ENGLISH

NUACHTLITIR



Cad a dhéanann hEalaíona i gcleachtas Oideachas cuma mhaith? Léigh faoi na próisis agus comhpháirtíochtaí taobh thiar thionscadail reatha tarlú ar fud na hÉireann.


Our Place: Tionscadal ealaíne le leanaí atá ag cur fúthu i soláthar díreach


Inis scéal do thionscadail dúinn – Céard a spreag é? Cad faoi é? Cé a bhí páirteach ann? Cén chaoi ar thosaigh tú?

Tadhg Crowley, Coimeádaí Oideachais, Glucksman

Tionscadal a bhí ann darb ainm Our Place a raibh sé mar aidhm aige eispéiris chruthaitheacha agus dhearfacha laistigh de thimpeallacht mhúsaeim a chur ar fáil do chuid imeallaithe dár bpobal. D’óstáil an Glucksman ceardlanna ealaíne go luath in 2016 thar thréimhse sé seachtaine do ghrúpa páistí ó dhá ionad soláthair dhírigh i gCathair Chorcaí. Tugadh spreagadh don ghrúpa píosaí ealaíne a chruthú a bhí bunaithe ar ‘áit’ idir áiteanna samhlaíocha agus fhíor-áiteanna ach úsáid a bhaint as réimse leathan ábhar ó scannánaíocht, ó phriontáil, ó líníocht, ó phéintéireacht, ó ghearrthóg bheochana agus ó choláiste ar feadh na sé seachtaine. Bhí na ceardlanna frámaithe laistigh de thionscadal níos mó darb ainm ‘Once Upon a Place’ arna reáchtáil ag Laureate na nÓg agus Leabhair Pháistí Éireann, rud a thug na grúpaí scoile agus pobail le chéile chuig an Glucksman chun píosaí ealaíne a chruthú, rud a léirigh a n-ómós áite. Ba é taispeántas poiblí, críochtháirge an tionscadail ag an Glucksman i mí Márta 2016 agus sheol Laureate na nÓg Eoin Colfer an taispeántas mar aon le seisiún scéalaíochta.

Tá gealltanas mar chuid lárnach de Bheartas Oideachais an Glucksman chun oibriú i gcomhar le grúpaí pobail, agus cuireann sé daoine i ngach aoisghrúpa agus ar gach leibhéal cumais ar a gcumas rochtain a fháil ar réimsí éagsúla d’amharc-ealaín. Chasamar le Mike Fitzgibbon agus le hEileen Hogan den chéad uair i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh chun plé a dhéanamh ar an bhféidearthacht chun tionscadal ealaíne a chruthú le páistí atá ina gcónaí i Soláthar Díreach san earrach sa bhliain 2015. Go fiú ag an gcéim luath sin, bhíomar ar fad tiomanta bealach a fháil chun an tionscadal seo a chur i gcrích gan aon mhaoiniú, uimhreacha nó dátaí soiléire. Ainmníodh an Glucksman mar cheann de na háiteanna óstála do léamh le Laureate na nÓg, Eoin Colfer mar chuid den tionscadal Once Upon a Place. Bhí sé mar aidhm ag an tionscadal Once Upon a Place scéalaíocht a thabhairt do pháistí ar fud na hÉireann ach béim shonrach a chur ar phobail, nach mbeadh rochtain acu ar leabharlanna, scéalaithe, scríbhneoirí in scoileanna, agus a leithéid. Bhí an léitheoireacht le bheith ar siúl in áiteanna aoibhne, rud a bheadh ina chúnamh beocht a chur sna scéalta. Ní fhéadfadh tráthúlacht an tionscadail Once Upon a Place agus an tionscadail mholta le páistí i soláthar díreach, ní fhéadfadh an tráthúlacht sin a bheith níos feiliúnaí.

 

Mike FitzGibbon, Léachtóir – an Roinn Forbartha Idirnáisiúnta, Gnó Bia agus Forbartha, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh

D’eascair an tionscadal ealaíne seo ó phlé a rinne grúpa ball foirne agus mac léinn i gColáiste na hOllscoile Corcaigh le foireann an Glucksman. Luaigh mé i ríomhphost cheana, cuid de na heispéiris uafásacha a bhí ag daoine, agus ag páistí go mór mór, le linn dóibh a bheith ina gcónaí sa chóras Soláthair Dhírigh. D’fhreagair foireann an Glucksman dó seo, dúirt siad linn go bhféadfaidís clár a chur isteach ina gcuirfí faoiseamh ar fáil ón gcóras, ina gcuirfí briseadh ar fáil ón leadrán, agus d’fhéadfadh sé cur ar chumas na bpáistí seo a bheith féinléiritheach agus chun sásamh a bhaint as an saol. Bhí roinnt míonna ann sular cuireadh an t-eagrúchán ar fad i gcrích, ach cuireadh tús leis an gclár ag deireadh na bliana in 2015 le trí cheardlann roimh dheireadh na bliana, agus reáchtáladh trí cinn eile go luath in 2016.

