ENGLISH

NUACHTLITIR



Cad a dhéanann hEalaíona i gcleachtas Oideachas cuma mhaith? Léigh faoi na próisis agus comhpháirtíochtaí taobh thiar thionscadail reatha tarlú ar fud na hÉireann.


Eispéireas Céadfach Áite


Inis scéal do thionscadail dúinn – céard faoi a raibh sé? Cé a bhí páirteach ann? Cén chaoi ar thosaigh tú?

Leanne Kyle, Múinteoir

Bhíomar ag obair in éineacht le Comhpháirtíocht Foilsitheoireachta Kids’ Own ar thionscadal dar teideal Virtually There. Mar a tharlaíonn sé, le linn an tionscadail seo ní thagann an t-ealaíontóir isteach sa seomra ranga. Is tríd an gclár bán idirghníomhach a mbímid i dteagmháil le chéile den chuid is mó. Ba mise a bhí mar chomhordaitheoir ICT agus bhí dúil mhór agam sa tionscadal seo. Rud difriúil a bhí ann a chuir taithí nua ar fáil domsa agus do na leanaí.

Ar dtús tháinig an t-ealaíontóir (Lisa) chuig an scoil chun bualadh linn. Lá iontach a bhí ann mar bhíomar in ann comhrá a dhéanamh agus seisiún pleanála a reáchtáil. Rinneamar siúlóid timpeall na scoile. Shocraíomar an dúlra agus timpeallacht na scoile a úsáid mar thúsphointe. Theastaigh uaim úsáid a bhaint as gairdín na scoile agus naisc a chruthú le héiteas scoileanna éiceolaíocha. Tharraingíomar é sin go léir le chéile i dtionscadal inar díríodh ar ábhar na ‘gcéadfaí’. Bíonn an-tóir ar an ábhar seo agus is ábhar é atá oiriúnach do P2 agus 3. Níos déanaí dhíríomar ar mhothú agus rinneamar go leor turas taobh amuigh ag obair le crainn. An fómhar a bhí ann agus mar sin thosaíomar ag díriú ár n-airde ar na duilleoga. Mhúin Lisa ‘damhsa duilleoige’. As go brách linn ina dhiaidh sin, agus muid dírithe ar dhúlra agus ar mhothú.

  

Lisa Cahill, Ealaíontóir

Thosaigh mé ag obair le Comhpháirtíocht Foilsitheoireachta Kids’ Own, le Leanne Kyle agus le Rang P2 & 3 in Achadh na Cloiche i mí Mheán Fómhair 2016. Ag an am sin ba mise an Damhsóir Cónaithe i Roinn Froebel don Bhun- agus Luath-Oideachas in Ollscoil Mhá Nuad. Ba é fómhar 2016 céim dheiridh na cónaitheachta trí bliana sin. Bhí Dámhachtain Sparánachta maidir le Daoine Óga, Leanaí agus Oideachas ón gComhairle Ealaíon faighte agam. Ba é a bhí mar fhócas agam ná forbairt a dhéanamh ar na frámaí agus na gníomhaíochtaí lena mbíonn an corp céadfach ag plé sa timpeallacht lasmuigh de shuíomh scoile amuigh faoin spéir. Le linn mhíonna an fhómhair agus an gheimhridh leanamar lenár dturas cruthaitheach le go leor comhpháirtithe.

Is cuid thábhachtach de mo chleachtas é réiteach céadfach an choirp a fhorbairt trí theagmháil a dhéanamh leis an suíomh. Bhí mé ag caitheamh go leor ama taobh amuigh. Bhí mé amuigh sa ghairdín, sna páirceanna, sna húlloird agus i limistéir foraoise champas na hOllscoile. Bhain mo chuid fiosrúchán le gluaiseacht, scríbhneoireacht, cruthú ealaíne, bailiú fuaimeanna agus ábhar nádúrtha, léamh agus níos mó agus níos mó a fhoghlaim faoin timpeallacht nádúrtha ina raibh mé.

