghlama iontach é sin do na daltaí, mar go bhfaca agus gur chuala siad muid ag plé an dúshláin agus na roghanna éagsúla. Chonacthas dóibh nach n-oibríonn an bealach éasca i gcónaí.

 

Cén tábhacht a bhain leis an tionscadal duit ar fiú a roinnt?

Breeda Kenny, Múinteoir

Maidir liom féin, ait go leor ach d'éirigh na scéalta a forbraíodh i rith na seisiúin ina chuid lárnach den tionscadal. Agus mé ag obair ar na scileanna lásadóireachta, bhraith mé go raibh léargas á thabhairt agam do na páistí ar mo shaol féin agus ar an gcaidreamh a bhí roinnte agam le mo mháthair mar gheall ar a cuid cruthaitheachta. Theastaigh uaim go bhfeicfeadh na páistí luach an teaghlaigh agus go bhfeicfidís na daoine is gaire dúinn mar ár bpríomhoideachasóirí. Ní ar scoil amháin a tharlaíonn an fhoghlaim. Is cuid an-tábhachtach den fhoghlaim ar feadh an tsaoil é an t-eispéireas saoil sa bhaile agus sa teaghlach.

Is tréimhse ar leith í a gcuimhneoidh mise air nuair a scrúdaigh na daltaí na píosa lása casta. Bhí an gúna baiste a rinne mo mháthair do mo mhac ar cheann de na píosaí a thaispeánamar dóibh. Bhí siad faoi dhraíocht aige seo agus chaith siad am ag iarraidh inisealacha mo mhac, a bhí fuaite isteach sa ghúna go rúnda ag mo mháthair, a aimsiú. Anseo, bhí na daltaí ag nascadh le mo scéal pearsanta ar bhealach an-soiléir.

I rith an tionscadail, thug mé faoi deara go raibh gá blaiseadh a thabhairt do na daltaí d'eispéireas ealaíonta saibhre ar nós na lásadóireachta. Bheadh rochtain theoranta ag go leor de na daltaí i mo rang ar fhoirmeacha ealaíne éagsúla. Ba bheag dóibh a mbeadh taithí acu ar fhuáil nó ar chniotáil ina saol. Caithfimid na cineálacha ceardaíochta agus scileanna seo a thabhairt ar ais isteach sa rang mar is cuid lárnach dár n-oidhreacht iad. Ní mór dúinn meas na ndaltaí ar an raon leathan ealaíon atá ar fáil a fhorbairt.

Cuimhneoidh mé go brách ar an bhfócas a léirigh na daltaí agus iad ag fuáil a bpíosaí. B'iontach an rud an tost uaireanta sa seomra ranga. Thug fuáil an t-aireachas agus an ealaín a bhaineann le bheith aireach isteach i suíomh an tseomra ranga ar bhealach an-nádúrtha agus ar dhóigh nach raibh saorga. D'éirigh na daltaí caillte ina gcuid oibre.

Is fiú go mór do na daltaí cuairteanna a thabhairt ar an taobh amuigh agus a bheith i spás oscailte. Is spás é an portach a bhfuil an-áilleacht nádúrtha ann. Ach tá níos mó ná sin ann. Is áit shuaimhneach é, áit chéadfach, áit gan aon chur isteach, áit shíoraí, áit a mbíonn fócas iomlán ann, áit íocshláinteach, áit le haghaidh machnaimh, áit spioradálta.

Vera McEvoy, Ealaíontóir

Tá go leor rudaí suntasacha faoin tionscadal seo a sheasann amach domsa: tuiscint leathan na bpáistí ar an gcruthaitheacht, a léiriú d'áthas de réir mar ar tháinig feabhas ar a scileanna fuála, a scileanna fadhbfhuascailte de réir mar a fuair siad muinín as a gcuid scileanna nua.

Ag tús an tionscadail phléigh Breeda agus mé féin 5 Creative Habits of Mind* leis na daltaí. Bhí an tuiscint leathan a bhí acu ar a bhfuil i gceist leis an gcruthaitheacht iontach spreagúil. Dhírigh siad aird ar réimsí sa scoil, sa bhaile, i spóirt agus in go leor réimsí eile ina mbíonn daoine agus a bpiaraí cruthaitheach.

Gach seachtain, phléamar na cúig nós: scil/smacht, samhlaíocht, seasmhacht, fiosracht agus comhoibriú. Spreagamar na daltaí chun smaoineamh ar na cúig inniúlacht maidir lena sainscileanna fuála agus a muinín chruthaitheach i gcoitinne. Bhí buachaill amháin chomh ríméadach faoina dhul chun cinn go ndúirt sé le miongháire leathan ar a aghaidh “Tubaiste a bhí i mo chuid fuála ag an tús”.

