ENGLISH

NUACHTLITIR



Cad a dhéanann hEalaíona i gcleachtas Oideachas cuma mhaith? Léigh faoi na próisis agus comhpháirtíochtaí taobh thiar thionscadail reatha tarlú ar fud na hÉireann.


Amhráin Dár Linne - Tionscadal Ceoil Idirghlúine Idirchultúrtha


Inis scéal do thionscadail dúinn – Céard a spreag é? Cad faoi é? Cé a bhí páirteach ann? Cén chaoi ar thosaigh tú?

Ruti Lachs, Ealaíontóir

Bhí tionscadail idirghlúine den chineál céanna á reáchtáil agam i gCiarraí san am a chuaigh thart, ag baint úsáid as ceol, scríbhneoireacht amhrán, amhránaíocht agus amharc-ealaín chun smaointe agus mothúcháin a chur in iúl faoinár scéalta féin. Fuair na tionscadail seo tacaíocht iontach i gcónaí ó chomhpháirtithe áitiúla agus ón bpreas, agus chríochnaigh siad le taispeántas poiblí agus / nó taibhiú. Ba é an t-idirghníomhú idir na glúnta an chuid ba thábhachtaí den tionscadal seo.

Bhog mé ó Chiarraí go Corcaigh in 2016, agus thug mé dhá sheó aon-bhean ar camchuairt. Duine de na carachtair sna seónna ná mo sheanmháthair Giúdach, agus bhí a lán spéise ag an lucht féachana sa charachtar seo. Thosaigh mé ag déanamh taighde ar phobal Giúdach Chorcaí mar a bhí sé go luath sna 1900idí, agus ag scríobh dráma ceoil ar an ábhar. Bhí ceol Giúdach agam i gcónaí, agus chonaic mé suim mhór i gCorcaigh ina stair Ghiúdach, rud a raibh mé ag iarraidh níos mó eolais a fháil air, agus mo chuid eolais air a roinnt. Ní raibh sé seo le feiceáil le linn an 28 bliain a chaith mé i gCiarraí, mar ní raibh aon phobal Giúdach i gCiarraí roimhe seo.

Bhí caidreamh tógtha agam leis an Oifigeach Ealaíon i gComhairle Contae Chorcaí, Sinéad Donnelly, a mhol an tionscadal a reáchtáil in dhá cheantar, Eochaill agus Droichead na Bandan.

D’oibríomar le daltaí rang a sé i mBunscoil Dhroichead na Bandan agus lena múinteoir, Freda O’Neill agus Bandon Daycare Centre, le tacaíocht ó Leabharlann Dhroichead na Bandan.

Bhí an tionscadal ar siúl thar cheithre Mháirt i mí Mheán Fómhair agus i mí Dheireadh Fómhair 2019. Bheadh dhá cheardlann ar siúl i ngach ionad (bhí a gceardlanna i Leabharlann Dhroichead na Bandan ag na páistí scoile), cuairt amháin ó na leanaí ar an Daycare Centre, agus cuairt na rannpháirtithe cúraim lae ar an scoil don lá ceolchoirme. Sa deireadh, thug mé cuairt ar Bandon 7 n-uaire san iomlán - dhá sheisiún ‘cur in aithne’, na ceithre dháta a bhí beartaithe, agus lá meastóireachta amháin.

Freda O'Neill, Múinteoir

Chríochnaigh na leanaí roinnt ceardlann le Ruti, sa leabharlann áitiúil, ar scoil agus san ionad cúraim lae. Ba é an sprioc a bhí ann don dá ghrúpa, do na leanaí agus do na hothair cúraim lae amhrán a chumadh agus a dhéanamh dá chéile agus taitneamh a bhaint as seisiún amhránaíochta agus cuideachta a chéile ag an léiriú deiridh.

Cén chaoi ar forbraíodh na smaointe agus cén chaoi ar oibrigh na daoine óga, an t-ealaíontóir agus an múinteoir le chéile?

Ruti Lachs, Ealaíontóir

D’oibrigh mé leis an bpríomhoide, leis an múinteoir, leis an bhfoireann cúraim lae, agus leis an 2 ghrúpa (níos sine agus níos óige).

