ENGLISH

NUACHTLITIR



Cad a dhéanann hEalaíona i gcleachtas Oideachas cuma mhaith? Léigh faoi na próisis agus comhpháirtíochtaí taobh thiar thionscadail reatha tarlú ar fud na hÉireann.


Scéalta ón Taobh Istigh


Inis scéal do thionscadail dúinn – Céard a spreag é? Cad faoi é? Cé a bhí páirteach ann? Cén chaoi ar thosaigh tú?

Ba chónaitheacht amharc-ealaíne é an tionscadal leis an ealaíontóir Shona McGillivray, leis an múinteoir Michelle O’Halloran agus leis na daoine óga ó na ranganna Sycamore, Poppy, agus Buttercup, lena múinteoirí ranga agus leis an bhfoireann tacaíochta. Tá na ranganna atá rannpháirteach sa tionscadal seo mar chuid de ranganna ASD faoi leith sa scoil agus is minic gurb iad cumarsáid agus féinléiriú na dúshláin is mó a bhíonn ag na páistí sin. Deis a bhí sa tionscadal seo do leanaí a n-ábhair spéise agus a saintréithe a chur in iúl tríd an ealaín. Chothaigh Shona caidreamh maith le pobal na scoile agus d’oibrigh sí le Michelle agus le cuid de na páistí roimh ré a bhuíochas leis na dámhachtainí agus leis an tacaíocht a tugadh do na cónaitheachtaí a bhuí le Clare Arts Office’s Embrace Programme agus Artist in School.

Tá ríméad orainn ar fad go bhfuil daoine in ann teacht ar cuairt chuig na seomraí ranga arís tar éis na srianta a bheith i bhfeidhm le píosa maith, agus chuir Shona tús leis na seisiúin go luath i mí Eanáir. Iniúchtaí neamhiata a bhí sna gníomhaíochtaí a rabhamar ag súil páirt a thabhairt do dhaoine óga iontu, iniúchtaí péinteála, priontála agus coláiste. Ansin, bheadh na píosaí ealaíne mar chuid d’ábhar na leabhar de chuid na ndaoine aonair. Tugadh spreagadh do na rannpháirtithe a spéiseanna téamacha féin a chur i láthair, agus chuireamar na hacmhainní, na smaointe agus na roghanna ábhair bhainteacha ar fáil dóibh. Is ó na fearais stáitse a thagann an inspioráid do na leabhair tolláin agus rinne Shona an fhormáid seo a shainaithint mar chúlra feiliúnach dá scéalta cruthaitheacha. Críochtháirge atá ann gur féidir a láimhseáil, gur féidir imirt leis agus atá ina leid físe do thuilleadh scéalaíochta nó d’obair scríofa laistigh den seomra ranga. Bhí Shona ag déanamh machnamh ar bhealaí chun páirt a thabhairt do lucht féachana d’amharc-ealaín ar bhealach níos fiúntaí tríd an ealaín a láimhseáil go díreach. Deartar na leabhair fhisiciúla seo ionas gur féidir súil ghrinn a chaitheamh orthu, agus chun breathnú isteach iontu, go díreach mar a dhéanfadh duine agus é ag féachaint isteach i saol fíorúil bábóga, le fiosracht agus samhlaíocht. Cruthaítear radharc tríthoiseach iontu ina n-insítear scéal.

Cén chaoi ar forbraíodh na smaointe agus cén chaoi ar oibrigh na daoine óga, an t-ealaíontóir agus an múinteoir le chéile?

Thosaíomar amach le rogha d’uirlisí éagsúla tadhlacha, rudaí coitianta, páipéir, péint agus clár trom réidh le hoibriú air. Bhí an túsphointe mar leathanach cúil de go leor de na leabhair agus bhí sé ag feidhmiú mar chéim do na daoine aithne a chur ar a chéile. Bhí Shona in ann iniúchadh a dhéanamh ar spéiseanna na rannpháirtithe agus spreag sé seo roinnt difríochtaí aonair maidir leis an téama agus leis an gcur chuige do na seisiúin ina dhiaidh. Ba iad na daoine a raibh scileanna béil acu a bhí in ann a spéiseanna féin a chur trasna, agus spreagadh cuid de, de bharr na haithne maithe a bhí ag an múinteoir ar an duine óg. Díríodh isteach ar spéiseanna faoi leith de chuid an duine aonair, ar riachtanais chéadfacha agus ar láidreachtaí cruthaitheacha na rannpháirtithe a thaitin leis na rannpháirtithe agus bhí rannpháirtíocht níos doimhne sa tasc a bhí idir lámha dá réir.