 

Cén chaoi ar forbraíodh na smaointe agus cén chaoi ar oibrigh na daoine óga, an t-ealaíontóir agus an múinteoir le chéile? 

Tadhg Crowley, Coimeádaí Oideachais, Glucksman

Nuair a bhíothas ag obair le comhpháirtithe a raibh aithne acu ar na cónaitheoirí, bhí riachtanais na bpáistí agus ionchais tionscadail fíorthábhachtach. Ó tharla go bhfuil caidrimh forbartha ag ár gcomhghleacaithe i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh le 15 bliana le cónaitheoirí sna hionaid soláthair dhírigh, bhí muinín agus tuiscint eatarthu nach mbeadh muid sa mhúsaem in ann a bhaint amach le linn tréimhse ama chomh gearr sin.

Bhí ómós áite na bpáistí ina théama iontach don ghrúpa ach bhí sé ina ábhar leochaileach freisin agus bhí gá ann déileáil leis an ábhar go cúramach. Agus mé ag labhairt le Mike fuair mé barúil de na cineálacha ionad a bhí ann agus de na dálaí maireachtála a raibh na páistí ina gcónaí iontu. Ó tharla go raibh tuiscint againn ar na háiteanna ina raibh na páistí seo ina gcónaí, bhí ár dtionscadail san fhíorshaol in ann mothúcháin dheacra agus chasta de chuid na bpáistí a thabhairt chun solais. Bhí sé mar chuspóir inár gceardlanna chun iad a dhéanamh taitneamhach agus chun deis a chur ar fáil chun faoiseamh a fháil den saol. Agus mar sin, bhreathnaíomar ar an gceist; céard a tharlódh dá? Cén áit a bhféadfá a bheith i do chónaí ann/a bhféadfá cuairt a thabhairt air? D’uireasa na srianta agus na dteorainneacha – cén áit é d’áit?

Bhíomar ag iarraidh a chinntiú go léireofaí spéiseanna na bpáistí sna tionscadail agus sna gníomhaíochtaí ar thugamar fúthu. Bhí trí phríomhthionscadal mar aon le roinnt gníomhaíochtaí gearra gach seachtain. Chuireamar idir cúig agus sé ghníomhaíocht i gcrích i ngach seisiún. D’oibríomar chun a oiread meáin agus ab fhéidir a thabhairt isteach, ach ábhair agus teicnící a úsáid go háirithe a d’fhéadfadh nach bhfaca na páistí ar scoil. Chomh maith leis sin, bhí deis ag na páistí a saothair a thabhairt isteach ina n-ionaid, rud a bhí chomh tábhachtach céanna.

 

Cén taithí phearsanta a bhí agat ar an tionscadal i dtéarmaí ratha agus dúshlán? 

Tadhg Crowley, Coimeádaí Oideachais, Glucksman

Rud nua a bhí ann ansin do gach duine againn. Ba í an chuid ba dheacra de na ceardlanna chun dinimiceas na bpáistí a stiúradh agus chun smacht a choinneáil ar an dinimiceas céanna. Fuaireamar amach go gclisfeadh ar aird an ghrúpa an-sciobtha agus b’fhearr roinnt gníomhaíochtaí gearra úsáid dá réir. Bhí sé níos éasca filleadh ar ár bpríomhthionscadail le linn roinnt seachtainí seachas iarracht a dhéanamh tionscadal a chur i gcrích le linn seisiún amháin. Chonaiceamar an tionchar fisiciúil agus intinne a bhí á imirt ar shaol in ionad Soláthair Dhírigh, thar thréimhse na sé sheisiún. Bheadh cuid de na páistí tuirseach, in ísle brí agus neamhfhreagrúil sna tionscadail, laethanta faoi leith. Is iad na páistí céanna a bheadh an-bhríomhar go deo an tseachtain seo chugainn agus spreagtha faoi gach dá rabhamar a dhéanamh. Bhí na hathruithe giúmair seo soiléir ar fud roinnt mhaith páistí. Rinneamar iarracht spreagadh a thabhairt do na páistí ach tabhairt faoi chleachtaí gearra agus páirt a thabhairt dóibh i dtascanna maidir le ceardlanna scannánaíochta agus taifeadta.