Sa chéad cheardlann, chuir mé beagán de stair agus de chultúr Giúdach na hÉireann faoi bhráid gach grúpa, mhúin mé amhrán dóibh sa Ghiúdais, agus bhí seisiún jeamála beag againn, mise ar an mbosca ceoil agus iadsan ag seinm cnaguirlisí. D’iarr mé orthu ansin smaoineamh ar conas a bheadh sé, dá mbeadh ort bogadh go tír eile, agus faoi aon taithí a bhí acu féin ar chónaí a dhéanamh in áiteanna eile, nó bheith ag bogadh ó áit amháin go háit eile. D’iarr mé ar na grúpaí a rá amach os ard conas a bheidís ag mothú dá mbeadh orthu bogadh go dtí áit eile. Scríobhadh na focail seo suas ar smeach-chairt. D’úsáideamar barraí clingíní (faigheann gach duine nóta le bualadh, ó chineál de xileafón) chun fonn a oibriú amach a d’fhéadfadh a bheith deas d’amhrán. Ansin chuir muid cuid de na focail ar tháinig an grúpa aníos leo in oiriúint don fhonn, agus, le beagán oiriúnúcháin uaim féin, d’oibrigh muid na focail agus an fonn ina dhá n-amhrán. Níor forbraíodh ach véarsa amháin an tseachtain sin. Mhúin mé an t-amhrán In My Town do na leanaí freisin, amhrán a scríobh mé agus a thaifead mé ar mo dhlúthdhiosca do leanaí, Stomping in the Woods.

An tseachtain dár gcionn, tháinig na leanaí go dtí an tIonad Cúraim Lae chun bualadh leis na seandaoine. Bhí seisiún amhránaíochta againn, arna éascú agam féin nó thug mé liricí amhrán, mo bhosca ceoil, agus roinnt cnaguirlisí liom, agus d’ullmhaigh na leanaí ceisteanna le cur ar an ngrúpa níos sine faoin áit a ndeachaigh siad ar scoil, an raibh siad riamh ag taisteal, etc. Thug bean amháin roinnt uirlisí léi a cheannaigh sí i nGána blianta roimhe sin, agus chuir sí iad thart ar gach duine. Thug mé úlla agus mil liom mar bhí Rosh Hashana ann, Bliain Nua na nGiúdach, agus is bia traidisiúnta é seo don fhéile seo, mar sin, bhí slis úill ag gach duine agus roinnt meala air.

Comhroinnt álainn idirghlúine idirchultúrtha a bhí ann. Bhain gach duine an-taitneamh as, agus rinne na seandaoine trácht ar cé chomh dea-bhéasach is a bhí na leanaí. Chan na grúpaí a véarsa amhráin dá chéile, agus chroith siad lámha agus bhí siad ag tnúth le bualadh le chéile arís.

Ceardlann a bhí ann an tseachtain ina dhiaidh sin inar chríochnaigh gach grúpa an t-amhrán, le cabhair uaimse, agus chuireamar ceol uirlise leis. Thug na leanaí veidhlín, feadóg stáin, méarchlár agus giotár isteach, agus thug mise cnaguirlisí agus barraí clingíní.

Lean go leor oibre sa bhaile, nó scríobh mé amach socruithe beachta don mhúinteoir a bhféadfadh sí a bheith ag obair leis na leanaí orthu, agus rinne mé an dá amhrán a thaifeadadh, agus iad a sheoladh chuig na scoileanna.

