Caolaigh de réir réigiúin
Caolaigh le Foirm Ealaíne
Caolaigh le leibhéal na Scoile
Let’s Get Real

Tionscadal faighte Dhámhachtain Doiciméadaithe na Tairsí, ‘Lets Get Real’ le Beochantóirí Streetwise ón gClár Streetwise, Bráithre na Carthanachta, Inis, Contae an Chláir, i gcomhar leis an ealaíontóir Ana Colomer agus teagascóir Music Generation, Oisín Ó Cualáin. Le tacaíocht ó thogra na Comhpháirtíochta Áitiúla don Óige Chruthaitheach (LCYP) faoi Chlár Éireann Ildánaí. Féach ar fhíseán Dhámhachtain Doiciméadaithe na Tairsí anseo.
Inis scéal do thionscadail dúinn – Céard a spreag é? Cad faoi é? Cé a bhí páirteach ann? Cén chaoi ar thosaigh tú?
Ruth O’ Keeffe: Teagascóir
Cuireadh an tionscadal ar bun le hardán meán digiteach a chruthú a bhféadfadh na foghlaimeoirí i gClár Streetwise 2023-2024 de chuid Bhráithre na Carthanachta é a fhiosrú. Le maoiniú ón gComhpháirtíocht Áitiúil don Óige Chruthaitheach, fostaíodh mé féin mar theagascóir agus thosaigh muid de bheith ag obair leis an ealaíontóir, Ana Colomer. Ba é an phríomhsprioc a bhí againn ná díograis a chothú i leith na beochana agus foghlaimeoirí a fheistiú leis na scileanna bunúsacha bhí de dhíth lena dtionscadail bheochana féin a chruthú. Is é a sholáthraítear leis an tionscadal seo ná léargas dlúthphearsanta ar shaol daoine atá ag maireachtáil in Éirinn faoi láthair agus iad faoi mhíchumas intleachtúil. Ní mór ardán a chruthú do na guthanna seo “nach gcloistear go minic”, le gur féidir comhbhá a fhorbairt agus lenár sochaí a dhéanamh níos ionchuimsithí. Ba é ab aidhm leis an tionscadal ná cearta an duine a fhiosrú maidir le meas, comhionannas, inrochtaineacht, rannpháirteachas agus saoirse sa tsochaí, don uile dhuine. Mar shampla, rochtain a bheith acu ar an oideachas, roghanna a dhéanamh ina saol laethúil, cairdeas agus caidrimh a fhorbairt agus a chothú, agus saol neamhspleách sláintiúil a bheith acu. Rinne na foghlaimeoirí athbhreithniú ar Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas, ón gComhairle Náisiúnta Abhcóideachta agus roghnaigh na nithe sin a bhí tábhachtach dóibhsean ina saol féin, lena scéalchlár a threorú. Is iad na foghlaimeoirí féin, faoina luas féin, a stiúir an próiseas áirithe cruthaitheach oideachasúil seo, leis an teachtaireacht is barrthábhachtaí dóibhsean agus dá bpiaraí a chur in iúl.
Ana Colomer: Ealaíontóir
Mar bhunchloch thosaigh faoi scéal an tionscadail, bhí cóimheas agus comhoibriú rathúil roimhe seo idir mé féin agus Streetwise, rud a réitigh an bealach le haghaidh fiontar úr uaillmhianach. Nuair a fiafraíodh de na foghlaimeoirí óga faoina gcuid spéiseanna cruthaitheacha, ba í an bheochan rogha shoiléir na coitiantachta, rud a spreag an smaoineamh maidir le clár lena bhfiosrófaí féiniúlacht phearsanta agus braistintí an phobail tríd an scannánaíocht. An chéad chuspóir a bhí ann ná beochan ghairid a chruthú le haghaidh chomhdháil abhcóideachta Bhráithre na Carthanachta, dar téama ‘Let’s Get Real’. De réir mar a bhí an tionscadal á fhorbairt, áfach, ghin sé fuinneamh dá chuid féin, gur fhás sé ina scannán cumhachtach machnamhach dar teideal ‘Who Do You Think We Are?’
