ENGLISH

NUACHTLITIR



Cad a dhéanann hEalaíona i gcleachtas Oideachas cuma mhaith? Léigh faoi na próisis agus comhpháirtíochtaí taobh thiar thionscadail reatha tarlú ar fud na hÉireann.


Tionscadal na Comhpháirtíochta idir Múinteoirí-Ealaíontóirí (TAP) - Scoil Náisiúnta Muire gan Smál


Image copyright Teacher -Artist Partnership - Teacher Vera McGrath & Artist Claire Halpin - Scoil Náisiúnta Muire gan Smál, Cartown, Co.Louth

Cóipcheart Íomhá: Comhpháirtíocht idir Múinteoir-Ealaíontóir - Múinteoir Vera McGrath agus an tEalaíontóir Claire Halpin - Scoil Náisiúnta Muire gan Smál, Carastún, Co. Lú

Tionscnamh ar leith de chuid na Roinne Oideachas agus Scileanna is ea An Chomhpháirtíocht idir Múinteoirí-Ealaíontóirí chun tacú leis na healaíona san oideachas i mbunscoileanna agus iad a fheabhsú. Tá Cúrsa Samhraidh Forbartha Gairmiúla Leanúnaí agus clár cónaitheachta ina gcuid de phríomhshruth obair na Roinne Oideachais agus Scileanna anois agus tá Cúrsaí Samhraidh (laethanta Saoire Pearsanta Breise) saor in aisce, atá ceadaithe ag an Roinn, ina gcuid de agus ag feidhmiú i ngach ceann den 21 Ionad Oideachais lánaimseartha in Éirinn. Áirítear deiseanna maoinithe le haghaidh Ealaíontóirí Cónaithe leis an tionscnamh ina n-oibreoidh múinteoirí agus ealaíontóirí rannpháirteacha le chéile i mbun comhshaothair sa Scoil i rith na bliana acadúla a leanas.

Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo.

Inis scéal do thionscadail dúinn – Céard a spreag é? Cad faoi é? Cé a bhí páirteach ann? Cén chaoi ar thosaigh tú?

Ba é an tionscadal seo Céim 2 de Thionscnamh na nEalaíon san Oideachas – Ag Féachaint ar Chomhpháirtíocht idir Múinteoirí/Ealaíontóirí mar Mhúnla Forbartha Gairmiúla Leanúnaí chun Tacú le hOideachas Ealaíon agus é a Fheabhsú. Tá trí chéim i gceist leis an tionscnamh agus tá sé á reáchtáil agus modheolaíocht agus prionsabail maidir le Gníomh-Taighde á n-úsáid.

- Céim 1 - Cúrsa Samhraidh: 18-22 Lúnasa 2014 (Oiliúint do Theoirmhúinteoirí agus do Threoirealaíontóirí)

- Céim 2 - Oibríonn Treoirmhúinteoirí ina scoil/seomra ranga féin leis an Treoirealaíontóir - Tionscadal a mhair 20 uair an chloig

- Céim 3 - Cúrsa Samhraidh 2015: Cuireann an Treoirmhúinteoir & Treoirealaíontóir cúrsaí samhraidh ar fáil ar bhonn réigiúnach

Tionscnamh de chuid na Roinne Oideachais agus Scileanna is ea é a forbraíodh mar fhreagairt ar na cuspóirí a leagadh amach sa Chairt. D’ainmnigh Ionad Oideachais Mhuineacháin Vera McGrath (treoirmhúinteoir) agus d’ainmnigh Áras Nua-Ealaíne na hÉireann (IMMA) Claire Halpin (treoirealaíontóir – amharc-ealaíontóir).

Cén chaoi ar forbraíodh na smaointe agus cén chaoi ar oibrigh na daoine óga, an t-ealaíontóir agus an múinteoir le chéile?

Bhíomar ag iarraidh ón tús go mbeadh an tionscadal an-oscailte agus an chomhpháirtíocht idir an t-ealaíontóir agus an múinteoir sa seomra ranga a iniúchadh go mór agus ligean do ghrúpa an ranga an treo a ghlacfaí leis an tionscadal a threorú. Mhoillíomar luas ár bpróiseas oibre agus ghlacamar am chun ár n-obair chruthaitheach a phlé agus an tionscadal á fhorbairt. Ba é smaoineamh na háite an téama a bhí againn agus tús á chur leis – Cá háit d’áit-se? Cad a chiallaíonn d’áit-se duitse?