De réir mar a forbraíodh scileanna fuála, b’fhianaise é rogha na ndaltaí maidir le snáitheanna sonracha nó stíl shainiúil snáthaidí ar a dtuiscint ar an tslí is fearr chun an toradh greama a bhí uathu a bhaint amach. Ní thagann an tuiscint sin ar na ‘huirlisí’ fuála ach le cleachtadh agus taithí.

 

Ar athraigh aon rud i do chuid oibre mar gheall ar an tionscadal?

Breeda Kenny, Múinteoir

Ní minic a fheiceann daltaí trí chéile scileanna fuála. Is beag taithí a bhí ag na daltaí i mo rangsa i mbliana ar fhuáil, má bhí ar chor ar bith. Tá luach na hoibre snáthaide leis na páistí feicthe agam. I rith na bliana, thug mé roinnt scileanna bunúsacha isteach agus mar sin faoin am ar thosaigh an tionscadal lása, bhí barúil de chineál éigin acu conas snáithe a chur i snáthaid, snaidhm a chur ar shnáithe agus roinnt greamanna bunúsacha a dhéanamh. Tá fuáil iontach le haghaidh scileanna mínluaileacha a fhorbairt go háirithe. Beachtaíonn sé úsáid na matán beag a rialaíonn an lámh, na méara agus an ordóg atá riachtanach chun scileanna fad saoil a fheidhmiú.

Agus iad ag obair ar na píosaí lása, d'éirigh na daltaí an-dírithe. Bhí an chuma orthu gur éirigh siad gafa leis an ngníomhaíocht agus ní raibh aird seo acu ar aon rud eile. Ba bhealach iontach é seo le blaiseadh a fháil den aireachas á fheidhmiú sa seomra ranga. Beidh obair shnáthaide ina cuid thábhachtach de mo chleachtas sa todhchaí.

Tá súil agam an tionscadal seo a fhorbairt a thuilleadh le mo ranganna sa todhchaí.

Vera McEvoy, Ealaíontóir

Mhéadaigh mé mo chuid scileanna múinteoireachta a thuilleadh agus mé ag féachaint ar Breeda agus ag obair léi agus ar a cur chuige leis na daltaí. Tá méadú ar an bhfeasacht atá agam ar an eolas agus ar na scileanna a theastaíonn ó mhúinteoirí, in éineacht leis na dúshláin a bhíonn rompu ó lá go lá. Cabhraíonn na léargais sin liom tuiscint a fháil ar conas is féidir liomsa, mar ealaíontóir, a bheith ag obair ar bhealach níos éifeachtaí i gcomhpháirtíocht le múinteoirí. Méadaíonn sé mo thuiscint ar Churaclam na Bunscoile freisin.

Is iontach an rud é an chaoi a n-eagraíonn Breeda an seomra ina ngrúpaí beaga agus limistéir tascanna mar is féidir leis éifeachtúlacht agus dinimic an cheachta a athrú láithreach bonn. Tá sé an-chabhrach dom a bheith mar chuid den tsolúbthacht chruthaitheach sin agus taithí phearsanta a bheith agam ar na buntáistí a bhaineann leis. Is iontach an rud é domsa, mar ealaíontóir, taithí a bheith agam ar bheith ag féachaint ar a bheith solúbtha, treo a athrú, sosanna a ghlacadh, daltaí a bhogadh, idirghabháil a dhéanamh ar mhaithe le teagasc agus idirghníomhaíocht rathúil, suim na bpáistí a choinneáil, ardcheisteanna agus ceisteanna a bhfuil ábhar machnaimh ann a chur.

Spotsolas


Ealaíontóir(í):

An tEalaíontóir Vera McEvoy

Is ealaíontóir atá lonnaithe i gCill Droichid í Vera McEvoy agus céimí de chuid Choláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha Bhaile Átha Cliath. Tá a cleachtas rannpháirteach agus comhoibritheach, ag obair le gach aois chun ealaín a spreagadh sa ghnáthshaol; chun an ealaín a fheiceáil, a léiriú agus a chruthú. Tá cleachtas aonair aici freisin agus tá a saothar ar taispeáint go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta ó 2007 i leith.

Tá Vera páirteach sa Chlár Comhpháirtíochta idir Múinteoirí agus Ealaíontóirí (TAP) ó 2015 agus tá sí ag obair i gcomhpháirtíocht le Breeda ó 2016.

Is í Vera an tEalaíontóir Cónaithe reatha i Roinn Froebel don Bhun- agus Luath-Oideachas in Ollscoil Mhá Nuad. Cónaitheacht do Dhaoine Óga, Leanaí agus Oideachas, Comhairle Ealaíon na hÉireann.

Tionscadal le déanaí: BLAST* i Meánscoil na Trócaire Sheosaimh Naofa, an Uaimh, Co. na Mí Tionscadal comhleá gloine a bhí i gceist, léigh tuilleadh ar veramcevoy.com/blast-2022/


Múinteoir(í):

An Múinteoir Breeda Kenny

Is múinteoir í Breeda Kenny i Scoil Náisiúnta Naomh Cillian, an Mullach, Co. an Chabháin Tá sí ina Leas-phríomhoide ar an scoil agus múineann sí Rang a Sé faoi láthair.

