ENGLISH

NUACHTLITIR



Cad a dhéanann hEalaíona i gcleachtas Oideachas cuma mhaith? Léigh faoi na próisis agus comhpháirtíochtaí taobh thiar thionscadail reatha tarlú ar fud na hÉireann.


Virtually There


(c) Vanya Lambrecht Ward. Courtesy of Kids' Own

Tabhair achoimre ghearr ar scéal do thionscadail – Céard faoi é? Cé a bhí páirteach ann? Cén chaoi ar thosaigh sé?

Vanya:

D’iarr Kids’ Own orm ar mhaith liom páirt a ghlacadh i gclár cónaitheachta Virtually There arís le scoil nua i dTrá Lí, bhí an-áthas orm a bheith páirteach ann arís toisc gur tionscadal thar a bheith uathúil é. Shocraigh mé féin agus an múinteoir Marie O’Connell an pointe tosaithe (na seanfhoirgnimh scoile a d’úsáidtí mar na scoileanna in Ard Fhearta), ba smaoineamh tosaigh é a nascfadh leis an gcuraclam bhí súil againn, a bhain leis an gceantar agus a mbeadh spéis ag an rang ann dá réir bhí súil againn, agus rud a bhféadfaimis beirt a bheith ar bís faoi freisin.

Marie:

Thosaigh an tionscadal nuair a bhuail mé le Vanya i mBaile Átha Cliath. Mhol mé go mbeadh an stair áitiúil ina pointe maith tosaithe seans toisc go bhfuil ár mbaile ar maos i stair. Tá go leor seanfhothracha ann. Tá seanfhoirgneamh scoile sa bhaile freisin. Dúnadh an tseanscoil seo 40 bliain ó shin agus d’oscail ár scoil reatha 40 bliain ó shin. Cheapamar gur réimse maith a bheadh anseo le díriú air toisc gur féidir an stair a chomhtháthú go héasca le go leor ábhar eile. D’aontaigh Vanya gur áit mhaith a bheadh anseo le tosú toisc go raibh nasc aige lena cuid ealaíne freisin. D’aontaíomar beirt nach raibh anseo ach ár bpointe tosaithe agus go bhféadfadh an tionscadal dul i dtreo eile.

Tharla ár gcéad seisiún nuair a thug Vanya, ár n-ealaíontóir, cuairt ar an scoil. Mar cheann de na gníomhaíochtaí an lá sin, shiúlamar tríd an mbaile chun cuairt a thabhairt ar an tseanscoil. Mar sin a thosaigh sé. Bhí an chuairt sin ina bunús don obair mhatamaitice – meastachán, fad, tíreolaíocht – obair mhapála, stair – taighde, ag obair mar staraí, Béarla – ag scríobh tuairiscí ar go leor de na seisiúin le Vanya agus go leor obair ghrúpa agus comhoibrithe idir na páistí agus an t-ealaíontóir agus an múinteoir. Bhí na páistí an-tógtha leis an ngné TFC. Bhí an-ionadh orthu an chéad lá ach d’éirigh siad chomh cleachta sin le Vanya a fheiceáil ar an gclár bán gurb in an ‘gnáthrud’ dóibh as sin amach.

Cé na gnéithe den tionscadal a chur meangadh gáire ar d’aghaidh? Cé na gnéithe den tionscadal a thug do dhúshlán?

Vanya:

Dhírigh próiseas na cónaitheachta ar oscailteacht agus comhoibriú, éisteacht agus próiseas seachas ar na torthaí. D’eascair timpeallacht chruthaitheach den scoth as sin ina bhféadfadh rud ar bith tarlú agus inar cuireadh fáilte roimh gach smaoineamh agus modh déanta. D’úsáideamar gach saghas modha chun fiosrúcháin a dhéanamh, chuireamar go leor ceisteanna, agus bhaineamar triail as go leor modhanna nua déanta; chabhraigh sé sin ar fad linn le breathnú ar rudaí as an nua. Is féidir le gné ar líne an tionscadail go leor dúshlán a chruthú ach thug sí úinéireacht den scoth do na páistí agus don mhúinteoir, a bhfuil tairbhe as cuimse leis dar liomsa. Múineann an láithreacht fhíorúil sa seomra ranga domsa cumarsáid a dhéanamh a shoiléire agus a bheachta is féidir agus bíonn orm a bheith an-ullmhaithe ach oscailte ag an am céanna.

Marie:

Bhí meangadh gáire orm nuair a chonaic mé na páistí sáite sna gníomhaíochtaí agus an-fhonn chun oibre orthu. Is éard a bhí dúshlánach domsa i rith na ngníomhaíochtaí a chinntiú go raibh na treoracha cearta a thug Vanya dom á dtabhairt agam do na páistí. Is é sin, go rabhamar ag obair go dlúth le chéile.