An tseachtain deiridh, chuaigh mé chuig an scoil go luath, leis an déantóir scannán, Dervla Baker, agus rith mé tríd an amhrán bunaidh, agus an t-amhrán Giúdaise, leis na leanaí, agus shocraigh Dervla an físcheamara. Tháinig an grúpa níos sine, agus thart ar 20 de thuismitheoirí na leanaí, agus dhá rang eile ón scoil, agus a múinteoirí, mar sin bhí an halla pacáilte. Canadh na hamhráin nua, mar aon le hamhrán Giúdaise a mhúin mé do na leanaí, agus amhrán faoi Bhaile na Bandan a chan an grúpa níos sine. Ansin, bhí damhsa le klezmer beo (ceol bainise Giúdach) nó tháinig mo bhanna ceoil, Pop-Up Klezmer, ó Chorcaigh chun páirt a ghlacadh sa cheolchoirm. Bhí sé go hiontach leanaí agus daoine fásta de gach aois a fheiceáil ag canadh agus ag damhsa agus ag bualadh bos leis an gceol. Gan trácht ar dheis a thabhairt do na grúpaí níos sine agus níos óige amhráin bhunaidh a thaibhiú. D’aontaigh gach duine gur eispéireas iontach a bhí ann. Tar éis don lucht féachana imeacht, bhí comhrá ag na leanaí leis na seandaoine agus chroith siad lámha arís sular fhág gach duine.

Freda O'Neill, Múinteoir

Roghnaigh na leanaí a bheith ag obair ar a gcuid liricí ar dtús agus ansin an fonn agus na huirlisí a chur isteach ina dhiaidh sin. D’oibrigh siad i ngrúpaí beaga ar dtús agus ansin chabhraigh Ruti leo comhoibriú chun eagrán ranga iomlán a chruthú. Rinneamar cleachtadh ar bhonn laethúil roimh an léiriú deiridh. D’oibrigh cuid de na leanaí trí chúpla am lóin chun barr feabhais a chur ar a gcodanna féin.

Cén taithí phearsanta a bhí agat ar an tionscadal i dtéarmaí ratha agus dúshlán?

Ruti Lachs, Ealaíontóir

Bhain an chuid is mó de na dúshláin leis an aimsir, mar go raibh siúlóid fhada ag na leanaí go dtí an t-ionad cúraim lae agus an leabharlann, cé nár cuireadh stop leo. Maidir liom féin, ba é an dúshlán ba mhó a bhí ann ná an tionscadal a chur ar bun, mar gur tionscadal casta a bhí ann, agus bhí sé deacair go leor cumarsáid a dhéanamh leis na maoinitheoirí, mar go raibh duine de na hoifigigh ealaíon tinn. Mar sin, ghlac an taobh riaracháin a lán ama agus fuinnimh.

Cé go raibh sé go hálainn a bheith ag obair leis an dá ghrúpa, bhí dúshláin leis an ngrúpa níos sine, mar go raibh duine nó beirt de na rannpháirtithe breacbhodhar, sin nó ní raibh an fuinneamh acu a bheith iomlán rannpháirteach. Ach bhí an-áthas ar an gcuid is mó acu páirt a ghlacadh.

Ba é an t-aiseolas ó ghrúpa an Ionaid Cúraim Lae gur bhain siad taitneamh as na hidirghníomhaíochtaí leis na leanaí, ach go bhféadfaidís níos mó ceardlann a dhéanamh chun iad a ullmhú don cheolchoirm, agus gur thóg sé tamall orthu a bheith soiléir cad a bhí i gceist leis an tionscadal. Bhain siad taitneamh as uirlisí éagsúla a sheinm, ceoltóirí iontacha a chloisteáil, agus na comhráite liom féin agus lena chéile. Dúirt an fhoireann go raibh sé dúshlánach muinín a chothú sna rannpháirtithe i dtaca le bheith ag canadh go poiblí.

Ba é an t-aiseolas ó leanaí na scoile ná gur bhain siad taitneamh as na damhsaí a fhoghlaim, na huirlisí a sheinm, bualadh leis an ngrúpa cúraim lae, foghlaim faoi chultúr agus reiligiún na nGiúdach, éisteacht leis an mbanna klezmer, amhráin nua a fhoghlaim, agus an taibhiú deiridh. B’fhearr leo níos mó ama leis an ngrúpa níos sine, agus níos mó ama chun na liricí amhráin agus páirteanna uirlise a fhoghlaim. B’fhearr leo níos mó stíleanna ceoil agus níos mó leanaí níos óige a bheith ag freastal ar an gceolchoirm. Ba é an t-aiseolas ón múinteoir, Freda, ná gur mhór leis na leanaí é, d’oibrigh na hionaid go maith, bhí an taibhiú deiridh iontach, dearfach, agus go raibh sé go hálainn na hidirghníomhaíochtaí idir na grúpaí a fheiceáil.