Phléigh croí an scannáin le téamaí bunúsacha na féiniúlachta, na gceart pearsanta agus na réamhthuairimí a bhíonn ag daoine, ar tuairimí iomrallacha iad go minic, agus iad ag idirghníomhú le daoine atá faoi mhíchumas intleachtúil. In áit a bheith ag díriú ar nithe seachtracha, thug an tionscadal seo deis do gach foghlaimeoir a gcuid smaointe, aislingí agus braistintí féin a chomhroinnt, le léargas macánta a sholáthar ar a gcuid luachanna agus uaillmhianta agus ar na steiréitíopaí a mbíonn orthu dul i ngleic leo. Is é a bhí sa scannán i ndeireadh na dála ná ráiteas féin-abhcóideachta agus féinléirithe, lena ndeachthas i ngleic le míthuiscintí sochaíocha agus lenar dearbhaíodh ceart an uile dhuine go bhfeicfí iad mar atá siad go fírinneach.
Níorbh ann don tionscadal gan rannpháirtíocht agus tacaíocht thar a bheith luachmhar ó Zara Starr Madden agus ó Chomhpháirtíocht Óige Luimnigh agus an Chláir. Thacaigh Zara go mór leis an tionscadal agus d’éascaigh sí comhoibriú le Music Generation an Chláir, agus thug isteach an t-oideachasóir fuaime, Oisín Ó Cualáin. I stiúideo Music Generation, chuir Oisín an dearadh fuaime ar a súile do na foghlaimeoirí óga agus threoraigh iad trí chastachtaí na mbogearraí eagarthóireachta fuaime. Le tacaíocht uaidhsean, bhí siad in ann cinntí cruthaitheacha a dhéanamh faoin bhfuaimrian, le héifeachtaí fuaime agus ceol a roghnú a chomhlánaigh a scéal agus a chuir beocht ina mbeochan.
Ón bhfíorthús, ba iad na foghlaimeoirí féin a thiomáin an tionscadal chun cinn. Mhúnlaigh siad an insint, chuir eispéiris phearsanta i lár báire agus rinne roghanna gníomhacha faoi gach uile ghné, ón stíl amhairc go dtí an fuaimrian.
Cén chaoi ar forbraíodh na smaointe agus cén chaoi ar oibrigh na daoine óga, an t-ealaíontóir agus an teagascóir le chéile?
Bhí an próiseas cruthaitheach le haghaidh an tionscadail seo thar a bheith comhoibríoch agus dírithe go mór ar an óige, nó ba iad na foghlaimeoirí óga a bhí ar thús cadhnaíochta maidir le fís agus ábhar an tionscadail a mhúnlú ón bhfíorthús. Bhí dlúth-chomhpháirtíocht ann, agus scileanna agus dearcthaí uathúla le tairiscint ag gach aon duine, le beocht a chur sa tionscadal beochana.
Forbairt Tosaigh Smaointe
Bhí na daoine óga bunriachtanach maidir le tionscnamh an tionscadail, nó ba iadsan a shocraigh an cineál tionscadail a raibh siad ag iarraidh tabhairt faoi agus na téamaí a raibh siad ag iarraidh iad a fhiosrú. Shainigh siad treo na hinsinte, a bhí fréamhaithe ina gcuid eispéireas pearsanta féin, ina bhféiniúlacht agus ina n-uaillmhianta, rud a chinntigh gur léiriú barántúil é an tionscadal ar a nguth féin.
Ana Colomer – Ealaíontóir: Éascaitheoir agus Forbróir Scileanna
Bhí ról agamsa mar éascaitheoir agus meantóir, ag léiriú teicnící agus féidearthachtaí ealaíonta éagsúla a chabhródh leis na foghlaimeoirí a bhfís a réadú. Chuir mé modhanna scéalaíochta tríd an mbeochan ina láthair agus theagasc na scileanna bunúsacha a bhí de dhíth lena gcuid smaointe a athrú ina n-insint chomhsheasmhach. Thug mé treoir theagmhálach dóibh agus chuir comhairle orthu i dtaca le scileanna teicniúla sa bheochan íomhá ar íomhá, scéal a chur ar chlár agus radhairc a chruthú. Sheas mé i gcónaí le húinéireacht na ndaoine óga ar an scéal, lena chinntiú gur leosan i gcónaí, go fírinneach, an insint deiridh.
