ENGLISH

NUACHTLITIR



Cad a dhéanann hEalaíona i gcleachtas Oideachas cuma mhaith? Léigh faoi na próisis agus comhpháirtíochtaí taobh thiar thionscadail reatha tarlú ar fud na hÉireann.


Mé féin agus Mo Chuid Cairde


Inis scéal do thionscadail dúinn – céard faoi a raibh sé? Cé a bhí páirteach ann? Cén chaoi ar thosaigh tú?

Mary Bennett, Múinteoir

Thosaíomar amach ag fiosrú féinphortráidí. Níorbh fhada gur thugamar faoi deara go raibh easpa muiníne agus easpa féinmhuiníne ag neart de na daltaí. Chinneamar dul i ngleic leis an bhfadhb seo i mbealach chruthaitheach agus an t-ábhar a nascadh le OSPS. Bhain na daltaí úsáid as ceamara cailéideascóip chun grianghraif uathúla a thógáil díobh féin. Ón bpointe sin bhreathnaíomar ar fhocail a dhéanann cur síos orainn féin agus ar ár bpiaraí. Roghnaigh na daltaí an focal arbh fhearr leo agus greanadh é ar a bhféinphortráid. Chuir siad ceallafán taobh thiar den fhocal ansin ionas go mbeadh sé ní b'fheiceálaí. Crochadh portráidí na ndaltaí ó chóras greille a chruthaigh Helen sa seomra ranga agus chuireamar leis i rith na bliana. Bhí an taispeántas an-éifeachtach agus chabhraigh sé go mór atmaisféar dearfach a chruthú sa seomra ranga. Rinneamar ceardlann priontála chomh maith. Chruthaigh na leanaí a bpláta priontála féin agus bhí an deis acu fíor-chlóphreas a úsáid agus bhain siad an-sult as sin. Bhí na priontaí go hálainn mar gheall ar na hábhair d’ardchaighdeán a chuir Helen ar fáil agus bhí na daltaí an-bhródúil as a gcuid saothar.

Helen Barry, Ealaíontóir

D’fhás ár dtionscadal ó chlár a mhair seachtain amháin Training of Trainers Programme a bhí ar siúl le linn shamhradh 2016. Is tionscnamh uathúil é seo i gcomhar le Cumann Ionaid Mhúinteoirí/Oideachais in Éirinn (ATECI), a fhaigheann maoiniú ón Roinn Oideachais agus Scileanna (DES) agus ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta/ an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Réigiúnach, Tuaithe agus Gnóthaí Gaeltachta a thacaíonn leis an gComhpháirtíocht Múinteoir-Ealaíontóir mar shamhail d’fhorbairt ghairmiúil leanúnach d’ainmnigh eagraíochtaí ealaíon 22 ealaíontóir, agus i mo chás féin, rinne IMMA (Áras Nua-Ealaíne na hÉireann) agus 22 múinteoir ionadaíocht ar Ionaid Oideachais ar fud na tíre. Ba iad eagarthóirí ár gcomhpháirtíochta Áras Nua-Ealaíne na hÉireann (IMMA) agus Ionad Oideachais Bhaile Átha Cliath Thiar.

Bhí an t-am againn le linn an chláir Training of Trainers smaointe féideartha a mbeadh nasc nádúrtha acu leis an gcuraclam a phlé agus a phleanáil. Chuir Mary an rang ar leith seo ar fáil ag céim níos luaithe san oideachas bunscoile agus bhí an-aithne aici ar na cailíní mar sin. Déanaim iarracht, mar ealaíontóir, an téama a nascadh le gnéithe de mo chleachtas féin. Is príomhchuid de m’fhiosracht féin é an creideamh agus bhí sé de rún agam iniúchadh a dhéanamh air seo mar go mbeidh an chuid ba mhó díobh ag glacadh le sacraimint le linn a mbliana deiridh ar an mbunscoil. De réir mar a tharlaíonn le neart téamaí agus smaointe féideartha, bhí orm iad seo a chaitheamh in aer nuair a chas mé leis an rang agus nuair a chuir mé aithne orthu.

Cén chaoi ar forbraíodh na smaointe agus cén chaoi ar oibrigh na daoine óga, an t-ealaíontóir agus an múinteoir le chéile?

Mary Bennett, Múinteoir

Chas Helen leis an rang ar dtús agus thosaigh sí ag fiosrú cé na suimeanna a bhí acu. Bhí seisiún tosaigh álainn ullmhaithe aici inar chuir na daltaí aithne uirthi. Bhí na daltaí ar a suaimhneas faoi dheireadh sheisiún a haon agus bhí siad ag súil go mór leis an tionscadal agus gach a mbeach i gceist leis. Rinne mé féin agus Helen teagmháil lena chéile agus bhíomar in ann ár dtionscadal a nascadh leis an gcuraclam. Mar go mbíonn an iomarca ar an gcuraclam, bhí sé an-chuidiúil é seo a chomhtháthú i mbealach cruthaitheach. Bheartaíomar an tionscadal a nascadh le OSPS i dtosach chun cur le muinín na ndaltaí – agus is buntáiste iontach é seo do grúpa cailíní atá ina luathdhéagóirí.

