ENGLISH

NUACHTLITIR



Cad a dhéanann hEalaíona i gcleachtas Oideachas cuma mhaith? Léigh faoi na próisis agus comhpháirtíochtaí taobh thiar thionscadail reatha tarlú ar fud na hÉireann.


National Architects in Schools Initiative


(c) Danny Moynihan, courtesy Irish Architecture Foundation

Mar chuid den tionscadal seo, ar cuid den National Architects in Schools Initiative de chuid Fhondúireacht Ailtireachta na hÉireann é, d’oibrigh Ailtire le grúpa 25 scoláire measctha san Idirbhliain agus múinteoir Dearaidh agus Teicneolaíochta.
Thug scoláirí ó Choláiste Choilm faoi réimse leathan turas agus cuairteanna agus d’imscrúdaigh siad go leor gnéithe ailtireachta ina mbaile féin, Baile an Chollaigh agus i gcathair Chorcaí go ginearálta. Ag tosú leis an ngné seo, an chaoi a mbaineann an ailtireacht leis an bpobal, dhírigh na scoláirí ansin ar an tionscadal deartha, ag forbairt a seomra phearsanta féin do ghairdín i dteach leathscoite. Mar chríoch oiriúnach don tionscadal, reáchtáil na scoláirí taispeántas dá saothar san ionad áitiúil siopadóireachta i mBaile an Chollaigh.

Próiseas Rannpháirtíochta:

Thosaigh na scoláirí le cleachtadh líníochta ón mbeo chun a scileanna breathnóireachta a fhorbairt. Ina dhiaidh sin, spreagadh iad lena ndearcthaí féin a fhorbairt faoin ailtireacht trí thaighde agus plé ar shaothar ailtirí spreagthacha. Lean sraith turais fiosrúcháin é sin:

  • Suirbhéireacht agus líníocht mhionsonraithe aghaidh siopa thraidisiúnta i mBaile an Chollaigh.
  • Cuairt ar Dhánlann Lewis Glucksman leis na hailtirí O’Donnell agus Toumey, in UCC.
  • Cuairt ar an taispeántas ealaíne agus ailtireachta ‘Folly’.
  • Turas ar shaothar mic léinn ailtireachta i stiúideonna Lárionad Chorcaí d’Oideachas Ailtireachta i CIT.

Próiseas Forbartha:

I ndiaidh dóibh smaointe, léargas agus tuiscint a fháil ar an éagsúlacht is dual don ailtireacht, tugadh tasc do na scoláirí seomra pearsanta a dhearadh i gcúl tí leathscoite i mbruachbhaile. Tháinig dearaí bunaithe ar shuimeanna pearsanta éagsúla chun cinn, lena n-áirítear stiúideo ealaíne, pictiúrlann, seomra damhsa agus seomra scíthe. D’úsáid na scoláirí cairtchlár, clár cúrphlaistigh agus adhmad balsa chun mionsamhail de réir scála a dhéanamh dá ndearaí le cur ar taispeántas san ionad áitiúil siopadóireachta i mBaile an Chollaigh, Corcaigh.

Na gníomhaíochtaí b’úsáidí

  • An chuairt ar na stiúideonna i Lárionad Chorcaí d’Oideachas Ailtireachta.
  • Suirbhéireacht agus líníocht mhionsonraithe aghaidh siopa áitiúil.
  • An taispeántas san ionad áitiúil siopadóireachta.
  • Seomra pearsanta a dhearadh do ghairdín cúil tí leathscoite.

Cur i Láthair agus Machnamh

D’oscail Jerry Buttimer T.D. Taispeántas Ailtireachta scoláirí Choláiste Choilm den saothar a rinneadh le linn National Architects in Schools Initiative de chuid Fhoras Ailtireachta na hÉireann in Ionad Siopadóireachta Bhaile an Chollaigh. Chuir gach scoláire a dtionscadal deiridh i láthair do lucht féachana poiblí agus phléigh siad a dtionscadail leis an Teachta Dála agus leis na cuairteoirí, Coimeádaí Oideachais Fhoras Ailtireachta na hÉireann san áireamh.

Ó na scoláirí:

“D’fhoghlaim mé faoin bpróiseas deartha + faoin bpost laethúil agus faoi conas a chruthaítear na poist. Thaitin sé liom na mionsamhlacha a dhéanamh agus smaoineamh ar rudaí le déanamh don tionscadal". Scoláire, 15

“Socraíodh tionscadail dúinn cheana ach an uair seo bhíomar ábalta ár smaointe féin a úsáid agus fadhbanna a réiteach le linn an tionscadail. Bhraith sé níos cosúla le fíorphost dearthóra!” Scoláire, 16

Ón Múinteoir:

I ndiaidh dom modúl foirgníochta don idirbhliain a mhúineadh le blianta beaga anuas, agus é d’aidhm agam feasacht agus tuiscint do thimpeallacht na scoláirí a fhorbairt, a dtimpeallacht thógtha go háirithe, chuala mé faoi Thionscnamh na nAiltirí ar Scoil trí Ionad Oideachais Chorcaí agus shocraigh mé cur isteach air. Spreag mo shuim phearsanta ar dtús mé, toisc go bhfuil an-suim agam san ailtireacht agus go raibh an-suim agam dul i mbun oibre le hailtire. Chreid mé freisin dá bhféadfainn mo chuid scileanna agus eolais féin a fhorbairt go rachadh sé chun tairbhe mo scoláirí chomh maith. Chuir mé isteach ar an tionscnamh agus bhí an t-ádh dearg liom gur cuireadh ag obair leis an ailtire Seán Antóin Ó Muirí mé. Réitíomar go han-mhaith le chéile, go pearsanta agus go gairmiúil. Ní éireodh leis an tionscnamh murach sin dar liom. Is í seo an dara bliain againn ag obair le chéile agus tá go leor foghlamtha agam ó bheith ag obair le Seán.

De ghnáth, glacaimid le cur chuige praiticiúil i leith fhoghlaim na scoláirí. Foghlaimíonn na scoláirí agus iad ag breathnú, ag sceitseáil, ag plé, ag déanamh taighde, ag cur i láthair agus ag réiteach fadhbanna i measc teicnící eile. Tugann na scoláirí cuairt ar fhoirgnimh a bhfuil suntas ailtireachta leo go háitiúil, áit a mbíonn siad ag breathnú, ag taifead, ag cur i láthair, agus ag plé a dtaithí. Breathnaíonn siad ar fhíseáin freisin, déanann siad taighde ar ailtirí agus ar a saothar, agus cuireann siad an méid a d’fhoghlaim siad agus a dtuairimí i láthair dá gcomhscoláirí.   Cuid thábhachtach eile dá bhforbairt í an chuairt ar Scoil Ailtireachta Chorcaí. Tugann sé seo deis uathúil do na scoláirí an obair agus an cúrsa a fheiceáil agus a phlé le mic léinn an choláiste, agus taithí a fháil ar shaol an mhic léinn ailtireachta.  Chomh maith leis sin, ceapann Seán dúshláin deartha do na scoláirí, agus forbraíonn siad a bhfreagraí uathúla féin orthu sin. Bíonn castacht dhifriúil ag baint leo, agus braitheann an t-am a theastaíonn chun iad a chur i gcrích ar an dúshlán féin, agus bíonn cuspóirí sonracha leo i gcónaí.

Tá an méid a d’fhoghlaim mé trí bheith rannpháirteach sa tionscnamh seo, agus go háirithe trí bheith ag obair le Seán, an-suntasach. Mar mhúinteoir a bhfuil níos mó ná fiche bliain taithí agam, b’fhacthas dom go raibh mé tar éis éirí an-dírithe ar an “toradh deiridh”, is é sin an scrúdú agus na marcanna sa Teastas Sóisearach agus na marcanna agus na pointí san Ardteistiméireacht le haghaidh mo scoláirí. Déanaim iarracht cineálacha difriúla taithí teagaisc agus foghlama a chuimsiú i mo chuid oibre. Ach tá teorainn leis an méid is féidir liom a dhéanamh mar go gcaithfear an cúrsa ar fad a dhéanamh, go gcaithfear tionscadail a chríochnú agus go mbíonn srian ama orainn.

Tá cur chuige iomlán difriúil ag Seán. Is ar an bpróiseas a dhíríonn seisean agus tugann sé saoirse do na scoláirí a smaointe a fhorbairt. Treoraíonn agus spreagann sé gach scoláire, agus cuireann sé comhairle orthu, agus tugann sé deis dóibh a smaointe a fhorbairt fiú mura n-aontaíonn sé leo. Tugtar saoirse dóibh botúin a dhéanamh agus foghlaim uathu. Spreagtar na scoláirí le rudaí a fhoghlaim iad féin, mar shampla, má theastaíonn méid dorais uathu, tomhaiseann siad doras an tseomra. Eascraíonn comhoibriú idir na scoláirí as seo, chomh maith le timpeallacht foghlama den scoth.
Tá fonn chun oibre ar na scoláirí agus d’fhoghlaim siad an-chuid. Tá a bhfeasacht mhéadaithe ar an ailtireacht iontach. Ach is iad na scileanna agus an mhuinín a d’fhorbair siad mar gheall ar a rannpháirtíocht sa chúrsa seo an fhíorthairbhe a bhaineann leis an tionscnamh seo a chuimsiú i gclár na hidirbhliana.
Danny Moynihan, Múinteoir

Ón Ailtire:

Spreagadh mé le páirt a ghlacadh i gclár na n-ailtirí ar scoil toisc go bhfuil an-spéis agam san ailtireacht agus mar sin go mbíonn spéis agam i gcónaí dearcaí agus smaointe daoine eile faoin ábhar a chloisteáil.