Ruth O’Keeffe – Teagascóir agus Tacaíocht: Treorú an Fhéinfhollasaithe agus an Fhoirmithe Smaointe
Is é an ról a bhí agamsa mar theagascóir ná a bheith ag cabhrú leis na foghlaimeoirí óga a gcuid smaointe, uaillmhianta agus aislingí a chur i bhfriotal agus a shoiléiriú. Trí chomhphlé, cleachtaí agus leideanna, threoraigh mé iad agus iad ag fiosrú agus ag léiriú go cruthaitheach a gcuid spéiseanna pearsanta. Shainaithin siad, i dteannta a chéile, bealaí sonracha lena gcuid smaointe a léiriú go físiúil go dtí gur chruthaigh siad, sa deireadh, prapaí agus íomhánna a bhí ag teacht leis an scéal a bhí siad ag iarraidh a insint. Chruthaigh muid scafall do na foghlaimeoirí agus thug am agus spás dóibh lena muinín agus a gcuid scileanna a fhorbairt sa mheán úr seo. Agus tuiscint dhomhain againn ar a gcuid riachtanas, bhí muid in ann idirghníomhuithe a éascú lenár gcuid láidreachtaí comhchoiteanna a threisiú, le naisc bhríocha a chothú agus le heispéireas rathúil a chruthú don ealaíontóir agus do na daoine óga araon. Rinne mise an próiseas seo a dhoiciméadú freisin ar bhonn seachtainiúil. Thóg mé grianghraif agus chuaigh i gcomhairle leis na comhpháirtithe tionscadail go léir de réir mar a cuireadh an tionscadal chun cinn.
Cruthú na nGnéithe Físiúla: Prapaí agus Teicníc Bheochana
Ba phróiseas comhoibríoch é próiseas cruthaithe na bprapaí agus bhí sé bunaithe ar scileanna praiticiúla:
- Taighde Físiúil: D’úsáid na foghlaimeoirí an t-idirlíon le hinspioráid fhísiúil a fháil, chuardaigh siad íomhánna a bhí ag teacht lena n-insint.
- Líníocht agus Teicníc an Bhosca Solais: D’úsáid siad boscaí solais leis na híomhánna seo a rianú, rud a d’aistrigh a gcuid smaointe ina líníochtaí inláimhsithe a d’fhéadfaí a úsáid mar phrapaí.
- Gearradh agus Beochan: Gearradh gach prapa go cúramach le go bhféadfaí é a láimhseáil i seichimh fráma-ar-fhráma, rud a chruthaigh an bheochan íomhá ar íomhá.
Comhoibriú agus Idirphlé Leanúnach
Ar feadh an tionscadail, tharla idirphlé leanúnach oscailte i measc na foirne. Chinntigh an chumarsáid gur fhan an scéal dílis d’fhís na ndaoine óga, agus, san am céanna, gur baineadh tairbhe as saineolas teicniúil Ana agus as treoir Ruth. Lig lúba aiseolais don ghrúpa an insint agus an bheochan a mhionchoigeartú le soiléire, cruinneas agus tionchar mothúchánach a chinntiú.
Trí na daoine óga a chumhachtú leis an tionscadal a thiomáint, agus trí na huirlisí, an tacaíocht agus na scileanna a chur ar fáil a bhí de dhíth le beocht a chur ina gcuid smaointe, chruthaigh an fhoireann beochan deiridh a bhí snasta ar bhonn teicniúil agus bríoch freisin, ar bhonn pearsanta. Chothaigh an próiseas seo braistint úinéireachta agus bróid i measc na bhfoghlaimeoirí, rud a léirigh cumhacht an chomhoibrithe agus na scéalaíochta cruthaithí.
Cén taithí phearsanta a bhí agat ar an tionscadal i dtéarmaí ratha agus dúshlán?
