ENGLISH

NUACHTLITIR

Cad a dhéanann hEalaíona i gcleachtas Oideachas cuma mhaith? Léigh faoi na próisis agus comhpháirtíochtaí taobh thiar thionscadail reatha tarlú ar fud na hÉireann.

Tonnta

Inis scéal do thionscadail dúinn – Céard a spreag é? Céard faoi a raibh sé? Cé a bhí páirteach ann? Cén chaoi ar thosaigh tú?

Cleo Fagan – Superprojects, Coimeádaí

‘Sílim go mbíonn blianta an déagóra spreagúil i saol duine scaití, is iondúil go mbíonn na déagóirí fiosrach go hintleachtach agus go cruthaitheach agus go mbíonn siad sásta glacadh le smaointe casta, ag an am feiliúnach. Is coimeádaí mise a oibríonn le lucht féachana óg, le healaín chomhaimseartha agus le healaíontóirí, agus rinne sé ciall dom go n-oibreodh ealaíontóirí comhaimseartha ar leith go maith le daoine óga chun iniúchadh a dhéanamh ar smaointe a bhaineann le comhthéacs saibhir na gcomórtha ar Éirí Amach 1916. Rinne mé teagmháil le Julie Clarke de chuid Oifig Ealaíon Fhine Gall agus luaigh mé na smaointe seo ag tús na bliana 2015. Ar an dea-uair, bhí ár gcuspóirí ailínithe lena chéile, agus bhí an bheirt againn ag iarraidh oibriú ar rud éigin a chuirfeadh ar chumas na ndaoine óga páirt a ghlacadh i gcomórtha ar bhealach nua agus cruthaitheach.  Leanamar ar aghaidh ó shin, rinneamar teagmháil leis na healaíontóirí Ruth LyonsEoghan RyanSean Lynch agus le Clodagh Emoe’

Julie Clarke – Oifig Ealaíon Fhine Gall, Oifigeach Ealaíon Óige agus Oideachais

‘Bhí an deis ar fáil do na hiar-bhunscoileanna ar fad i gceantar Fhine Gall.  Bhí an-áthas orainn gur tháinig Coláiste Pobail Fhine Gall i Sord agus Pobalscoil Bhaile an Hartaigh i mBaile Átha Cliath 15 i dteagmháil linn agus suim acu, ó tharla go raibh aithne againn ar na scoileanna agus ar na múinteoirí ealaíne agus caidreamh láidir oibre eadrainn. Chas mé féin agus Cleo leis na múinteoirí ealaíne, Siobhán Lynch agus Anne Moylan, chun plé a dhéanamh ar na féidearthachtaí ealaíne agus chun pleanáil do thaithí thaitneamhach foghlama do na scoláirí. Fuaireamar tacaíocht ón gcomhpháirtíocht agus bhíomar in ann saoirse ealaíne a thabhairt do na healaíontóirí dá réir chun cur i láthair tosaigh a dhearadh a chuirfeadh na cleachtais ealaíne chomhaimseartha agus ábhair dhúshlánacha i láthair dóibh agus chun iarradh orthu cuimhneamh ar an ról atá ag an ealaín inár sochaí’.

Cén chaoi ar forbraíodh na smaointe agus cén chaoi ar oibrigh na daoine óga, an t-ealaíontóir agus an múinteoir le chéile?

Thug Cleo Fagan agus Julie Clarke cuairt ar gach scoil rannpháirteach chun labhairt leis na scoláirí agus leis na múinteoirí faoi na healaíontóirí a gcasfaidís leo le linn an tionscadail.  Rinne Cleo cur i láthair lenar cuimsíodh roinnt íomhánna agus gearrthóga físe láidre de shaothar na n-ealaíontóirí chun fiosracht a spreagadh i measc na scoláirí roimh theacht na n-ealaíontóirí.