Rinneadh teimpléad de leabhar tolláin chun cúnamh a chur ar fáil críochtháirge a shamhlú, agus cuireadh leathanaigh nó painéil fholmha ar fáil do gach rannpháirtí nó go bhféadfaidís oibriú iontu. Bhí Shona ag freagairt do na páistí go seasta síoraí agus dá riachtanais chéadfacha, agus ba mhinic go raibh sí ag faire amach dóibh. Chuir na scuaba péinteála amháin sceitimíní ar pháiste amháin agus d’fhreagair Shona ach intadhaille na nguairí ar an scuab phéinteála a thabhairt isteach sa phróiseas. Bhí an t-eispéireas thar a bheith éasca don fhoghlaimeoir agus bhí sé taitneamhach de bharr gur freastalaíodh ar na riachtanais chéadfacha ar bhealach a bhí an-struchtúrtha agus fiúntach. Bhí sé seo ag dul ar aghaidh go luath sa scoilbhliain agus le linn do na múinteoirí agus don fhoireann tacaíochta ag cur aithne ar na páistí, agus mar sin, ba dheis foghlama léirsteanach a bhí ann do na daoine a bhí ag díriú ar chuspóirí foghlama saincheaptha aonair na bpáistí. Tá Cuspóirí Oideachais Saincheaptha Aonair ag gach páiste a bhaineann lena bhfoghlaim amháin agus lena ndul chun cinn trí chéile. Bhain an próiseas cruthaitheach go leor de na cuspóirí amach. Úsáideann duine de na páistí fearas cumarsáide agus bhí fonn orthu úsáid a bhaint as dath, fabraic, ábhar etc. agus bhí deiseanna fiúntacha acu chun cumarsáid a dhéanamh dá réir. Baineann cuspóirí páiste eile leis an bpáiste sin amháin ionas go bhféadfadh sé páirt a ghlacadh ar bhealach fiúntach i ngníomhaíocht bairr tábla, agus ba é 3 nóiméad an cuspóir airde ach is minic gur ghlac sé páirt ar feadh 15 nóiméad le Shona. Ní hamháin gur cuimsíodh deiseanna béil leis an tionscadal ach cuimsíodh leis, deiseanna foghlama a bhí dírithe go príomha ar na páistí.

Bhí sé tábhachtach do rath an tionscadail go raibh smaoineamh ag gach duine a bhí páirteach ann ag céimeanna éagsúla sa tionscadal, ionas go bhféadfaimis ar fad oibriú as lámh a chéile chun tacú leis na daoine óga, sa chaoi go bhféadfaidís a bheith chomh rannpháirteach agus a thogair siad. Measann na múinteoirí an gcaoi a n-athríonn na daoine óga agus measann siad a dteorainneacha, le go mbeadh a fhios acu cén uair a bhí briseadh ag teastáil, agus d’úsáid siad modhanna cumarsáide a d’fhreagródh na daoine aonair dóibh. Bhí an múinteoir mar chomhartha do Shona, an bhfuil an treo cruthaitheach ina bhfuilimid ar tí dul dearfach nó feiliúnach don duine aonair sin. Rinneamar praiseach réasúnta mór mar aon leis an obair ealaíne agus bhí an fhoireann tacaíochta an-éifeachtach agus iad ag cur slacht ar an áit arís le go mbeadh sé ina atmaisféar compordach do gach duine sa rang.

Bhí na leabhair ealaíne ar fad éagsúil lena chéile, bhí leathanaigh dheiridh ar roinnt acu, bhí codanna gur féidir a bhogadh ar chuid acu (agus iad i bhfolach), agus tá scéalta agus dánta scríofa ag dul le cuid acu. Is stáitsí beaga iad do phuipéid bheaga maide, le grianghraif de na rannpháirtithe a bhí páirteach agus léirigh siad a scéalta féin laistigh de na radhairc éagsúla. Is féidir dul síos do leibhéal na súl i ngach leabhar, breathnú isteach agus dul isteach sna brait bheaga bhídeacha, sa seachmall de dhoimhneacht agus sa scéal.

Cén taithí phearsanta a bhí agat ar an tionscadal i dtéarmaí ratha agus dúshlán?