Thosaíomar le hobair líníochta – ag mapáil ár dturas chun na scoile agus abhaile, líníochtaí dalla agus léarscáileanna mionsonraithe, ag bailiú uigeachtaí ó rudaí máguaird agus ónár spás fisiciúil, ag caint faoi spásanna nádúrtha is de dhéantús an duine agus faoi fhuaimeanna máguaird. Thug muid cuairt ar Parallel Visions: Dealbhóireacht agus Suiteán ó Bhailiúchán IMMA ag Dánlann High Lanes, Droichead Átha. Threoraigh Vera an chuairt agus í ag úsáid cur chuige leis an ngrúpa bunaithe ar fhiosrúchán – Cad a fheiceann tú? Cad a fheiceann tú a thugann ort sin a rá? D’fhág sé go raibh an grúpa in ann an saothar a iniúchadh go mór agus a thréithe fisiciúla a phlé, conas a rinneadh é chomh maith leis na téamaí agus smaointe sna saothair ealaíne.

Ag leanúint ar aghaidh leis sin sa seomra ranga, d’iniúchamar páipéar mar ábhar tógála. Rinneamar go leor rudaí éagsúla le páipéir dhifriúla, iad a pholladh, a rolladh, a phléatáil, a lúbadh, a fhilleadh, a mhúnlú, a ghearradh, a ghreamú, a fhrainseáil, a shnaidhmeadh, a bhrúscadh, a leacú, a ghreamú le bioráin, a chur ar shnáithe, a stápláil, a stróiceadh, a chur i sraitheanna, a mhaisiú agus a chur i dtrilseáin chun tástáil cé chomh láidir, marthanach, daingean agus a bhí na páipéir. D’fhéachamar freisin ar an meáchan ab fhéidir leis na páipéir a iompar chomh maith leis na meáchain, gráid agus uigeachtaí difriúla páipéir a bhí oiriúnach do na rudaí ar thug na rannpháirtithe faoi a chruthú.

I gcaitheamh na seachtainí ina dhiaidh sin, d’fhorbair an grúpa na teicnící seo agus na saothair ealaíne pleanáilte lena léireofaí an smaoineamh faoi áit – cá háit a bhfuil an áit speisialta agat-sa? De réir mar a forbraíodh na pleananna, rinneamar na smaointe agus téamaí a mheas i ngrúpsheisiúin léirmheastóireachta. Labhraíomar faoin áit a gcuirfí na saothair ealaíne seo sa domhan i ndáiríre – comhthéacs agus scála. Bhreathnaíomar ar shaothar ealaíontóirí eile agus muid ag plé scála agus spáis. Bhí an grúpa i gcónaí ag forbairt a scileanna teanga chun ealaín agus smaointeoireacht chriticiúil agus machnamh criticiúil a phlé.

Agus an bhéim á coinneáil ar oscailteacht an tionscadail, thugamar cead don ghrúpa cibé ábhair lenar theastaigh uathu oibriú a roghnú agus d’fhorbraíomar a gcuid teicnící agus próiseas agus acmhainn chruthaitheach agus iad ag oibriú leis na hábhair seo chun a gcuid saothar ealaíne a chruthú. D’oibríomar ar na píosaí seo i gcaitheamh roinnt seachtainí agus an grúpa ag iniúchadh agus ag foghlaim theicnící na n-ábhar a roghnaigh siad chun oibriú leo agus a gcuid saothar ealaíne aonair á dtabhairt chun feabhais agus á bhforbairt acu.

Cén taithí phearsanta a bhí agat ar an tionscadal i dtéarmaí ratha agus dúshlán?

Claire Halpin, Ealaíontóir 

Bhí cruthaitheacht, samhlaíocht agus obair chrua an ghrúpa dochreidte maith. Bhí saintréithe ar leith a gcuid saothair iontach, mar a bhí na slite inar chuir siad a gcuid oibre in iúl chomh maith lena gcuid próiseas cruthaitheach aonair. Ba ghrinn géar an fócas a choinnigh siad ar an tionscadail, agus ba mhór braistint na húinéireachta a bhí acu faoin tionscadal agus d’fhorbair siad a gcuid féinmhuiníne as a gcuid scileanna agus cruthaitheachta. Taithí nua ab ea é dóibh oibriú sa tslí seo, agus thug an cur chuige sin a ndúshlán toisc gur mhó an cleachtadh a bhí acu ar threoracha díreacha agus saothair ealaíne shonracha a chruthú.