Tugadh cuireadh do gach duine de na healaíontóirí rannpháirteacha – Ruth Lyons, Sean Lynch, Clodagh Emoe, Eoghan Ryan – chun sraith ceardlann a dhearadh mar fhreagairt ar chomhthéacs na gcomórtha le hionchur ó na múinteoirí ealaíne. Bhí ceardlanna an-suimiúla againn dá réir inar pléadh le: smaointe zeitgeist polaitiúla agus cultúrtha; comóradh; comhchumhacht; ealaín phoiblí agus griogadh poiblí; greann mar ghearán; féiniúlacht phearsanta; saol an rialtais agus an saol laethúil; am agus fuinneamh; agus léiriúchán agus náisiúnachas.

Bhí gnéithe saibhre, dioscúrsacha, cruthaitheacha agus oideachasúla ag baint leis na ceardlanna trí dheiseanna chun plé a dhéanamh ar thuairimí, chun foghlaim faoi chleachtas ealaíne comhaimseartha, chun scileanna nua a fhoghlaim maidir le healaín a chruthú (e.g. múnla a dhéanamh agus roisín a theilgean). Chruthaigh na scoláirí a saothar ealaíne féin agus chuir siad i láthair do na múinteoirí agus do na healaíontóirí é le haghaidh critíc neamhfhoirmeálta os comhair phríomhoide na scoile agus na bpáirtnéirí tionscadail. Cur chuige a bhí ann a chuir sampla de staidéar a dhéanamh ar ealaín ag an tríú leibhéal ar bhealach.

Cuireadh leis an ngrúpa oibre ionas go gcuimseofaí leis Distinctive Repetition agus an scríbhneoir Sue Rainsford a dhear an ghrafaic agus a scríobh píosa le haghaidh an phóstaeir Waves atá ar fáil anois. Rinne Jenny Brady scannánú ar an bpróiseas agus bhí an-spraoi ag na scoláirí ag roinnt a gcuid oibre agus a gcuid smaointe ar ceamara.

Clodagh Emoe – Ealaíontóir

‘Bhí mo cheardlanna bunaithe ar ‘chumhacht na ndaoine’ agus thosaigh mé amach le cur i láthair inar taispeánadh roinnt samplaí de straitéisí ealaíne agus de chomhchumhacht a bhí le feiceáil san am a caitheadh. D’oibrigh na scoláirí i ngrúpaí agus leo féin, agus rinne siad deacrachtaí a imríonn tionchar orthu sa lá inniu a shainaithint agus a phlé. Bhí vóta daonlathach againn chun deacracht chonspóideach a roghnú agus rinneamar iniúchadh ar an deacracht chéanna agus chuireamar chun solais é ach úsáid a bhaint as straitéisí ealaíne.

Ruth Lyons – Ealaíontóir

‘Bhí mo cheardlann bunaithe ar úsáid a bhaint as múnla sileacóin agus as próisis teilgthe roisín chun dealbha cuimhneacháin aonair a chruthú. Rinne na scoláirí na saothair ealaíne chomórtha, mhaisiúla ach rud a roghnú a sheas d’ábhar riachtanach ina saol laethúil. Theilg siad na rudaí seo i roisín trédhearcach, rud a rinne an rud seo neamhbhásmhar go ceann blianta fada’.

Sean Lynch – Ealaíontóir

‘San áireamh leis an gceardlann a rinne mé i gColáiste Pobail Fhine Gall, breathnaíodh ar an ról atá ag saothar ealaíne maidir leis na háiteanna a bhfuilimid inár gcónaí iontu, agus maidir leis na hamanna a fheicimid é sa lá inniu. Tá eolas ag roinnt mhaith daoine ar threoirmharcanna agus ar dhealbha a bhaineann le 1916 ach tá go leor cineálacha éagsúla modheolaíochtaí ealaíne a tháinig chun cinn ó shin agus ba é cuspóir na ceardlainne chun iad a roinnt agus a chomóradh leis an scoil agus leis na scoláirí iontacha a raibh páirt acu inti. D’oibríomar chun sraith tograí tuairimeacha a chruthú. Bhí na tograí céanna bunaithe i gcomhráite a bhí faoi nádúr an tsaoil laethúil agus faoi na rudaí a fheictear gach lá, agus faoi céard a d’éireodh dóibh dá gceapfaí gur treoirmharc iad do na hamanna comhaimseartha a bhfuilimid iontu.’