 Cé na léargais ón tionscadal ar fiú a roinnt? (D’fhéadfadh cuma fhánach a bheith orthu, ach go bhfuil siad suntasach dar leatsa)

Vanya:

Ní amháin go raibh an-áthas orm a bheith ag obair leis an rang iontach seo, a bhí lán le hintinní iontacha fiosracha, léiríonn na tionscadail gnéithe den obair stiúideo atá ar bun ag an ealaíontóir a chruthaíonn comhtháthú uathúil agus deis do go leor leor eile, ar nós ceisteanna níos fealsúnaí, smaointe eolaíochta á dtástáil agus ceisteanna eile níos oscailte. Inár dtionscadal féin, d’iarramar mar shampla ‘céard as a ndéantar an stair’ agus d’fhiosraíomar tuairimí fíricí agus ficsin, léirmhínithe agus dearcthaí.

Marie:

Bhí sé an-spéisiúil a bheith ag obair le duine eile sa seomra ranga toisc nach dtarlaíonn sé sin go minic sa teagasc seachas i gcás tacaíocht/acmhainn foghlama. De ghnáth bíonn an múinteoir i gceannas ar ábhar/ghníomhaíochtaí a roghnú don rang ach le linn tionscadail mar seo is fíor-chomhoibriú é idir an múinteoir, an t-ealaíontóir agus na daltaí. Tá an plé agus a bheith oscailte do mholtaí daoine eile an-tábhachtach.

Ar athraigh aon cheo mar gheall ar an tionscadal?

Vanya:

I mo chás féin, tá méadú ollmhór tagtha ar mo scileanna i leith mhioncheartú an phróisis a bhaineann le bheith ‘ag teacht isteach ar an obair’, is é sin: gan an iomarca pleanála a dhéanamh don todhchaí le go mbeidh spás ann do na rudaí áille idir eatarthu. Mhúin sé dom muinín a bheith agam as an oscailteacht agus go bhfuil brí, spreagadh agus spleodar ollmhór sna rudaí beaga ar fad a fheicimid.

 Marie:

Ceapaim go bhfuil m’fhócas ar an ‘bpróiseas’ athraithe. Feicim an tábhacht a bhaineann leis agus an tábhacht a bhaineann le cead cainte a thabhairt do na páistí agus ligean dóibh an tionscadal a stiúradh. D’fhéadfadh gur treo eile é le hais mar a bheartaigh mé ag an tús agus dá bhrí sin go mbeadh toradh difriúil air ach d’fhoghlaim mé go bhfuil sé sin go breá freisin. B’fhéidir nach mbeadh toradh deiridh ann.

Faisnéis bhreise.

Vanya:

Mar chuid den tionscadal / chónaitheacht, coinníonn gach duine dialann ar líne chun taifead a dhéanamh ar an bpróiseas; ní amháin go scaoileann sé seo do na páistí, do na healaíontóirí agus do na múinteoirí tionscadail a chéile a fheiceáil, tugann sé léargas do thuismitheoirí ar shaibhreas smaointeoireacht a bpáistí le linn an phróisis. Léiríonn sé léargas pearsanta eile nach bhfeicfí dá uireasa seans.

Marie:

Mar mhúinteoir, creidim gur cheart cabhrú le gach páiste a gcumas iomlán a bhaint amach trí thaithí a thabhairt dóibh ar an oiread eispéiris fheabhsaithe agus ilghnéitheacha agus is féidir. Ceapaim go mbaineann na páistí tairbhe as dúshláin. Músclaíonn sé a gcruthaitheacht, a samhlaíocht, a scileanna réitigh fadhbanna agus smaointeoireachta criticiúla, atá an-tábhachtach do shaol an 21ú haois. Bainim taitneamh freisin as rud nua a thriail agus an taitneamh agus tairbhe a bhaineann na páistí as a fheiceáil. Chuir an tionscadal Virtually There deis iontach ar fáil go leor réimsí curaclaim agus oideolaíochta a chomhtháthú.

Spotsolas


Ealaíontóir(í):

Vanya Lambrecht Ward

Dírím mo chleachtas ar an timpeallacht thógtha. Oibrím go déthoiseach agus go tríthoiseach agus úsáidim péint, grianghraif, nithe agus go leor leor páipéir. Táim an-tógtha go háirithe leis an gcaoi a fheicimid rudaí agus an taithí a bhíonn againn ar an domhan mórthimpeall orainn.
Go minic obair ilmheán ar bhalla agus dealbha maquette a léiríonn é sin. Tairbhe mhór do mo chleachtas é comhoibriú, cabhraíonn sé liom modh nua a fhorbairt agus múineann sé rud éigin dom i gcónaí faoi mo phróiseas féin, mo chumarsáid agus mo chuid smaointeoireachta. Cé nach ‘cleachtas sochaí’ é mo chleachtas stiúideo, bíonn an obair a dhéanaim le páistí agus i suíomhanna pobail ina cuid lárnach de mo chuid oibre. Ligean sé dom smaointe, spásanna agus foirmeacha a iniúchadh i mbealaí nua agus ligean sé dom bealaí nua le breathnú ar rudaí a roinnt agus a fhoghlaim. www.vanyalambrechtward.com

Tá siad seo i measc na dtionscadal a rinne mé roimhe seo: The Kids’ Own Book Press, (kidsown.ie/projects/book-press-themodel-sligo-2014/) Ealaíontóir cónaithe i mBunscoil Bhaile an Mhóta, agus tionscadal Virtually There in 2012. D’oibrigh mé ar chúpla tionscadal leabhar le Kids’ Own, lena n-áirítear leabhar faoi mheabhairshláinte le páistí a eiseofar níos déanaí i mbliana.


