ENGLISH

NUACHTLITIR



Cad a dhéanann hEalaíona i gcleachtas Oideachas cuma mhaith? Léigh faoi na próisis agus comhpháirtíochtaí taobh thiar thionscadail reatha tarlú ar fud na hÉireann.


IAF National Architects in School Programme


Inis scéal do thionscadail dúinn – Céard a spreag é? Cad faoi é? Cé a bhí páirteach ann? Cén chaoi ar thosaigh tú?

Derek O’Brien, Múinteoir: Is í seo an dara bliain dom a bheith bainteach le Tionscnamh Náisiúnta Ailtirí i Scoileanna. D’oibríomar le beirt ailtirí éagsúla ar feadh an ama sin agus d’oibríomar le Emily Power i mbliana. Tá mise ag múineadh Staidéar Foirgníochta agus grafaic dheartha agus chumarsáide le deich mbliana anois. Tá suim agam a bheith rannpháirteach ann le roinnt blianta ach níor ghlac mé páirt ann ach anuraidh agus ba é an chéad uair dom é. Cuireadh go leor ar mo shúile dom nuair a ghlac mé páirt ann. Tá sé de chumas ionam cuimhneamh go praiticiúil agus táim den tuairim nach bhfuil mé ró-chumasach ó thaobh rudaí cruthaitheachta de, agus is é an fáth nach bhféadfainn clár den sórt seo a sheachadadh liom féin, agus thapaigh mé an deis chun oibriú i gcomhar le hailtire a bhfuil réimse scileanna aici ar nós Emily. Bhí mé ag iarraidh duine éigin a thabhairt isteach a raibh smaointe nua aige chomh maith le bealaí nua chun rudaí a dhéanamh agus go bhfoghlaimeoinn go leor ó na scoláirí le cúnamh Dé. D’oibrigh mé féin agus Emily an-mhaith le chéile thar thréimhse an chláir, rud a bhí riachtanach ionas go ndéanfaí an tionscnamh a sheachadadh.

Emily Power, Ailtire: Ba í seo an tríú huair dom páirt a ghlacadh sa Tionscnamh Náisiúnta Ailtirí i Scoileanna ach an chéad uair dom oibriú i gcomhar le múinteoir adhmadóireachta agus i scoil mheasctha (a bhfuil buachaillí agus cailíní inti). Ba iontach an deis í mar ailtire oibriú lasmuigh de ról traidisiúnta an ailtire agus chun saol agus teanga na hailtireachta a thabhairt do na scoláirí. Baineadh úsáid as an gcéad chúpla ceardlann chun staidéar a dhéanamh ar an méid a dhéanann ailtire agus chun teanga na hailtireachta a chur i láthair do na scoláirí. Thosaigh na scoláirí ag úsáid teanga na hailtireachta chun comhrá lena chéile le linn dóibh a bheith páirteach i dtionscadail bheaga tógála agus i gcleachtaí a bhaineann le réiteach fadhbanna ar nós an fhoirgnimh scoile a mhapáil agus stólta a dhéanamh as cairtchlár. Athríodh an scála, agus rinne na scoláirí staidéar ar an gcaoi a ngluaiseann an pobal trí Thrá Mhór. Agus iad ag mapáil bealaí iompair phoiblí agus spásanna poiblí ina dtagann daoine le chéile, fuair siad amach go raibh gá le foscadh. Roghnaíodh seacht suíomh, ar an imeallbhord a bhí an chuid ba mhó acu agus chruthaigh na scoláirí pailliúin faoi leith do gach suíomh a chuir feabhas ar an spás don úsáideoir.

Cén chaoi ar forbraíodh na smaointe agus cén chaoi ar oibrigh na daoine óga, an t-ealaíontóir agus an múinteoir le chéile?