Eoghan Ryan – Ealaíontóir

‘Nuair a chuir mé tús leis an gceardlann a chruthú smaoinigh mé ar an gceist ‘céard a choinníonn le chéile muid?’. Cheap mé go ndíreoinn ar na bratacha de bharr gur ábhar casta iad. Chuimseofaí leis sin, an cultúr ábhartha faoi na bratacha, an méid a d’fhéadfadh a bheith i gceist leo, dá mbeidís tábhachtach agus an chaoi chun tábhacht aonair nó shuibiachtúil de shaghas éigin a chur leo chun iad a nuashonrú nó chun an bonn a bhaint uathu. Iarradh ar chách chun a mbratacha féin a dhéanamh.  Nuair a scrios siad na bratacha agus nuair a labhair siad ar na bratacha a scriosadh i gcomhthéacs taispeántach nó ceannairceach – céard atá i gceist leis an ngníomh céanna, céard atá tú a dhéanamh.’

Cén taithí phearsanta a bhí agat ar an tionscadal i dtéarmaí ratha agus dúshlán?

Cuireadh obair mhór mhaith i gcrích de bharr na comhpháirtíochta cruthaithí idir na múinteoirí, na healaíontóirí, na coimeádaithe, Ealaíona Fhine Gall, agus na scoláirí.

Ba mhaith leis na scoláirí a dtaithí a roinnt:

Aiseolas ó na Scoláirí

‘Thaitin liom páirt a ghlacadh sna ceardlanna. Thaitin liom a bheith ag foghlaim ó dhaoine a d’oibrigh sna healaíona mar shlí bheatha. Thaitin liom go raibh cead againn ár rogha rud a dhéanamh gan aon srian – cé gurb é bunchloch na healaíne ní fhaighimid an deis chun é sin a dhéanamh ar scoil.’

– Scoláire, 17

‘Thaitin liom go raibh mé in ann mo chuid tuairimí a chur in iúl ar dheacrachtaí ar nós neamhionannais etc. Thaitin liom a bheith ag foghlaim faoi chinedheighilt agus faoi dheacrachtaí ollmhóra eile san am a caitheadh a d’imir tionchar ar an saol sa lá inniu’

– Scoláire, 16

‘Bhíomar in ann iniúchadh a dhéanamh ar rud éigin nua, nach raibh mar chuid de chlár na hArdteiste. D’fhoghlaimíomar go leor rudaí nua ó na healaíontóirí, agus go bhféadfadh aon chuma nó caoi a bheith ar ealaín mar a léirítear sna samplaí éagsúla sa taispeántas sleamhnán. Thaitin liom úsáid a bhaint as an roisín go bhfeicfinn cén bhail a bheadh ar chuimhneacháin gach duine.

– Scoláire, 16

Airím go bhfuil mé níos compordaí ag plé leis na healaíona tar éis na gceardlann. Is maith liom a bheith in ann aon fhoirm de mheán a tharraingt, a phéinteáil nó a úsáid chun labhairt ar mo rogha ábhar, ar mo rogha caoi, agus ag mo rogha am. Chuidigh na ceardlanna liom a bheith ar mo sháimhín só agus mé ag plé le cúrsaí ealaíne. Is féidir míle focal a chur in iúl le pictiúr, tuigim an méid atá i gceist leis sin anois.’

– Scoláire, 15

‘Thaitin liom a bheith ag foghlaim faoin obair a chuir na healaíontóirí i gcrích cheana. Bhain mé an-sásamh as na rudaí a chruthú agus chuir sé ar mo chumas úsáid a bhaint as mo chruthaitheacht agus as mo shamhlaíocht ina n-iomláine. Táim i bhfad níos géarchúisí anois... Is ábhar leathan í an ealaín agus is fada liom go bhfoghlaimeoidh mé tuilleadh fúithi.’

– Scoláire, 17

Cén tábhacht a bhain leis an tionscadal duit ar fiú a roinnt?