Theastaigh uaim go mbeadh na fiosrúcháin seo mar chuid den tionscadal Virtually There. Bhí mé ag súil go mór leis an ábhar seo a roinnt le Leanne agus na leanaí. Theastaigh uaim an fhreagairt a bheadh acu a chloisteáil agus aird a thabhairt uirthi trí go leor cineálacha doiciméadúcháin éagsúla. Theastaigh uaim a fháil amach cén toradh a bheadh ar an turas seo a bhí ar bun againn le chéile.

Bhí Leanne chomh fiosrach liomsa le linn na luathchéime seo sa phróiseas agus thosaíomar ag tabhairt faoi fhiosrú a dhéanamh maidir le:

- Coirp chéadfacha;

- Dul amach agus am a chaitheamh amuigh faoin aer;

- Triail a bhaint as modhanna agus bealaí nua chun cumarsáid, éisteacht agus roinnt a dhéanamh idir na trí chomhpháirtí (múinteoir, ealaíontóir agus leanaí).

Gheallamar go mbeadh sé i gcónaí mar aidhm againn cluas éisteachta a thabhairt do na comhpháirtithe go léir maidir lena raibh uathu agus maidir leis an bhfreagairt a bhí acu. Gheallamar go dtabharfaimis aird ar an bhfreagairt a bhí ag gach comhpháirtí ar na tascanna agus ar na gníomhaíochtaí. D’fhéadfadh an fhreagairt seo teacht chun cinn i bhfoirmeacha éagsúla, amhail i bhfocail ó bhéal, i scríbhinn, i gcomhartha nó i ngluaiseacht, i ngrianghraf, i bhfocal, nó i líníocht.

D’airigh mé gurbh é an ról a bhí agam ná cuireadh agus meabhrú a thabhairt dúinn filleadh ar an gcorp agus ar na mothúcháin agus ar an mbraistint atá le mothú inár gcorp féin gach aon nóiméad.

Agus ar an gcaoi sin leanamar ar aghaidh ar ár dturas.

Cén chaoi ar forbraíodh na smaointe agus cén chaoi ar oibrigh na daoine óga, an t-ealaíontóir agus an múinteoir le chéile?

Leanne

Ag an gcéad seisiún ar líne, chuir na leanaí iad féin in aithne do Lisa. Scríobh siad cúpla focal fúthu féin agus bhain siad úsáid as an gclár bán idirghníomhach chun na focail sin a léamh amach do Lisa. Thosaíomar ag obair ar an damhsa duilleoige agus phléamar na séasúir éagsúla. Séasúr an fhómhair a bhí ann ag an am. Chuamar amuigh agus thugamar suntas don chaoi a raibh na duilleoga ag titim agus ag séideadh sna crainn. Thaispeáin Lisa a damhsa duilleoige dúinn. Spreag é sin na leanaí le machnamh a dhéanamh maidir le céard ba mhaith leo a dhéanamh. Bhí go leor ionchur acu. Chruthaíomar roinnt gearrthóg fuaime réamhaclaíochta céadfach in éineacht le Lisa.

https://soundcloud.com/lisadance/virtually-there-warm-up

Bhí sí iontach maith ag cur ceisteanna ar na leanaí faoina gcuid smaointí. Chinn na leanaí gur mhaith leo nithe ón taobh amuigh a thabhairt isteach. Thriaileamar bealaí éagsúla leis na hábhair seo a úsáid inár ngearrthóga réamhaclaíochta. Mar thoradh air sin, bhailigh na leanaí duilleoga agus rudaí mar sin. Agus mar thoradh air sin thángamar ar an ngníomhaíocht ab ansa leo; tatúnna duilleoige. B’aoibhinn leis na leanaí é sin. Rud chomh simplí, ach chomh héifeachtach ag an am céanna. Bhí ceangal maith idir an obair seo go léir agus na hábhair scoile a bhíonn ar bun againn, ina bhfoghlaimímid faoi na séasúir. Bhí ceangal ann lenár litearthacht, an fhilíocht go háirithe. Ar theacht an earraigh, scríobhamar dánta. Bhí an t-uafás fiosraithe againn faoin am sin. D'fhéachamar ar ár lámha, rinneamar líníochtaí díobh, chuamar amuigh chun nithe nádúrtha a fháil chun marcanna a chruthú ar an bpáipéar. Go deimhin, thaitin an marc-chruthú seo go mór leo.