Shona MacGillivray, Ealaíontóir

Tá a fhios agam gan a dhul isteach i spás ealaíne leis an iomarca réamhthuairimí, ach le mála lán de leideanna agus intinn oscailte, ach tagann sceitimíní orm agus mé ag féachaint ar na croisbhealaí cruthaitheacha a thagann chun cinn agus mé sna próisis nua a mbím ag glacadh páirt iontu go sásúil! Bhí an-scil ag rang Buttercup ann. Bhí buachaill amháin ann a smaoiníonn ar bhealach iontach éagsúil, agus chuaigh sé leis ar threo nach rabhthas ag súil leis, agus bhí orm gníomhú ar an bpointe boise chun a chuid ealaíne a bhí gearrshaolach agus uathspreagtha a léiriú agus a roinnt. Bhain sé bunbhrí an fhocail as an méid a iarradh air, agus bhí sé ag baint sásamh mór as an bpróiseas nach bhfacthas go fóill. D’fhreagair mé go cruthaitheach dá ghníomhartha, d’oibrigh i gcomhar leis, agus faoi dheireadh bhí críochtháirge ann ina raibh sraith de chúig íomhá phriontáilte, leabaithe faoi pheirspéacs agus frámaí a péinteáladh ó lámh orthu. Dar liom go léiríonn an tsraith seo fiosrúcháin i gcumarsáid bhriathartha agus neamhbhriathartha chomh maith leis an sásamh iontach a bhaineann le péintéireacht.

Michelle O’Halloran, Múinteoir

Tá mise ag obair le RSA le blianta fada agus ba é seo an chéad uair dom a bheith ag obair go sonrach le suíomh ASD le roinnt páistí fásta. Is é 7 – 14 an raon aoise sa rang agus mar sin, bíonn sé ina dhúshlán scaití le freastal ar na leibhéil dhifriúla cumais agus ag déanamh cinnte go bhfuil na gníomhaíochtaí spreagúil agus feiliúnach don aoisghrúpa. Bíonn dúshláin faoi leith ag baint le hoibriú le páistí a bhfuil deacrachtaí acu cumarsáid a dhéanamh ar an ngnáthbhealach, agus bímid i gcónaí ar thóir bealaí nua chun páirt a thabhairt do na foghlaimeoirí agus le roinnt ina n-eispéireas. Tugadh an-inspioráid agus spreagadh do na buachaillí i Rang Buttercup ina dtionscadal. Bhí sé seo soiléir de bharr an mhéid ama a bhí siad rannpháirteach sa phróiseas féin. Bíonn laethanta ann scaití nuair a thagann dúshláin chun cinn inár ngníomhaíochtaí bairr tábla sa rang ach níor tharla sé sin nuair a tháinig Shona – bhí na buachaillí rannpháirteach sna seisiúin i gcaitheamh an ama agus ní hamháin sin ach bhí siad ar a sáimhín só. Ba iontach a rud é go raibh na scoláirí ag cur tús leis an seisiún agus iad ag fáil an mhéid a bhí uathu don tionscadal, ciseáin d'ainmhithe mar shampla nuair a chonaic siad Shona. Léirigh sé sin go leor. Bhí sé go hiontach a bheith in ann na comhcheangail agus aitheantas an tionscadail a rinneadh chomh luath agus a tháinig Shona. Éacht a bhí ann féin.

Ba iontach an rud é freisin na tionscadail a fheiceáil agus iad críochnaithe, bhí gach tionscadal an-dírithe ar an bpáiste aonair agus léirigh siad an cineál duine a rinne iad. Is é ceann de na dúshláin is mó a bhaineann le bheith ag obair le daoine nach bhfuil cumasach maidir le gnáthchumarsáid, ná dul isteach i saol na ndaoine sin, a n-eispéireas a roinnt, agus tuiscint a fháil ar an gcaoi a smaoiníonn siad, ba léargas iontach dom iad Inside Stories mar mhúinteoir ar gach scoláire agus bhí sé thar cionn a bheith in ann breathnú isteach i bpearsantacht an duine aonair.

Thaitin an tionscadal go mór le cách ó thús go deireadh. Is iontach an inspioráid a bheith ag obair le Shona i gcónaí agus cuireann sí feabhas ar mo chleachtas mar mhúinteoir. Is mór an trua nach bhfuil níos mó deiseanna againn le hoibriú le chéile.

Cén tábhacht a bhain leis an tionscadal duit ar fiú a roinnt?

