ENGLISH

NUACHTLITIR



Cad a dhéanann hEalaíona i gcleachtas Oideachas cuma mhaith? Léigh faoi na próisis agus comhpháirtíochtaí taobh thiar thionscadail reatha tarlú ar fud na hÉireann.


Thinking Visual


Tabhair achoimre ghearr ar scéal do thionscadail – Céard faoi é? Cé a bhí páirteach ann? Cén chaoi ar thosaigh sé?

Jennie:

I dtús na bliana 2014 bronnadh Gradam Cónaitheachta Thinking Visual orm, a ritheann Comhairle Contae Chill Mhantáin agus Ionad Ealaíon Mermaid. Mhol mé cineál nua cónaitheachta laistigh de Choláiste Pobail Bhaile Coimín, ina mbeadh na healaíontóirí John Beattie agus Sven Anderson agus mé féin mar choimeádaí an tionscadail ag obair le scoláirí idirbhliana chun gníomhaíochtaí a iniúchadh a bheadh bunaithe idir saothar nua ealaíne a chruthú agus creatlach choincheapúil a fhorbairt ina bhféadfaí an saothar sin a chur i láthair. Chuir an chónaitheacht seo taithí uathúil ar fáil do na scoláirí agus don scoil chun díriú ar an gcéim seo atá bunaithe ar phróiseas a bhaineann le táirgeadh ealaíne comhaimseartha, agus béim a leagan ar na naisc riachtanacha idir an t-ealaíontóir mar thaighdeoir agus na scoláirí mar fhoghlaimeoirí airgtheacha. Chruthaigh John Beattie fócas ar obair leis an íomhá ghluaisteach agus d’fhorbair Sven Anderson creatlach thagartha shonach leis na scoláirí.

Sven:

Thug an coimeádaí Jennie Guy cuireadh dom páirt a ghlacadh i gclár cónaitheachta sé seachtaine ag obair le scoláirí idirbhliana i gColáiste Pobail Bhaile Coimín i gContae Chill Mhantáin i ndeireadh na bliana 2014. Idir mí Dheireadh Fómhair agus mí na Nollag bhuail mé leis na scoláirí, le Jennie Guy agus leis an múinteoir ealaíne Turlough O’Donnell uair sa tseachtain.

Tá go leor de mo chleachtas dírithe ar chleachtais ealaín fuaime chomhaimseartha, mar sin chuir mé tús leis an tionscadal le ceardlann bhríomhar bunaithe ar cheirníní vinile a ionramháil go fisiciúil.  D’úsáid na scoláirí lanna, téip leictreach agus páirín chun marcanna fisiciúla a dhéanamh ar dhromchla ceirníní a bhí faighte agam i mbosca sladmhargaidh i siopa carthanachta i mBaile Átha Cliath.  Ní raibh formhór na scoláirí tar éis ceirnín a fheiceáil riamh cheana... agus láithreach bonn thosaíomar ar chomhrá faoi ionramháil meán, faoin éisteacht, faoi thorann agus ciúnas, agus faoin idirdhealú idir torann agus ceol agus ealaín.

Chaith mé na chéad chúpla seisiún eile ag cur ábhar éagsúil i láthair na scoláirí – bhí cuid de idirghníomhach, bhí cuid de níos dírithe ar am agus spás a chruthú chun éisteacht le saothair shuntasacha ealaíne sa réimse seo agus iad a phlé.  Sháraigh na comhráite sin go leor teorainneacha trí dhul i ngleic le hábhar agus le teicnicí a bhí lasmuigh den tuiscint a bhí ag go leor de na scoláirí ar ealaín. Bhí deis ann gach seachtain tabhairt faoi sheisiún éisteachta eile – agus d’éisteamar le saothar le Max Neuhaus, Bill Fontana, John Cage, Alvin Lucier, Christina Kubisch, Sam Auinger, agus Luc Ferrari (i measc ealaíontóirí eile).

I ndiaidh comhrá áirithe amháin faoi shuiteálacha fuaime in áiteanna poiblí, léirigh na scoláirí suim mhór i suiteáil fuaime a dhéanamh dá scoil. Dhíríomar go sciobtha ar shuirbhéanna suímh a dhéanamh ar thailte na scoile (agus muid ag lorg an tsuímh cheart le bheith ag obair ann), ag forbairt coincheap do struchtúr agus d’ábhar an tsaothair, agus ag plé na ngnéithe praiticiúla ar fad a bhain le suiteáil dá leithéid a dhéanamh. Thugamar cuireadh do phríomhoide na scoile teacht go dtí an chéad cheardlann eile agus rinne na scoláirí féin cur i láthair chun an tsuiteáil a chur chun cinn, agus d’iarr siad cead í a thógáil.