Thosaigh na leanaí, agus iad i ngrúpaí beaga, ag cur a ndamhsaí féin le chéile. Is iadsan a bhí i gceannas ar an bhfoghlaim ag an bpointe seo. Thosaigh roinnt acu ag smaoineamh faoi ghearradh síos crann, agus ag cruthú damhsa faoin téama sin. Agus thug sin ar thuras eile muid, ag fiosrú ábhar nua, ceann nach ndearna mé roimhe sin ar scoil; dífhoraoisiú, ag déanamh staidéir ar fhoraois bháistí na hAmasóine agus ar éifeacht an dífhoraoisithe. Ba iad na leanaí a bhí i gceannas go hiomlán don chuid seo. Bhí go leor gearrthóirí adhmaid ag leagan crainn. Ach ag cur crainn nua chomh maith. Tháinig na smaointí seo ó na leanaí i ndáiríre, mar thoradh ar ionchur Lisa. Ag céim níos déanaí sa tionscadal, rinne na leanaí póstaeir feachtais le seoladh chuig an Prince’s Rainforest Trust. Is scoil UNICEF muid agus bhí an t-ábhar go léir ceangailte leis na modúil Do Chearta agus Tá sé de cheart agat tuairim a bheith agat. Bhí sé de cheart ag na leanaí a dtuairim a chur in iúl gur dhrochrud atá sa dífhoraoisiú.  Iadsan a bhí i gceannas ar an bhfoghlaim go huile agus go hiomlán.

Déarfainn gur tionscadal fíor-chomhoibríoch a bhí ann, turas faoi conas obair a dhéanamh le chéile.

Lisa

Ba é an cuspóir a thug Leanne agus mé féin d’fhorbairt na hoibre a bhí ar bun againn le chéile ná cluas éisteachta a thabhairt dá chéile agus do na leanaí. Le linn na héisteachta sin, dhíríomar ar dul i dtiúin le fuinneamh agus freagairt na leanaí. Cén fhreagairt a bhí acu? Cad iad na pointí ag a raibh an fuinneamh ag ardú agus ag gluaiseacht?

Go deimhin, ba mhinic a raibh sé dúshlánach dom fuinneamh na leanaí, teocht an tseomra, a thabhairt faoi deara agus é a ‘aireachtáil’ le linn gníomhaíochta. D’airigh mé go raibh frustrachas agus uaigneas fiú, in amanna, ag baint le bheith sa seomra ranga tríd an gclár bán idirghníomhach, b’in a bhí mar thaithí chéadfach agam. Trí bheith ag breathnú ar an seomra ranga trí scáileán cúng mo ríomhaire glúine thuig mé gur gá dom teacht ar bhealaí eile ina mbeinn in ann an t-eolas a bhí uaim a fhiosrú agus a shainaithint le go mbeinn in ann aireachtáil go raibh mé sa seomra seo a bhí lán le daoine. Bhí orm ceisteanna sonracha a chur ar na leanaí agus ar Leanne chun a n-aiseolas a fháil.

Ní dhéanfaidh mé dearmad go deo ar an gcur síos a thug Leanne dom faoi fhreagairt na leanaí ar an tasc a bhain le tatúnna duilleoige a chruthú. Rinne sí cur síos ar áthas agus gáire na leanaí agus ar an gcúram a ghlac siad agus iad ag dathú na nduilleog agus iad á gcur ar a gcorp.