Bhí dhá sheisiún againn roimh an Nollaig agus thugamar pacáiste ealaíne do gach páiste le linn an dara ceardlainne ina raibh leabhar sceitseála agus ábhair. Chasamar le chéile arís tar éis na Nollag, agus thaispeáin duine de na buachaillí níos sine a leabhar sceitseála a raibh sé ag obair air. Tháinig feabhas suntasach ar a chumas líníochta i ndiaidh cúpla seachtain go fiú, labhair sé ar an sásamh a thug na hábhair seo dó chun ealaín a chruthú agus ar an gcaoi ar mhaith leis gach tráthnóna ag obair ar a sceitseáil. Bhí tionchar mór ag an deis a bhí ag an mbuachaill seo agus ag daoine eile sa ghrúpa le bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí seach-churaclaim agus le bheith cruthaitheach.

Mike FitzGibbon, Léachtóir – an Roinn Forbartha Idirnáisiúnta, Gnó Bia agus Forbartha, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh

Léiríodh a sásamh i gceardlanna ina spreagadh ollmhór chun filleadh ar an gceardlann gach seachtain. Bhí an taispeántas deiridh go hálainn – agus ba iontach an sásamh a bhain na páistí as a gcuid oibre a thaispeáint dá dtuismitheoirí. Bhí na dúshláin a tháinig chun cinn ina leith seo an-difriúil le hais réimsí eile a ndéanaim obair agus obair dheonach iontu. Bhí rudaí ann a bhí simplí de réir a gcosúlachta ar nós dátaí feiliúnacha a fháil do na ceardlanna, agus bhí deacrachtaí ag baint leo, ar nós amanna a fháil nár tháinig salach ar ghníomhaíochtaí eile saoil, ar nós imeachtaí reiligiúnacha. Bhí an tsolúbthacht a léiríodh ina leith seo mar léargas ar a dtiomantas dó, bhí agus caighdeán a gcuid oibre agus a rannpháirtíocht leis na páistí gach seachtain.

 

Cén tábhacht a bhain leis an tionscadal duit ar fiú a roinnt? 

Tadhg Crowley, Coimeádaí Oideachais, Glucksman

Thuairiscigh Comhairle Dídeanaithe na hÉireann go mbíonn daoine óga atá ina gcónaí i soláthar díreach tugtha do dhúlagar agus d’fhéinmharú de bharr go bhfuil siad ina gcónaí in áit shriantach agus atá scoite amach ón bpobal. Deirtear sa tuarascáil NACH bhfuil Soláthar Díreach ina thimpeallacht atá nádúrtha don theaghlach. Rinne ár gcomhghleacaithe Ollscoile feachtas chun deireadh a chur le Soláthar Díreach ón tús.

Ba iontach an deis a bhí ann chun tionchar dearfach a imirt ar shaol an bpáistí seo don Glucksman agus bhí sé ar aon dul lenár mbeartas oideachais agus lenár ráiteas misin. Ó tharla gur oibríomar le comhpháirtithe ar nós Leabhair Pháistí Éireann agus Amnesty International Society Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, cuireadh ar ár gcumas tionscadal agus taispeántas a fhorbairt a bheadh luachmhar do na páistí agus a gcuimhneodh na páistí orthu. Bhí an deis ag na páistí a gcuid oibre a chur ar taispeáint mar aon le hobair a bpiarghrúpa agus bhí aird an chomhluadair orthu den chéad uair ina saol agus dearcadh dearfach orthu, agus ba am an-speisialta a bhí ann do na páistí a bhí ina gcónaí in ionaid Soláthair Dhírigh dá réir.

 

Ar athraigh aon rud i do chuid oibre mar gheall ar an tionscadal?

Tadhg Crowley, Coimeádaí Oideachais, Glucksman

Nuair a chasamar le chéile den chéad uair cuimhním ar Mike ag labhairt ar an am tar éis gníomhaíochtaí an lae leis na páistí nuair a bhí orainn iad a chur ar ais chuig an ionad agus a dheacra agus a d’fhéadfadh sé a bheith. Thosaigh mé ag fáil tuiscint ar an méid a bhí i gceist aige le linn na seachtainí, agus mé ag cur aithne ar na páistí agus ar réadúlacht a saolta sa bhaile, fuair an jab céanna níos deacra de réir a chéile.

Bhí an obair le páistí in ionaid Soláthair Dhírigh ar an obair ba thairbhí dá ndearna an músaem riamh, ach dá thairbhí dá raibh sí, bhí sí chomh brónach céanna. Tá na páistí seo thar a bheith cróga, flaithiúil agus lách. Bhí coimhlint, cruatan agus tráma i saol na bpáistí seo agus leanann siad ar aghaidh chomh díograiseach agus dearfach le duine ar bith. Tá sásamh de shaghas éigin ag teastáil i saol na bpáistí seo, chomh maith le hamanna le bheith cruthaitheach, le haireachtáil dearfach agus le haireachtáil go maith fúthu féin.