Bhí mé an-tógtha leis an smaointeoireacht choincheapúil a léirigh roinnt de na scoláirí agus iad ag cur a dtionscadal i gcrích, bíonn an-spreagadh ag baint leis sin i gcónaí. Is é an tionscadal seo an chéad uair a mhúin mé ailtireacht ag leibhéal na meánscoile, agus ba thaithí nua agus mhaith é. Tá go leor fuinnimh le gnóthú as oibriú le daoine eile, agus toisc go n-oibrím liom féin bhí sé seo go maith chun ardú meanman a fháil faoi dhó sa tseachtain. Chuaigh cuid de na dearaí a rinne cuid de na scoláirí i bhfeidhm go mór orm; toisc go raibh an rang chomh mór sin (25 scoláire) bhí sé deacair mórán ama a thabhairt d’aon scoláire amháin, agus mar sin ba mhór an spreagadh é cuid de na dearaí a rinneadh gan mórán treorach ar chor ar bith a fheiceáil.

Tá obair na scoláirí ar chaighdeán a d’fheicfeá i dtionscadail mic léinn tríú leibhéal, léirigh siad cumas agus tiomantas don tionscadal a bhí thar barr. Ba thaithí den scoth an tionscadal seo freisin mar gheall ar an tacaíocht ón múinteoir, Danny Moynihan, a bhfuil an-dúil agus suim go deo aige san ailtireacht.
Seán Antóin Ó Muirí, Ailtire.

Spotsolas


Ealaíontóir(í):

Rugadh i gCorcaigh i 1983. Staidéar ag Scoil Ailtireacht Bhaile Átha Cliath, DIT. Macléinn Erasmus ag École National Superieur d'Architecture Montpellier, France. Staidéar faoi Ollúna cuairteora Hitoshi Abe ag ÉNSAM & Glenn Murcutt ag DSA. D'oibrigh cheann le Ailtirí Shay Cleary, Ailtirí O'Donnell + Tuomey, & Cino Zucchi Architetti (Milano). Eagrathóir Sraith Léachtanna/ Rúnaí ag an Royal Institute of Architects Ireland, Ceathrú Deisceart ó 2010. Dearthóir aithinte Passivhaus Institut le Passive Haus Academy, Darmstadt, an Ghearmáin. Fuair Bonn órga Gaisce, Duais an Uachtaráin, ó Uachtarán Máire Mhic Ghiolla íosa, 2005.


Múinteoir(í):

Danny Moynihan

Danny Moynihan is a teacher at Scoil Choilm, Ballincollig, Co. Cork.


Eile:
(Coimeádaí, gníomhaireacht):

Irish Architecture Foundation

The Irish Architecture Foundation launched the National Architects in Schools Initiative in April 2013 to provide students with first-hand experience of the design process under the guidance of architects. By connecting local architects directly with schools the initiative aims to bring architecture to life for Transition Year students through hands-on projects. This groundbreaking initiative, which supports the curriculum and emphasises the importance of design thinking and innovation, is funded by the Department of Education and Skills, the Arts Council and the Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht under the Government Policy on Architecture implementation programme.


Debbie Donnelly

Ealaíontóir(í)

Seán Antóin Ó Muirí

Danny Moynihan

Múinteoir(í)

Danny Moynihan


Foirmeacha Ealaíne

Ailtireacht

Leibhéal

Iar-Bhunscoile

Scoil/Grúpa

Scoil Choilm, Ballingcollig


Rannpháirtithe

25


Réigiún

Corcaigh

Aois/Rang

15-16/ Transition Year


Dátaí

Sept - Nov 2014


Naisc


Ceannaireacht Ghníomhaireacht


Comhpháirtithe eile

Education Support Centres in Ireland (ESCI), The Arts Council of Ireland, The Department of Arts, Heritage & the Gaeltacht

Príomhthéamaí / línte fiosrúcháin

 


Snáitheanna Curaclaim

Design, Technology, Art


Taighde nó foilseacháin ábhartha

IAF Publications;
My Architecture Design Journal
(Student Journal and Teachers’ Handbook)
published 2013;
Place Shapers, pub. 2012;
A Space for Learning, pub. 2010



Seán guides, encourages and advises each student, and allows them to pursue their own ideas even if he disagrees with them. They are allowed the freedom to make mistakes and learn from them.

Danny Moynihan, Teacher

(c) Danny Moynihan, courtesy Irish Architecture Foundation

(c) Danny Moynihan, courtesy Irish Architecture Foundation

(c) Danny Moynihan, courtesy Irish Architecture Foundation

(c) Danny Moynihan, courtesy Irish Architecture Foundation

(c) Danny Moynihan, courtesy Irish Architecture Foundation

(c) Danny Moynihan, courtesy Irish Architecture Foundation

(c) Danny Moynihan, courtesy Irish Architecture Foundation

(c) Danny Moynihan, courtesy Irish Architecture Foundation