Helen Barry, Ealaíontóir

Bhí deis agam féin agus ag Mary le linn na tréimhse sin sa samhradh tuiscint a fháil ar conas a oibrímid agus ní ba thábhachtaí ná sin bhíomar in ann tuiscint a fháil ar phearsantachtaí a chéile. Bíonn sé seo ríthábhachtach, i mo thaithí féin, d’ealaíontóir rathúil cónaitheach, go mbeadh teagmháil mheasúil ann idir an t-ealaíontóir agus an múinteoir agus go mbeadh meas ag an mbeirt ar chleachtas gairmiúil an duine eile. Sa chás seo bhí sé an-tábhachtach go leanfainn an t-eolas a bhí ag Mary ar an rang. Ba léir ón gcéad chruinniú a bhí agam leis an rang go raibh muinín agus féinmhuinín an ranga sách íseal. Thaitin na rudaí aeistéitiúla liom féin agus le Mary agus cé go raibh easpa muiníne ag Mary anois is arís maidir lena cumas ealaíonta, bhí sí díograiseach agus ghlac sí le scileanna nua agus le gach rud a rinneamar agus rinne na leanaí amhlaidh ina diaidh.

Bhí mé féin agus Mary in ann clár cruthaitheach a phleanáil arís i ndiaidh mo chéad chruinnithe leis an rang agus díríodh ar fhéinmhuinín a thógáil sna leanaí i gcaitheamh na bliana sa chlár nua seo.

Cén taithí phearsanta a bhí agat i leith an tionscadail i dtéarmaí ratha agus dúshlán?

Mary Bennett, Múinteoir

D’fhoghlaim mé go leor ón taithí seo agus go ginearálta bhí sé an-dearfach agus an-tairbhiúil dom féin mar mhúinteoir agus do na daltaí. Bhí mé i bhfad ní ba mhuiníní faoi na cineálacha ealaíon a d’fhiosraíomar a theagasc faoi dheireadh an togra. Bhí ní ba mhó muinín ag na daltaí as a gcumas féin agus bhí siad an-bhródúil as na saothair a chruthaigh siad.

An t-aon dúshlán amháin a bhí agam ná glacadh leis an tábhacht, ar bhealach, a bhaineann le ligean don tionscadal é féin a stiúradh. Rinneamar athmheasúnú thart ar gach seachtain agus bheartaíomar cén áit a rachaimis bunaithe ar rud a phléigh na daltaí nó a thaitin leo nó ar rud a rith linn mar ghairmithe. Tá sé de nós againn mar mhúinteoirí a bheith an-eagraithe maidir leis an bpleanáil agus is maith linn rudaí a phleanáil seachtainí roimh ré. Mar sin, bhí sé an-deas ligean don chruthaitheacht a bheith i gceannas ar an bpleanáil agus deis a thabhairt do na daltaí a bheith páirteach sa chinnteoireacht sin.

Helen Barry, Ealaíontóir

Bhain mé an-taitneamh as oibriú ar an tionscadal seo agus as bheith ag breathnú air agus é ag fás agus ag forbairt ag an am céanna is a bhí muinín agus féinmhuinín na leanaí ag fás. Bhain an tionscadal an-tairbhe as an am a cuireadh ar fáil don mhúinteoir agus don ealaíontóir aithne a cur ar a chéile. An dúshlán ba mhó a bhí orm ná an smaoineamh ar leith a bhíodh agam féin a fhágáil ag doras an tseomra ranga.

Cén tábhacht a bhain leis an tionscadal duit ar fiú a roinnt?

Mary Bennett, Múinteoir

Chruthaíomar taispeántas den chéad scoth. Tosaíodh an taispeántas lenár bportráidí ach ní raibh ansin ach tús an tsaothair agus chuireamar leis arís agus arís le linn na bliana. Léirigh sé sin dom an tábhacht a bhaineann leis an bpróiseas seachas an táirge. Ba chúis iontais dom chomh simplí is a bhí sé ligean do chomhráite simplí leis na daltaí an tionscadal a stiúradh. Nuair a choinnítear do chluasa ar oscailt, cloistear neart rudaí a stiúrfaidh an tionscadal in áit a bhfuil suim ag na leanaí ann agus dá bhrí sin beidh an-mhórtas acu as.