Le linn thréimhse iomlán an tionscadail, lean mé orm ag roinnt gnéithe agus samplaí beaga ó mo chleachtas féin. Ag eascairt ón roinnt sin, thosaigh Leanne agus na leanaí ag forbairt a gceisteanna, tascanna agus foirmeacha cruthaitheacha freagartha agus machnaimh féin.

Bhain mé go leor taitnimh as smaointí, ceisteanna agus freagraí daoine a fheiceáil, a chloisteáil agus a aireachtáil.

Cad iad na gnéithe den tionscadal a chuir gliondar ort? Cad iad na gnéithe den tionscadal a raibh dúshlán ag baint leo?

Leanne

Tosóidh mé le dúshlán. Seisiún 9 a bhí ann. Bhí gach rud ag dul go fíormhaith lenár ríomhchlár, Blackboard Collaborate, go dtí sin. Ach le linn sheisiún 9, níor oibrigh an teicneolaíocht dúinn. Ní raibh Lisa in ann ceangal a dhéanamh linn. D’airigh mé go raibh mé ar strae. Tá an líonra scoile C2K i dTuaisceart Éireann an-dian. Ní raibh mé in ann facetime ná skype a úsáid chun teagmháil a dhéanamh le Lisa. Ag an deireadh bhaineamar úsáid as whatsapp. Bealach iomlán nua a bhí ann chun cumarsáid a dhéanamh le Lisa. Bhíomar in ann cumarsáid a dhéanamh le Lisa trí theachtaireachtaí béil whatsapp. Sheolamar grianghraif den obair a rinneamar an lá sin (a bhí ag leanúint den mhéid a bhí déanta againn roimhe sin). Dúshlán atá ann nuair a theipeann ar an teicneolaíocht.

Ba é an buaicphointe an dá lá a chaith Lisa sa scoil i mí Aibreáin. Ní dhéanfaidh mé dearmad go deo ar an am a chaith sí leo sula ndeachamar amach ag scannánú a gcuid damhsaí. Ní dhéanfaidh mé dearmad go deo air sin. Ní dhéanfaidh na leanaí dearmad go deo air sin. Bhí sé go hiontach. Bhíomar tar éis an méid sin ama a chaitheamh ag comhoibriú le chéile ar líne.  Agus ansin bhí sí ansin, inár measc. Buaicphointe an tionscadail a bhí ann dom féin agus do na leanaí.

Lisa

Go deimhin, cosúil le Leanne, níl cuimhne ródheas agam ar sheisiún 9. Níor oibrigh an modh cumarsáide eadrainn. Chaill mé beagán misnigh sa teicneolaíocht ina dhiaidh sin. Mhothaigh mé beagán imníoch roimh na seisiúin ina dhiaidh sin. Nuair a theipeann ar an teicneolaíocht, is cinnte gur dúshlán mór atá ann.

Ach mar gheall gur thuigeamar nach bhféadfaimis brath ar an nasc ar líne, thosaíomar ag díriú níos lú fócais ormsa mar cheannaire ar na seisiúin. Ag féachaint siar air, tuigim anois gur phointe fíorthábhachtach inár dturas le chéile a bhí sa phointe seo. Tar éis sheisiún 9, ceapaim go ndearna Leanne agus na leanaí céim mhór chun tosaigh agus go raibh siad faoi lánseol ina dhiaidh sin. Go dtí seisiún 9 chaitheamar go leor ama ag cur aithne ar a chéile, ag fiosrú smaointí, ag baint triail as rudaí, ag úsáid na gcéadfaí lasmuigh agus laistigh, ag cur aithne ar fhoirmeacha agus trialacha cruthaitheacha beaga a chéile. Bhí a fhios agam gur fhorbair na leanaí a gcuid scileanna agus eolais agus go raibh dúil mhór acu sa ghluaiseacht chruthaitheach agus sa timpeallacht nádúrtha ina dtimpeall. Mar gheall gur sheas mé siar beagán, chruthaigh mé tuilleadh spáis don chomhpháirtíocht dhinimiciúil seo (múinteoir agus leanaí) agus do dhaoine indibhidiúla chun teagmháil a dhéanamh lena gcruthaitheacht féin. Ag smaoineamh siar air seo, tagann gliondar ar mo chroí.