Ar an lá deireanach den chónaitheacht, chaith mé an lá ar fad ar scoil ag obair ar an tsuiteáil.

Is éard atá sa tsuiteáil fuaime deiridh (a shuiteáil na scoláirí le cúnamh óna múinteoirí ealaíne, adhmadóireachta, miotalóireachta agus ó fhoireann cothabhála na scoile) ná ceithre chlár atá os cionn 40 troigh ar fad, atá crochta os cionn an phasáiste lasmuigh. Tá trasduchtóirí fuaime ar na cláir, a dhéanann callairí athshondacha de na cláir.  Roghnaigh na scoláirí meascán fuaimeanna ó bhunachar sonraí ar líne de thaifid allamuigh a d’uaslódáil ealaíontóirí fuaime éagsúla a théann idir na cláir ar feadh an lae (a sheinntear ar ríomhaire / chumraíocht crua-earraí a socraíodh i gceann de na seomraí ranga), agus a chuireann cúlra ar fáil do na fuaimeanna laethúla a chloistear lasmuigh dá scoil. Tá an saothar seo fós suiteáilte lasmuigh den scoil i dtús na bliana 2015.

Turlough:

Idir mí Mheán Fómhair agus mí na Nollag 2014 bhí Jennie Guy (Art School / Mobile Art School) ina coimeádaí ar chónaitheacht ealaíontóirí i gColáiste Pobail Bhaile Coimín. Bhí sé cheardlann le scoláirí na hIdirbhliana i gceist leis an gcónaitheacht. Tá dhá rang san Idirbhliain i mBaile Coimín; d’oibrigh rang amháin leis an ealaíontóir Sven Anderson agus d’oibrigh an rang eile leis an ealaíontóir John Beattie. Thar thréimhse sé seachtaine chuir na scoláirí aithne ar shaothar a n-ealaíontóra chónaithe, agus tugadh faoi cheardlanna turgnamhacha inar iniúch na scoláirí na próisis a bhaineann le hobair Sven agus John. I ndiaidh an iniúchta sin, forbraíodh moltaí d’obair físeáin agus fuaime. Cuireadh na moltaí sin i láthair Bhainistíocht na Scoile ansin agus ar deireadh rinneadh saothair ealaíne ina raibh na healaíontóirí ag obair go dlúth leis na scoláirí i gcónaí.

Cé na gnéithe den tionscadal a chur meangadh gáire ar d’aghaidh? Cé na gnéithe den tionscadal a thug do dhúshlán?

Jennie:

Seachtain i ndiaidh seachtaine sa chónaitheacht bhínn ag súil le gach seisiún cónaitheachta toisc go raibh a fhios agam go mbeadh go leor gáire gan choinne ann mar gheall ar sheisiún na n-ealaíontóirí. Sháraigh John Beattie go háirithe teorainneacha thuiscint na scoláirí ar shaothair thurgnamhacha íomhánna gluaisteacha. Thug sé an oiread sin saoirse do na grúpaí lenar oibrigh sé go raibh siad in ann a smaointe a chur i dtoll a chéile agus i gcrích ó sheisiún go seisiún. Bhí áthas thar na bearta ormsa mar bhreathnóir na scoláirí a fheiceáil ag cruthú saothair a bhí thar a bheith turgnamhach agus bhain na scoláirí an-spraoi as. Uaireanta bhraith mé go raibh sé an-deacair iarracht a dhéanamh cur síos a dhéanamh ag deireadh gach seisiúin ar an méid a tharla ó thaobh dhearcadh na n-ealaíontóirí agus na scoláirí de. Thuig mé na smaointe agus an taighde a theastaigh ón ealaíontóir a fhorbairt ach nuair a rinne mé iarracht é a dhéanamh ábhartha don lucht éisteachta scoláirí seo, thosóinn ag labhairt go stadach i m’achoimre. Tá bua thar a bheith uathúil ag an múinteoir ealaíne Turlough O’Donnell mar go bhfuil sé in ann na smaointe a thug an t-ealaíontóir go dtí a sheomra ranga agus go dtí an scoil a phróiseáil ach ansin iad a chur i gcomhthéacs mar mhúinteoir agus ansin gach seisiún a chur i láthair arís agus a chur in iúl go soiléir dá scoláirí. Bhraith mé go raibh mé ag foghlaim an-chuid uaidh.

