ENGLISH

NUACHTLITIR



Cad a dhéanann hEalaíona i gcleachtas Oideachas cuma mhaith? Léigh faoi na próisis agus comhpháirtíochtaí taobh thiar thionscadail reatha tarlú ar fud na hÉireann.


Masc ort/Bain an Masc de


Mask On Mask Off, Sligo Grammar School photo installation

Inis scéal do thionscadail dúinn – Céard a spreag é? Cad faoi é? Cé a bhí páirteach ann? Cén chaoi ar thosaigh tú?

Máire Hynes, Múinteoir Ealaíne 

Bhíomar ag iarraidh taifead a dhéanamh ar thionchar Covid-19 ar shaol na scoile ó mhí Mheán Fómhair 2020 sa tionscadal ar chaoi éigin. D’eascair ceann de na tionchair is mó as maisc a chaitheamh, rud a d’athraigh an chaoi a bhfacamar a chéile, agus ba mhinic gurbh ar éigean a d’aithneoimis na daoine a raibh aithne againn orthu ó anuraidh. Ní raibh a fhios ag na scoláirí nua cén chuma a bhí ar a gcuid múinteoirí agus vice versa. Ba as seo a tháinig an inspioráid don tionscadal ealaíne uile-scoile darb ainm “Masc ort/Bain an Masc de”. Ghlac coiste de scoláirí idirbhliana grianghraf de bheagnach gach scoláire agus de bheagnach gach ball foirne faoi stiúir an mhúinteora ealaíne, Máire Hynes. Glacadh dhá ghrianghraf de chách, grianghraf agus an masc ar an duine agus ceann agus an masc bainte díobh. Scaipeadh na grianghraif ar fud na ndeich bpainéal, ionas go mbeadh orainn muid féin agus ár gcomhghleacaithe a thóraíocht, leis an masc agus dá uireasa. An féidir linn a chéile a aithint go fiú? Beidh an obair chríochnaithe ina daingneán buan sa scoil, rud a chuirfidh an tréimhse aisteach seo i gcuimhne dúinn.

Cén chaoi ar forbraíodh na smaointe agus cén chaoi ar oibrigh na daoine óga, an t-ealaíontóir agus an múinteoir le chéile?

Máire Hynes, Múinteoir Ealaíne 

Ba as an bPríomhoide Tánaisteach Jimmy Staunton a tháinig an smaoineamh rud éigin a dhéanamh chun taifead a dhéanamh ar Covid-19. Forbraíodh an smaoineamh chun tionscadal físe i bplé leis na baill foirne agus tháinig na fadhbanna a bhaineann le maisc a chaitheamh chun solais ar nós na scoláirí a aithint. Iarradh ar an Múinteoir Ealaíne le feidhmiú mar “Mhúinteoir mar Ealaíontóir” agus labhair sí leis na scoláirí sóisearacha agus sinsearacha faoin gcaoi ar mhothaigh siad maidir le maisc a chaitheamh. Fuarthas amach go raibh deacrachtaí ag na scoláirí nua, ag aithint a múinteoirí nuair a chonaic na scoláirí iad gan aon mhasc orthu – agus mhínigh siad an gheit a baineadh astu in amanna nuair a chonaic siad an chuma a bhí ar an gcuid íochtarach d’aghaidh a múinteora!! Aontaíodh gur cheart an tionscadal a bheith bunaithe ar ghrianghrafadóireacht. Ina dhiaidh sin, rinneadh plé ar an gcaoi ar cheart a bheith ar an tionscadal agus rinneadh cinneadh chun grianghraf a ghlacadh de dhaonra na scoile faoi dhó; maisc ar na daoine ar dtús agus dá n-uireasa ina dhiaidh sin. Ghlac ceathrar scoláirí idirbhliana leis an dualgas an próiseas a eagrú chun grianghraf a ghlacadh de gach duine agus rinneadh cinneadh nach raibh am ní b’fhearr chun é a chur ar siúl ná Seachtain na Scoileanna Ildánacha 2021.

Cén taithí phearsanta a bhí agat ar an tionscadal i dtéarmaí ratha agus dúshlán?

 

Máire Hynes, Múinteoir Ealaíne 

Ba shuntasach an dúshlán a bhí ann grianghraif a ghlacadh de gach duine dá bhfuil sa scoil, chomh maith leis na baill foirne agus na scoláirí. Fágadh roinnt daoine aonair ar lár de bharr nach raibh siad i láthair nó de bharr nach raibh siad saor ar an lá. Phléigh mise an próiseas leis na scoláirí idirbhliana a bhí ag déanamh na grianghrafadóireachta ach ansin, agus iad eagraithe dar liom, d’fhág mé fúthu féin é. Bhí mise den tuairim gur cheart dóibh glacadh leis an dúshlán agus dul i ngleic leis na fadhbanna agus iad ag teacht chun cinn. Ba thábhachtach an luach foghlama ar an ngá leis na fadhbanna a réiteach agus iad ag teacht chun cinn dar liom.

Cén tábhacht a bhain leis an tionscadal duit ar fiú a roinnt?

Máire Hynes, Múinteoir Ealaíne 

Bhí tionchar an tionscadail suimiúil, mar nach amháin faoi phíosa ealaíne a chruthú a raibh sé. Is follas go raibh sé tábhachtach do gach duine sa scoil mar thaifead staire, ach bhí na scoláirí agus na baill foirne ar a shon, agus fuair beagnach gach duine acu páirt ann. Bhí an chosúlacht ar an scéal gur léir gur aithin gach duine tábhacht na paindéime mar rud a bhí orainn cur suas léi gach lá agus mar rud nach dtarlódh ach uair amháin sa saol (le cúnamh Dé). Ó tharla gur thionscadal uile-scoile a bhí ann, cuimsíodh leis, scoláirí, múinteoirí, baill foirne riaracháin, mátrúin, baill foirne chistine, baill foirne ghlantóireachta agus baill foirne chothabhála. Tháinig gach duine le chéile agus d’imir sé seo an tionchar chun teacht le chéile laistigh den scoil de bharr na rannpháirtíochta uilíche.