Derek: Bhí an-áthas orm leis an gcur chuige praiticiúil a bhí ag Emily maidir leis an tionscadal. Bhí suim mhór ag na scoláirí ón gcéad lá a bhuíochas léi. Ag an tús, thosaigh an grúpa ag déanamh staidéar ar fhoirgnimh éagsúla timpeall an domhain a bhí suntasach ó thaobh na hailtireachta de agus rinne siad taighde ar na foirgnimh agus ar na hailtirí a raibh suim acu iontu. Rinneamar staidéar ar chruth, ar dhathanna, ar riocht, ar ábhair agus ar an rud a thug spreagadh do na foirgnimh a thógáil. Ansin, dhear na scoláirí cathaoireacha/stólta a d’fhéadfaí a dhéanamh as cairtchlár nó as greamacháin etc. Ba iontach an cleachtadh é chun samhlaíocht agus cruthaitheacht an ghrúpa a thaispeáint. Ba iontach an spraoi a bhí againn nuair a rinneadh tástáil lena fháil amach ar éirigh leo (nó nár éirigh). I ndiaidh an mhéid seo ar fad, bhunaigh Emily ár bpríomhghné ar cheantar Thrá Mhór. Thug sí mapaí suirbhéireachta ordanáis thar na blianta go dtí an lá atá inniu ann chun forbairt an cheantair a chur i láthair. Rinne na scoláirí staidéar ar réimsí spéise, ar bhealaí thart ar an mbaile mór, ar fhoirgnimh shuntasacha agus ar deireadh, chuimhnigh siad ar fhoscadáin a dhearadh in áiteanna éagsúla poiblí ach úsáid a bhaint as an téama inbhuanaitheacht agus an fharraige. Bhí siad rannpháirteach go maith sa dearadh de bharr go raibh baint mhór aige lena saol féin agus chruthaigh siad sé shamhail iontacha.

Emily: D’oibrigh mise go dlúth le Derek chun clár a chruthú a d’fhéadfadh an bheirt againn a éascú. Thaitin sé go mór liom a bheith ag obair le múinteoir a bhí chomh díograiseach liom féin. Is follas gur thaitin Derek leis na scoláirí agus go raibh meas acu air agus go ndeachaigh gach rud ar aghaidh go binn. Chuir Derek tacaíocht den scoth ar fáil le linn na seisiún agus nuair nach raibh mé i láthair nuair a bhí obair le cur i gcrích idir na seisiúin.

Cuirtear forléargas ar chuid de na tascanna/gníomhaíochtaí ar oibrigh na scoláirí orthu ar fáil sa mhéid seo a leanas:

Staidéar Bosca & Stól: Bhí ar na scoláirí stól a dhéanamh de bhosca atá in ann ualach a iompar gan ach bosca cairtchláir a úsáid. Ní raibh de chead acu ach uirlisí gearrtha a úsáid agus ní greamacháin ná téip. Iarradh ar na scoláirí a mbosca a tharraingt ach teanga na hailtireachta a úsáid. Bhí orthu machnamh a dhéanamh ar struchtúr, ar ualaí agus ar mhodhanna chun an cairtchlár a neartú e.g. filleadh agus rolladh. Rinneadh athbhreithniú grúpa ag deireadh an tseisiúin ina bhfuair na scoláirí deis a stól a thástáil go bhfeice siad an mbeadh na stólta in ann a meáchan a thógáil.

Mapáil ar Scoil: Chun béim a chur ar thábhacht na breathnóireachta chuir mé de chúram ar na scoláirí áiteanna éagsúla na scoile a tharraingt gan plean agus gan uirlis tomhais. Agus iad ag obair i ngrúpaí beaga bhain siad úsáid as a gcoirp, as a dtruslóga agus as rudaí ar nós scuab urláir, chun limistéir a thomhais. Ansin, chruthaigh siad líníochtaí a bhí cruinn agus a bhí de réir scála...ní raibh cuma thraidisiúnta orthu, áfach!

Anailís a dhéanamh ar Thrá Mhór: Theastaigh uainn achoimre dhearaidh a chruthú chun spreagadh a thabhairt don tionscadal a dtabharfadh na scoláirí faoi ar feadh na 12 uair d’am comhroinnte ar an gceardlann. Bhí an t-ádh ar Ardscoil Na Mara agus iad i bhfoirgneamh scoile nua, a d’fhreastail ar a gcuid riachtanas go réasúnta maith, mar sin, thosaíomar ag féachaint thart ar an gceantar áitiúil de Thrá Mhór go bhfeicimid an raibh bealaí ann chun feabhas a chur ar an timpeallacht thógtha. Rinneamar staidéar ar theacht chun cinn an spáis phoiblí agus shóisialta ach úsáid a bhaint as mapaí éagsúla de Thrá Mhór, idir mhapaí nua agus mhapaí staire. Rinne siad staidéar ar an gcaoi ar ghluais daoine tríd an mbaile freisin agus rinne siad spásanna a shainaithint, spásanna ina dtagann daoine le chéile, idir mhuintir na háite agus turasóirí. D’éirigh leo, tríd na cleachtaí seo, seacht n-áit a d’fhéadfadh tairbhe a bhaint as idirghabháil deartha chun feabhas a chur ar thaithí na ndaoine ar na áiteanna céanna.