Beochantóirí Streetwise
‘An rud a rinne mé le beocht a chur i mo scéal, d’úsaid mé Scáileán Glas. D’fhás mo chuid muiníne gach uile sheachtain. Fuair mé an mhuinín as an rud a dhéanamh seachtain i ndiaidh seachtaine le mo chairde.’ Tara Shannon
‘An scéalchlár a chruthaigh mé, is cuid de mo shaol é. D’fhoghlaim mé faoin mbeochan íomhá ar íomhá, faoin dearadh fuaime agus faoin obair foirne. Thaitin sé go mór liom a bheith ag obair le mo chairde, le hAna, Oisín, Rith & Trish. Thar cionn’. Comfort Boseah
‘Taispeánadh an scannán beochana s’againn ag Fleadh Generation i nGaillimh. Fuair sé bualadh mór bos agus d’éirigh thar barr leis. Bhí bród an domhain orainn, bhí sé thar a bheith cumhachtach. Táimid bródúil as ár gclár beochana.’ Elva Fray
‘Labhair amach ar do shon féin’ Hannah Cusack
‘Thaitin sé liom mo chairde a thaifeadadh dá bhfíseáin, agus ansin eagarthóireacht a dhéanamh le Adobe Premier Pro agus an léiriú ceoil a dhéanamh.’ Noah Ruiz
Ana Colomer: Ealaíontóir
Agus mé ag machnamh ar an gclár seo, tá sé soiléir go raibh an t-aistear líon lán buanna ollmhóra agus dúshlán dosheachanta. Bhí a fhios againn ag an tús go raibh coincheap fiúntach againn, ach de réir mar a chuaigh an tionscadal ar aghaidh, le fírinne, d’fhás sé fuinneamh dá chuid féin – d’fhorbair sé ina rud álainn cumhachtach. De réir mar a chonaic muid scéalta na bhfoghlaimeoirí ag teacht i gcruth agus de réir mar a d’aithin muid doimhneacht a gcuid léargas, thosaigh muid a thuiscint go raibh an tionscadal seo ag éirí thar a bheith speisialta. Bhí braistint ollmhór ann gur bhain muid éacht amach i gcuideachta a chéile, go raibh a fhios againn go raibh rud éigin fíréanta cumhachtach cruthaithe againn, in ainneoin roinnt sriantachtaí ó thaobh acmhainní agus trealaimh de. Is ionann an scannán deiridh agus léiriú ar a gcruthaitheacht, ar a n-athléimneacht agus ar an bhfonn a bhí orthu teagmháil bharántúil a dhéanamh leis an saol. Tugann sé tuiscint níos doimhne do luchtanna féachana ar na daoine féin atá taobh thiar de na lipéid agus meabhraíonn dúinn go léir féiniúlacht uathúil gach uile dhuine a aithint agus a cheiliúradh.
Scéalta Ratha
Ar cheann de na buanna ba mhó a bhí ag an tionscadal, bhí an spiorad comhoibritheach agus an chruthaitheacht a spreag sé. Bhí sé thar a bheith tairbheach a bheith ag breathnú ar na foghlaimeoirí óga agus iad ag glacadh le ról an scéalaí, ról an bheochantóra agus ról an dearthóra fuaime. Thug gach duine a phearsantacht bharántúil féin chuig an saothar, rud a chuir sraitheanna de bhrí agus de cheangal leis. Léirigh an tsimplíocht a bhain le huirlisí bunúsacha a úsáid, amhail guthán le scannánaíocht a dhéanamh nó píosa d’ábhar glas mar scáileán glas garbh, nach bhfuil ag teastáil ach cruthaitheacht agus seiftiúlacht le torthaí iontacha a bhaint amach. Bhí muid in ann díriú ar an scéal agus ar an teachtaireacht seachas dul in abar i gcastachtaí teicniúla, rud a dhéanfadh an saothar deireanach níos macánta intuigthe.
Dúshláin
Is cinnte go raibh dúshláin ann, go háirithe na sriantachtaí a bhain lenár gcuid trealaimh. Ach uirlisí físe agus beochana ar chaighdeán níos airde a bheith againn, d’fhéadfadh snas teicniúil an táirge deiridh a bheith ag teacht níos mó le láidreacht na hinsinte. D’fhág an scáileán glas garbh, cé gur oibrigh sé, go raibh obair bhreise ag teastáil le linn eagarthóireachta agus bhí a gcuid sriantachtaí féin ag baint leis na taifeadtaí gutháin. Ar a bharr sin, de bhrí go raibh muid ag iarraidh an próiseas a oibriú amach de réir a chéile, bhí cuar foghlama ann a shín ár gcuid ama agus acmhainní. Ar bhreathnú siar dúinn, dá mbeimis le tabhairt faoin tionscadal seo arís, rachaimis ina bhun le treochlár níos soiléire, rud a d’fhágfadh an próiseas níos réidhe éifeachtúla.