John: Le linn mo thríú seisiún leis na scoláirí, shocraigh mé tasc féinspreagtha don lá, chun deis a thabhairt do na scoláirí turgnaimh a dhéanamh ar a smaointe go neamhspleách le ceamara agus lionsa, ar fud thailte na scoile. D’fhiosraigh na scoláirí na smaointe agus na modhanna a pléadh agus a cuireadh i láthair i seisiúin roimhe sin. Ag deireadh an taisc, chruinnigh na scoláirí le chéile sa seomra ealaíne, agus theilg mé na híomhánna ar fad a thóg na scoláirí ar mhéid mhór chun go bhféadfadh gach duine iad a fheiceáil agus léirmheas a dhéanamh orthu. Bhí ríméad orm a fheiceáil gur chruthaigh grúpaí scoláirí sraith íomhánna inar léiríodh duine dá gcomhscoláirí “ag eitilt” go réidh, san aer, trí fhoirgneamh na scoile. Trí úsáid a bhaint as teicníc cheamara beochan íomhá ar íomhá, tháinig na scoláirí ar chur chuige samhlaíoch, a bheadh ina fhócas lárnach d’fhíseán deiridh an tionscadail ina dhiaidh sin. Lá iontach.

Is féidir leis a bheith an-dúshlánach nuair atá tú ag obair le grúpaí móra déagóirí a chinntiú go mbraitheann gach duine gur cuid den phróiseas iad. Chomh maith leis sin, súil a choinneáil ar chomh rannpháirteach is atá na scoláirí, agus an bhfuil siad rannpháirteach ar chor ar bith. Tá sé ríthábhachtach domsa go gcruthaím an spás sin do scoláirí le go mbeidh siad compordach agus muiníneach go leor le teacht chun cinn agus a bheith páirteach sa phróiseas cruthaitheach. Ba é sin an ghné ba dhúshlánaí, agus ba mhó tairbhe freisin, den tionscadal.

Sven:

Bhí meangadh gáire orm go minic agus mé ag obair ar an tionscadal seo. Tharla ceann de na heachtraí ba bharúla nuair a bhíomar ag labhairt faoin ealaíontóir / gcumadóir John Cage, agus faoina shaothar 4 minutes 33 seconds go háirithe. Léiriú é an saothar seo ina mbíonn an lucht féachana (agus an taibheoir) ciúin ar feadh na tréimhse ama sin go díreach, a leagann béim ar fhuaimeanna timpeallacha an spáis léirithe agus a thaispeánann nach bhfuil a leithéid de rud ann agus ciúnas i ndáiríre – agus gur féidir le go leor fuaimeanna teagmhasacha a bheith ina ‘n-ábhar’ nuair a thugtar an fócas oiriúnach dóibh.  Bhíomar i lár ár leagan féin den saothar seo a uaslódáil ar aip nua 4’33’ ar iPhone – inár suí i gciorcal, ag éisteacht le fuaim dada – ár n-análú, díoscán na gcathaoireacha, torann ciúin na gcarranna lasmuigh. Féadfaidh an tréimhse seo a bheith an-fhada do ghrúpa déagóirí – ina suí go ciúin, ag déanamh iarrachta gan a bheith ag gáire, ag iarraidh a bheith ciúin. Bhí ‘babaí fíorúil’ / ‘ionsamhlóir naíonáin’ – ceann de na bábóga sin a bhíonn cosúil le babaí agus a gcaithfidh na scoláirí aire a thabhairt dóibh – ag duine de na scoláirí.  Go tobann – i lár ár gciúnais – thosaigh an babaí ríomhairithe ag caoineadh. Bhris an gáire ar fad a bhí i bhfolach taobh thiar den chiúnas go tobann agus bhíomar ar fad ag gáire, agus an fhuaim á huaslódáil ar an aip le stóráil leis na céadta ‘ciúnas’ eile a taifeadadh ar fud na cruinne.

Bhí go leor eachtraí mar seo ann – ina rabhamar ag díriú ar an éisteacht, agus ar mheán na fuaime, agus inar cuireadh iallach orainn dá réir dul i ngleic leis na gnéithe iomadúla spáis agus taithí nach mbeadh orainn aghaidh a thabhairt orthu dá mbeimis ag obair le meáin níos radharcaí. Faoi dheireadh na cónaitheachta, bhraith mé go raibh dinimic láidir ghrúpa againn, agus tuiscint mhaith ar an gcaoi a bhféadfaimis oibriú le chéile mar ghrúpa chun coincheapa níos deacra a thuiscint, agus chun oibriú i dtreo tionchar suntasach a imirt ar ár dtimpeallacht – mar a léiríodh leis an tsuiteáil fuaime rathúil lasmuigh den scoil.