Cé na léargais ón tionscadail ar fiú a roinnt? (B’fhéidir go ndéarfá gur cinn bheaga iad seo, ach go bhfuil siad tábhachtach duitse)

Leanne

Ag an tús ní raibh mé cén cinnte cén treo ina mbeimis ag dul. Bhí orm céim ar gcúl a thabhairt agus anáil a tharraingt. Spreag Lisa muid lenár n-aird a dhíriú ar na rudaí simplí. Ach mar a tharla sé, bhí na rudaí simplí thar a bheith éifeachtach.

Sna gnáthscoileanna faoi láthair, leagtar an-bhéim ar na leanaí a chur i dteagmháil lena gcéadfaí arís. Bíonn deacrachtaí céadfacha ag go leor leanaí sna scoileanna faoi láthair. Dhíríomar ar thadhall le linn na réamhaclaíochta. Roimh gach rang bhí na leanaí ar bís faoi bheith ag obair in éineacht le Lisa. Chabhraigh an réamhaclaíocht leis na leanaí a shuaimhniú.

Is rud mór iad na deacrachtaí céadfacha faoi láthair sna gnáthscoileanna. Aithnímid go bhfuil gá le tacaíocht a thabhairt do na leanaí le gur féidir leo filleadh ar na bunchlocha, iad féin a shuaimhniú agus a rialú. Bhain mé go leor as an réamhaclaíocht. Dhíríomar ar thadhall agus ar mhothú, ar do lámh a chur ar do lámh, do chos, do cheann. Ón taobh céadfach de, bhí sin suntasach domsa, agus cheap mé gur chabhraigh sé go mór leis na leanaí a ullmhú dá ndamhsaí.

Lisa

Rud amháin ar mhaith liom labhairt faoi ná an chaoi a ndearnamar iarracht doiciméadú a dhéanamh ar an bpróiseas tríd an iliomad modhanna doiciméadúcháin a bhailiú. Is grianghrafadóir mór í Leanne. Chruthaigh sí, bhailigh sí agus tharraing sí ár n-aird ar an modh físiúil doiciméadúcháin seo.

Déarfainn anois, agus an tionscadal críochnaithe, go raibh an-tábhacht ag baint leis na modhanna éagsúla doiciméadúcháin agus gur coimeádán a bhí ann do na próisis agus na roghanna a tháinig chun cinn le linn an tionscadail. I measc na modhanna ar baineadh úsáid astu bhí grianghrafadóireacht, scannán, scríobh, ealaín, gluaiseacht agus bailiú ábhar. Thug na modhanna seo léargas do dhaoine eile ar an obair agus ar phróisis an tionscadail agus chruthaigh siad go leor pointí iontrála isteach ann.

Ar athraigh aon cheo mar thoradh ar an tionscadal seo?

Leanne

D’athraigh. Chuaigh tionchar na réamhaclaíochta fuaime agus an aird a dhíríomar ar na céadfaí i bhfeidhm orm sa chaoi gur chuir sé ag smaoineamh mé faoin gcaoi a bhfuil luas faoi gach rud a mhúintear sna gnáthscoileanna. Tá tú ag dul chomh tapa sin ag iarraidh gach rud a chlúdach mar go bhfuil an méid sin ar an gcuraclam. Ag deireadh an lae de réir mar a bhogann an tsochaí chun cinn, agus de réir mar a bhaintear níos mó agus níos mó úsáide as an teicneolaíocht (agus admhaím gur ar an teicneolaíocht a bhí ár dtionscadal bunaithe), chaith an tionscadal solas ar an tábhacht a bhaineann leis an intinn a shuaimhniú. Análú, agus rialú, aireachas. Feasacht ar an spás timpeall ort, ar do chorp féin agus ar do chéadfaí a bheith agat, rud atá in easnamh ag go leor leanaí den aois seo. Déarfainn gur thug sin údar machnaimh dom mar mhúinteoir.