I ndeireadh na dála, d’fhág na dúshláin seo go raibh an t-eispéireas níos sásúla. D’fhág an bhraistint bróid as an méid a bhain muid amach, agus muid meabhrach gur oibrigh muid go cruthaitheach laistigh dár gcuid sriantachtaí, gur bhraith muid tionchar an tionscadail a bheith níos doimhne. Ag breathnú siar dúinn, tá fís níos soiléire againn maidir leis an méid atá indéanta agus bunús níos láidre le tabhairt faoi thionscadail eile amach anseo.
Cén tábhacht a bhain leis an tionscadal duit ar fiú a roinnt?
Ruth O’ Keeffe: Teagascóir
Ón gcéad lá, bhí fealsúnacht an chuir chuige faoi stiúir an fhoghlaimeora lárnach dár dtionscadal. D’éascaigh Ana na ceardlanna agus ghlac sí leis an gcur chuige seo nó spreag sí na foghlaimeoirí le húinéireacht a ghlacadh ar a bhfís chruthaitheach. Ba mhór an spreagadh é a ndíograis agus a rannpháirteachas a fheiceáil agus iad ag comhroinnt a gcuid scéalta agus ag comhoibriú ar an gcoincheap maidir le cearta an duine a bhí á chíoradh leis an scannán, agus an chiall a bhí aige sin dóibhsean maidir lena ngnáth-thaithí saoil féin. Chothaigh an timpeallacht seo ní hamháin an chruthaitheacht, ach braistint cumhachtaithe freisin i measc na bhfoghlaimeoirí. Tugadh ar Ana, ar na foghlaimeoirí agus ormsa, a bheith ag smaoineamh ar bhealaí nua agus glacadh leis an bhfiosrúchán lenár gcuid torthaí a bhaint amach.
Forbraíodh caidreamh iontach freisin le linn an aistir seo idir Ana, Oisín, na foghlaimeoirí, Patricia agus mé féin. D’oibrigh muid go léir mar chomharghrúpa, agus fáiltíodh roimh an uile bharúil, smaoineamh agus aiseolas. Bhí oscailteacht agus díograis Ana mar éascaitheoir thar a bheith inspioráideach.
Bhí tionchar ollmhór ag an tionscadal seo ar na foghlaimeoirí. De bhreis ar na scileanna teicniúla a ghnóthaigh siad, d’fhorbair siad muinín as a gcuid inniúlachtaí cruthaitheacha agus as luach na hoibre foirne. Ceann de bhuaicphointí an eispéiris seo ná a bheith in ann féachaint orthu agus iad ag comhoibriú agus ag déanamh a mhór dá chéile. Léirigh go leor acu mórtas as a gcuid oibre, go háirithe agus an scannán seo acu á thaispeáint, nuair a chonaic siad a gcomhiarracht beo ar an scáileán. Ní hamháin gurbh eispéireas saibhrithe é do na foghlaimeoirí, b’eispéireas claochlaitheach é domsa freisin mar theagascóir. Tharraing an tionscadal aird ar a thábhachtaí agus a luachmhaire atá sé ceangail agus comhoibriú a dhéanamh laistigh dár bpobal. Ba mhór an phribhléid é a bheith ag obair leis an gComhpháirtíocht Áitiúil don Óige Chruthaitheach agus chruthaigh sé eispéiris ionchuimsitheacha do Comfort, Elva, Hannah, Noah agus Tara. Domsa, tarraingíodh aird go mór ar luach na n-ealaíon san oideachas agus sholáthair eispéiris thar a bheith cuimsitheach do na foghlaimeoirí a chuaigh i bhfad laistiar den seomra ranga.