Léiríonn an scannán an suntas a bhaineann leis an tionscadal agus tá rogha leathan ann – Bhí an cineál ealaíne a chonaic na scoláirí deacair dóibh chomh maith leis an gcineál ealaíne a d’fhéadfaidís a chruthú, ach bhí cumas na scoláirí maidir le dialóg mheabhrach faoi ábhair chorraitheacha an-suntasach chomh maith céanna.  Dúirt roinnt scoláirí go gcuirfidís tuilleadh suime i gcúrsaí polaitíochta agus inár sochaí dá n-éistfeadh daoine fásta leo.  Léirigh siad a suim san aois vótála a ísliú ionas go bhféadfaidís tionchar a imirt ar dheacrachtaí atá tábhachtach dóibh ar laethanta vótála.

Ar athraigh aon rud i do chuid oibre mar gheall ar an tionscadal?

Siobhán Lynch, múinteoir ealaíne, Coláiste Pobail Fhine Gall

‘D’athraigh an tionscadal mo chur chuige mar oideoir maidir le teagasc agus le foghlaim i mo chuid ranganna. Ghlac mé páirt iomlán san obair ghrúpa sa seomra ealaíne agus mhol mé do na scoláirí agus lig mé cead dóibh a gcruthaitheacht a fhorbairt trí dhul i riosca agus triail a bhaint as meáin nua agus trí bheith ag féachaint ar an gcur chuige atá ag na healaíontóirí comhaimseartha maidir le fadhbanna agus ar an gcaoi a bhfaigheann siad réitithe cruthaitheacha dóibh.’

Anne Moylan, Múinteoir Ealaíne, Pobalscoil Bhaile an Hartaigh

‘Fuair mé an-léargas ar údair imní agus ar dheacrachtaí na scoláirí nach bhfuil aon chur i gcéill ag baint leo agus atá tábhachtach dóibh, rud nach dtarlaíonn go rómhinic sa seomra ranga.  Fuair mé deis iontach mar a gcuid múinteoir ealaíne agus imreoidh sé sin tionchar ar an obair a dhéanfaimid as seo amach’.

Inis scéal do thionscadail dúinn – Céard a spreag é? Céard faoi a raibh sé? Cé a bhí páirteach ann? Cén chaoi ar thosaigh tú?

Cleo Fagan – Superprojects, Coimeádaí

‘Sílim go mbíonn blianta an déagóra spreagúil i saol duine scaití, is iondúil go mbíonn na déagóirí fiosrach go hintleachtach agus go cruthaitheach agus go mbíonn siad sásta glacadh le smaointe casta, ag an am feiliúnach. Is coimeádaí mise a oibríonn le lucht féachana óg, le healaín chomhaimseartha agus le healaíontóirí, agus rinne sé ciall dom go n-oibreodh ealaíontóirí comhaimseartha ar leith go maith le daoine óga chun iniúchadh a dhéanamh ar smaointe a bhaineann le comhthéacs saibhir na gcomórtha ar Éirí Amach 1916. Rinne mé teagmháil le Julie Clarke de chuid Oifig Ealaíon Fhine Gall agus luaigh mé na smaointe seo ag tús na bliana 2015. Ar an dea-uair, bhí ár gcuspóirí ailínithe lena chéile, agus bhí an bheirt againn ag iarraidh oibriú ar rud éigin a chuirfeadh ar chumas na ndaoine óga páirt a ghlacadh i gcomórtha ar bhealach nua agus cruthaitheach.  Leanamar ar aghaidh ó shin, rinneamar teagmháil leis na healaíontóirí Ruth Lyons, Eoghan Ryan, Sean Lynch agus le Clodagh Emoe’.