Ní gá go mbeadh damhsa róstruchtúrtha. D’fhéadfadh sé bheith an-chruthaitheach, rud a chruthaigh na leanaí. Bhí mé in amhras faoi céard a cheapfadh na buachaillí faoi seo? Cén chaoi a n-éireoidh leis na buachaillí leis seo? Agus ós rud é nach damhsóir mé, ní raibh fios dá laghad agam cén toradh a bheadh leis? Sílim go raibh imní orm anois is arís faoin táirge deiridh. Ach tuigim anois gurb é an próiseas an rud is tábhachtaí. Bhí sé dochreidte an méid oibre a rinne na leanaí le linn an phróisis. Ní thar oíche a tháinig na damhsaí sin le chéile. Ghlac na leanaí úinéireacht ar a bpróiseas féin. Thaitin na laethanta a chaith Lisa ag obair le grúpaí beaga go mór liom. Rinne sé comhrá leo maidir lena ndamhsaí, thug sí aiseolas agus nodanna dóibh. B’aoibhinn leis na leanaí é sin. An próiseas an rud is tábhachtaí ach tá sé go deas táirge iontach a bheith agat ag deireadh an lae chomh maith. Ach is faoin bpróiseas atá sé i ndáiríre.

Bhí sé an-tábhachtach dom go mbeadh na tuismitheoirí páirteach. Tógáil seans a bhí ann. Mhair na seisiúin an lá ar fad. Lá iomlán lasmuigh den ghnáthchuraclam, den uimhearthacht, den litearthacht a bhí ann. Lá damhsa a bhí ann!

Bhí sé fíorthábhachtach go mbeadh na tuismitheoirí ar bord leis seo. Agus bhí. Bhí siad páirteach an t-am ar fad. Ón gcéad tionól ranga féin, nuair a roinneamar agallamh idir na leanaí, an múinteoir agus an t-ealaíontóir. Thaitin sé go mór leo. Bhí deis acu Lisa a fheiceáil. Bhí siad tar éis an méid sin a chloisteáil faoi Lisa ó na leanaí. Ach fuair siad an deis Lisa a fheiceáil agus bhí siad ag iarraidh níos mó a fhoghlaim fúithi. Sílim go raibh sé sin tábhachtach, go raibh na tuismitheoirí ar bord agus ag glacadh páirte. Rinneamar DVD mar chuid dár dtionscadal. Ní uaimse a tháinig an moladh do DVD. Ní ó na leanaí ná ó Lisa a tháinig sé. Ba é moladh na dtuismitheoirí a bhí ann. Tháinig na tuismitheoirí chugam tar éis an tionóil ranga agus d’iarr siad an píosa scannánaíochta orm. Bhíomar tar éis scannán a thaispeáint ina raibh agallamh idir Lisa agus na leanaí. Bhí beirt agallóirí ag cur ceisteanna ar Lisa. Rinne siad sár-jab agus bhí a dtuismitheoirí an-bhródúil astu nuair a chonaic siad chomh cumasach agus a bhí siad agus iad ag cur na gceisteanna. Ghlac gach leanbh sa rang páirt sa tionscadal seo. Bhí dúil ar leith ann ag na leanaí a fhoghlaimíonn níos fearr leis an bhfoghlaim chinéistéiseach.