Ana Colomer: Ealaíontóir
Ar cheann de na gnéithe ba shuntasaí sásúla den tionscadal seo, bhí an deis a bheith ag obair faoi luas a shocraigh na foghlaimeoirí féin, rud a d’éascaigh próiseas cruthaitheach níos moille agus níos airí. Tháinig gach seachtain ag Streetwise i dtreis mar chuid den ghnáthamh seo agam a mbeinn ag súil go mór leis, nó bhí a fhios agam gurbh é a bheadh romham ná cineáltas, áthas agus oscailteacht i leith na cruthaitheachta. Thug an timpeallacht an tsaoirse dúinn athchuairt a thabhairt ar radhairc, dul sa seans le smaointe úra agus súil ghrinn a bheith againn ar go fiú na mionsonraí is lú sna beochaintí. Ba mhór an sásamh a bhí le baint as muid a bheith in ann ár gcuid ama a thógáil agus aird cheart a bheith againn ar gach céim den phróiseas chruthaitheach, ag breathnú go cúramach díograiseach ar fhorbairt ár dtionscadail.
Bhí na ceangail a rinne muid ar feadh an bhealaigh lán chomh suntasach. Agus muid ag comhoibriú le hOisín Ó Cualáin ó Music Generation an Chláir, bhí muid in ann doimhneacht agus mothú a chur le fuaimrian na beochana, ag foghlaim faoi cheird an deartha fuaime in éineacht leis na foghlaimeoirí. Nuair a thug muid cuireadh isteach do Edel agus Cian ó Thairseach na nEalaíon san Oideachas, cruthaíodh ceangal breise le gréasán tacúil a raibh meas acu ar ár gcuid oibre agus a chuir chun cinn í. Agus ansin, bhí na heispéiris a fuair muid agus muid ag taisteal chuig seóthaispeántais éagsúla, eispéiris nach ndéanfaimid dearmad orthu – turas go Baile Átha Cliath le haghaidh sheóthaispeántas Bhaile Formaid, turas go Gaillimh le haghaidh Fleadh Generation 2024 – bhí spleodar agus braistint éachta dá chuid féin ag baint le gach ócáid. Eachtra mhór a bhí sna turais seo do na foghlaimeoirí, rud a shaibhrigh a saol agus a thug braistint mórtais dóibh as a gcuid oibre.
Dhaingnigh an tionscadal an smaoineamh go bhfuil an próiseas cruthaitheach lán chomh tábhachtach leis an táirge deiridh. Chuir gach aon idirghníomhaíocht, gach comhoibriú agus gach cloch mhíle le braistint chomhroinnte go raibh rud éigin bainte amach acu, mar aon le braistint muintearais. Rud tochtmhar go maith atá ann an tionchar a bhí ag an aistear seo ar na foghlaimeoirí a fheiceáil, agus rud is spreagúla fós, ná go bhfuil a fhios agam nach bhfuil anseo ach an tús. Is é a bhí sa tionscadal ná meabhrúchán ar chumhacht na foighne, na gceangal agus an áthais a thagann le luas agus guth uathúil gach aon duine a cheiliúradh.
Ar athraigh aon rud i do chuid oibre mar gheall ar an tionscadal?
Ruth O’ Keeffe: Teagascóir
Spreag an t-eispéireas seo mé le leanúint de bheith ag tacú le léiriú ealaíonta na ndaoine a mbímse ag tacú leo. Léirigh an tionscadal seo gur féidir, nuair a chuirimid an timpeallacht cheart ar fáil, timpeallacht ina mbíonn meas ar an gcomhoibriú, an chruthaitheacht agus an t-ionchuimsiú, go dtarlódh rudaí as an ngnáth. Is mór liom an chomhpháirtíocht a d’fhorbair mé le hAna le linn na bliana acadúla agus thaitin an cur chuige digiteach i leith an tionscadail seo go mór liom. Tá mé ag súil go mór leis na scileanna seo a chur i bhfeidhm i dtionscadail amach anseo. Tá mé tógtha maidir le comhpháirtíochtaí a dhéanamh amach anseo mar a mbeidh béim ar na healaíona san oideachas nó aithním an luach a tháinig ó bheith ag obair le hAna agus Oisín mar chomharghrúpa ar an tionscadal seo.