Tionscadal Deartha: Rinne na scoláirí seacht suíomh a shainaithint i dTrá Mhór a bhainfeadh tairbhe as idirghabháil deartha. Bhí sé cinn acu seo lonnaithe i gceantair phictiúrtha ar an imeallbhord a mbíonn tóir ag muintir na háite agus ag turasóirí orthu. Is páirc é an suíomh deiridh atá in aice leis an séipéal agus le scoileanna ag a bhfanann scoláirí lena dtuismitheoirí agus ag a gcasann gnáthóirí eaglaise le chéile tar éis an Aifrinn.

Treoir le haghaidh dearadh – ba riachtanais iad an méid seo a leanas maidir leis an dearadh deiridh:

  • gur foscadh a bheadh ann
  • go mbeadh sé ina spás fóillíochta/láthair chruinnithe
  • go mbeadh sé ina áit feistis do shnámhóirí/do shurfálaithe
  • go mbeadh sé ina láthair scíthe ag ionaid amhairc.

Agus na scoláirí ag tabhairt faoin dearadh, rinne siad machnamh ar threo na gaoithe, ar uiscedhíonadh, ar sholas na gréine, ar an mbail a bhí ar an talamh, ar na hábhair, ar na húsáideoirí deiridh, ar stóráil, ar phríobháideachas, ar rochtain, ar chomharthaíocht, agus ar neamhchosaint. Chun a gcuid smaointe a chur i láthair, bhain siad úsáid as na scileanna a d’fhoghlaim siad le linn an chláir. Tharraing siad ar phictiúir, tharraing siad pleananna, codanna agus ingearchlónna agus chruthaigh siad samhlacha chun a gcuid dearaí a léiriú.

Miondealú ar na seisiúin: Is é an paca acmhainní scoile de chuid Fhoras Ailtireachta na hÉireann Mo Dhialann Deartha Ailtireachta’ a thugtar do gach scoláire, múinteoir agus ailtire atá rannpháirteach sa Tionscnamh Náisiúnta Ailtirí i Scoileanna. Leagtar amach sa dialann, sraith treoirlínte tionscadail atá spreagúil agus úsáideach chun tacaíocht a thabhairt do thuras an rannpháirtí sa tionscadal.

Tá deich gcaibidil ann ina dtugtar treoir do na rannpháirtithe maidir le próiseas deartha lena gcuimsítear taighde, spás suirbhéireachta, dearadh, smaointe a chur i láthair, plé agus machnamh. Is iad na treoirlínte tionscadail a spreagann foghlaim ghníomhach agus is féidir leis na scoláirí roghnú ó réimse modhanna cruthaitheacha lena n-áirítear tarraingt, scríbhneoireacht, samhlacha a dhéanamh, mapáil, sceitseáil, scannánaíocht agus grianghrafadóireacht. Is iad na téamaí tionscadail a thugann treoir do na múinteoirí agus do na scoláirí trí réimsí teicniúla d’ailtireacht, agus spreagann siad taighde ar shamplaí áitiúla agus idirnáisiúnta.

Cén taithí phearsanta a bhí agat ar an tionscadal i dtéarmaí ratha agus dúshlán?

Emily: Is breá liom a bheith ag obair leis na scoláirí. Tá na seisiúin an-taitneamhach agus cruthaitheach ach bíonn siad an-ghnóthach mar sin féin. Is cineál difriúil ranga do na scoláirí é, agus níl an rang chomh struchtúrtha céanna. Bíonn sé dúshlánach scaití spreagadh a thabhairt do na scoláirí cuimhneamh go cruthaitheach nuair a bhíonn sé de nós acu teacht ar réiteach faidhbe amháin go traidisiúnta, is réimse foghlama é seo atá i bhfad níos cruthaithí agus níos fairsinge. Bhí orainn spás a chruthú ina spreagfaí gach smaoineamh. Thóg sé roinnt ama ar na scoláirí glacadh le smaointeoireacht chruthaitheach agus leis an obair trí chéile. Ba í seo an chéad uair do roinnt scoláirí a bheith ag obair i ngrúpa, agus tá an taithí seo fíorluachmhar dá n-oideachas as seo amach. Nuair atáthar ag obair le scoláirí na hidirbhliana, faightear deis dul i dtaithí ar bhunphrionsabail na hailtireachta agus an deartha arís. Ba iontach an deis a bhí ann do na scoláirí a bheith rannpháirteach ina bpobal áitiúil arís. Creidimse gur cuireadh ar a gcumas tabhairt faoi deara go raibh siad in ann rud éigin a dhearadh a dhéanfadh leas don phobal i gcoitinne.