Mothaím gur fhág an iontaoibh asam féin agus Vera sa chomhpháirtíocht, chomh maith leis an iontaoibh as a chéile agus as an ngrúpa gurbh fhéidir leis na torthaí seo teacht chun cinn. D’oibríomar go han-mhaith le chéile – gach duine ag stiúradh sa chás gur chuí agus gurbh ábhartha sin agus laistigh de sin, d’fhoghlaimíomar go leor faoi phróisis oibre agus faoi theanga a chéile maidir le bheith ag plé ealaíne agus ár gcuid cur chuige agus cleachtas aonair. Bhí go leor pleanála i gceist leis an tionscadal seo ar bhonn seachtainiúil agus chaithimis am gach seachtain freisin ag meas agus ag oibriú amach cá háit a rachaimis amach as sin leis an ngrúpa, ag déanamh anailíse ar a bhfreagairtí ar gach seisiún.

Grúpa ar leith a bhí ann sa mhéid gur grúpa iad a cruthaíodh as an nua don tionscadal, agus é comhdhéanta de 13 leanbh ón ngrúpa tacaíochta foghlama, lenar cuimsíodh speictream daltaí le riachtanais difriúla lena n-áirítear iad siúd a raibh buanna acadúla acu, daltaí disléicseacha/diospraicseacha agus daltaí ar speictream an uathachais. Toisc gur ghrúpa beag a bhí ann, bhí sé d’ádh orainn go rabhamar in ann ligean do na leanaí oibriú sa mheán a roghnaigh siad. Bhí sin dúshlánach ó thaobh ama dúinne toisc go raibh orainn na scileanna agus teicnící praiticiúla maidir le bheith ag obair leis an ábhar a roghnaigh siad a mhúineadh do gach leanbh. D’fhág sé freisin go rabhamar féin mar mhúinteoir agus ealaíontóir in ann dul sa seans leis an tionscadal agus an cur chuige seo a thriail agus iontaoibh as a chéile agus as an ngrúpa a fhorbairt. Agus sin á dhéanamh againn, bhí an grúpa in ann a fheiceáil nach raibh na freagairtí againne i gcónaí ach go n-oibreoimis amach é, rud atá de dhlúth agus d’inneach na cruthaitheachta agus phróiseas an ealaíontóra. D’fhág sin, dar liomsa, go raibh na leanaí in ann breathnú orthu féin mar ealaíontóirí a bhí ag cruthú saothar ealaíne uathúil aonair a raibh ciall phearsanta acu dóibh féin. Rud buntábhachtach a bhain leis seo ab ea na comhráití rialta mar ghrúpa chun a gcuid oibre féin a mheas chomh maith le próisis chruthaitheacha an tionscadail.

D’fhoghlaim mé an t-uafás faoi bheith ag moilliú an luais – ag tógáil ama i ndáiríre agus ligean do na saothair ealaíne teacht chun cinn agus na forbairtí sin a phlé i rith an ama. Cuar foghlama dom féin ab ea an cur chuige bunaithe ar fhiosrúchán maidir leis an gcuairt ar an taispeántas, a bhain le bheith ag plé saothar ealaíne agus conas a chruthaíonn an cur chuige seo cuimhní fíorláidre do na rannpháirtithe ar na saothair ealaíne agus ar an taithí ar bheith ag breathnú ar ealaín. Rud is ea na gnéithe seo a thabharfaidh mé liom féin ón taithí iontach a bhain le bheith ag obair sa tionscadal comhpháirtíochta seo. Bhí díograis an mhúinteora agus ghrúpa an ranga i leith an tionscadail agus na comhpháirtíochta criticiúil don phróiseas agus d’fhág gur tionscadal fíorláidir a bhí ann, lenar cumasaíodh na torthaí agus taithí foghlama dearfacha cruthaitheacha a tháinig as.