Mike FitzGibbon, Léachtóir – an Roinn Forbartha Idirnáisiúnta, Gnó Bia agus Forbartha, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh

Fuair ár rannpháirtíochtaí ar fad le pobail iarrtha tearmainn atá in ionaid Soláthair Dhírigh tacaíocht as cuimse ó na scoláirí, ó na sochaithe agus ó gach cuid de na baill foirne i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, agus b’amhlaidh an scéal leis an tionscadal seo freisin. Ní bheadh an clár ná aon imeacht eile ábalta tarlú d’uireasa na tacaíochta céanna. Chaith go leor de na baill foirne agus na scoláirí a Sathairn ag obair ar an gclár lena linn. Chuir sochaí Mhaithiúnais Choláiste na hOllscoile, Corcaigh urraíocht ar fáil don chostas iompair, agus ba shuntasach an méid sin gach seachtain.

Is fiú a lua go bhfuil tionscadail agus rannpháirtíochtaí eile tagtha chun cinn dá bharr seo: bhíothas ag obair le mná in ionaid Soláthair Dhírigh i dtionscadal amháin ar thionscadail cheirmeachta; agus tá tionscadal eile fós ar siúl ina bhfuil mná ag plé le gníomhaíochtaí éagsúla ar nós ióga, cniotála etc.; tá tionscadal ealaíne eile do dhéagóirí againn; agus beidh clár eile againn do pháistí óga. Agus tá an méid sin ar fad ar siúl bhuí leis an gcéad chlár do pháistí le Tadhg agus a chomhghleacaithe. Ó tharla go dtugann an rath seo spreagadh dom, agus do dhaoine eile, táimid ag leanúint ar aghaidh ag obair ar son daoine atá sa chruachás, agus iad ina gcónaí i Soláthar Díreach. Ba í an chuid ba dheacra de gach seachtain ná a bheith ag féachaint ar na daoine áille óga seo ag fágáil chun filleadh ar a n-ionaid Soláthair Dhírigh.

Spotsolas


Ealaíontóir(í):

Tadhg Crowley is the Curator of Education at the Glucksman in University College Cork.

The Glucksman presents a wide-ranging programme of temporary exhibitions accompanied by an extensive education programme to engage visitors of diverse interests and backgrounds. A graduate of Limerick School of Art and Design Tadhg’s role at the Glucksman is to help foster an appreciation of the visual arts among the wider public. In early 2015 Tadhg devised and delivered the first Visual Art module on the Certificate in Contemporary Living Course at UCC. Tadhg has expanded the Glucksman schools programme over the past 3 years and in 2015 over 2500 students attended workshops and tours at the gallery. Tadhg introduced the Glucksman Teachers programme in 2014 and it now includes seasonal Art Teachers Masterclasses, Preview Evenings and Summer Courses.

Tadhg has recently presented at the IMA Annual Education and Outreach Forum and at the inaugural Arts in Education Portal National Day at IMMA. He has lectured on the MA: Art and Process programme at Crawford College of Art & Design as well as the Futures PhD module at University College Cork.


Múinteoir(í):

Mike FitzGibbon is lecturer of International Development in the Department of Food, Business and Science at University College Cork.

Mike together with a number of UCC staff have campaigned for the end of direct provision since its inception in 1999. Mike has organized many events and day trips for the Direct Provision community over the years from Christmas Days, Easter Egg Hunts, trips to the beach and food gatherings.


Ealaíontóir(í)

Tadhg Crowley, Curator

Múinteoir(í)

Mike FitzGibbon, Lecturer


Foirmeacha Ealaíne

Foirm il-ealaíne

Leibhéal

Bhunscoile

Scoil/Grúpa

Direct provision centres in Kinsale Road and Glouthaune, Cork


Rannpháirtithe

23


Réigiún

Corcaigh

Dátaí

28 November 2015 – 13 March 2016


Ceannaireacht Ghníomhaireacht

The Glucksman, UCC


Príomhthéamaí / línte fiosrúcháin

Exploring the idea of place


Snáitheanna Curaclaim

Art



To ground our projects in real life place had the potential to unearth difficult and complex emotions for the children.

Tadhg Crowley, Curator of Education, The Glucksman

Image credit "Our Place" Project with The Glucksmam, UCC and direct provision centres in Kinsale Road and Glouthaune, Cork