Shona MacGillivray, Ealaíontóir

Ar mo theacht isteach go dtí ceann de na seomraí ranga ar an gceathrú cuairt, chonaic mé duine de na buachaillí sa seomra ar an taobh agus é ag iompar ciseáin de bhréagáin ainmhithe feirme, agus chuir sé ar an mbord é ina rabhamar le cromadh ar ár gcuid oibre. Níor iarradh air é sin a dhéanamh, agus ní rabhthas ag súil leis ach thug sé le fios go raibh tuiscint aige ar an ngníomhaíocht a bhí le teacht, an tsuim a chuir sé ann, na sceitimíní a bhí air chomh maith lena chuid ionchas. Bhí sé ag léiriú úinéireachta dá thionscadal. Bhí ríméad orm!

Ba chumarsáid de scéal pearsanta a bhí i ngach leabhar ealaíne níos mó mar a cheap mé. Faightear léargas beag ar phaisin, smaointe agus greann an duine óig i ngach leabhar. Is léargas atá ann nach bhfeictear rómhinic.

Michelle O’Halloran, Múinteoir

Dar liom go raibh an bhéim ar phoitéinseal an ealaíontóra a thuiscint i nduine de mo pháistí, páiste nár thaispeáin aon suim i gcúrsaí ealaíne go dtí seo agus sílim gur chuir sé suim ann de bharr gur aithin Shona a chruthaitheacht agus go raibh próiseas sa mhéid a bhí á dhéanamh aige agus chuidigh sí leis dá réir. Bhí sé sin an-inspioráideach go deo dom, agus thug mé a dhúshlán i bhfoghlaim curaclaim agus fuair mé amach go raibh sé níos cumasaí i réimsí eile ná mar a cheap mé ar dtús. Tá sé ag clóscríobh anois, seachas a bheith ag scríobh ar pháipéar agus tá sé in ann TFC a úsáid i bhfad níos minice ná mar a cheap mise riamh agus is amhlaidh atá de bharr go bhfacthas é ag glacadh páirt sa tionscadal seo. Ní raibh sé sa rang ach le píosa gairid, agus tháinig sé ó rang eile agus ní raibh mórán aithne agam air, mar sin, bhí sé an-léirsteanach aithne a chur air tríd an tionscadal seo agus bhí sé ina eispéireas dearfach do chách. Thug sé spreagadh dom i mo chuid múinteoireachta freisin agus ba dhearcadh difriúil a bhí ann chomh maith agus ba eispéireas mór foghlama a bhí ann dom dá réir.

Ar athraigh aon rud i do chuid oibre mar gheall ar an tionscadal?

Shona MacGillivray, Ealaíontóir

Tá sé de rún agam treoracha a fhorbairt de m’obair stiúideo féin i leabhair ealaíontóirí. Chun ábhar a chruthú atá níos inláimhsithe agus níos éifeachtaí trí fhormáid leabhair agus trí láimhseáil agus “léamh” an leabhair chéanna.

Ba mhaith liom go mbeadh nasc fisiciúil níos fearr leis an ealaín trí imirt chéadfach agus chinéiteach. Chun foirmeacha leabhair a n-osclóidh daoine eile iad arna stiúradh ag a bhfiosracht, a ndéanfaidh siad machnamh orthu, agus a mbainfidh siad sásamh as a n-ábhair atá i bhfolach.

Michelle O’Halloran, Múinteoir

Cuirim níos mó béime ar an bpróiseas ná ar an táirge anois – agus is minic go mbíonn na múinteoirí ag díriú ar an toradh agus ar aonghnéitheacht maidir le cúrsaí ealaíne. Ach bhí an tionscadal an-taitneamhach agus céadfach go deo do na páistí agus ba léir dom buntáistí loma an phróisis.

Spreagadh mo mhúinteoireacht féin i mbliana chomh maith nuair a chonaic mé Shona ag ligean cead don pháiste a rud féin a dhéanamh agus í á leanúint seachas a bheith á stiúradh, is é an chaoi ealaíne a n-oibríonn sí le daoine. Agus muid ag obair le páistí a bhfuil deacrachtaí cumarsáideacha acu, luaigh mé go bhfuil sé de rún againn a n-eispéireas a roinnt ach cuireadh isteach i saol an pháiste atá ann nuair a leantar iad.