Vera McGarth, Múinteoir 

Tagaim leis na tuairimí ar fad a chuir Claire in iúl thuas. Chuir cumas na ndaltaí óga seo lena gcuid smaointe a chur in iúl sceitimíní agus fíoriontas orm, chomh maith lena chruthaithí is a bhí siad ina gcur chuige i leith na smaointe sin a fhíorú le hábhair amharc-ealaíne. Chruthaigh an taithí ar fad nasc iontach eadrainn ar fad, mé féin, Claire agus na leanaí, agus breathnaím orthu go léir ar bhealach difriúil anois. Mar sin tháinig an chomhpháirtíocht faoi bhláth agus claochlú air ó chomhpháirtíocht idir múinteoir agus ealaíontóir go fiontar idir leanaí/ealaíontóir/múinteoir inar malartaíodh róil go rialta. Is minic go raibh ar Claire agus orm féin a bheith fíoroscailte do bheith ag foghlaim ó na leanaí agus faoi na leanaí lena rabhamar ag obair. Bhaineamar triall as go leor rudaí éagsúla, agus d’fhág Claire agus mé féin treo an tionscadail go dtiocfadh sé chun cinn go nádúrtha, seachas gach cuid de a phleanáil go docht daingean ó thús deireadh. D’fhágamar an bhéim ar an táirge críochnaithe i leataobh agus choinníomar ár bhfócas go hiomlán ar an bpróiseas, ag cruinniú na leanaí timpeall go rialta chun machnamh a dhéanamh ar mar a bhí siad ag dul chun cinn agus ar na smaointe, léargais agus tuiscintí a bhí ag teacht chun cinn.

Cosúil le Claire, ba í an bhainistíocht ama an dúshlán ba mhó domsa, go háirithe toisc gur thugamar lánsaoirse do na daltaí maidir le hábhair a roghnú dá bpíosa deiridh. D’fhoghlaim mé faoi bheith ag moilliú an luais freisin – an t-am atá ag teastáil don phróiseas, agus atá tuillte aige, a thabhairt dó agus an luach a bhaineann leis seo a aithint, rud nach n-éiríonn le múinteoirí a dhéanamh go minic toisc go mbíonn siad faoi bhrú maidir le spriocanna is ionchais a chomhlíonadh agus maidir le curaclaim a chríochnú is iad faoi smacht na gclár ama. Go pearsanta, d’fhoghlaim mé an t-uafás ó Claire, a thug an domhan amuigh isteach inár seomra ranga agus a mhúin dom dul níos faide agus amach as agus os cionn an tseomra ranga, na scoile agus an churaclaim le mo chuid smaointeoireachta.

Tá an nasc lenár suíomh gréasáin, atá le feiceáil thíos, criticiúil chun blas a fháil ar thréithe an tionscadail seo. Déanfar dhá chúrsa samhraidh anois de na haschuir foghlama a bhain leis an obair a rinne Claire agus mé féin i gcomhpháirtíocht, agus rithfear na cúrsaí sin i samhradh 2015 do mhúinteoirí bunscoile agus ealaíontóirí ó dhisciplíní difriúla in dhá ionad i réigiún an Oirthuaiscirt agus i réigiún Thuaisceart Bhaile Átha Cliath. Treoróidh Claire agus mé féin na cúrsaí seo agus tabharfaimid linn saibhreas na foghlama agus na léargas a fuaireamar chun cabhrú le comhpháirtíochtaí nua idir ealaíontóirí agus múinteoirí a chothú sa chaoi go mbeidh i bhfad níos mó de na leanaí inár mbunscoileanna in ann taitneamh agus tairbhe a bhaint as an bpribhléid le hoibriú ar bhealach chomh iomlánaíoch, cruthaitheach, intleachtúil, féinspreagtha agus tarraingteach. Thairis sin, tá súil againn go dtiocfaidh múinteoirí bunscoile ar an tuiscint, mar atá againne anois, faoin luach a bhaineann le bheith ag obair sa tslí seo agus go bhfeicfidh ealaíontóirí inár bpobail na léargais, eolas agus scileanna iontacha atá le tairiscint acu do shaol an oideachais agus a mhéid is atá le fáil acu féin má ghlacann siad páirt ann.