Rinneamar an DVD deireanach mar gur iarr na tuismitheoirí an t-agallamh seo a fheiceáil. Bhí na tuismitheoirí ag iarraidh damhsaí na leanaí a fheiceáil agus iad a roinnt le daoine eile. Sílim go bhfuil sé seo tábhachtach. Ní comhpháirtíocht amháin idir an múinteoir, na leanaí agus an t-ealaíontóir atá ann. Comhpháirtíocht leis na tuismitheoirí atá ann chomh maith.

Nuair a tháinig Lisa go dtí an scoil i mí Aibreáin bhí sé go hiontach sceitimíní na dtuismitheoirí a fheiceáil. Bhí gach duine ag beannú di agus í ag éirí amach as a carr. B’in an chéad uair ar bhuail sí leo. Ach d’airigh siad go léir go raibh aithne acu uirthi. Tá sé dochreidte an chaoi ar féidir leat obair a dhéanamh le duine ar feadh bliana agus sibh ar dhá cheann na tíre. Nuair a thagann rud éigin mar seo le chéile, tá sé fíorspeisialta.

Lisa

Sílim gurb é an rud a fhanann liom ag an bpointe seo agus an rud gur mhaith liom coinneáil liom agus mé ag leanúint ar aghaidh le Leanne, leis na leanaí, leis na teaghlaigh agus le pobal Bhunscoil Achadh na Cloiche, ná an fhiosracht atá agam maidir le naisc a chruthú agus ceisteanna a chur.

Níl freagra ná modh agam maidir le conas iad sin a dhéanamh go rathúil. Ach sílim gur féidir linn brath ar an rún éisteachta agus muiníne atá againn, agus ar an rún atá againn a bheith fiosrach.

Seo nóta ó mo dhialann (a scríobh mé le linn an tionscadail).

Cad iad na ceisteanna is féidir a roinnt chun cead a thabhairt le gur féidir le heispéireas tarlú?

Sílim go bhfuil bealaí éagsúla ann chun machnamh a dhéanamh air seo.

An fhéidearthacht le naisc a chruthú – ag foghlaim faoi rud éigin agus fúm féin ag an am céanna.

Arís, cad iad na ceisteanna/an cheist chun oscailteacht agus fiosracht a spreagadh – ag tabhairt úinéireachta ar ais don duine aonair.

Aithin

Admhaigh

Glacadh - glacadh leis an áit a bhfuil an duine ag an bpointe seo.

Cur chuige neamhlíneach maidir le foghlaim agus rud éigin a bhaint amach.

Cad a bhíonn ann idir an múinteoir agus an ealaíontóir?

Aithnid agus anaithnid. Ag fanacht ar an imeall seo. D’fhéadfadh sé a bheith ar nós a bheith i bhfolús nó ag céim idirthréimhseach ar a bhfuil moill.

Ag forbairt struchtúir le chéile atá comhdhéanta as na mothúcháin go léir a bhain leis an obair agus as ábhair.

Dlúithe agus dialóg leis an obair le mothú – ag éisteacht léi.

Tá gá le frámaí agus struchtúir a fhiosrú agus a chruthú, nach bhfuil ag brath ar aon éileamh ó tháirge nó léiriú deiridh.

Tionscadal ina féidir linn go léir ceisteanna a chur ar a chéile.

Cad is eol duit anois?”

Conas atá tú anois?”

Spotsolas


Ealaíontóir(í):

Lisa Cahill

Is damhsóir comhaimseartha, éascaitheoir, agus oideachasóir gluaiseachta í Lisa. Ó 2014 go 2016, ba í Lisa an Damhsóir Cónaithe i Roinn Froebel don Bhun- agus Luath-Oideachas in Ollscoil Mhá Nuad. Bhí an chónaitheacht seo maoinithe ag an gComhairle Ealaíon. In 2016 fuair Lisa sparánacht ón gComhairle Ealaíon chun tacú léi leis an taighde faoi chleachtais shómatacha i gcomhthéacsanna oideachasúla a bhí ar bun aici. Tá Lisa páirteach sa tionscadal taighde ‘Virtually There’, atá á bhainistiú ag Comhpháirtíocht Foilsitheoireachta Kids’ Own Clár fadtéarmach le healaíontóir cónaithe atá sa tionscadal seo, a nascann agus a thugann tacaíocht d’ealaíontóirí gairmiúla, leanaí agus múinteoirí rannpháirteacha i dTuaisceart Éireann trí úsáid a bhaint as cumarsáid fhíorúil. Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le ról Lisa sa tionscadal Virtually There, téigh chuig: www.projects.kidsown.ie