“Ba iontach an spraoi a bhí agam... fuair mé an deis mo leabhar ab fhearr liom a úsáid, Diary of a Wimpy kid.” – Shane

“Thaitin sé thar cionn liom... is é Olaf is fearr liom... bhí sé go hiontach, an-spraoi go deo.” – Issac

“Is breá liom cócaireacht… thaitin an leabhar tolláin go mór liom.” – Maeve

 

Spotsolas


Ealaíontóir(í):

Shona MacGillivray, Artist

I am a visual artist with over 20 years’ experience of working in arts in education, community arts and from my own studio. Originally from the Highlands of Scotland and a graduate of drawing and painting from the Glasgow School of Art. My studio practice explores our human connection with our natural surroundings. I am concerned about bio diversity and climate change and the human connection to this crisis. I paint and draw in acrylics, inks, spray paint and charcoal on canvas, paper, walls and windows.

In 2007 I established The Art Box, a school of art offering regular sessions to young people. This was an opportunity to collaborate with and be informed by children in an informal setting. I have a long-term interest in the inclusive practices of learning through creativity as, like many families mine is complemented by having both neurodivergent and neurotypical members.

I have been awarded many arts in education residencies through the Artist in School and the Embrace Arts and Disabilities programmes, Clare Art Office. I am a selected artist for BLAST in Galway and Clare, as well as the lead artist for the Teacher-Artist partnership CPD course in Galway Education Centre. The collaborative school project “Welcome to our World” with St. Anne’s special school, CBS and the Embrace Programme was presented at the Arts in Education National conference 2019. In 2021 I was selected for the special initiative training TAP Programme, partnered with Kids' Own Publishing Partnership.


Múinteoir(í):

Michelle O'Halloran, Teacher

I am a primary school teacher qualifying in Mary Immaculate College in 2002. I am currently a class teacher in St. Anne’s Special School, Ennis, Co. Clare. Prior to joining the staff at St.Anne’s, I taught in an Educate Together school for over 10 years. I also spent a few years teaching in an Elementary school in the Bronx, New York and a primary school in Brighton, England.

Having gravitated over the years to teaching specifically in an SEN setting, I have been fortunate enough to be involved in a lot of collaborative art projects. Back in 2018, Shona and I worked together with another primary school on an inclusive art project called Welcome to My World. We presented at the Arts in Education Portal in Galway alongside the pupils involved.

For two years I worked with a Creative Cluster, three schools were involved in this project called Cairdre an Dúlra. Prior to this I had another opportunity to work with Shona on another Embrace project.


Artist Shona MacGillivray

Ealaíontóir(í)

Shona MacGillivray

Teacher Michelle O-Halloran

Múinteoir(í)

Michelle O’Halloran

Deirdre Flynn

Edel McGuane


Foirmeacha Ealaíne

Na hAmharcealaíona

Leibhéal

Bhun & Iar-bhunscoile

Scoil/Grúpa

St. Anne’s School, Ennis, Co. Clare


Rannpháirtithe

14


Réigiún

An Clár

Aois/Rang

7 - 15


Dátaí

January & February 2022


Naisc


Ceannaireacht Ghníomhaireacht

Clare County Council Arts Service


Príomhthéamaí / línte fiosrúcháin

To create a space for young people with ASD who require supported needs to willingly express themselves creatively.

To foster a sense of curiosity, intrigue and fun whilst engaging with a variety of materials and methods.

To present their creativity in such a way that will both celebrate and communicate their interests to others

To make visits to art exhibitions more hands and accessible experiences for everyone.


Snáitheanna Curaclaim

Strand: Paint and colour
Strand Unit: Painting/ Looking and responding

Strand: Print
Strand Unit: Making Prints/ Looking and responding

Strand: Construction
Strand Unit: Making Constructions/ Looking and responding

Strand: Drawing
Strand Unit: Making drawings/ Looking and responding

Strand: Oral Language
Element: Engagement, Listening and Understanding Motivation and Choice, Social Conventions and Awareness of others



Is é ceann de na dúshláin is mó a bhaineann le bheith ag obair le daoine nach bhfuil cumasach maidir le gnáthchumarsáid, ná dul isteach i saol na ndaoine sin, a n-eispéireas a roinnt, agus tuiscint a fháil ar an gcaoi a smaoiníonn siad, ba léargas iontach dom iad Inside Stories mar mhúinteoir ar gach scoláire agus bhí sé thar cionn a bheith in ann breathnú isteach i bpearsantacht an duine aonair.

Michelle O'Halloran, Múinteoir