Turlough:

Chuir freagairt na scoláirí ar bheith sa saothar físeáin meangadh mór gáire orm, go háirithe mar gur scoláire an-chiúin go deo í an cailín óg ar díríodh uirthi don phríomhphíosa físeáin, agus gur bhain sí an-taitneamh agus spraoi as an bpíosa a dhéanamh. Chomh maith leis sin, is éard a bhí sa chéad phíosa físeáin scoláire a raibh de chumhacht aige go tobann cathaoireacha a bhogadh lena intinn agus bhí sé an-bharúil a thaibhiú a fheiceáil os comhair na scoláirí.

Bhí meangadh gáire orm na scoláirí ar fad a fheiceáil ag plé leis an ealaíontóir sa cheardlann fuaime. Bhain mé féin agus na scoláirí an-taitneamh as an turas taifeadta allamuigh go Baile Átha Cliath freisin. Ar an turas sin thaifeadamar gnáthfhuaimeanna na cathrach; cuimsíodh na fuaimeanna sin i bpíosa dealbhóireachta a rinne na scoláirí mar fhreagairt ar cheardlann fuaime Sven ina dhiaidh sin.  Thug an chónaitheacht / an tionscadal ar fad dúshlán na scoláirí faoin ndearcadh faoi céard is ealaín ann agus céard nach is ealaín ann agus anois tá léirthuiscint níos leithne acu ar an méid a bhaineann le cleachtas ealaíne comhaimseartha.

Cé na léargais ón tionscadal ar fiú a roinnt? (D’fhéadfadh cuma fhánach a bheith orthu, ach go bhfuil siad suntasach dar leatsa)
Ar athraigh aon cheo mar gheall ar an tionscadal?

Jennie:

Caithfidh mé aitheantas a thabhairt don neart agus don tairbhe a bhaineann le caidrimh láidre chúlra a chothú chun tabhairt faoi chónaitheachtaí mar seo. Mar shampla, gan cúnamh, tacaíocht agus níos tábhachtaí fós fís chruthaitheach Oifig Ealaíon Chontae Chill Mhantáin agus Ionad Ealaíon Mermaid, ní tharlódh an tionscadal seo go brách. Tá mo chur chuige i leith caidrimh níos daingne agus níos tacúla tar éis éirí níos doimhne ná mar a bhí riamh, tógann sé seo am cinnte ach anois feicim an chaoi ar féidir le nasc leanúnach spleodrach le scoileanna eascairt as an gcineál seo caidrimh agus go n-airíonn gach duine a bhíonn páirteach i dtionscadal mar sin go bhfuil rud thar a bheith fiúntach déanta acu. Baineann an cur chuige céanna sin i ndáiríre leis an ealaíontóir a dhéanamh páirteach ann a luaithe is féidir roimh thionscadal, trí chomhrá nó trí chuairteanna suímh, agus a bheith in ann cumarsáid a dhéanamh an oiread agus is féidir sula dtosaíonn tionscadal. Tá an tionscadal seo tar éis go leor muiníne a chothú chun dul i ngleic le comhthéacsanna nua.

John:

Dúirt múinteoir ealaíne na scoile liom gur tháinig scoláire a bhíonn ciúin de ghnáth chuige i ndiaidh ceann dár seisiúin agus dúirt gur “poetry in motion” a bhí sa seisiún agus san obair a rinneamar.

Gné eile is fiú a roinnt ón tionscadal é an leibhéal cúramach meáite mionsonraí a chothaigh an coimeádaí Jennie Guy, leis an scoil agus leis an múinteoir ealaíne Turlough, chun an próiseas a chomhordú agus a bhainistiú. Bhí an t-atmaisféar agus an bhuntimpeallacht chruthaitheach i bhfeidhm agus faoi lánseol, agus dá bhrí sin ba thionscadal é seo ar éirigh thar cionn leis gan aon fhadhb.

Ceapaim go bhfuil líon mór rudaí athraithe mar gheall ar an tionscadal, cuid díobh ar féidir a thomhas, go leor eile nach bhfuil éasca a thomhas: i gcás na scoile, an Phríomhoide, na múinteoirí ealaíne, agus níos tábhachtaí fós na scoláirí, taithí a fháil ar an méid is indéanta, ar an méid is sodhéanta, ar an gcaoi le dul lasmuigh den churaclam scoile agus saothar nuálach agus dúshlánach a chruthú. Ceapaim go bhfuil athrú tagtha ar dhearcadh agus ar mheon daoine i leith na healaíne laistigh de chóras oideachais na meánscoile. Is fíor é sin i mo chás féin freisin mar ealaíontóir agus mar oideachasóir, gur féidir linn cleachtais ealaíne spleodracha, ábhartha agus spéisiúla a thabhairt isteach i gcóras oideachais na scoileanna, agus saothar agus caidrimh oibre a chruthú, ina gcuirtear caighdeán an tionscadail i gcrích leis an leibhéal rannpháirtíochta is airde.