Múinteoir(í):

Marie O'Connell

Múinim i scoil mhór tuaithe i gContae Chiarraí. Mhúin mé ranganna difriúla, ó na Naíonáin Shóisearacha go dtí Rang a Sé. Is maith liom na ranganna a mhúinim a dhéanann rannpháirteach i dtionscnaimh éagsúla mar go gcreidim go mbaineann siad an-tairbhe astu. Cruthaíonn siad brí thábhachtach don churaclam. Foghlaimíonn na páistí scileanna saoil agus baineann siad taitneamh astu. D’oibrigh mé le healaíontóir eile roimhe seo – Úna Ní Shé, ar thionscadal comhoibríoch CraftEd a rith Ionad Oideachais Thrá Lí. D’oibríomar le feilt agus bhunaíomar ár dtionscadal ar théama staire áitiúla na seanfhothracha sa cheantar freisin. Thaitin sé liom a bheith ag obair ar na tionscadail sin toisc go dtugann an t-ealaíontóir gné iomlán nua isteach don oideachas ealaíne. Bíonn a bhfócas go hiomlán difriúil agus bíonn sé iontach deis a thabhairt do na páistí taithí a fháil air sin.

Ghlac mo ranganna páirt le dhá bhliain anuas sa Creative Schools Award a ritheann an Association for Creativity and Arts in Education. Ní bhíonn ealaíontóir páirteach sna tionscadail sin, dírítear ar shamhlaíocht agus ar chruthaitheacht na bpáistí agus fíorúinéireacht don tionscadal a thabhairt dóibh toisc gurb iadsan a stiúrann é. Bíonn go leor réimsí curaclaim comhtháite i dtionscadail mar sin agus baineann na páistí an-taitneamh as an bhfíorfhoghlaim sin.

 


Eile:
(Coimeádaí, gníomhaireacht):

Kids’ Own

Kids’ Own is a children’s arts organisation and publishing house dedicated to providing opportunities for children to develop their own individual creative expression through collaborative artistic processes alongside professional artists. Kids’ Own’s vision is for a society that truly values the arts in the lives of all children and recognises children as strong readers, writers, thinkers and creators; and its mission is to promote and make visible the innate creative capabilities of all children in Ireland.


Vanya Lambrecht Ward

Ealaíontóir(í)

Vanya Lambrecht Ward

Marie O'Connell

Múinteoir(í)

Marie O’ Connell


Foirmeacha Ealaíne

Na hAmharcealaíona

Leibhéal

Bhunscoile

Scoil/Grúpa

Ardfert National School


Rannpháirtithe

30


Réigiún

Ciarraí

Aois/Rang

9 mbliana d’aois / Rang a Trí


Dátaí

Eanáir – Márta 2015


Naisc


Ceannaireacht Ghníomhaireacht

Kids’ Own Publishing Partnership


Comhpháirtithe eile

, Tralee Education Centre

Príomhthéamaí / línte fiosrúcháin

Ba é an pointe tosaithe: Foirgnimh stairiúla scoile atá sa scoil reatha; Staidéar áitiúil staire.


Snáitheanna Curaclaim

Art - Drawing/Construction, History - Local Studies - Buildings, sites or ruins in my locality, Continuity and change over time - schools and education, English - Oral language, writing, Mathematics - Measurement - Length, Mathematics skills - applying and problem solving, communicating and expressing, Geography - maps and geographical skills


Taighde nó foilseacháin ábhartha

Ealaín – Líníocht / Tógáil, Stair – Staidéar Áitiúil – Foirgnimh, láithreáin nó fothraigh i mo cheantar, Athrú agus leanúnachas thar am – scoileanna agus oideachas, Béarla – teanga ó bhéal, scríbhneoireacht, Matamaitic – Tomhas – Fad, Scileanna matamaitice – cur i bhfeidhm agus réiteach fadhbanna, cumarsáid agus cur in iúl, Tíreolaíocht – scileanna mapála agus tíreolaíocha



The ICT aspect was very exciting for the children. They were amazed the first day but they became so accustomed to seeing Vanya on the whiteboard.

Marie O'Connell, Teacher

(c) Vanya Lambrecht Ward. Courtesy of Kids' Own

(c) Vanya Lambrecht Ward. Courtesy of Kids' Own

(c) Vanya Lambrecht Ward. Courtesy of Kids' Own

(c) Vanya Lambrecht Ward. Courtesy of Kids' Own

(c) Vanya Lambrecht Ward. Courtesy of Kids' Own

(c) Vanya Lambrecht Ward. Courtesy of Kids' Own