Bhí mo thaithí phearsanta ar an tionscadal an-dearfach. Chonaic gach duine a bhí páirteach na buntáistí a bhaineann leis an oiread sin gnéithe den tionscadal - ceol a dhéanamh, ceol nua a chruthú, smaointe a phlé, agus an idirghníomhaíocht idir na glúnta.

D’aontaigh an dá ghrúpa agus an fhoireann go léir gur mhaith leo tionscadal mar seo a dhéanamh arís.

Freda O'Neill, Múinteoir

D’éirigh go hiontach leis an tionscadal. Bhain na leanaí an-taitneamh as an taobh ceoil den tionscadal ach d’fhreagair siad go dearfach don ghné idirghlúine den chuid is mó. Bhí sé iontach a fheiceáil conas a d’idirghníomhaigh an dá ghrúpa chomh lách lena chéile.

B’fhéidir gur dúshlán é an méid ama a cuireadh ar leataobh don tionscadal seo. B’fhiú cúpla cruinniú agus seisiún cleachtaidh eile le Ruti.

Cén tábhacht a bhain leis an tionscadal duit ar fiú a roinnt?

Ruti Lachs, Ealaíontóir

Idirghníomhaíocht idirghlúine, cumadóireacht i ngrúpaí, ceol a eagrú, agus taibhiú - is gnéithe iad seo den tionscadal seo ar mhaith liom aird shuntasach a tharraingt orthu. Ciallaíonn cumadóireacht i ngrúpaí a bheith ag oibriú le chéile chun rud éigin suimiúil, bríoch agus, tá súil againn, álainn a chruthú. Is cleachtas maith tógála foirne é seo, agus níl ann ach go leor spraoi. Chomh maith leis sin, is rud iontach é ó thaobh muiníne agus idirghníomhaíochta de. Tá deis a fháil do shaothar féin a thaibhiú go poiblí, agus aitheantas a fháil as a luach, ar cheann de na rudaí is mó a thaitníonn liom mar thaibheoir, agus sílim go raibh sé seo amhlaidh do na rannpháirtithe freisin. Bhí brí ag baint leis an ngné Ghiúdach domsa freisin - chun amhrán Giúdaise a mhúineadh do leanaí - teanga nár chuala siad riamh roimhe seo - agus chun iad a chur ag damhsa le ceol klezmer, ba phribhléid é.

Freda O'Neill, Múinteoir

Bhí rang a sé díograiseach agus sásta agus iad ag glacadh páirt sa tionscadal seo, rud a d’fhág go raibh sé éasca go leor a bhainistiú domsa mar mhúinteoir. Mar a luadh thuas, ba é an chuid ba shuntasaí ná cé chomh maith agus a d’fhreagair an dá ghrúpa dá chéile.

Ar athraigh aon rud i do chuid oibre mar gheall ar an tionscadal?

Ruti Lachs, Ealaíontóir

Tá níos mó muiníne agam ábhar Giúdach a thabhairt chuig scoileanna (cé go raibh mé á dhéanamh seo ar bhealaí éagsúla, m.sh. ceardlanna déanta coinnle ag Chanuka, le blianta fada ar aon nós). Tugaim mo chuid spéiseanna isteach sa seomra ranga, agus déanaim tionscadail chasta go leor, cé go mbíonn go leor oibre ann agus go dtuirsíonn sé mé. Cuirim a lán fuinnimh isteach, agus is minic nach mbraithim go bhfuil mé ag tuilleamh go leor chun an méid a chuir mé isteach a chosaint. Ach is é sin mo thuras. Bhí an t-ádh orm go bhfuair mé tacaíocht ar an mbealach óna lán daoine áille. Is fiú é!

Freda O'Neill, Múinteoir

Is cinnte go mbeinn sásta páirt a ghlacadh i dtionscadal mar seo arís. Chomh maith leis sin, smaoineoinn níos mó anois ar an nglúin níos sine a chuimsiú i roinnt gníomhaíochtaí scoile.