Sven:

Ba chreatlach shuntasach é struchtúr an tionscadail – a bhunaigh an coimeádaí Jennie Guy – ar an gcéad dul síos. Phléigh mé cheana le ceardlanna ina raibh an t-ealaíontóir freagrach go hiomlán as creatlach thagartha a bhunú leis an bhfoireann teagaisc, leis an scoil agus leis na scoláirí. Sa chás seo, bhí an chreatlach choimeádaíochta a bhunaigh Guy le Turlough O’Donnell (an múinteoir ealaíne) ina bunús d’obair níos eachtrúla laistigh den chónaitheacht – ina raibh mé in ann mo chuid smaointe féin a fhorbairt mar fhreagairt ar shuim na scoláirí de réir mar a tháinig siad chun cinn / mar a d’fhorbair siad le linn na cónaitheachta. Mar gheall ar an timpeallacht a d'eascair as sin (laistigh de na seisiúin sin), bhíomar in ann bogadh go sciobtha agus neart a dhéanamh sna sé seachtaine, agus bhraith an tacaíocht agus an malartú leis na scoláirí, leis an múinteoir ealaíne agus leis an gcoimeádaí suntasach agus éasca le coinneáil cothrom.

Airím gur athrú suntasach é tionchar na suiteála fuaime – struchtúr turgnamhach atá sách téagartha – a thógáil lasmuigh den scoil i mBaile Coimín ar an méid a rabhamar ag súil leis i dtéarmaí a fhad a d’fhéadfaimis dul leis an gcineál creatlach foghlama thurgnamhach seo. Níorbh é sin an toradh a raibh súil leis ar an tionscadal – agus níos mó ná an próiseas a bhain le saothar ealaíne meáite dar liom a tháirgeadh, bhí an-suntas ag baint lenár dtaithí ar bheith ag obair le chéile agus ar fhoghlaim le hiarraidh ar sheans chun ár dtimpeallacht a mhúnlú nó a chruthú – sa chás seo, timpeallacht na scoile. Creidim gur taithí luachmhar é ligean do na scoláirí lorg inléite a fhágáil ar a dtimpeallacht chun na teorainneacha idir an féin / an spás (an timpeallacht) / agus an t-údarás a shárú, a chruthaíonn cur chuige níos gníomhaí i leith spásanna daonlathacha a bhunú.

Turlough:

Tá cur chuige na beirte ealaíontóirí tar éis an-léargas a thabhairt do na scoláirí ar chleachtais ealaíne ealaíontóirí comhaimseartha. Tá sé de chumas ag saothar Sven i réimse na dealbhóireachta fuaime feasacht níos mó a chruthú sna scoláirí ar a dtimpeallacht, timpeallacht fuaime na scoile go háirithe. Mar mhúinteoir, bhí tionchar an-dearfach ag an bplé leis an mbeirt ealaíontóirí ar mo chur chuige féin i leith an teagaisc. Creidim go mbíonn sé an-tábhachtach mar mhúinteoir an t-ábhar a leathnú agus bíonn éifeacht spleodrach ag ealaíontóirí gairmiúla a thabhairt isteach sa seomra ealaíne leis na scoláirí.

Creidim go mbeidh na scoláirí níos toilteanaí glacadh le smaointe nua mar gheall ar an tionscadal. Tá cuid de na scoláirí tar éis tosú ag fiosrú meáin nua leo féin fiú. Chruthaigh grúpa scoláirí amháin a bpíosa físeáin féin agus chuir siad isteach ar chomórtas dar teideal “Youth Connect” leis. Cuireadh a saothar ar ghearrliosta de 12 fhíseán a taispeánadh i bpictiúrlann Savoy an tseachtain seo caite. Níl amhras ar bith orm gur imir an chónaitheacht físeáin le John tionchar ar a gcur chuige agus go raibh sí ina bonn eolais dóibh.

Tuairisc na Scoláirí

Is muidne Shona O’Connor agus Aoife Mescall. Scoláirí muid a bhí páirteach sa chónaitheacht a d’oibrigh le Sven i réimse na dealbhóireachta fuaime.