Ana Colomer: Ealaíontóir
Chuaigh an tionscadal seo i bhfeidhm go mór ar mo chur chuige i leith na hoibre, nó d’athmhúnlaigh sé ní hamháin an chaoi a ndearcaim ar an bpróiseas cruthaitheach ach na luachanna a thiomáineann é chomh maith. Ar cheann de na léargais ba thábhachtaí, bhí an t-aitheantas gur ón ionracas a thagann fíorluach scéil. Tá na scileanna teicniúla agus na sreafaí oibre tábhachtach ach is í an bharántúlacht atá taobh thiar den scéal is mó a théann i bhfeidhm ar dhaoine. Theagasc an tionscadal seo dom, cé gur féidir éifeachtúlacht a theacht le bheith ag obair go tapa, gur minic nach mbíonn an t-am ann le haghaidh machnamh ceart – comhábhar éigeantach le haghaidh scéal a mbeadh doimhneacht ag baint leis.
D’fhoghlaim mé freisin a thábhachtaí atá sé spás agus am a chruthú do dhaoine le gur féidir leo a nguth a aimsiú agus a chur in iúil. Lig an luas níos moille seo do gach duine a ndearcadh féin a fhiosrú gan bhrú, rud ar tháinig ionchur níos saibhre bríche mar thoradh air. Agus mé ag féachaint ar idirghníomhú na bhfoghlaimeoirí le Ruth agus Trish, d’fhoghlaim mé luach na héisteachta gníomhaí, an rannpháirteachais gan aon réamhthuairimí, agus na hairde grinne ar an méid a deirtear – agus nach ndeirtear. D’fhág na scileanna seo go raibh muid in ann timpeallacht a chruthú inar bhraith gach duine go rabhthas ag éisteacht leo agus go raibh meas orthu, rud a lig dúinn tairbhe uasta a bhaint as an tionscadal.
Spreag an tionscadal mé le níos mó foighne agus níos mó ‘éisteacht d’aon turas’ a chomhtháthú isteach i mo chuid oibre, nó tuigim anois gur féidir go gcothódh na gnéithe seo próiseas comhoibritheach inar féidir scéalta barántúla a theacht chun cinn go nádúrtha.
Spotsolas
Ealaíontóir(í):
Is amharc-ealaíontóir dinimiciúil agus oideoir ealaíon í Ana Colomer, atá lonnaithe in Inis, Co. an Chláir. Agus cúlra aici sna mínealaíona ó Ollscoil Seville agus oiliúint bhreise aici sa teiripe ealaíne ó Institiúid Teicneolaíochta Chorcaí, dhírigh Ana a gairmréim i dtreo na healaíne pobalghníomhaí. Cuimsíonn a cleachtas ilghnéitheach an phéintéireacht, an phuipéadóireacht, an bheochan, an scannánaíocht agus na suiteáin ilmheán, agus gnéithe iolracha á dtabhairt le chéile go minic aici le saothair idirghníomhacha a chruthú a bhfuil ábhar machnaimh iontu.
Tá Ana ag obair mar theagascóir leis an gCompháirtíocht Áitiúil don Óige Cruthaitheach, mar Chomhlach Cruthaitheach le Scoileanna Ildánacha faoin gComhairle Ealaíon, agus bíonn sí ag comhoibriú mar Ealaíontóir Comhlach le Helium Arts. I ngach ceann de na róil seo, leagann sí béim ar luach na cruthaitheachta mar bhealach le thú féin a léiriú, ag cothú timpeallachtaí ina mbraitheann rannpháirtithe cumhachtaithe lena nguth a chomhroinnt. D’éascaigh na blianta taithí i suíomhanna ealaíon pobail di a cuid teicnící le haghaidh rannpháirteachas agus ceangal fiúntach a bheachtú, go háirithe le grúpaí óige agus pobail.
Ar chuid de thaispeántais Ana, tá Small Town Decline: Rural Patterns of Decay ag glór (2019), Winter Open i nGailearaí Theach na Cúirte (2021), agus On the 35th of May One Has to Be Prepared for Anything, grúpthaispeántas faoi choimeád Moran Been Noon ag glór (2022). Níos deireanaí, bhí Ana ar an ngearrliosta le haghaidh Dhuais ghradamach Phortráide Zurich ag Gailearaí Náisiúnta na hÉireann (2023/24).