Is céimí de chuid Choláiste Oideachais Mhuire gan Smál í agus bhain sí M.Sc. in Oideachas agus Oiliúint amach in DCU in 2013. Ba é teideal an tráchtais ná “How can I demonstrate the importance of the Creative Arts in my practice as a primary school teacher through the medium of video?”

D'fhreastail Breeda ar go leor cúrsaí forbartha gairmiúla ar ghnéithe de churaclam na bunscoile; chomh maith leis sin, dhear agus mhúin sí iad. Dhear agus chuir sí cúrsaí ceoil i láthair do mhúinteoirí bunscoile i gcomhar le hIonad Oideachais Mhuineacháin. Ghlac sí páirt sa tionscnamhComhpháirtíochta idir Múinteoirí agus Ealaíontóirí (TAP) de chéad uair siar in 2016 agus tá sí ag obair ó shin i gcomhpháirtíocht le Vera McEvoy mar éascaitheoirí le haghaidh ​Ionad Oideachais na hUaimhe​.


Eile:
(Coimeádaí, gníomhaireacht):

Erasmus+ – Comhpháirtíocht Idirnáisiúnta idir Múinteoirí agus Ealaíontóirí

Tionscadal spreagúil is ea an Chomhpháirtíocht Idirnáisiúnta idir Múinteoirí agus Ealaíontóirí (I-TAP-PD) PD a dhíríonn ar a chur ar chumas múinteoirí agus ealaíontóirí a dtuiscint, a saineolas agus a gcruthaitheacht a fhorbairt i gcomhpháirt maidir le hobair ‘ealaíona san oideachas’ le leanaí agus daoine óga i suíomhanna oideachais, pobail agus ealaíon.  Tugann sé deis uathúil do mhúinteoirí agus d'ealaíontóirí nádúr agus luach oideachais comhpháirtíochtaí a fhiosrú chun tacú le hoideachas ealaíon sa luathoideachas agus san oideachas bunscoile.

Is é bunaidhm atá ag Erasmus+ I-TAP-PD ná deiseanna forbartha gairmiúla (PD) nuálacha a chruthú chomh maith le haschuir agus acmhainní intleachtúla nuálacha a chruthú chun a chur ar chumas múinteoirí agus ealaíontóirí araon a gcleachtais a cheistiú, a fhorbairt agus a athrú chun leasa na leanaí a mhúineann siad agus na bpobal scoile ina n-oibríonn siad ar leibhéal tras-Eorpach agus níos faide i gcéin.  Beidh na cleachtais fheabhsaithe a thiocfaidh chun cinn mar thoradh ar an gcomhoibriú seo ina n-ábhar taighde idirnáisiúnta úr agus nuálaíochta.

Le haghaidh tuilleadh eolais, téigh chuig i-tap-pd.net/


Vera McEvoy, Artist

Ealaíontóir(í)

Vera McEvoy

Breeda Kenny

Múinteoir(í)

Breeda Kenny


Foirmeacha Ealaíne

Foirm il-ealaíne

Scoil/Grúpa

St Kilians NS Mullagh, Co. Cavan


Rannpháirtithe

26


Réigiún

An Cabhán

Aois/Rang

Rang a Sé


Dátaí

Eanáir 2022 – Meitheamh 2022


Ceannaireacht Ghníomhaireacht

Erasmus+ International Teacher-Artist Partnership PD


Príomhthéamaí / línte fiosrúcháin

Téama: Ár bportach áitiúil, Coillidh Chonnaidh

Aidhm: Aidhm: Scileanna Lásadóireachta Charraig Mhachaire Rois a thabhairt isteach, le casadh comhaimseartha, i stíl an ealaíontóra áitiúil Eileen Mc Mahon (1936–2011)


Snáitheanna Curaclaim

Amharc-ealaín – Snáthealaín, Béarla, Eolaíocht, Stair, Tíreolaíocht agus OSPS


Taighde nó foilseacháin ábhartha

Rinneamar iniúchadh ar lása stairiúil agus comhaimseartha Charraig Mhachaire Rois. Fuair na leanaí deis scrúdú a dhéanamh agus lámh a leagan ar shaothar lása Eileen Mc Mahon



Tá go leor rudaí suntasacha faoin tionscadal seo a sheasann amach domsa: tuiscint leathan na leanaí ar an gcruthaitheacht, a léiriú d'áthas de réir mar ar tháinig feabhas ar a scileanna fuála, a scileanna fadhbfhuascailte de réir mar a fuair siad muinín as a gcuid scileanna nua.

Vera McEvoy, Ealaíontóir