Ar an lá ar cuireadh in aithne do Jennie agus Sven muid, d’inis Sven dúinn faoina réimse oibre agus d’inis sé dúinn faoin méid ar theastaigh uaidh a d’fhoghlaimeoimis, mar rang, ón gcónaitheacht. Chun tús eolais a thabhairt dúinn ar chúrsaí bunúsacha fuaime, thug sé isteach seancheirníní dúinn a raibh seánraí agus fuaimeanna a bhí an-difriúil ag baint leo, agus sheinn sé dúinn iad ar a sheinnteoir ceirníní. Mhúin sé dúinn freisin an chaoi leis an seinnteoir a úsáid i rith an lae. Mar ghníomhaíocht thurgnamhach, roghnaíomar ar fad ceirnín gan ord ná eagar agus d’úsáideamar téip, páirín agus sceana chun an ceirnín a mharcáil agus a scríobadh chun fuaimeanna difriúla a dhéanamh ar an raon agus cur isteach air nuair a sheinnfí é.

I ndiaidh dúinn obair a dhéanamh ar na ceirníní, shocraigh Sven tasc eile dúinn – dealbh de shaghas éigin a dhéanamh as clúdaigh na gceirníní. Shocraigh an rang ‘túr fuaime’ a thógáil trí na clúdaigh a théipeáil le chéile i mbealaí difriúla agus callairí beaga a shuiteáil sa dealbh.

I ndiaidh cúpla seachtain, i dteannta Sven, tháinig an rang ar an smaoineamh go gcuirfimis suiteáil fuaim leathbhuan áit éigin sa scoil chun go dtabharfadh daoine eile na fuaimeanna a bhíonn thart orthu faoi deara. Chuimhníomar ar an gcoincheap go gceanglófaí ceithre challaire bheaga de cheithre chlár fhada adhmaid a chuirfí ar shíleáil an fhoscadáin lasmuigh de phasáiste na chéad bhliana.

Agus muid ag réiteach chun ár smaoineamh a chur i láthair an Mháistir Burke, ár bpríomhoide, bhí orainn plean a dhéanamh chun an méid a theastaigh uainn a dhéanamh a insint dó, an chaoi a ndéanfaimis é, agus an toradh a bhí uainn ar an tionscadal seo. Roghnaíomar beirt daltaí le cabhrú le Sven an smaoineamh a chur i láthair an Mháistir Burke agus ón tús ar fad bhí sé toilteanach cabhrú linn chun an tasc a chur i gcrích. Tugadh jabanna difriúla do dhaoine difriúla a bhí le cur i gcrích acu agus iad páirteach sa tionscadal. Bhí roinnt daoine i gceannas ar an adhmad a réiteach le go bhféadfaí na callairí a cheangal díobh go daingean, agus chabhraigh daoine eile le roghnú na bhfuaimeanna a sheinnimis.

Ní raibh aon duine in ann na fuaimeanna a theastaigh uainn a chur i láthair a chloisteáil i gceart ar dtús, ach d’oibrigh Sven agus an Máistir O’Donnell chun caoi a chur orthu agus iad a dhéanamh níos airde.

An tseachtain dheireanach den chónaitheacht, tháinig Sven isteach agus chabhraigh sé linn gach rud a chur le chéile. Taobh amuigh, chabhraigh Sven le daltaí eile sreanga agus cáblaí a chur tríd an mballa le bheith cinnte go mbeimis in ann na callairí a nascadh leis an leictreachas, agus chabhraigh an chuid eile de na scoláirí le Donal, ar n-airíoch, chun na cláir a cheangal de shíleáil an fhoscadáin le go mbeidís réidh le nascadh. D’fhan scoláirí eile taobh istigh chun an cinneadh deireanach a dhéanamh faoin bhfuaim a sheinnfí agus faoi na fuaimeanna a bhí go maith le chéile. Críochnaíodh gach rud díreach nuair a bhuail clog dheireadh an lae. Chun buíochas a ghabháil le Sven agus Jennie as a ndúthracht agus as an am a chaith siad linn, bhronnamar buidéal fíona orthu mar chomhartha beag buíochais.

Nuair a thosaigh daoine ag tabhairt na bhfuaimeanna faoi deara, mearbhall a bhí orthu ar dtús. Bhí siad fiosrach faoi fhoinse na bhfuaimeanna, mar nach raibh a fhios acu go rabhamar ag obair ar an tionscadal seo. Ach de réir mar a chuaigh siad i dtaithí air, d’éist siad go dlúth agus go cúramach leis na fuaimeanna, agus rinne siad iarracht a oibriú amach cén saghas fuaime a bhí á seinm.

Braithimid gur bhain ár rang an-taitneamh as an taithí agus gur fhoghlaimíomar go leor faoin gcaoi nach ionann ealaín agus pictiúir agus péinteáil amháin. Réitíomar thar cionn le Sven agus cheapamar gur taithí thar a bheith spéisiúil agus nua é. Cheapamar freisin go raibh sé spéisiúil stopadh agus éisteacht le chomh héagsúil is ar féidir leis na fuaimeanna i dtimpeallacht áirithe a bheith.