Spotsolas


Ealaíontóir(í):

Amharc-ealaíontóir, léiritheoir agus éascaitheoir is ea Claire Halpin, atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath agus a raibh a saothair le feiceáil i dtaispeántais aonair agus i ngrúpthaispeántais i bhfad agus i ngar in Éirinn agus go hidirnáisiúnta. Cuireadh ar ghearrliosta le déanaí í le haghaidh Duais Ealaíne mór le rá Savills at VUE 2018. Mar éascaitheoir, oibríonn Claire le grúpaí i raon comhthéacsanna lena n-áirítear na healaíona san oideachas, iarsmalanna, sláinte, tionscadail ealaíne poiblí, tionscadail ar bun i bpobail agus tá sí ag obair faoi láthair ar Thionscadal Scoileanna Comharsanachta VTS de chuid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Fuair sí taithí luachmhar agus í ag éascú ceardlann le breis is 20 bliain, taithí a úsáideann sí go leanúnach chun meastóireacht a dhéanamh ar an bpróiseas cruthaitheachta agus forbartha, agus cur leis, próiseas a bhíonn ag éabhlóidiú de shíor laistigh de thionscadail chomhoibritheacha agus rannpháirteacha agus laistigh dá cleachtas ealaíne féin.

clairehalpin2011.wordpress.com/


Múinteoir(í):

Bíonn Vera McGrath ag múineadh ar bhonn leath-ama i Scoil Náisiúnta Muire gan Smál, Carastún, Tearmann Feichín, Co. Lú.  Tá a cleachtas ealaíne féin aici bunaithe ar an líníocht go príomha ach tá sí ag forbairt a scileanna le hobair le cré faoi láthair.  Tá sí tar éis a bheith i mbun na Forbartha Gairmiúla Leanúnaí do mhúinteoirí sna hAmharc-Ealaíona ó 2007 agus í ag obair i scoileanna agus in Ionaid Oideachais ar fud na tíre. Leanann sí ar aghaidh le bheith ag tabhairt cúrsaí Forbartha Gairmiúla Leanúnaí bunaithe ar oiliúint sa Chomhpháirtíocht idir Ealaíontóirí agus Múinteoirí.  Tháinig sí isteach i dtionscnamh na Comhpháirtíochta idir Ealaíontóirí agus Múinteoirí, clár na nEalaíon san Oideachas a stiúrann ATECI in 2014, mar dhuine de na sé phéire comhpháirtithe bunaidh a rinne céim an taighde phíolótaigh den tionscnamh.  Is í an tAmharc-Ealaíontóir Claire Halpin a comhpháirtí ealaíne.  Tá B.Ed ó Ollscoil na hÉireann aici chomh maith le MAVA ón gColáiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha.


Artist Claire Halpin

Ealaíontóir(í)

Claire Halpin

Múinteoir(í)

Vera McGrath


Foirmeacha Ealaíne

Na hAmharcealaíona

Leibhéal

Bhunscoile

Scoil/Grúpa

Scoil Náisiúnta Muire gan Smál, Cartown, Co.Louth


Rannpháirtithe

13


Réigiún

Aois/Rang

Rang a Trí - Rang a Cúig


Dátaí

Meán Fómhair - Samhain 2014


Naisc


Ceannaireacht Ghníomhaireacht

Department of Education and Skills (DES)


Comhpháirtithe eile

Monaghan Education Centre, Irish Museum of Modern Art (IMMA)

Taighde nó foilseacháin ábhartha

Na hEalaíona san Oideachas - Comhpháirtíocht Múinteora/Ealaíontóra - artsineducation.ie/wp-content/uploads/Research-Report.pdf



Mar sin tháinig an chomhpháirtíocht faoi bhláth agus claochlú air ó chomhpháirtíocht idir múinteoir agus ealaíontóir go fiontar idir leanaí/ealaíontóir/múinteoir inar malartaíodh róil go rialta.

Vera McGrath, Múinteoir, Scoil Náisiúnta Muire gan Smál




Similar Projects

Image copyright TAP - Teacher Jennifer Buggy collaborating with pupils at Sacred Heart Primary School, Portlaoise, Co. Laois as part of a TAP with artist Joanna Parkes

An Chomhpháirtíocht idir Múinteoirí agus Ealaíontóirí (TAP) Tionscadal - Donal of Dunamase and the mighty boar of Ballyfriar

Roinneann an t-éascaitheoir Drámaíochta, Joanna Parkes agus an múinteoir Jennifer Buggie a gcuid oibre le daltaí Scoil an Chroí Ró-Naofa, Port Laoise, mar chuid deTAP.

Read Article