Julie Clarke – Oifig Ealaíon Fhine Gall, Oifigeach Ealaíon Óige agus Oideachais

‘Bhí an deis ar fáil do na hiar-bhunscoileanna ar fad i gceantar Fhine Gall.  Bhí an-áthas orainn gur tháinig Coláiste Pobail Fhine Gall i Sord agus Pobalscoil Bhaile an Hartaigh i mBaile Átha Cliath 15 i dteagmháil linn agus suim acu, ó tharla go raibh aithne againn ar na scoileanna agus ar na múinteoirí ealaíne agus caidreamh láidir oibre eadrainn. Chas mé féin agus Cleo leis na múinteoirí ealaíne, Siobhán Lynch agus Anne Moylan, chun plé a dhéanamh ar na féidearthachtaí ealaíne agus chun pleanáil do thaithí thaitneamhach foghlama do na scoláirí. Fuaireamar tacaíocht ón gcomhpháirtíocht agus bhíomar in ann saoirse ealaíne a thabhairt do na healaíontóirí dá réir chun cur i láthair tosaigh a dhearadh a chuirfeadh na cleachtais ealaíne chomhaimseartha agus ábhair dhúshlánacha i láthair dóibh agus chun iarradh orthu cuimhneamh ar an ról atá ag an ealaín inár sochaí’.

Cén chaoi ar forbraíodh na smaointe agus cén chaoi ar oibrigh na daoine óga, an t-ealaíontóir agus an múinteoir le chéile?

Thug Cleo Fagan agus Julie Clarke cuairt ar gach scoil rannpháirteach chun labhairt leis na scoláirí agus leis na múinteoirí faoi na healaíontóirí a gcasfaidís leo le linn an tionscadail.  Rinne Cleo cur i láthair lenar cuimsíodh roinnt íomhánna agus gearrthóga físe láidre de shaothar na n-ealaíontóirí chun fiosracht a spreagadh i measc na scoláirí roimh theacht na n-ealaíontóirí.

Tugadh cuireadh do gach duine de na healaíontóirí rannpháirteacha – Ruth Lyons, Sean Lynch, Clodagh Emoe, Eoghan Ryan – chun sraith ceardlann a dhearadh mar fhreagairt ar chomhthéacs na gcomórtha le hionchur ó na múinteoirí ealaíne. Bhí ceardlanna an-suimiúla againn dá réir inar pléadh le: smaointe zeitgeist polaitiúla agus cultúrtha; comóradh; comhchumhacht; ealaín phoiblí agus griogadh poiblí; greann mar ghearán; féiniúlacht phearsanta; saol an rialtais agus an saol laethúil; am agus fuinneamh; agus léiriúchán agus náisiúnachas.

Bhí gnéithe saibhre, dioscúrsacha, cruthaitheacha agus oideachasúla ag baint leis na ceardlanna trí dheiseanna chun plé a dhéanamh ar thuairimí, chun foghlaim faoi chleachtas ealaíne comhaimseartha, chun scileanna nua a fhoghlaim maidir le healaín a chruthú (e.g. múnla a dhéanamh agus roisín a theilgean). Chruthaigh na scoláirí a saothar ealaíne féin agus chuir siad i láthair do na múinteoirí agus do na healaíontóirí é le haghaidh critíc neamhfhoirmeálta os comhair phríomhoide na scoile agus na bpáirtnéirí tionscadail. Cur chuige a bhí ann a chuir sampla de staidéar a dhéanamh ar ealaín ag an tríú leibhéal ar bhealach.

Cuireadh leis an ngrúpa oibre ionas go gcuimseofaí leis Distinctive Repetition agus an scríbhneoir Sue Rainsford a dhear an ghrafaic agus a scríobh píosa le haghaidh an phóstaeir Waves atá ar fáil anois. Rinne Jenny Brady scannánú ar an bpróiseas agus bhí an-spraoi ag na scoláirí ag roinnt a gcuid oibre agus a gcuid smaointe ar ceamara.

Clodagh Emoe – Ealaíontóir

‘Bhí mo cheardlanna bunaithe ar ‘chumhacht na ndaoine’ agus thosaigh mé amach le cur i láthair inar taispeánadh roinnt samplaí de straitéisí ealaíne agus de chomhchumhacht a bhí le feiceáil san am a caitheadh. D’oibrigh na scoláirí i ngrúpaí agus leo féin, agus rinne siad deacrachtaí a imríonn tionchar orthu sa lá inniu a shainaithint agus a phlé. Bhí vóta daonlathach againn chun deacracht chonspóideach a roghnú agus rinneamar iniúchadh ar an deacracht chéanna agus chuireamar chun solais é ach úsáid a bhaint as straitéisí ealaíne.