Cén tábhacht a bhain leis an tionscadal duit ar fiú a roinnt?

Derek: Chuireamar ár dtionscadail ar taispeáint sa scoil agus thugamar cuireadh don Seanadóir áitiúil, Grace O’Sullivan le bheith i láthair agus chun féachaint ar ár gcuid oibre. D’éirigh go geal leis an ócáid. Fuair na scoláirí deis a gcuid smaointe a chur i láthair agus bhí Grace in ann ceisteanna suimiúla a chur ar na scoláirí agus bhí sí in ann spreagadh a thabhairt dóibh le bheith rannpháirteach i ndíospóireacht faoina gcuid tionscadal. Bhí sí an-tógtha leis na dearaí. Is iad an grúpa ailtirí agus tógálaithe a bhí ag tabhairt cuairt ar an scoil an lá sin, a d’fhreastail ar an ócáid agus phléigh siad a gcuid smaointe leis na scoláirí.

Emily: D’oibrigh na scoláirí le chéile i ngrúpaí chun a bpailliúin a dhearadh do spásanna poiblí i dTrá Mhór. Cuireadh an obair ar fad le chéile i dtaispeántas a chuireamar ar siúl sa scoil do na múinteoirí, don phríomhoide agus don Seanadóir áitiúil Grace O’Sullivan. Cheap mé gur chleachtadh iontach a bhí ann do na scoláirí agus iad ag obair go crua le chéile chun cur i láthair béil a chruthú. Fuair siad an deis labhairt ar a gcuid smaointe agus ar a gcuid inspioráidí deartha agus chun ceisteanna an tSeanadóra a fhreagairt. Chomh maith leis sin, fuair na scoláirí deis a dtionscadail a chur i láthair ag Taispeántas Náisiúnta na nAiltirí i dTionscnamh na Scoileanna i dTulach Mhór arna eagrú ag Foras Ailtireachta na hÉireann. Cuireadh deis eile ar fáil do na scoláirí dá bharr seo chun a dtionscadail a phlé le daoine ó scoileanna eile ar fud na hÉireann agus go bhfeice siad an cur chuige a bhí ag scoláirí eile maidir lena gcuid tionscadal.

Ar athraigh aon rud i do chuid oibre mar gheall ar an tionscadal?

Derek: Ó tharla gur oibrigh mise agus na scoláirí ar an tionscnamh, táimid an-bhuíoch den cheantar áitiúil, de dhearadh, d’ailtireacht agus d’inbhuanaitheacht. D’fhoghlaim mise go pearsanta bealaí nua chun ábhair a chur i láthair do mo ranganna chomh maith le páirt ghníomhach a thabhairt dóibh agus bheinn dóchasach go leanfaimis ar aghaidh leis an gclár sa scoil as seo amach.

Emily: Fuair mé dearcadh nua ar an gcaoi ar féidir leis an bpobal páirt a ghlacadh in ailtireacht, nuair a ghlac mé féin páirt sa chlár. Is cúis dóchais gur chuir na scoláirí suim in ailtireacht agus agus sa tionchar féideartha atá ag dearadh ar an gcaoi a mbíonn siad rannpháirteach sa timpeallacht thógtha.

Fondúireacht Ailtireachta na hÉireann ag tóraíocht ailtirí agus céimithe ailtireachta chun páirt a ghlacadh sa Tionscnamh Náisiúnta Ailtirí i Scoileanna 2017–18. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, cliceáil anseo.

www.architecturefoundation.ie/project/naisi/

www.mydesignjournal.ie/

twitter.com/NASI_Ireland

facebook.com/irisharchitecturefoundation/

Spotsolas


Ealaíontóir(í):

Emily Power is an architect based in Waterford. She graduated from UCD in 2008 and has worked in architectural practices in Dublin and Montreal. She has experience in both the domestic and healthcare fields. Emily worked as an Consultant Curator for Waterford Healing Arts Trust, Ireland's leading Arts and Health organisation in Waterford University Hospital where she oversaw several public art commissions for the HSE.