Spotsolas


Ealaíontóir(í):

An tEalaíontóir Ruti Lachs

Is taibheoir nuálach, gairmiúil mé agus go leor taithí agam, agus is oideachasóir ceoil agus éascaitheoir ealaíon mé. D’fhoilsigh mé dhá dlúthdhiosca d’amhráin nuachumtha, ceann do leanaí (Stomping in the Woods) agus ceann do dhaoine fásta (Sleeping People).

Tá sé mar aidhm ag mo ghnó ceoil pobail, Active Music, a chur ar chumas gach duine taitneamh a bhaint as ceol beo ag cibé leibhéal is féidir leis nó léi. Chuige sin, reáchtáil mé ceardlanna ceoil in go leor suíomhanna lena n-áirítear ospidéil, grúpaí páistí agus tuismitheoirí, scoileanna, ionaid óige, grúpaí tacaíochta míchumais, scoileanna ceoil, tithe altranais, féilte agus bainiseacha. Múinimse pianó do leanaí i gColáiste Ceoil Chathair Chorcaí freisin. 

Seinnim ceol klezmer agus snagcheol, ag seisiúin sheachtainiúla le Pop-Up Klezmer agus i dísréid agus tríréid éagsúla i rith na bliana. Is taibheoir aonair mé atá tar éis dhá sheó aon-bhean a dhéanamh le blianta beaga anuas, Sideways on Planet Piano agus A Different Kettle. 

Tá mo dhráma ceoil, Green Feather Boa, atá suite i bpobal Giúdach Chorcaí go luath sna 1900idí, á fhorbairt faoi láthair le haghaidh taibhithe in 2022/23.
Bronnadh Gradam Sheachtain Náisiúnta Oidhreachta ar an Cork Jewish Culture Virtual Walk agam, agus is féidir breathnú air ar 
rutilachs.ie.

www.rutilachs.ie

www.activemusic.ie

 


Múinteoir(í):

Freda O’Neill, múinteoir

Is múinteoir bunscoile mé, atá ag múineadh rang a sé faoi láthair i S.N. Dhroiochead na Bandan, Co. Chorcaí. Tá mé ag múineadh réimse de ranganna i S.N. Dhroichead na Bandan ó bhí 2010 ann.

Chomh maith le bheith i mo mhúinteoir, is máthair mé le beirt bhuachaillí óga, gníomhacha. Is breá liom a bheith ag dul amach ag siúl faoi áilleacht Iarthar Chorcaí, leabhar maith a léamh agus am a chaitheamh leis an teaghlach.


Ealaíontóir(í)

Ruti Lachs

Múinteoir(í)

Freda O’Neill

Fiona Giles

Noreen Walsh


Foirmeacha Ealaíne

Ceol & Fuaim

Leibhéal

Bhunscoile

Scoil/Grúpa

Bandonbridge National School, Co. Cork


Rannpháirtithe

45


Réigiún

Corcaigh

Aois/Rang

Rang a 6


Dátaí

Meán Fómhair/Deireadh Fómhair 2019


Naisc


Ceannaireacht Ghníomhaireacht

Cork County Council Arts Service


Comhpháirtithe eile

Cork County Council Library Services

Príomhthéamaí / línte fiosrúcháin

Rinne an tionscadal seo iniúchadh ar na saincheisteanna a bhaineann le bogadh go contae difriúil agus conas a mhothódh daoine faoi sin, agus ceol a chruthú chun é seo a chur in iúl.


Snáitheanna Curaclaim

Ceol, cultúr, gníomhaíochtaí idirghlúine agus idirchultúrtha



Ciallaíonn cumadóireacht i ngrúpaí a bheith ag oibriú le chéile chun rud éigin suimiúil, bríoch agus, tá súil againn, álainn a chruthú.

Ruti Lachs, Ealaíontóir

Singing to the older group - Songs for Our Time

Working on the Song - Songs for Our Time

Performance day - Songs for Our Time

Meeting of the two groups - Songs for Our Times

Working on the song - Songs for Our Times

Rehearsing in the library - Songs for Our Time