Ruth Lyons – Ealaíontóir

‘Bhí mo cheardlann bunaithe ar úsáid a bhaint as múnla sileacóin agus as próisis teilgthe roisín chun dealbha cuimhneacháin aonair a chruthú. Rinne na scoláirí na saothair ealaíne chomórtha, mhaisiúla ach rud a roghnú a sheas d’ábhar riachtanach ina saol laethúil. Theilg siad na rudaí seo i roisín trédhearcach, rud a rinne an rud seo neamhbhásmhar go ceann blianta fada’.

Sean Lynch – Ealaíontóir

‘San áireamh leis an gceardlann a rinne mé i gColáiste Pobail Fhine Gall, breathnaíodh ar an ról atá ag saothar ealaíne maidir leis na háiteanna a bhfuilimid inár gcónaí iontu, agus maidir leis na hamanna a fheicimid é sa lá inniu. Tá eolas ag roinnt mhaith daoine ar threoirmharcanna agus ar dhealbha a bhaineann le 1916 ach tá go leor cineálacha éagsúla modheolaíochtaí ealaíne a tháinig chun cinn ó shin agus ba é cuspóir na ceardlainne chun iad a roinnt agus a chomóradh leis an scoil agus leis na scoláirí iontacha a raibh páirt acu inti. D’oibríomar chun sraith tograí tuairimeacha a chruthú. Bhí na tograí céanna bunaithe i gcomhráite a bhí faoi nádúr an tsaoil laethúil agus faoi na rudaí a fheictear gach lá, agus faoi céard a d’éireodh dóibh dá gceapfaí gur treoirmharc iad do na hamanna comhaimseartha a bhfuilimid iontu.’

Eoghan Ryan – Ealaíontóir

‘Nuair a chuir mé tús leis an gceardlann a chruthú smaoinigh mé ar an gceist ‘céard a choinníonn le chéile muid?’. Cheap mé go ndíreoinn ar na bratacha de bharr gur ábhar casta iad. Chuimseofaí leis sin, an cultúr ábhartha faoi na bratacha, an méid a d’fhéadfadh a bheith i gceist leo, dá mbeidís tábhachtach agus an chaoi chun tábhacht aonair nó shuibiachtúil de shaghas éigin a chur leo chun iad a nuashonrú nó chun an bonn a bhaint uathu. Iarradh ar chách chun a mbratacha féin a dhéanamh.  Nuair a scrios siad na bratacha agus nuair a labhair siad ar na bratacha a scriosadh i gcomhthéacs taispeántach nó ceannairceach – céard atá i gceist leis an ngníomh céanna, céard atá tú a dhéanamh.’

Cén taithí phearsanta a bhí agat ar an tionscadal i dtéarmaí ratha agus dúshlán?

Cuireadh obair mhór mhaith i gcrích de bharr na comhpháirtíochta cruthaithí idir na múinteoirí, na healaíontóirí, na coimeádaithe, Ealaíona Fhine Gall, agus na scoláirí.

Ba mhaith leis na scoláirí a dtaithí a roinnt:

Aiseolas ó na Scoláirí

‘Thaitin liom páirt a ghlacadh sna ceardlanna. Thaitin liom a bheith ag foghlaim ó dhaoine a d’oibrigh sna healaíona mar shlí bheatha. Thaitin liom go raibh cead againn ár rogha rud a dhéanamh gan aon srian – cé gurb é bunchloch na healaíne ní fhaighimid an deis chun é sin a dhéanamh ar scoil.’