Tríd is tríd, creidimid gur éirigh thar barr leis an tionscadal agus bhaineamar taitneamh as bheith ag obair ar réimse ealaíne atá chomh difriúil sin.

Spotsolas


Ealaíontóir(í):

John Beattie

Fiosraíonn saothar Beattie smaointe agus dearcthaí a bhaineann le tuairimí ar an Ealaíontóir, an stiúideo, agus an caidreamh leis an lucht éisteachta/féachana. Trí mhodheolaíochtaí bunaithe ar phróiseas agus sonrach do chomhthéacs, baineann a shaothar leas as físeán, as líníocht, agus as idirghabháil thaibhitheach. Pléann sé le modhanna léirithe agus léiriúcháin, agus baineann a fhiosracht leis an chaoi a dtéann an breathnóir / an lucht féachana i ngleic leis an bpróiseas cruthaitheach nó a mbaintear as a chéile é. Rugadh John Beattie i 1980. Is as Contae Dhún na nGall ó dhúchas é ach cónaíonn agus oibríonn sé i mBaile Átha Cliath faoi láthair. Bhí sé ina ealaíontóir cónaithe le Fire Station Artists’ Studio, Baile Átha Cliath, 2006-2009; an tAcadamh Ibeirneach Ríoga, Baile Átha Cliath, 2010; Temple Bar Gallery & Studios, Baile Átha Cliath, 2011; agus Áras Nua-Ealaíne na hÉireann, Baile Átha Cliath 2011. Bhí taispeántais aige go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, agus i measc cuid de na taispeántas a bhí aige le déanaí bhí: Hennessy Portrait Prize, Gailearaí Náisiúnta na hÉireann, Baile Átha Cliath, 2014; A Line of Inquiry, Fort Dunree, seó aonair, Co. Dhún na nGall, 2014; An Artist, The Studio, and all the rest, seó aonair, an tAcadamh Ibeirneach Ríoga, arna choimeád ag Patrick Murphy, Baile Átha Cliath, 2012; Long Drawn Out, Catalyst Arts Gallery, Béal Feirste, 2013; The Artist Studio Series, The Process Room, Áras Nua-Ealaíne na hÉireann, Baile Átha Cliath, 2011; The Artist Studio Series (If The Art...), The Return Gallery, Institiúid Goethe, Baile Átha Cliath, 2010; Fragile, Le Carré Bonnat, Musée Bonnat, arna choimeád ag Francois Loustau, an Fhrainc, 2009. I measc na ngradam a bronnadh air tá: Dámhachtain Tionscadail na Comhairle Ealaíon, 2012; Dámhachtain Sparánachta na bhFísealaíon de chuid na Comhairle Ealaíon, 2006, 2007, 2010; Sparánacht Ealaíontóra Chomhairle Chontae Dhún na nGall, 2005, 2006, 2013; Gradam Open EV+A, Dánlann Ealaíne Chathair Luimnigh, 2005; Arts Humanities Research Board, 2003-2005. I mí an Mhárta 2015 beidh John Beattie ina chomhalta apexart i Nua-Eabhrac. Dírítear clár Chomhaltacht Chathair Nua-Eabhrac apexart ar mhalartú cultúrtha agus ar eispéiris nua, ag cur turas dian, taiscéalaíoch ar fáil i Nua-Eabhrac. D’ainmnigh Gavin Murphy, Stiúrthóir Pallas Projects, Baile Átha Cliath an Chomhaltacht a bronnadh.

www.johnbeattie.ie

Sven Anderson

Ealaíontóir é Sven Anderson atá ag obair idir Éire agus Stáit Aontaithe Mheiriceá ó 2001 i leith. Fiosraíonn saothar Anderson gníomh na héisteachta laistigh de chomhthéacsanna ilghnéitheacha ailtireachta, fisiciúla, sóisialta agus mothúchánacha. Ardán dioscúrsach é a chleachtas a fheidhmíonn trí idirghabháil ealaíonta, trí fhoilsiú acadúil, trí phróisis rannpháirteacha, agus trí dhearadh idirghníomhacha. Bhronn an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil an European Soundscape Award ar a thionscadal ealaíne poiblí MAP: Manual for Acoustic Planning and Urban Sound Design in 2014.