Is iar-bhunmhúinteoir í Lisa a bhfuil MA aici i dTaibhiú Damhsa Chomhaimseartha ó Dhámh Chruinne Éireann Rince agus Ceol agus Dioplóma Iarchéime i nDamhsa, an dá cheann aici ó Ollscoil Luimnigh.

Taispeánadh saothar Lisa ar bhonn náisiúnta, agus le déanaí bhí a saothar le feiceáil i Limerick Dance Collective, ‘Making Space: Changing Ground’.

Comhoibrigh sí le Joan Davis in 2016/2017 mar chuid den tionscadal léirithe ‘Live Archive’ a tógadh ar chamchuairt náisiúnta.

Tá punann mhór de shaothar comhoibritheach forbartha ag Lisa i raon leathan comhthéacsanna gairmiúla, oideachais agus pobail.

Tá Lisa ar dhuine de chomhbhunaitheoirí Spoken Dance, compántas damhsa chomhaimseartha chomhtháite.  Stiúir sí roinnt gearrscannáin damhsa leis an gcompántas seo. Roghnaíodh ‘two’ le haghaidh Light Moves Festival of Screendance in 2015.

In 2015, fuair Lisa teastas tinrimh ó ‘Origins’, oiliúint sa teiripe agus gluaiseacht shómatach a chuir Joan Davis i láthair.


Múinteoir(í):

Leanne Kyle

Múineann Leanne Rang P2/3 i mBunscoil Achadh na Cloiche. Is baile beag é Achadh na Cloiche atá suite ar theorann Chontae Thír Eoghain. Is maith léi cadhcáil, fánaíocht, taisteal agus grianghrafadóireacht.


Lisa Cahill

Ealaíontóir(í)

Lisa Cahill

Múinteoir(í)

Leanne Kyle


Foirmeacha Ealaíne

Rince & Gluaiseacht

Ceol & Fuaim

Na hAmharcealaíona

Leibhéal

Bhunscoile

Scoil/Grúpa

Aughnacloy Primary School, Co. Tyrone


Rannpháirtithe

26


Réigiún

Tuaisceart Éireann

Aois/Rang

Rang P2 agus 3


Dátaí

Meán Fómhair 2016 go dtí Bealtaine 2017


Naisc


Ceannaireacht Ghníomhaireacht

Kids’ Own Publishing Partnership


Príomhthéamaí / línte fiosrúcháin

An corp céadfach – na céadfaí

Eispéireas céadfach na háite seo againne

Ag éisteacht.



Ba é an cuspóir a thug Leanne [an múinteoir] agus mé féin d’fhorbairt na hoibre a bhí ar bun againn le chéile ná cluas éisteachta a thabhairt dá chéile agus do na leanaí.

Lisa Cahill, Ealaíontóir

BeFunky Collage




Similar Projects

Ansin go Fíorúil le Bunscoil Phádraig Contae Ard Mhacha

Labhraíonn an t-ealaíontóir Sharon Kelly agus an múinteoir Fionnula Hughes ó bhunscoil Phádraig, Contae Ard Mhacha faoina gcuid fiosruithe don chéim seo den Tionscadal Virtually There atá bunaithe ar chothromaíocht

Read Article

(c) Vanya Lambrecht Ward. Courtesy of Kids' Own

Virtually There

Artist Vanya Lambrecht Ward collaborates with children from Ardfert National School, Tralee, via video conferencing technology.

Read Article