– Scoláire, 17

‘Thaitin liom go raibh mé in ann mo chuid tuairimí a chur in iúl ar dheacrachtaí ar nós neamhionannais etc. Thaitin liom a bheith ag foghlaim faoi chinedheighilt agus faoi dheacrachtaí ollmhóra eile san am a caitheadh a d’imir tionchar ar an saol sa lá inniu’

– Scoláire, 16

‘Bhíomar in ann iniúchadh a dhéanamh ar rud éigin nua, nach raibh mar chuid de chlár na hArdteiste. D’fhoghlaimíomar go leor rudaí nua ó na healaíontóirí, agus go bhféadfadh aon chuma nó caoi a bheith ar ealaín mar a léirítear sna samplaí éagsúla sa taispeántas sleamhnán. Thaitin liom úsáid a bhaint as an roisín go bhfeicfinn cén bhail a bheadh ar chuimhneacháin gach duine.

– Scoláire, 16

Airím go bhfuil mé níos compordaí ag plé leis na healaíona tar éis na gceardlann. Is maith liom a bheith in ann aon fhoirm de mheán a tharraingt, a phéinteáil nó a úsáid chun labhairt ar mo rogha ábhar, ar mo rogha caoi, agus ag mo rogha am. Chuidigh na ceardlanna liom a bheith ar mo sháimhín só agus mé ag plé le cúrsaí ealaíne. Is féidir míle focal a chur in iúl le pictiúr, tuigim an méid atá i gceist leis sin anois.’

– Scoláire, 15

‘Thaitin liom a bheith ag foghlaim faoin obair a chuir na healaíontóirí i gcrích cheana. Bhain mé an-sásamh as na rudaí a chruthú agus chuir sé ar mo chumas úsáid a bhaint as mo chruthaitheacht agus as mo shamhlaíocht ina n-iomláine. Táim i bhfad níos géarchúisí anois... Is ábhar leathan í an ealaín agus is fada liom go bhfoghlaimeoidh mé tuilleadh fúithi.’

– Scoláire, 17

Cén tábhacht a bhain leis an tionscadal duit ar fiú a roinnt?

Julie Clarke – Oifig Ealaíon Fhine Gall, Oifigeach Ealaíon Óige agus Oideachais

Léiríonn an scannán an tábhacht a bhaineann leis an tionscadal agus tá rogha leathan ann – Bhí an cineál ealaíne a chonaic na scoláirí deacair dóibh chomh maith leis an gcineál ealaíne a d’fhéadfaidís a chruthú, ach bhí cumas na scoláirí maidir le dialóg mheabhrach faoi ábhair chorraitheacha an-suntasach chomh maith céanna.  Dúirt roinnt scoláirí go gcuirfidís tuilleadh suime i gcúrsaí polaitíochta agus inár sochaí dá n-éistfeadh daoine fásta leo.  Léirigh siad a suim san aois vótála a ísliú ionas go bhféadfaidís tionchar a imirt ar dheacrachtaí atá tábhachtach dóibh ar laethanta vótála.

Ar athraigh aon rud i do chuid oibre mar gheall ar an tionscadal?

Siobhán Lynch, múinteoir ealaíne, Coláiste Pobail Fhine Gall

‘D’athraigh an tionscadal mo chur chuige mar oideoir maidir le teagasc agus le foghlaim i mo chuid ranganna. Ghlac mé páirt iomlán san obair ghrúpa sa seomra ealaíne agus mhol mé do na scoláirí agus lig mé cead dóibh a gcruthaitheacht a fhorbairt trí dhul i riosca agus triail a bhaint as meáin nua agus trí bheith ag féachaint ar an gcur chuige atá ag na healaíontóirí comhaimseartha maidir le fadhbanna agus ar an gcaoi a bhfaigheann siad réitithe cruthaitheacha dóibh.’

Anne Moylan, Múinteoir Ealaíne, Pobalscoil Bhaile an Hartaigh

‘Fuair mé an-léargas ar údair imní agus ar dheacrachtaí na scoláirí nach bhfuil aon chur i gcéill ag baint leo agus atá tábhachtach dóibh, rud nach dtarlaíonn go rómhinic sa seomra ranga.  Fuair mé deis iontach mar a gcuid múinteoir ealaíne agus imreoidh sé sin tionchar ar an obair a dhéanfaimid as seo amach’.