Bíonn suiteálacha agus taibhithe Anderson seadánach, á gcothú ag sonraí na garthimpeallachta tógtha, ag coirp an lucht féachana/éisteachta, agus ag iarsmaí na staire agus na héiceolaíochta áitiúla, chun foirmeacha éiritheacha atá sonrach don suíomh a chur in iúl.


Múinteoir(í):

Turlough O'Donnell

Céimí sa Mhínealaín de chuid an Choláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha, Baile Átha Cliath é Turlough O’Donnell. Cónaíonn agus oibríonn sé i mBaile Coimín, Contae Chill Mhantáin. Tá sé ag obair mar mhúinteoir Ealaíne i gColáiste Pobail Bhaile Coimín ó 1994 i leith. Tá a chleachtas ealaíne féin coinnithe aige le linn na tréimhse sin freisin. Agus é ag obair go príomha le holaphéint, úsáideann sé an gharthimpeallacht atá in aice leis mar phointe tosaigh; an baile ina bhfuil cónaí air; na sléibhte thar timpeall air; na haibhneacha agus na locha.


Eile:
(Coimeádaí, gníomhaireacht):

Jenny Guy,  Coimeádaí

Ealaíontóir, taighdeoir agus coimeádaí neamhspleách í Jennie Guy atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath. Comhbhunaitheoir agus stiúrthóir Mobile Art School í, tionscadal a bhfuil sé d’aidhm aige cleachtais ealaíne comhaimseartha a scaipeadh i gcomhthéacs bunscoile agus meánscoile, 2011-2014. Tá spéis aici na caidrimh idir scoláirí, scoileanna, ealaíontóirí, coimeádaithe agus ionaid taispeántais a leathnú, agus tá sí ag forbairt modheolaíocht straitéiseach i láthair na huaire a leagan béim ar fhéidearthacht an taifeadta chruthaithigh agus mheasúnaithe. Tá siad seo i measc na dtionscadal a rinne sí le déanaí: Thinking Visual, cónaitheacht ealaíontóra i gColáiste Pobail Bhaile Coimín (Co. Chill Mhantáin); The Artist Stays, cónaitheacht ealaíontóra 30 seachtain i St. Catherine’s N.S. (Co. Bhaile Átha Cliath); The Thinking Hand, sraith ceardlann i Scoil Náisiúnta Cros Bán (Co. na Mí); agus sraith ceardlann le haghaidh na féile Summer Rising in IMMA in 2014.  Laistigh den mhodh cleachtais sin tá sí tar éis oibriú le go leor ealaíontóirí ag fiosrú meáin dhifriúla, lena n-áirítear: Sven Anderson, John Beattie, Stephen Brandes, Michelle Browne, Karl Burke, Rhona Byrne, Felicity Clear, Hannah Fitz, Jane Fogarty, Mark Garry, Russell Hart, Emma Haugh, Vera Klute, Vanessa Donoso Lopez, Ruth Lyons, Isabel Nolan, agus Tamarin Norwood. Bhí baint ag Jennie le déanaí le cónaitheacht taighde i RUA RED, agus d’fhorbair sí sraith nua tionscadal do na healaíona san oideachas idir Baile Átha Cliath, Cill Mhantáin, Ros Comáin, agus Muineachán.


John Beattie

Ealaíontóir(í)

John Beattie

Sven Anderson

Jennie Guy

Turlough O’Donnell

Múinteoir(í)

Turlough O’Donnell


Foirmeacha Ealaíne

Meáin Dhigiteacha

Scannán

Ceol & Fuaim

Grianghrafadóireacht

Leibhéal

Iar-Bhunscoile

Scoil/Grúpa

Blessington Community College


Rannpháirtithe

60


Réigiún

Cill Mhantáin

Aois/Rang

An Idirbhlian


Dátaí

MEÁN FÓMHAIR-NOLLAIG 2014


Naisc


Ceannaireacht Ghníomhaireacht

Wicklow Arts Office


Comhpháirtithe eile

Art School ??, Mermaid Arts Centre

Snáitheanna Curaclaim

EALAÍN / EOLAÍOCHT / MATAMAITIC / FISIC / OSPS / BÉARLA


Taighde nó foilseacháin ábhartha



I believe it is very important as a teacher to open the subject up and by getting professional artists into the art room with the students has an energising effect.

Turlough O'Donnell

(c) Jennie Guy

Transition years exploring video, staging a scene, creating movement with artist John Beattie

Transition years exploring video, staging a scene, creating movement with artist John Beattie

Sven Anderson residency session. (c) Jennie Guy

(c) Caoimhe Nolan, Blessington Community College

(c) Jennie Guy

Sven Anderson residency session. (c) Jennie Guy

Sven Anderson preparing an audio collage with Transition Year students.