Helen Barry, Ealaíontóir

Bíonn an fuinneamh i ngach rang éagsúil agus fiú má fheiceann an t-ealaíontóir go bhfuil naisc láidre le tionscadal féideartha lena f(h)iosracht féin sa stiúideo, bíonn sé ríthábhachtach stopadh agus tuiscint a fháil ar an áit a bhfuil an múinteoir agus an rang féin. Is é an fhírinne gur threoraigh na daltaí treo an tionscadail agus bhain mé taitneamh as an bpróiseas sin agus ligean dó dul chuig áit nach raibh smacht chomh dlúth sin agam air.

Ar athraigh aon rud i do chuid oibre mar gheall ar an tionscadal?

Mary Bennett, Múinteoir

D’éirigh mé i bhfad níos fearr faoi bheith solúbtha agus gan a bheith dírithe ar aon phlean amháin agus d’fhoghlaim mé go mbeidh orm glacadh le hathruithe nuair atáim ag oibriú ar thionscadal fadtéarma agus go bhfuil an próiseas sin ceart go leor. D’fhoghlaim mé ó Helen gur codanna den phróiseas cruthaitheach iad an tástáil agus an earráid. Bhí sé go hiontach go raibh na leanaí in ann é sin a fheiceáil agus taithí a fháil air chomh maith. Táim níos compordaí rudaí nua a thriail tar éis oibriú le Helen. Ba dheis den chéad scoth a bhí ann agus bhí mé an-bhuíoch go raibh an deis agam páirt a ghlacadh ann.

Helen Barry, Ealaíontóir

Caithim níos mó ama ag éisteacht leis an múinteoir seachas a bheith á bhá le smaointe.

Spotsolas


Ealaíontóir(í):

Helen Barry, Ealaíontóir

Is amharc-ealaíontóir mé agus bíonn an comhoibriú a dhéanaim le leanaí fite fuaite i mo chleachtas. Dírím ar na luathbhlianta agus ar leanaí ar bhunscoil, ag cruthú saothar leo agus amanna ag cruthú saothar dóibh. Déanaimid smaointe ar an bpobal, ar an duine féin agus ar an gcreideamh a fhiosrú trí dhealbhóireacht, taispeántais, luail agus fuaim. Chuir mé deich dtréimhse mar ealaíontóir cónaithe i gcrích le cúpla bliain anuas agus bíonn éagsúlachtaí eatarthu i gcónaí. Socróidh agus treoróidh an caidreamh idir an t-ealaíontóir, an múinteoir agus an leanbh treo an tionscadail.

D’éascaigh mé féin agus Mary comhpháirtíocht múinteora/ealaíontóra mar mhúnla d’fhorbairt ghairmiúil leanúnach i ndiaidh na tréimhse cónaithí seo i samhradh 2017 le hIonad Oideachais Bhaile Átha Cliath Thiar.


Múinteoir(í):

Mary Bennett, Múinteoir

Tá Mary ag múineadh ag leibhéal na bunscoile le deich mbliana anuas, i gCromghlinn, Contae Bhaile Átha Cliath i dtosach agus bhog sí go Móinteach Mílic ina contae dúchais, Lú, le déanaí. Tá sí paiseanta faoi na hEalaíona san Oideachas, faoi na hamharc-ealaíona go háirithe agus bhunaigh sí club ealaíon iarscoile ina scoil nua.


Helen Barry

Ealaíontóir(í)

Helen Barry

Mary Bennett, Teacher

Múinteoir(í)

Mary Bennett


Foirmeacha Ealaíne

Na hAmharcealaíona

Leibhéal

Bhunscoile

Scoil/Grúpa

Scoil Mhuire Ógh 1, Dublin 12


Rannpháirtithe

22


Réigiún

Contae Bhaile Átha Cliath

Aois/Rang

11-12 bhliain d’aois, Rang a Sé


Dátaí

Meán Fómhair go dtí an Nollaig 2016


Naisc


Comhpháirtithe eile

Department of Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs (DAHRRGA), Department of Education and Skills (DES), Dublin West Education Centre

Príomhthéamaí / línte fiosrúcháin

Mise, Mo Chairde

Cumarsáid, Obair Ghrúpa, Féinmhuinín


Snáitheanna Curaclaim

Líníocht, Priontaí a dhéanamh

Breathnú agus freagairt

Tógáil, Cruthanna agus Spásanna,

Scríbhneoireacht agus Éisteacht.


Taighde nó foilseacháin ábhartha



D’fhoghlaim mé ó Helen gur codanna den phróiseas cruthaitheach iad an tástáil agus an earráid. Bhí sé go hiontach go raibh na leanaí in ann é sin a fheiceáil agus taithí a fháil air chomh maith.

Mary Bennett, Múinteoir