Spotsolas

Ealaíontóir(í):

Eoghan Ryan

Eoghan Ryan is an Irish visual artist based between London and Berlin. In 2015, he contributed to shows at the Irish Museum of Modern Art, NewShelterPlan, Copenhagen, Ellis King, Dublin and Kim? Contemporary, Riga amongst others. He also received the inaugural Critical Forum award at Plastik Moving Image Festival with LUX, TBGS and the IFI. He is currently co-curating Plural Melts, an intermittent events series at Yvonne Lambert Berlin, and has an upcoming solo presentation at Rowing Projects, London.

http://www.eoghanryan.ie/

Clodagh Emoe

Clodagh is an Irish visual artist with a BA in Fine Art from the National College of Art & Design, an MA in Fine Art from Chelsea College of Art & Design London,  and a PhD titled ‘Exploring the Philosophical Character of Contemporary Art Through a Post Conceptual Practice’ from GradCam/DIT. Clodagh has work included in private and public collections and has taken up residency awards in Ireland, Canada, USA, Iceland and Korea. Clodagh is a published author and has given talks/lectures internationally. Clodagh Emoe’s art practice often involves looking at what happens during events or gatherings - investigating philosophically and practically the possibilities of the collective.

http://www.clodaghemoe.com/

Ruth Lyons 

Ruth is an Irish visual artist with a BA in Fine Art (Sculpture), from the National College of Art and Design, Dublin.  In 2006 she completed an Erasmus programme with Vilnius Academy of Fine Art, Lithuania. Ruth has taken on Residency awards, and held international group and solo shows. Ruth’s writing has been published and she is Artist and co-director of The Good Hatchery, Co. Offaly.

http://www.ruth.ie/

Sean Lynch 

Sean is an Irish visual artist and spends most of his time between London and Limerick. Sean studied Fine Art at the Stradelschule Frankfurt am Main.  His multi-media practice has been exhibited in solo and group shows in Dublin, London, Bordeaux, Berlin and he has lectured and accepted awards internationally. In 2015 Sean represented Ireland at the Venice Biennale.

http://www.seanlynchinfo.com/

Eile:
(Coimeádaí, gníomhaireacht):

Superprojects

Superprojects is an initiative for young audiences that generates possibilities for creative encounters with contemporary art and artists. Superprojects builds on previous work by founder Cleo Fagan: school-based workshop and artist-residency programmes, festival events and child-centred exhibition programmes that have opened up the richness of national and international contemporary art practice to child participants; whilst actively fostering their development as meaning-makers and artists.

Fingal Arts Office

Fingal Arts Office has a county wide remit and education projects are delivered in partnership with schools, community groups, artists, curators, and other cultural and educational organisations. We investigate, plan and deliver programmes that give children and young people access to the arts that they would otherwise not have. Projects promote the principles of best practice and explore new ways of engaging artists, children and young people in meaningful artistic activities.

Ealaíontóir(í)

Ruth Lyons

Clodagh Emoe

Eoghan Ryan

Sean Lynch

Múinteoir(í)

Anne Moylan

Siobhan Lynch

Foirmeacha Ealaíne

Foirm il-ealaíne

Leibhéal

Iar-Bhunscoile

Scoil/Grúpa

Hartstown Community School, Dublin 15, Fingal Community College, Swords

Rannpháirtithe

45 students

Réigiún

Contae Bhaile Átha Cliath

Aois/Rang

4th year and 5th year

Dátaí

March – May 2016

Naisc

Ceannaireacht Ghníomhaireacht

Fingal County Council Arts Office

Comhpháirtithe eile

Superprojects

Príomhthéamaí / línte fiosrúcháin

Connecting young people, art and the political.

Snáitheanna Curaclaim

Visual Art, Art History & Appreciation, History, Politics & Society, English & Drama

Taighde nó foilseacháin ábhartha

Documentary Film by Jenny Brady:  http://vimeo.com/167734613

Graphic Poster by Distinctive Repetition available on request.

‘D’athraigh an tionscadal mo chur chuige mar oideoir maidir le teagasc agus le foghlaim i mo chuid ranganna.