Bíonn cleachtas comhoibritheach Ana á thiomáint ag an gcreidiúint gurb ionann an ealaín agus ionstraim le haghaidh comhbhá agus ceangal, mar a dtugann an scéalaíocht chomhroinnte dearcthaí ilchineálacha le chéile le dúshlán a chur roimh spriocphobail agus lena spreagadh.
Múinteoir(í):
Tá teagascóir Streetwise, Ruth O’Keefe, ag obair le daoine fásta ag a bhfuil riachtanais bhreise agus néara-éagsúla le deich mbliana. Tá spéis faoi leith ag Ruth sna tionscadail chruthaitheacha lena dtugtar le chéile daoine de chuid conairí éagsúla sa phobal, le bheith ag obair leis na foghlaimeoirí.
Is é an fócas atá ag Ruth i réimse an oideachais agus na hoiliúna ná an fhoghlaim agus na gnóthachtálacha duinelárnacha. Le tuiscint a fháil air seo, tá sé ríthábhachtach go dtacófaí le gach foghlaimeoir le go mbeidh siad in ann a dtoil agus a gcuid roghnachais féin a chur chun cinn ina saol féin. Tá dioplóma ag Ruth san oiliúint & oideachas ó Ollscoil na Gaillimhe agus tá sí ag leanúint dá haistear oideachasúil.
Is clár 4 bliana oideachais agus oiliúna é Streetwise, arna mhaoiniú ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, agus é lonnaithe in Inis, Contae an Chláir. Tacaíonn an clár oiliúna le daoine fásta óga atá faoi mhíchumas intleachtúil le saol neamhspleách a bheith acu agus le rochtain a fháil ar oiliúint atá duinelárnach trí dheiseanna foghlama foirmeálta agus neamhfhoirmeálta. Bímid ag obair i gcomhpháirt lenár bpobal agus le hearnálacha an oideachais, na n-ealaíon agus na fostaíochta.
Tá Clár Streetwise dírithe i gcónaí ar chonairí a chruthú tríd an mbreisoideachas, mar a mbeadh tacaíocht ann do dhaoine fásta atá faoi mhíchumas intleachtúil. Tá an clár lonnaithe i gCampas an Oideachais Aosaigh ó bhí 2006 ann agus é dírithe riamh anall ar an ionchuimsitheacht, an fhoghlaim chomhroinnte agus ar chomhpháirtíochtaí le hoideoirí eile agus leis an bpobal.

Ealaíontóir(í)
Ana Colomer

Múinteoir(í)
Ruth O’Keeffe
Foirmeacha Ealaíne
Scoil/Grúpa
Streetwise Animators, Brothers of Charity, Ennis, Co Clare
Rannpháirtithe
5
Réigiún
Aois/Rang
21
Dátaí
2023 - 2024
Ceannaireacht Ghníomhaireacht
Local Creative Youth Partnerships
Príomhthéamaí / línte fiosrúcháin
D’fhiosraigh an tionscadal roinnt croí-théamaí agus snáitheanna smaointe, nó díríodh ar cheisteanna maidir le féiniúlacht, spéiseanna pearsanta, luachanna agus uaillmhianta.
Snáitheanna Curaclaim
Tá ceangal réidh idir an tionscadal beochana seo sa bhreisoideachas agus oiliúint le snáitheanna curaclaim a bhaineann le Taighde, Cruthaigh agus Freagair, ag spreagadh scoláirí le rannpháirteachas domhain a bheith acu lena bpróiseas cruthaitheach agus, san am céanna, scileanna criticiúla á bhforbairt acu sa taighde, sa chruthú agus sa mhachnamh.
An scéalchlár a chruthaigh mé, is cuid de mo shaol é. D’fhoghlaim mé faoin mbeochan íomhá ar íomhá, faoin dearadh fuaime agus faoin obair foirne. Thaitin sé go mór liom a bheith ag obair le mo chairde, le hAna, Oisín, Rith & Trish. Thar cionn
Comfort Boseah