Nancy Ryan-Jones, Scoláire 

Agus mé i mo scoláire ag eagrú agus ag cur an tionscadail seo i gcrích, cheap mé go raibh an ghrianghrafadóireacht an-spreagúil go deo agus bhí sí nua dom, ní dhearna mise ach grianghrafadóireacht phearsanta go dtí seo agus ní raibh tasc agam riamh a bheadh ina nós buan i mo scoil mar seo. Réitíomar ár n-ionad i bhforhalla na scoile agus chuamar trí na ranganna ceann i ndiaidh a chéile, agus chuamar tríothu arís lena chinntiú nár fágadh duine ar bith ar lár. Is iondúil gur bliain thíriúil í an idirbhliain, ach a mhalairt a bhí ann domsa de bharr thionchar Covid.  Chuir an tionscadal ar mo chumas athnascadh leis na scoláirí sna blianta eile agus a dhul chun comhrá leo (de réir rialacháin Covid) agus bhí i bhfad níos lú struis ag baint leis an scoil dá réir, tar éis míonna a chaitheamh ó dhaoine nach raibh sa rang. Bhí taithí an tionscadail seo tairbheach dom de bharr gur tháinig mé trasna ar fhoirm ealaíne nua a thaitin thar cionn liom a d’fhéadfainn a chur san áireamh i mo phortfóilió don choláiste ealaíne nuair a fhágfaidh mé an scoil.

Alannah McAllister, Scoláire 

Bhí an tionscadal seo thar a bheith tairbheach dom, agus tá mé den tuairim go dtiocfaidh sé i gcabhair orm as seo amach. Bhí an t-uafás eagrúcháin ag baint leis, ionas go n-oibreodh an tionscadal ar fad amach agus chun páirt a thabhairt don scoil uilig. Bhí an t-uafás liostaí de dhaoine againn agus bhí orainn iad a fháil óna ranganna i ngrúpaí de cheathrar nó de chúigear. Bhí orainn a chinntiú go raibh na héadaí scoile ina gceart agus nach raibh aon súil dúnta sna grianghraif. Bhí orainn ard na stólta a athrú agus bhí orainn an ceamara a shocrú san áit chéanna agus a bhí sé an lá roimhe. Bhí an t-eagrúchán dúshlánach, ach bhí sé go hálainn aghaidh gach duine a fheiceáil, aghaidheanna nach raibh feicthe againn le bliain!

Spotsolas


Ealaíontóir(í):

Máire Hynes, Art Teacher

Máire has been an Art Teacher in the Sligo Grammar School since 1988. She qualified as a Designer in Textiles and Fashion.

I always wanted to teach secondary school Art and have found the experience of working with secondary school students very rewarding and great fun. The Sligo Grammar School has been my second family since 1988, and this project is a tribute to the unity and family atmosphere that is palpable whenever you walk into the school.


Múinteoir(í):

Jimmy Staunton, Deputy Principal

Covid changed everything in March 2020. I felt it was important for future generations to remember and for us as a school to have some sort of record of this time. Covid affected everybody, it did not discriminate between the old and the young, people of different ethnic or class backgrounds. Whatever project we did in the school I felt had to include everyone, teaching staff, pupils, ancillary staff. The idea of the masks on/masks off developed during discussions with others in the school community. To me having such a strong visual image was going to be forever a poignant memory in the years to come. It would capture a moment in time that would never be forgotten by those who experienced it.

Michael Hall, School Principal

Covid protocols within school, lockdown and on-line learning significantly impacted on school routine. Restrictions on visitor access to the school building removed the opportunity for a visiting artist or a collaborative hands-on project outside designated pods of students.

Sligo Grammar School aimed to keep school life as normal as possible for our students and this approach encompassed taking every opportunity to provide adapted extra- curricular and co-curricular opportunities in keeping with our COVID procedures for a safe school.

The Art project allowed our students to interact in a creative experience that was inclusive of the whole school. It was cross-curricular and provided a strong visual representation of Sligo Grammar School during its Covid years. An Art project that encompassed our students, teachers, office and ancillary staff – an Art project that was inclusive of our whole school family. For our 1st and 2nd year students this is the first opportunity for us to see the students and the students to see school staff without a mask!


Maire Hynes Sligo Grammar School Art Teacher

Ealaíontóir(í)

Máire Hynes

Jimmy Staunton, Deputy Principal, Sligo Grammar School

Múinteoir(í)

Jimmy Staunton

Michael Hall

Máire Hynes


Foirmeacha Ealaíne

Grianghrafadóireacht

Leibhéal

Iar-Bhunscoile

Scoil/Grúpa

Sligo Grammar School, The Mall, Sligo


Rannpháirtithe

450+


Réigiún

Sligeach

Aois/Rang

1st – 6th years plus teachers and all staff


Dátaí

Bealtaine 2021


Príomhthéamaí / línte fiosrúcháin

Effects of Covid-19 on School Life in 2020/2021


Snáitheanna Curaclaim

Art & Design, History, Wellbeing



This project allowed me to reconnect and socialise with students in other years and made school feel a lot less stressful after months of being isolated from people who were not in your form.

Nancy Ryan-Jones, Student 

Mask On Mask Off, Sligo Grammar School photo installation

Mask On Mask Off, Sligo Grammar School photo installation

Mask On Mask Off, Sligo Grammar School TY student photographers