She had previously worked with Centre for Talented Youth in DCU as an architectural instructor for primary aged students

 


Múinteoir(í):

I am currently teaching in Ardscoil na Mara, Tramore.  I have been teaching in Tramore the last 6 years.  Ardscoil na Mara is a new school built in 2014 as an amalgamation of the CBS Tramore and Stella Maris.  It currently has approximately 1,100 students.

I currently teach Materials Technology Wood, Construction Studies, Technical Graphics and DCG.  I have now participated in Architects in schools for the last two years.  I have followed the programme for the last number of years and applied when I was given Transition Year groups.

The programme gives me an opportunity to experience new things and ideas that hopefully I can bring into my teaching.


Eile:
(Coimeádaí, gníomhaireacht):

The IAF is a vibrant and passionate organisation that excites people about the cultural value of architecture. Our main emphasis is public awareness and education and the National Architects-in-Schools Initiative delivers this core aim.

The National Architects in Schools Initiative provides transition Year students with first-hand experience of the design process under the guidance of an architect or architectural graduate. Architects and teachers are trained to work collaboratively to deliver student workshops over a 12 hour period of class contact time. The initiative is supported by on-line resources and an IAF publication for students, teachers and architects called My Architecture Design Journal. (www.mydesignjournal.ie)

The programme is entering its fifth year after successfully completing the initial two-year pilot from 2013-15 with a cohort of 25 schools. In 2015 we increased the number of schools on the programme to 30 allowing us to broaden our reach across the country ensuring a broad spectrum of schools in rural, urban and sub-urban contexts. This year we had schools from 16 different counties in Ireland taking part including Donegal, Leitrim, Longford, Laois, Roscommon, Galway, Mayo, Limerick, Kerry, Cork, Tipperary, Waterford, Wexford, Kilkenny, Meath and Dublin.

The IAF initiated and delivered Ireland’s first national architects-in-schools programme in 2010, A Space for Learning, which placed 120 architects in 90 schools across 23 counties. 1500 Transition Year students participated in a school design project with an architect. The programme achieved all its educational aims and proved the demand from schools for similar projects.

Architects-in-Schools projects provide students with opportunities to use design thinking, innovation and to engage in cross curricular learning. Participation based projects succeed in making the built environment relevant to students and help to foster a sense of collective ownership of Ireland’s architectural heritage.


Ealaíontóir(í)

Emily Power, Architect

Múinteoir(í)

Derek O’Brien, Teacher


Foirmeacha Ealaíne

Ailtireacht

Leibhéal

Iar-Bhunscoile

Scoil/Grúpa

Ardscoil na Mara, Tramore, Waterford


Rannpháirtithe

24


Réigiún

Port Láirge

Aois/Rang

Transition Year (15/16 years old)


Dátaí

06.10.16 - 02.02.17


Naisc


Ceannaireacht Ghníomhaireacht

Irish Architecture Foundation (IAF)


Príomhthéamaí / línte fiosrúcháin

Architecture and the community, creating spaces to facilitate public engagement with the local area


Snáitheanna Curaclaim

Art, Geography, Technical Graphics, Construction Studies, Wood-work, Mathematics, Physics


Taighde nó foilseacháin ábhartha

IAF Publications:

My Architecture Design Journal (Student Journal and Teachers’ Handbook) published 2013;
Place Shapers, pub. 2012;
A Space for Learning, pub. 2010



It can be challenging to encourage students to think creatively when traditionally they are expected to come up with one solution to a problem.

Emily Power, Architect

Exhibition with Green Party Senator Grace O’Sullivan

Students from Ardscoil na Mara

Students from Ardscoil na Mara

Map with Models

Ardscoil na Mara, photo credit Ste Murray

The Final Model

IAF National Architects in School Programme, photo credit Ste Murray

Students from Ardscoil na Mara




Similar Projects

(c) Danny Moynihan, courtesy Irish Architecture Foundation

National Architects in Schools Initiative

D’fhiosraigh daltaí na hIdirbhliana ó Choláiste Choilm i gCorcaigh ailtireacht agus dearadh ina gceantar áitiúil.

Read Article